Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Faoina aistí in The Irish Times, deir Seán Ó Mórdha: ‘Colún é seo go bhféachfar air amach anseo mar chuid an-tábhachtach de stair litríochta na Nua-Ghaeilge’ (in ‘An Púca Léannta’, An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, 1980) ··· In Filí faoi sceimhle: Seán Ó Ríordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978 deir Seán Ó Tuama: ‘Sa leabhar seo tráchtaim ar an mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí liom ón 17ú haois i leith ...’ Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘I dtuairim a lán léirmheastóirí, is é Seán Ó Ríordáin mórfhile Gaeilge na linne: tá cuid acu a dhearbhaíonn gurb eisean is fearr ó aimsir Uí Bhruadair i leith’ ··· Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978 ··· De na Ríordánaigh Bhreaca a athair Seán, gréasaí ··· Seán an páiste ba shine agus bhí deirfiúr amháin, Bríd, agus deartháir, Tadhg, aige
Bhí pobal Gaelach beo bríomhar ag saothrú in Butte, Montana ag tús an fichiú céad, agus tá cuid mhaith dá bhuíochas ar Sheán Ó Súilleabháin as an scéal a bheith amhlaidh ··· Ar oileán Inis Fearn Ard a rugadh Seán ar an 31 Bealtaine 1882 ··· Ba é seanathair Sheáin, Sean-Mhícheál Ó Súilleabháin nó ‘Micil an Oileáin’, mar a ghlaotaí air, an chéad leanbh a rugadh in Inis Fearn Ard ··· Ba é Seán againne an tríú duine díobh, an dara páiste ab óige ··· Tugann Daonáireamh na hÉireann 1901 le fios gur fheirmeoir agus iascaire é Daniel (Dónall) agus gur iascairí iad na mic, Michael, Quinlan agus John (Seán) ag an am
Is beag tráchtaire ná tuairisceoir spóirt a fuair saol craoltóireachta chomh fada agus a fuair Seán Óg Ó Ceallacháin agus nuair a bhásaigh sé ar 17 Feabhra 2013, dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D ··· Higgins, gur fhág an stíl gheanúil, shoiléir lenar chuir Seán Óg torthaí na gcluichí Gaelacha i láthair gach oíche Dhomhnaigh go mbeadh cuimhne ag na glúine Éireannach ar a ghlór ··· Ba é a athair Seán a bhí i mbun an chláir roimhe ··· Rinne Seán Óg tráchtaireacht agus tuairisciú ar chluichí freisin, chuir sé imreoirí faoi agallamh ar chláir mar Sports stadium agus nuair a bunaíodh Teilifís Éireann in 1961 bhí lámh aige i gclúdach spóirt an stáisiúin sin ··· Ar an gCaisleán Nua i ndeisceart Chontae Luimnigh a saolaíodh Seán Óg Ó Ceallacháin ar 12 Bealtaine 1923
Toisc go mbíodh filleadh beag air a bhaist muintir Dhún Chaoin ‘Seán a’ Chóta’ ar Sheán óg Caomhánach ··· Ba mhac le Seán Caomhánach agus Máire de hÓra é agus deartháir le Muiris ‘Kruger’ Caomhánach agus leis an Ollamh Séamus Caomhánach ··· Tá eolas faoi bheatha Shéain in ‘Scéal Úrscéil: Fánaí, Seán Óg Ó Caomhánaigh’ (Léachtaí Cholm Cille XIX: Litríocht na Gaeltachta, 1989) ach is leis an gcinsireacht a rinneadh ar an úrscéal sin is mó a bhaineann sé ··· Bhí eagarthóireacht déanta ag Seán ar Sailm Dháibhidh Bhedell in 1912 agus bhí seo le rá ag Pádraig Ó hÉalaí faoi Fánaí: ‘Cé gur údar mór ar Ghaelainn Dhún Chaoin ab ea Seán Ó Caomhánach féach nach í Gaelainn Dhún Chaoin atá againn sa leabhar seo cuid mhaith... ··· Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Naoimh Aindrias i mBaile Átha Cliath, agus i Scoil na mBuachaillí Másúnacha i gcomharbacht ar Sheán Ó Ruadháin
In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) [B5] agus chum Seán amhrán ina onóirsean ··· Is seanchas, scéalta, seanamhráin agus píosaí filíochta a bhí Ó Néill a bhailiú ó Sheán, ach oíche amháin thosaigh Seán ag aithris amhráin a bhí cumtha aige féin ··· Agus tá 14 amhrán a bhailigh Eoin Rua Ó Néill uaidh i 1983 in Seoltóireacht ghéar: amhráin Sheáin Cheoinín, 1988 ··· Deir MÓC: ‘Ba fhear é Seán Cheoinín a chuir suim ar leith san áit agus sa phobal as ar fáisceadh é ··· na Gaillimhe, a rugadh Seán Cheoinín 1 Nollaig 1918
