Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
MAC DONNCHA, Seosamh (1953–2016) Seosamh Mac Donncha Joe McDonagh1953 2016 Tuaim, Co ··· Ba ar pháirceanna iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael sna 1970idí agus 1980idí, agus ina dhiaidh sin mar uachtarán ar an eagraíocht, ba mhó a thuill Seosamh Mac Donncha cáil dó féin, ach níorbh iad a chuid aclaíochta agus a chuid óráidíochta amháin a bhí mar bhuanna aige ··· Bhí siad beirt ag múineadh sa dúiche sin nuair a saolaíodh Seosamh i bparóiste an Chartúin in 1953 ··· na Gaillimhe, i ndeireadh na 1950idí nuair a fuair Maitias post mar phríomhoide ansiúd agus ba ann a fuair Seosamh an chuid ba mhó dá chuid bunoideachais ··· In 1970 bhí Seosamh ar fhoireann mionúr na Gaillimhe a bhain Cluiche Ceannais na hÉireann amach den chéad uair le bliain agus fiche agus, cé gur bhuaigh Corcaigh orthu, bhí sé féin agus formhór a chomrádaithe ar an bhfoireann faoi 21 a thug an chraobh sin go Gaillimh den chéad uair riamh dhá bhliain dár gcionn
D’aimsigh Seán Ó Ceallaigh, Cill Mháille, Inis, aiste dar teideal ‘Amhráin Tuanach: Seosamh T ··· Deirtear ann: ‘Do rugadh Seosamh T ··· Kett, fear singil, uncail le Seosamh, a bhí ina cheann teaghlaigh ··· Fuair Seosamh bunoideachas i scoil sa Bháinseach agus d’fhreastail ar scoil i gCill Chaoi sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach in 1886 ··· Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i bhFairche 13 Nollaig 1899 bhí Seosamh acu mar mhúinteoir agus mar rúnaí
Ach bhí go dearfa triúr againn—Pádraic Ó Conaire, an Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna— a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith.’ Gheofar eolas air in: A flight from shadow: the life and work of Seosamh Mac Grianna (1999) le Pól Ó Muiri; Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile (1970) le Proinsias Mac an Bheatha[q.v.]; Rí-éigeas na nGael: léachtaí cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna (1994) in eagar ag Nollaig Mac Congáil ··· Tá leabharliosta ag Ó Muirí agus chuir Mac Congáil Seosamh Mac Grianna / Iolann Fionn—clár saothair (1990) ar fáil ··· D’fhoilsigh An Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: an mhéin rúin (2002) le Fionntán de Brún a ndeir Pól Ó Muirí in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 23 Aibreán 2003) faoi gurb é atá ann ‘an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta’; is é a deir an t-údar féin: ‘I dtaca leis an leabhar seo agam féin, saothar critice atá ann agus, mar sin de, tugtar eolas faoi shaol Mhic Grianna de réir mar a bhaineann sé le hábhar na tráchtaireachta.’ Deireadh sé féin gurbh i Lúnasa 1900 a rugadh é ach is é 15 Eanáir 1901 atá sa teastas beireatais a fuair Liam Ó Dochartaigh ón gcláraitheoir i Srath an Urláir (‘Mo Bhealach Féin: saothar nualitríochta’ in Scríobh 5, 1981); níor cláraíodh an bhreith go dtí 9 Feabhra 1901 agus is inspéise gur tharla mórán an rud céanna i gcás lá breithe a dhearthár Séamus Ó Grianna [B2] ··· I Rann na Feirste in aice le hAnagaire a rugadh Seosamh ··· Deir Niall Ó Dónaill gurbh é Peadar O’Donnell a roghnaigh Seosamh chun leabhar dá chuid a aistriú ‘nuair a bhí a shláinte ag briseadh air agus é fágtha ar bheagán saothraithe’; chreid Mac an Bheatha gur faoi dheireadh 1936 a thosaigh sé ar Adrigoole Uí Dhomhnaill a aistriú
