Líon alt a aimsíodh: 1
Mac Raith ba ainm da athair – mar Sheán Mac Raith Ó Fearghusa a thagraítí do John Fergus ··· Deir Ó Catháin: ‘The status of the Uí Fhearghusa as such is witnessed by their inclusion by an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh [q.v.] in a list of “leagha Éreann” in his “Ughdair Éireann go nAireamh”.’ Bhailigh Patrick Lynch (Loch an Oileáin) [B6] dán i gCathair na Mart in 1802 ··· Rinne Micheál mac Pheadair Ó Longáin (c.1693–1770), athair Mhichíl Uí Longáin[B6], obair dó freisin ··· Is é a scríobh Ó Conchubhair ar an leabhar: ‘Seáan Ó Ferghusa mac Macraith ollamh orrdherc re leighes an Áth Cliath Duibhlinne ro chuir an leabhar so dhá chengal ar a chosdus féin anno 1735 accus thridh sin tuillidh buidhechus a thire ar cheana, & go madh buidhech Dia dhe’; agus scríobh i mBéarla ar ócáid eile: ‘It came in a wretched dress but the Doctor put it into good apparel and, as he well expressed himself, gave it vigour enough to outlive another century ··· I would omit no circumstance in which I might do justice to every merit in that gentleman.’ Ach d’fhuaraigh an seanchairdeas i 1753; bhí cloiste ag fear Bhéal Átha na gCarr gur líomhnaigh Ó Fearghusa air go ndearna sé bradaíl ar thuairimí liteartha a bhí nochtaithe aige féin