Líon alt a aimsíodh: 9
In Feasta Iúil 1964 tá ‘Seán Dathach: ómós do Sheán Ó Súilleabháin (1906-1964)’ ag Tomás Ó Muircheartaigh[B1] agus ‘Ealaíontóir Éireannach’ ag Muiris Mac Conghail (Maurice MacGonigal 1900-79) ··· Tá a phortráid de Mháirtín Ó Cadhain mar thulmhaisiú in An tSraith dhá Tógáil, 1970; is í atá ar an stampa a eisíodh i rith chéad bliain Uí Chadhain i 2006 ··· Rinne sé staideár faoi Sheán Keating (1889-1977) agus bhain scoláireacht amach gur chaith trí mhí ag freastal ar an Central School of Arts and Crafts i Londain ag staidéar ar an liotagrafaíocht ··· Deir Ó Muircheartaigh (op cit): ‘Is beag duine de shaol liteartha agus cultúrtha na hÉireann nár dhein Seán portráid nó líníocht de...’ ··· Deir Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] (Ar Son na Gaeilge..., 1993) gur thacaigh Ó Súilleabháin agus Seán Céitinn go mór leis an bhfiontar
ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’ Tá cuntas ar a bheatha in Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975) le Titley agus in De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain (1987) leis an tSr Bosco Costigan, i gcomhar le mac a dheirféar, Seán Ó Curraoin ··· Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004) ··· Tá a thuilleadh dá scéalta is aistriúcháin, dá léachtaí, dá chomhfhreagras, dá léirmheasanna agus de léirmheasanna a scríobhadh ar a shaothar cnuasaithe ag Seán Ó Laighin in Ó Cadhain i bhFeasta (1990) ··· Foilsíodh Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56 (1998), arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh; Criostalú: aistí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), in eagar ag Cathal Ó Háinle agus Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (1999), in eagar ag Ríonach Uí Ógáin ··· Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine déag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal, Co
Ba iad Seán Ó Cróinín, feirmeoir, agus an t-amhránaí cáiliúil Eibhlís Ní Iarlaithe nó Bess Cronin [B5] a thuismitheoirí ··· Deartháir leis ba ea an bailitheoir béaloidis Seán Ó Cróinín [B5] ··· Deir Ó Concheanainn: ‘Is dóigh gurbh é Donncha—murabh é a dheartháir Seán—an té ba mhó eolas ar bhéaloideas Mhúscraí Uí Fhloinn ··· Ba scoláire é Donncha a raibh léann na leabhar agus na lámhscríbhinní air thar mar a bhí ar aon duine eile de bhunadh Mhúscraí a chuaigh i mbun saothruithe léann an bhéaloidis i gCúige Mumhan.’ Ba é ionadaí na Mumhan é sa chlár cáiliúil raidió Fadhbanna Gaeilge, mar a mbíodh Tomás de Bhaldraithe [q.v.], Niall Ó Dónaill [q.v.] agus Máirtín Ó Cadhain [B4] rannpháirteach freisin, agus ba eisean a roghnaigh Éigse chun léirmheas fada a scríobh ar an imleabhar d’Atlas Heinrich Wagner [q.v.] a bhaineann le canúintí na Mumhan (Éigse, samhradh-geimhreadh 1967) ··· Um Meán Fómhair 1948 ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí mar chomharba ar Sheán Ó Ruadháin[B1]