In Feasta, Bealtaine 1999 tá ‘Seosamh Ó Duibhginn 1914-1994’ le hiníon Sheosaimh, Niamh Barrett ··· Mac feirmeora a athair Felix Deighan ach bhí gnó carraera aige nuair a rugadh Pádraig Seosamh 19 Aibreán 1914 (taifead beireatais) i nDoire Móir, Cloch Fhuaráin, i ndeisceart Ard Mhacha agus lámh leis an Iúr ··· ‘Buachaill ab ea Seosamh a d’fhás suas leis an seachránachas agus seicteachas a bhain le bheith i do Chaitliceach i ndeisceart Ard Mhacha, agus is cosúil gur de bharr eachtraí a tharla ag an am sin go ndeachaigh sé isteach san IRA’ (Niamh Barrett) ··· Bhí Éireannaigh á ndíbirt as Sasana i dtús an chogaidh agus bhí Seosamh ag cabhrú leo chun lóistín a fháil i mBaile Átha Cliath ach gabhadh é ag cruinniú i gCearnóg Pharnell 17 Feabhra 1940 ··· Phós sé Úna Bhreathnach agus rugadh mac dóibh ach bhí sé díomhaoin arís ar feadh gheimhreadh chrua 1946–47; bhíodh obair ghúnadóireachta á déanamh sa teach ag Úna agus b’éigean an t-inneall fuála a dhíol chun go mbeadh péire bróg ag Seosamh
Bhí tamaill dá shaol caite aigesean ar an Mór-Roinn agus bhí eolas curtha ag Seosamh ina óige ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis ··· Joyce, fear na logainmneacha, a bhí ina phríomhoide sa Mhodhscoil i Sráid Maoilbhríde agus ann a cuireadh Seosamh ar scoil ··· Buntáiste a bhain leis an bpost go mbíodh Seosamh in ann taisteal saor in aisce ar fud na hÉireann ··· Nuair a bunaíodh Scoil Ard-Léinn na hÉireann faoi stiúir Kuno Meyer i 1903 bhí Seosamh ar na chéad mhic léinn ann agus toghadh é ina bhall den Acadamh Ríoga i 1909 ··· Dúirt sé i dtaobh a bhlianta deiridh: ‘But he was Seosamh Laoide no more
Bhí seisear eile sa chlann acu faoin am a rugadh Seosamh ··· Deireadh Seosamh go raibh gaol i bhfad amach aige le Michael Davitt ··· Bhí litir a scríobh a chara Séamus Mac An Iomaire [B4] i gcló in An Stoc, Samhain/Nollaig 1926: ‘Casadh Seosamh Daibhéid orm agus is geanúil cóir carthannach an duine é ··· Chuidigh Seosamh leis an mBeirneach nuair a bhí na haistí agus an foclóirín á réiteach aige lena gcur i gcló in Seo Siúd (1934) agus ghabh an Beirneach buíochas leis
Ball den Chonstáblacht Ríoga a athair agus aistríodh go dtí Oileáin Árann é nuair a bhí Seosamh an-óg ··· Scríobh Seosamh: Land under England, 1935; Day of Wrath, 1936; Philip, 1940; Chosen by the Queen, 1947
I Warley, Essex, a rugadh Jeremiah Joseph O’Connor (Diarmuid Seosamh a thug sé air féin i nGaeilge) ar 25 Meán Fómhair 1877 ··· Bhuaigh Seosamh duais £40 i Scoil na mBráithre ansin agus chuaigh isteach i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne ··· Bhí Seosamh pósta ar Katie Riordan agus bhí iníon amháin agus beirt mhac acu
Tá an buneolas ar fad ina thaobh le fáil in Comhar, Nollaig 1994 ag Liam Mac Con Iomaire (‘Ar Maos le hAmhráin: Seosamh Ó hÉanaí 1919-1984’) agus ag an údar céanna in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely ··· Foilsíodh beathaisnéis le Liam Mac Con Iomaire: Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche, 2007 ··· Theip ar an bpósadh ag pointe éigin agus anuas go dtí lár na 1950idí is i Londain is minice a bhíodh Seosamh ag obair, cé gurbh in Southampton a chaith sé tamall de 1955-58; d’fhág sé Glaschú ar fad i 1965