Sa leabhar cuimhneacháin tugann Greg Harkin cuntas ar thréimhse Sheáin i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath agus é tugtha faoi deara go háirithe aige an dúil a bhí ag Seán sa léann clasaiceach ··· In The Irish Times 11 Nollaig 1995 tugann Seán Ó Lúing (q.v.) léargas dúinn ar an mórmheas a bhí ag a chomhghleacaithe i Rannóg an Aistriúcháin air: Scéal bróin agus mairgne ··· Tá tost ar Ghaeilge bhinn Sheáin Uí Shé ··· Níor shíleamar riamh go bhféadfadh Seán Ó Sé éagadh ··· Seán in easnamh orainn
In aon chuntas ar Sheán níor mhór dul i muinín scata aidiachtaí: ceannródaíoch, cíocrach chun foghlama, eachtrúil, fiafraitheach, forbarthach, scéalach, siúlach… ··· Agus is ann, i Scoil Choinneach, a bhí Seán ar scoil ··· Ach arís thug ardú céime an t-athair go Cluain Meala agus is ar scoil ag na Bráithre Críostaí a bhí Seán ansiúd; bhí sé riamh ina dhiaidh sin ceanúil ar an dúiche sin ··· I rith a óige bhuail cúpla babhta tinnis é, rud a bhí ina ábhar imní ag a thuismitheoirí; an bheirt leanaí a rugadh roimh Sheán is amhlaidh a scuab fliú mór 1918-19 chun siúil iad ··· Bhí an Taibhdhearc agus an ollscoil i mbláth a maitheasa agus chuir Seán sin chun tairbhe i gcúrsaí acadúla, scríbhneoireachta, agus aisteoireachta
Gheofar tuairim dá thábhacht sa nóta a scríobh Seán Ó Tuama ar chlúdach an cheirnín sin: ‘An té a rachadh ag triall ar cheol i gCorca Dhuibhne is é is dóichí ar fad gur ag triall ar Sheán de hÓra is túisce a rachadh sé ··· Deir Ó Tuama: ‘Is dócha gurb é Seán de hÓra an ceoltóir dúchais is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Sheán Ó Riada ··· Agus is ag tagairt don Riadach atá Roibeard Mac Góráin sa pháipéar céanna: ‘Chuir sé aithne air ag pointe an-tráthúil agus an-chriticiúil ina shaol nuair a bhí sé ag iarraidh a thuiscint agus a léargas ar an sean-nós agus an uile ghné den cheol dúchais a dhoimhniú agus a leathnú agus ní hé amhránaíocht Sheáin amháin a chuaigh i gcion air ná an stór amhrán agus oidis a bhí aige, ach uaisleacht agus saibhreas a nádúir agus an fhealsúnacht a bhí aige mar dhuine.’ Agus tá an méid seo ón bhfile Nuala Ní Dhomhnaill i gcló ag Mac Gearailt: ‘Fear uasal íseal ba ea Seán ··· Col ceathracha leis ba ea na Caomhánaigh: Muiris [B1], Seán [B1] agus Séamus [q.v.] ··· Mar tá sé amuigh ar Sheán, ní hamháin i measc lucht eolais sa Ghalltacht ach i measc a mhuintire féin ar a fhód dúchais, nach bhfuil aon duine eile laistiar de Dhaingean inchurtha leis ar an sean-nós amhránaíochta a thug sé leis
Sin é a dúirt Seán Mac Giollarnáth faoi in Loinnir Mac Leabhair agus sgéalta gaisgidh eile, 1936 ··· Nuair a bhí Jeremiah Curtin sa cheantar in 1892/3 chuala sé tuairisc ar Sheán ··· Séamus Ó Laidhe, cléireach an tséipéil, a d’aistríodh na scéalta de réir mar bhíodh Seán á n-insint ··· Ní raibh aon Bhéarla ag Seán ··· An rud is iontaí ar fad nár scríobh éinne scéal eile síos uaidh gur casadh Seán Mac Giollarnáth san áit daichead bliain i ndiaidh an Churtánaigh
Sa réamhrá a chuir Bo Almquist leis an tríú heagrán de Leabhar Sheáin Í Chonaill i 1976 dúirt sé: ‘Mura mbeadh Seán, b’fhéidir ná cuirfí ar a shúile riamh do Shéamus Ó Duilearga .. ··· B’fhéidir, mar sin, mura mbeadh Seán, ná beadh againn inniu ach iarsmaí scaipthe den bhéaloideas seo againne, agus iad sin féin curtha as a riocht, in ionad ceann de na cartlanna is mó tábhacht ar domhan’ ··· Sa tréimhse 1923 go 1931 thug Séamus Ó Duilearga dhá chuairt déag ar Sheán Ó Conaill i gCill Rialaigh i bparóiste an Phriaire timpeall 14 mhíle ó Chathair Saidhbhín ··· Ar 21 Eanáir 1853, dar leis an Duileargach, a rugadh Seán Ó Conaill i gCill Rialaigh ··· Sa chuntas a thug Seán air féin ní luann sé ainm ná sloinne a mháthar
