Líon alt a aimsíodh: 17
Toirdhealbhach a bhí ar a athair agus tá seisean luaite i Leabhair Bhardas na Gaillimhe mar ‘baronial collector’ sna blianta 1654–56 (The celebrated antiquary ..., 1996 le Nollaig Ó Muraíle) ··· Bhí Toirdhealbhach óg pósta ar Mary O'Rorke a bhí síolraithe ó Bhrian Ó Ruairc na Múrtha, agus ar neacht léi Mallaí Ní Ruairc, máthair Chathail Uí Chonchubhair [B6], Béal Átha na gCarr; is de bharr na cabhrach a fuair siad ó Thoirdhealbhach a d’éirigh leis na Conchubharaigh greim a choimeád ar 700 acra i mBéal Átha na gCarr ··· Thugtaí Toirdhealbhach Caoch agus ‘Blind McDonagh’ nó an Cabhnsailéir air ··· Scríobh Ó Gadhra agus Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] caointe air
Deir sé: ‘Is é is dóichí gurb é a sgríobh é an tAthair Toirdhealbhach Ó Mealláin, O.S.F.M., ón mBreantur i gContae Thír Eoghain ··· Is é a deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 faoi: ‘Is í an t-aon tuairisc i nGaeilge atá againn ar imeachtaí an chogaidh an dialann a scríobh Toirdhealbhach Ó Mealláin, Proinsiasach ó chontae Thír Eoghain a bhí mar shéiplineach ag Sir Féilim Ó Néill
Bhí Toirdhealbhach tuairim 14 bliana d’aois ag fágáil na Mí dóibh ··· I measc na ndaoine a raibh aithne aige orthu bhí Cathaoir Mac Cába [q.v.], Toirdhealbhach óg Mac Donnchadha [q.v.], Séamus Dall Mac Cuarta [q.v.], Pádraig Mac a Liondain[q.v.], Aodh Mac Gabhráin [q.v.], Pilib Mac Brádaigh [q.v.], an Dochtúir Patrick Delany, ollamh i gColáiste na Tríonóide agus cara le Swift, gan trácht ar na pátrúin go léir ··· Toirdhealbhach Ó Cerbhulláin an tsaoi inntleachtach agus príomh-oirfideach ciúil na hÉireann uile d’fhaghail bháis aniu...’
Bhí meas dílseora air ag an rialtas; fuair sé post mar choimisinéir contae, mar a fuair Brian Rua (1589–1632) [q.v.], agus faoi Phlandáil Uladh bhí 2,000 acra aige i dTulach Mhaol agus san Iompú Deisceal, móide 500 acra nuair a fuair a dheartháir Toirdhealbhach bás ··· Deirtear gur dá mhacsan Brian (d’éag Deireadh Fómhair 1712 i gcaisleán Thulach Mhaol) a chum Toirdhealbhach Ó Cearbhallán[q.v.] an fonn a bhfuil a ainm mar theideal air; tá dán ('Faoilidh Fir-mhanach a nocht’) a chum Éamonn Ó Caiside[q.v.] dó in eagar ag L.C
Is iad na daoine a chaoin sí: Donnchadh Ó Briain, 4ú hIarla Thuamhumhan (d’éag 1624); a dheirfiúrsan Máire; Toirdhealbhach Ruadh Mac Mathghamhna (fear céile Mháire, d’éag 1629), Cluain Idir Dhá Lá, Co
Thugadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] cuairt ar Larkfield ach mhaslaigh sé Aodh nuair a chum sé ‘The Hawk of Ballyshannon’ in onóir do dhuine de mhuintir Uí Dhomhnaill Bhaile Uí bhFiacháin, rud ab ionann agus aitheantas mar oidhrí an Iarla a thabhairt dóibh sin; chum Cearbhallán foinn do mhuintir Dhomhnaill i mBaile Uí bhFiacháin ach ní luann D.J
Tá píosa próis aige in ‘Tuireadh na Gaedhilge agus Teastas na hÉireann’ a ndeir Williams agus Ní Mhuiríosa faoi (Traidisiún Liteartha na nGael, 1979): ‘Sin píosa maith scríbhneoireachta, é lom, fuinneamhach, rithimeach; is é an trua nár chleacht Ó Gadhra an prós níos minicí.’ Scríobh sé dánta molta ar dhaoine cáiliúla a linne mar Bhrian Ó hUiginn, dlíodóir nótáilte a d’éag 1715, agus Toirdhealbhach Óg Mac Donnchadha [q.v.], abhcóide, agus tá léargas áirithe ar Éirinn na linne ina shaothar i gcoitinne
File, cruitire, cara le Cathal Ó Conchubhair[B6] agus le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.]
Deirtear gurbh ó Chúige Uladh dá shinsir agus gur chuir siad fúthu i Maigh Eo in aimsir Chromail, gur in éineacht lena dheartháir Toirdhealbhach a tháinig sé go Conamara, gur chuir fúthu i dTuairín in aice le Maigh Ard, go raibh sé fostaithe ag Steward, tiarna talún, agus gur fhoghlaim sé le bheith ina ghabha dubh
Bhí Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirdhealbhach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa
Deirfiúr le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670-1738) ba sheanmháthair dó, dar le Ó Muirithe agus Corish, cé go ndeireann Ó Raghallaigh agus Moore gurbh í a shin-seanmháthair í
In Éirinn dó bhí an fear ba chumhachtaí san ard-deoise, Seán Ó Néill an Díomais, naimhdeach leis; is é a theastaigh uaidhsean gurbh é a dheartháir altroma, Toirdhealbhach Ó Donnghaile, a bheadh ina Phríomháidh
I measc na ndaoine a raibh aithne aige orthu bhí Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] a chum píosa ina onóir nach bhfuil fáil air anois
It is difficult to account for the anomaly described except in this way: when the great interests of the landed Irish classes were smashed by the penetration of the English, the exclusiveness which kept learning in a few families broke down, and the natural attraction of all Irish men to the records of their forbears seized Conall Mageoghegan, who by descent should have been a great landed noble, and nothing else.’ Is dóigh le Breathnach go raibh a athair pósta le bean de mhuintir Mhic Chochláin agus is dá fhear gaoil Toirdhealbhach Mac Cochláin[q.v.] a d’aistrigh sé na hannála, an Cochlánach céanna úd a rinne urraíocht ar Genealogiae Regum et Sanctorum HiberniaeMhichéil Uí Chléirigh[q.v.]
Toirdhealbhach ab ainm d’athair Bhriain agus ba i Ellen O’More a mháthair
Chuir file darbh ainm Toirdhealbhach Mac Mathúna dánta chuige agus tá siad in eagar ag Ó hAnluain in Féilscribhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986 (‘Comhfhreagras Fileata ó Chontae an Chláir’)