In 1854 thug cigire cuairt ar an scoil sa Teampall Geal mar a raibh Seosamh agus a bhean ag múineadh agus scríobh: ‘Teacher appears deficient in energy ··· In sooth, poor O’Longan laboured for his country and for all time over the MS materials of Irish history and as, in the service of his country and his countrymen, his health was undermined and his death hastened, it is their bounden duty to see that his widow and children will never want.’ Bhí duine dá thriúr iníonacha, Maria, pósta ar Dhiarmuid Seosamh Mac Suibhne, leabharlannaí an Acadaimh, agus ba mhac leosan an tAthair Pádraig Mac Suibhne [B3] ··· Ba gharmhac le Seosamh an ‘Second-Lieutenant Stacpoole O’Longan’, ball den Aerchór Ríoga a maraíodh sa Chogadh Mór 1 Meitheamh 1917; cúpla seachtain roimh a bhás d’fhoilsigh sé Last post and other poems
Chuaigh Seosamh isteach i gCraobh an Chéitinnigh ··· D’fhoilsigh an Gúm péire cnuasach gearrscéal leis, Cois Life, 1936 le Seán Sabháiste, agus Aill an Ghabhair agus scéalta eile, 1940 le Seosamh Ó Tórna
I nDaonáireamh 1911, tugadh an t-eolas seo faoin gclann: Denis, 55 bliana d’aois, foilsitheoir cúnta ag nuachtán, é pósta le 23 bliana: a bhean Mary (52); Christopher (22), pacálaí i ngnó nuachtánaíochta; Séamus (21), cléireach i ngnó nuachtánaíochta; Seosamh (16), dalta scoile; Mary agus Teresa, daltaí scoile ··· Bhí Séamus ina bhall den Chéad Chath, Complacht B de na hÓglaigh agus ghlac sé féin agus a thriúr deartháireacha páirt in Éirí Amach 1916, agus bhí sé féin agus Seosamh ina mbaill de gharastún Ard-Oifig an Phoist ··· Bhí Seosamh ar dhuine d’iompróirí shínteán Uí Chonghaola ··· Rugadh Seosamh, deartháir le Séamus, ar 23 Márta 1895 ag 153 Sráid na Breataine Móire
Thabharfá leat ó nóta ina leabhar Tréithe Thomáis Ághas, 1967 nár fhoghlaim Seosamh aon Ghaeilge go ndeachaigh sé go Coláiste Mhungairit i Luimneach
Tugann Seosamh Watson cuntas uirthi in Béaloideas 2001 ··· Bhailigh Séamas Ó Catháin agus Seosamh Waston idir scéalta agus amhráin ó Mháire
Dhá rud a thuilleann clú don sagart Gaelach seo – is féidir a mhaíomh gurbh é an cainteoir dúchais deireanach i sean-Ghaeltacht Oiriall é, agus ba é a rinne léirmheas ar thrí leabhar le Seosamh Mac Grianna ··· Deir an tEaspag Seosamh Ó Dufaigh gur léirigh Conchúr Mac an Bháird suim mhór ina chuid taighde nuair a bhí sé ag cur eagar ar Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann ··· Ag fás aníos do Chonchúr i bparóiste Dhomhnach Maighean, bhí iarsmaí láidre de Ghaeltacht Fhearnaí fós beo agus díograiseoirí ag bailiú béaloidis – Seosamh Laoide, Énrí Ó Muirgheasa agus an tAthair Dan Ó Conchúir ··· tá sí, gan aidhbhéil ar bith, ar an Ghaedhilg is fearr a scríobh Seosamh Mac Grianna ó chuaidh sé an chéad uair i gcionn an phinn… tharraing sé a sgéal ins an láimhsgríbhinn seo ar cineálacha arab annamh trácht orthu i nGaedhilg – samhailteacha, smaointeacha agus baramhlacha… agus ní fhuil aon chineál aca nár chuir sé canamhaint chomh nádúrtha dúthchasach sin leis go sílfeá gur as lár na Gaedhilge a fásgadh é an chéad uair … ’Sé mo bharamhail go bhfuil adhbhar leabhair ’san láimhsgríbhinn seo nach raibh a leithéid againn go fóill i nGaedhilg… Is beag leabhar den chineál seo i mbéarla fhéin, atá ionchurtha leis