Cuirtear béim san agallamh sin in Inniu ar a chuid oibre ar son an Chomhchaidrimh: ‘Ghlac Liam páirt ghníomhach in obair an Chomhchaidrimh, go háirithe i dtosach, mar stiúrthóir, eagarthóir agus iriseoir ar iris an Chomhchaidrimh, Comhar, tar éis dó teacht ar an obair sin ar chuireadh ó Sheán Ó hÉigeartaigh[B5].’ Tá aistí, léirmheasanna, gearrscéalta agus dán i gcló aige san iris sna blianta luatha sin agus níl aon amhras ach go raibh baint aige leis an eagarthóireacht ··· Luann Seán Mac Réamoinn é in An Comhchaidreamh: crann a chraobhaigh, 1985: ‘Cuimhní níos taitneamhaí ar théarma eagarthóireachta Shéamuis Uí Néill[B3].. ··· Bhí sé thar a bheith sásta, agus ar ndóigh b’in mar a tosaíodh ar Dúil.’ Maidir lena bhreithiúnas léirmheastóireachta, luaitear go háirithe an léirmheas a rinne sé ar Páipéir bhána agus páipéir bhreaca le Máirtín Ó Cadhain[B4] in Comhar, Eanáir 1970
D’éag sé nuair a bhí Seán cúig bliana d’aois ··· Bhailíodh a dheartháir Willie, a bhí ina bhall d’Fhiúsailéirí Bhaile Atha Cliath sa Chogadh Mór, eolas ó shaighdiúirí Sasanacha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus thugadh do Sheán é le cur ar aghaidh chuig Micheál Ó Coileáin ··· Dar le fianaise Sheáin Beaumont don Military History Bureau bhí Séamus Robinson (1890–1961) míshásta faoina laghad arm a bhí an ceanncheathrú faoin gCoileánach ag roinnt leo ··· Chuaigh Seán chun na Gearmáine i mí Mheán Fómhair 1921 d’fhonn leanúint leis na teagmhálacha a bhí déanta ag an gcéad toscaireacht, ar dá mbarr a sheol Charles McGuinness (1893–1947) dhá long agus agus armlón go hÉirinn idir Shamhain 1921 agus Márta 1922 ··· Ón nGearmáin chuaigh Seán chun na Rúise faoin ainm ‘MacNeill’ ach toradh ní raibh ar an gcuairt sin (Emmet O’Connor, ‘Communists, Russia and the IRA, 1920-1923,’ The Historical Journal, 46, 1, 2003)
Faoin teideal ‘Turas ar an nGealchathair’ (Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá tuairisc dhraíochtúil ag Aindreas ar an tréimhse sin i gcomhluadar Uí Chadhain ··· Stáisiún é ina raibh neadaithe an tráth úd líon mór cainteoirí Gaeilge – scríbhneoirí, craoltóirí, ceoltóirí, aisteoirí: Micheál Ó hAodha (1918–98), Roibeard Ó Faracháin, Francis McManus (1909–65), Seán Mac Réamoinn, Proinsias Ó Conluain, Séamus Breathnach, Pádraic Ó Raghallaigh, Niall Tóibín, Gerard Victory, Neasa Ní Annracháin, Fachtna Ó hAnnracháin ··· I gCorcaigh d’éirigh sé cairdiúil le scríbhneoirí agus le pearsana Gaeilge na cathrach agus go háirithe le Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama (1926–2006), an tAthair Tadhg Ó Murchú agus an dealbhóir Séamus Murphy agus a bhean Maighréad ··· I measc na dtagairtí ina dhialann tagraíonn Ó Ríordáin do ‘shárGaeilge’ Aindreas agus deir Ó Coileáin (1982) gurbh iad Seán Ó Mórdha agus Aindreas a chuaigh i mbun na hidirghabhála ar son Uí Ríordáin chun go bhfoilseofaí alt leis gach Satharn in The Irish Times ··· Faoi 1964 bhí sé ina léiritheoir feidhmeach acu agus ba é a bhí mar bhéal múinte an bhliain sin ag léiritheoirí nua mar Sheán Ó Mórdha, Eoghan Harris agus Brian Mac Lochlainn
Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4], Seán Ó Ríordáin [B3], Tomás Ó Fiaich [q.v.].. ··· Thugadh sé codanna den lámhscríbhinn le léamh do Mháirtín Ó Cadhain, d’Aindrias Ó Muimhneacháin[q.v.] agus do Sheán Mac Fhionnlaoich[B4] ··· Is é an cur síos a rinne Seán Mac Réamoinn air in Anois 9-10 Nollaig 1995: ‘Sagart, file, ollamh; fear éirime, fear grámhar, fear grinn; fear ar mhór aige dúchas agus oidhreacht Ghaelach Uladh agus Éireann; saothraí scríbhneora a chuir comaoin ar aos léite na Gaeilge, agus a thug léargas ar chuid de shaibhreas na litríochta Gaeilge, idir shean agus nua, don saol amuigh… ··· Gheofar tuairim dá chumas mar fhile agus mar aistritheoir araon sa leagan Béarla de ‘Cúirt an Mheon-Oíche’ a chuir sé ar fáil (The Midnight Court: a New translation, 1982) agus sna haistriúcháin ar dhánta Uí Ríordáin atá i gcló in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 le Seán Mac Réamoinn; tá freisin sa chnuasach aistí sin an cuntas a scríobh sé ar Bhrian Merriman[B6] ··· Ar feadh tamaill i 1971 bhí sé á bheartú ag Sáirséal agus Dill a aistriúcháin ar scéalta An tSraith dhá Tógáil le Máirtín Ó Cadhain a fhoilsiú
In éineacht le Cathal, Seán Beaumont[B1], Earnán de Siúnta[B1], Seán Ó hUadhaigh[B2], agus Séamus Ó Tallamhain[B3] bhunaigh sé Coiste na bPáistí in 1932 d’fhonn páistí an lucht oibre a chur chun na Gaeltachta ar saoire; b’eisean an rúnaí agus an duine ba ghníomhaí, b’fhéidir, den seisear ··· Bhí baint mhór aige le páipéar Sheáin Beaumont, An t-Éireannach ··· Deir Éamon faoi Mháirtín Ó Cadhain go mba nós leis a rá ‘gur spreag giotaí le Micheál Ó Maoláin as Árainn san iris sin [Honesty ] é féin chun machnaimh, agus gur chuir siad i mbun pinn é’ ··· Thug sé bheith istigh ina sheomra dá chara Seán O’Casey ar feadh cúig mhí ó Nollaig 1920 amach ··· ‘Bhuail uafás Seán O’Casey nuair a chuala sé an rí rá agus an t-oibriú ag an doras
Ag labhairt cois na huaighe i reilig Theach Mealóg dúirt Máirtín Ó Cadhain[B4]: ‘Má tá litríocht Ghaeilge ann ó 1940 is de bharr gur chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe go mbeadh sí ann’ ··· Pointí arda i scéal a bheatha is ea na hócáidí móra litríochta agus foilsitheoireachta lena linn: foilsiú Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i 1950; Nuabhéarsaíocht an bhliain chéanna; Bord na Leabhar Gaeilge—ba í obair Shairséal agus Dill a spreag an rialtas lena bhunú i 1952; foilsiú Eireaball Spideoige, 1952, céadchnuasach Sheáin Uí Ríordáin[B3]; Ceo Meala Lá Seaca, 1952 le Micheál Mac Liammóir[B4], an chéad leabhar a cuireadh i gcló in Éirinn agus i Sasana le hinneall clódóireachta liotagrafaíochta; Claíomh an Díoltais, 1961 le hAnnraoi Ó Liatháin[B1], an chéad leabhar scannánchló a foilsíodh in Éirinn nó i Sasana ··· In ‘Páipéir bhána, páipéir bhreaca’, 1969 dúirt sé: ‘Tá mé cinnte go n-éireoinn as an scríbhneoireacht, as scríbhneoireacht na Gaeilge ar aon chor, marach Seán Ó hÉigeartaigh’ ··· Fuair sé bunoideachas i Scoil Bríde sula ndeachaigh sé go Coláiste Naomh Aindriú, mar a raibh Seán an Chóta [Seán Caomhánach] [B1] mar mhúinteoir Gaeilge aige ··· Scríobh Seán agus Seoirse Mac Aodhagáin (a phós a dheirfiúr Máire ar ball) dráma éadrom Na Reachtairí Rógaireacha (bhí an bheirt acu ina reachtairí ar an gCumann Gaelach) a léiríodh in Amharclann na Péacóige (Inniu 5 Eanáir 1951)