Ba iníon í siúd le Seosamh Ó Ceit (c.1843–1917), siopadóir, tábhairneoir, Fínín agus Parnellíteach, sa bhaile sin, é ina rúnaí áitiúil ann ag Conradh na Talún ··· Tá an tagairt seo dó ag Peadar Ó hAnnracháin (q.v.) in Fé bhrat an Chonnartha (1944) agus é ag tagairt don bhliain 1903: Istigh i gCill Rois chonnac ceann breá [lámhscríbhinn, ar laoithe Fiannaíochta is mó a bhí ann] ag Seosamh Ó Ceit, siopadóir ábalta, agus cainteoir blasta Gaeilge ··· Col ceathrar ba ea an siopadóir sin, a dtugtaí ‘Joe Beag’ air, le Seosamh T ··· Go fóill maireann cáil ar athair Joe Beag, Seosamh (‘Joe Críonna’) Ó Ceit (c.1792–1875), mar bhailitheoir lámhscríbhinní
Cheangail Seosamh leis na Bráithre i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath, 8 Nollaig 1894 (Inniu 9 Meán Fómhair, 1960)
Ba é Seosamh Ó Flannagáin a athair agus bhí cónaí ar a thuismitheoirí sin, ar mhúinteoirí iad freisin, i nDubhlinn, Co ··· Is inspéise gur dheirfiúr le Seosamh ba ea an Mháthair Treasa, an bhean rialta Doiminiceach a bhunaigh Scoil Chaitríona i mBaile Átha Cliath; Elizabeth a hainm baiste agus d’éag sí Meán Fómhair 1975 ··· D’fhág siad Leitir Mealláin thart ar a ceathair a chlog maidin an Luain le go mbeadh Seosamh in am chun an scoil a oscailt
Tá cuntas ar a shaol: ag Bo Almqvist in Béaloideas, 1992-93; in Abair Leat Seosamh Ó Dálaigh ag caint le Pádraig Tyers, 1999; ag Micheál Ó Dubhshláine in An Baol Dom Tú
In Pádraig Ó Conaire agus aistí eile, 1936 scríobh Seosamh Mac Grianna: ‘Tá sé de chlú ar an Dall Mac Cuarta gurbh é an file é ba mhó de chuid Chúige Uladh, ar scor ar bith ó Chionn tSáile anall.’ Áitíonn Aodh De Blacam[B1] orainn in Gaelic Literature surveyed, 1929: ‘He lived most of his life at Omeath, where the persistence of the Gaelic tradition down to our own day possibly is due to the abiding influence of his personality.’ Dá chomhartha sin tá seacht ndán leis in Nua-Dhuanaire II, 1976, trí cinn in An Duanaire.. ··· Mar seo a bhorr an fhoirm úd, de réir cosúlachta – scríobh an file dán díreach agus, ansin, le go dtuigfí é i measc an phobail choitinn, chuir sé véarsa nó dhó leis i meadaracht scaoilte an amhráin.’ Shíl Éadbhard Ó Raghallaigh [B6], Seosamh Laoide [B1] agus Ó Muireadhaigh gurbh i gCréamhainn a rugadh é – mhol sé an dúiche go hard i ndán leis: i gContae Lú atá an áit sin dar leis an Raghallach ach deir an Laoideach go mb’ionann Créamhainn agus paróiste Dhroim Conrach i gContae na Mí (‘a native of the far north of lower Meath’) ··· In Eighteenth-Century Ireland VI, 1991 (‘Filíocht Shéamais Daill Mhic Cuarta – Nótaí Teanga’) is inspéise go bhféachann Seosamh Watson lena fháil amach cad atá le foghlaim i dtaobh Ghaeilge na Mí ó mheadarachtaí Mhic Cuarta
Níor spíd leis an mhaoin sin a chaitheamh ar chúis na hÉireann, ná ar aon chúis eile a rachadh i dtairbhe do chall an duine bhoicht.’ Cuireadh oideachas ar Shéamus i Scoil Naomh Seosamh agus i gColáiste Iognáid i nGaillimh
Scéal a báis ag Seosamh Laoide [B1] in An Claidheamh Soluis 9 Eanáir 1909
I nGaeilge a líon Seosamh an fhoirm i 1911: Seosamh Tomás Ó Dóláin (39), grósaeir; a aint Úna Ní Shiochrú (45) ··· Níor chuir Seosamh síos go raibh Gaeilge aige féin
Faoi Fhómhar 1893, tamall an-ghairid i ndiaidh bhunú Chonradh na Gaeilge, ceapadh é ina chomhchisteoir in éineacht le Seosamh Laoide agus bhí sé ina bhainisteoir ar Irisleabhar na Gaedhilge ar feadh tamaill ··· Bhí sé i bpáirtíocht le Seosamh Laoide ag cur eagair ar Teacht agus imtheacht an ghiolla dheacair agus toruigheacht Chonáin agus a chuideachtan (1905) agus ar Brisleach mhór Mhaighe Mhuirtheimhne (1907)
Dúirt an tÍosánach Seosamh Ó Muirthile faoi: Isé rinne Micheál don aos óg eolas a dhéanamh dóibh cá bhfuil an meon dúchais ina iomláine, á gcur isteach dó i dtithe na Gaeltachta ··· Scríobh Seosamh Ó Duibhginn in Feasta Meán Fómhair 1956: Ba togha Gaeilgeora é ··· Bhí a théarma istigh’, a scríobh Seosamh Ó Duibhginn (Tuairisc, 1982)
Seosamh Ó Néill[B1] a bhí sa chéad áit ··· Cláraíodh é mar bhall den Chonradh ar 2 Deireadh Fómhair 1896, Seosamh Laoide [B1] ag moladh a bhallraíochta agus Eoin Mac Néill [q.v.] ag cuidiú leis ··· Ach bhí go dearfa triúr againn Pádraic Ó Conaire, An Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith’ (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Ó Cadhain i bhFeasta, 1990 in eagar ag Seán Ó Laighin)
Bhí seisear mac aige: Bobby (a d’éag in 1903), Richard, Aodogán, Niall, Maolmhuire agus Ruairí (baisteadh Micheál Seosamh é), a rugadh tar éis bás a athar
Shíl Seosamh Mac Grianna (Pádraic Ó Conaire agus aistí eile, 1936) ‘An Bonnán Buí’ a bheith inchomórtais le ‘The Rubaiyat of Omar Khayyam’ ··· Toisc rud a dúirt Seosamh Laoide [B1] in 1905, nach raibh ann dáiríre ach tuairimíocht, tá glactha leis go coitianta gur i dTeallach Eachach, Co
Bhí an sagart agus an t-easpag ag achainí go dian air géilleadh ach ní bhogfadh sé: ‘Ní ghéillfinnse don Phápa féin dá dtiocfadh sé chugam agus a rá liom athrú nuair atá a fhios agam go rí-mhaith go bhfuil an ceart agam féin.’ Tá cuntas fada ag Seosamh Ó Cuaig ar an achrann in Inniu 11 Iúil 1969 ··· Nia leis is ea Seosamh Mac Donncha, captaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe uair, iaruachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge
Ar scoil i Rann na Feirste ag an am céanna leis bhí Seosamh Mac Grianna ··· Chuir an tAthair Seosamh Mag Uidhir eagar ar chuid díobh in Maith thú a Mhicí (1956)
In ‘Seosamh Daibhéid agus cuid dá chairde’ (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) tuairimíonn Tomás de Bhaldraithe gur cheal Béarla a theip air cead dul go dtí na Stáit Aontaithe a fháil ón gconsalacht i mBaile Átha Cliath ··· Chabhraigh Seosamh Daibhéid leis chun eagar a chur air agus ar bhealaí eile (Tomás de Bhaldraithe in Feasta, Deireadh Fómhair 1988)
D’aistrigh siad go dtí Bóthar Larkhill i Whitehall agus fuair Labhrás bunscolaíocht i Scoil Naomh Seosamh, Sráid Dorset, sula ndeachaigh sé go Coláiste Éinde i nGaillimh 1928
Ba é Diarmuid Seosamh Mac Suibhne (Jeremiah Joseph MacSweeney) a athair ··· Bhí sé pósta ar Mharia Ní Longáin, iníon leis an scríobhai Seosamh, gariníon leis an bhfile Micheál óg Ó Longáin
Ba é tuairim a mhic, an béaloideasaí cáiliúil Seosamh Ó Dálaigh, gurbh i ndeireadh an Mheithimh a rugadh é: bhí sé de nós Seán a thabhairt ar mhic a shaolaítí sa Mheitheamh ··· B’in í an chuimhne a bhí ag Seosamh Ó Dálaigh[q.v.], gurbh ar an lá bisigh a adhlacadh é
Chum an tAimhirgíneach, Seosamh Laoide agus Torna tuirimh air ··· Tá na litreacha a scríobh sé chuig Seosamh Laoide san Acadamh Ríoga
Agus murar chuir sé suim i modhanna teicníce, ‘ba ealaíontóir é agus ba aestéiteach’, mar a dúirt a chara Seosamh Ó Duibhginn, ‘é de shíor ar thóir na foirfeachta agus na fírinne’ ··· Tá cuntas cuimsitheach ar a shaol agus a shaothar in eagar ag Seosamh Ó Duibhginn in An Muircheartach ..
Ag obair di ar an bhfoclóir sin a chuir sí aithne agus í an-óg ar scata a raibh ina measc Séamus Ó Grianna[q.v.], Máire Mhac an tSaoi, Seán an Chóta Caomhánach[q.v.], Donnchadh Ó Céileachair[q.v.], Seosamh Ó Cadhain, Donnchadh Ó Buachalla[q.v.], Muiris Ó Catháin[q.v.], Doncha Ó Conchúir[q.v.], Seán Ó Lúing[q.v.] agus Séamus Ó Saothraí[q.v.] ··· Chuir sí aithne mhaith ansin ar Phádraig Ua Maoileoin[Ó Maoileoin q.v.], Seosamh Ó Dálaigh[q.v.], Annraoi Ó Liatháin[q.v.], Séamus Ó Dúgáin[q.v.] agus ar scata de dhaoine a bhí níos óige ná í féin
Is sa phobal sin a rugadh Seosamh Mac Donncha, Josie Sheáin Jeaic, i mí Lúnasa in 1943 ··· Ba Seosamh eile, Joe Éinniú (1919–1984), an chéad amhránaí óg a thabhaigh clú don cheantar ar dtús, ag athnuachan an Oireachtais ó 1940 ar aghaidh ··· (2007) Nár fhágha mé bás choíche: Seosamh Ó hÉanaí
Tar éis labhairt le Eoghan Ó Gramhnaigh agus Seosamh Laoide[B1] chuir sé ciorclán amach ag iarraidh ar dhaoine ar spéis leo caomhnú na teanga teagmháil le duine ar bith den triúr acu ··· Seaghán Ó Cadhla a chuir síos (1906); An léightheoir Gaedhealach (1907) (i bpáirt le Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus Seosamh Laoide[B1]); Duanaire Finn: the book of the lays of Fionn, cuid a I (1908) (Cumann na Scríbheann Gaeilge—Gearóid Ó Murchadha[B2] a chuir eagar ar chuid a II agus a III (1954–75) ··· Chuir Seosamh Laoide eagar ar chuid dá dhéantús in Alasdair Mac Colla (1914)
Ní raibh sí ag a bhean Máire (49) ach bhí sí ag na leanaí go léir: Seosamh (20), Máire (19), Bríd (18), Gráinne (15), Diarmuid (10), Eithne (8) ··· Bhí sé ina phríomhchléireach in oifig aturnae agus nuair a cháiligh a mhac Seosamh mar aturnae d’aistrigh sé go dtí a oifigsean i gCearnóg Pharnell
Bhí baint aige le Ruairí Ó Conchubhair agus le Seosamh Pluincéad sa pholaitíocht agus ba é a bhí ina rúnaí ag Coiste Síochána Tom Kettle le linn Fhrithdhúnadh 1913 ··· Domhnach Cásca 1916 phós sé Gearóidín Pluincéad, deirfiúr le Seosamh, i Ráth Maonais
B’as Caisleán an Bharraigh dá athair Seosamh, siúinéir, agus ba í Ellen McCannon as Sligeach a mháthair ··· Chum an file Seosamh Ó Neachtain an dán ‘Standún’ agus léigh cois na huaighe é