an Chláir ab ea Seán Ó Ceallaigh agus ba bheag eagras ná ócáid a bhí sa chontae sin leis an nGaeilge nó leis an nGaelachas a chur chun cinn nach raibh sé sáite iontu ó tháinig sé in aois fir go bhfuair sé bás in 2014 ··· Nuair a bhí Seán ag cur suime sa Ghaeilge agus é ina fhear óg, tháinig sé ar an leabhar Simple lessons in Irish, a scríobh an tAth ··· an Chláir, a saolaíodh Seán Ó Ceallaigh ar 12 Feabhra 1934 ··· Beirt mhac agus beirt iníonacha a bhí orthu agus ba é Seán ab óige acu sin ··· Ní raibh Seán ach dhá bhliain d’aois nuair a bhásaigh a mháthair de bharr eitinne agus chuaigh sé chun cónaithe le deirfiúr di, Mary, a bhí pósta le John Burke i Ré na gCiseach, tuairim dhá mhíle as Ceann Toirc
Ba i bPoll Raithní ar leithinis an Chorráin a rugadh Seán Ó hÉalaí ar an 27 Eanáir 1938, an té ba shine de bheirt chlainne a saolaíodh do Tom Sheáin Ó hÉalaí as an mbaile sin agus dá bhean Catherine Terry Ní Ghallchóir ··· Ba é Seán Ó hÉalaí glór Mhaigh Eo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 1978 agus 2001 ··· Le linn an achair sin d’aimsigh Seán líon mór cainteoirí nach gcloisfí a nglór choíche murach é ··· Bhí na scórtha acu ann, ach ar an dream ba iomráití acu bhí Seán Ó Dochartaigh as Ceathrú Thaidhg (nó ‘Stanton’ mar ab fhearr aithne air), Micky Joe Ó Conólaí as Ros Dumhach, Mary John Tom Breathnach as an nGlais ar an bhFód Dubh, Biddy Phat Mhicil Conboy (Bríd Pheaits Mhicil Ní Loideáin) as Ceapaigh na Creiche i gCoill an tSiáin i dTuar Mhic Éadaigh, a rugadh in 1899 agus a raibh cuimhne ghléineach aici ar chuairteanna Phádraig Mhic Phiarais ar an gceantar sin, agus Tony Chatherine Antoine William Ó Cathmhaoil as Buaile an Ghleanna ar an gCorrán, Acaill, údar na leabhar Seanfhocail as Acaill (1995) agus A chomhairle féin do Mhac Anna: seoda as Acaill (1999), leabhair nach mbeadh ann murach Ó hÉalaí ··· Fearacht bhunáite mhuintir Acla ní raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh
Tá cuntas fada ag Proinsias Mac Aonghusa ar Sheán Gaeilgeoir in ‘Seán O’Casey and the Gaelic League’ (Féile Zozimus, Imleabhar 3, 1994 in eagar ag Vivian Uíbh Eachach agus Dónal Ó Faoláin) ··· Scríobh an scoláire Meiriceánach David Krause péire beathaisnéis: Sean O’Casey: the man and his work, 1960; Seán O’Casey and his world, (1976) ··· Margulies in The early life of Seán O’Casey, 1970 ··· Scríobh a bhean Eileen Seán, 1971 ··· Durkin Seán O’Casey: a bibliography, (1978) ar fáil
Níl aon duine is fearr a léirigh an gaol sin ina phearsa ná Seán P ··· Ar ball fuair Seán post i gcomhlacht iarnróid in Birmingham ··· Bhí aithne ag Seán ar a deartháir ··· Bhí post cléireachais ag Seán i Mór-Iarnród an Tuaiscirt agus is ag 34 Plás Seville, Baile Átha Cliath, áitreabh fostaithe an chomhlachta sin, a bhí cónaí air ag tráth a phósta ··· Faoi 1916 bhí Seán ina thaistealaí ag The Irish Cutlery Manufacturing Co
Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla[q.v.] fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha[B1] in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha ··· I 2011 mar Filí 3 sa tsraith ar fhilí na tréimhse c.1700-1900 d'fhoilsigh Field Day Publications Seán Clárach Mac Dónaill, é curtha in eagar ag Éamonn Ó hÓgáin agus is é a deir seisean sa réamhrá: 'Tá ar a laghad sé dhán is caoga leagtha ar Sheán Clárach Mac Dónaill sna lámhscríbhinní ach níl cóip d'aon cheann acu tagtha slán óna lámh féin ··· Toisc aghaidh mhór nó clár éadain leathan a bheith ar a chine a thugtaí ‘Clárach’ air, dar leis an bhFoghludhach; deir sé freisin go raibh Clárach ar fhear eile de na Domhnallaigh céad bliain roimh Sheán ··· Bhí caidreamh aige ar fhilí a linne sa Mhumhain: Éamonn de Bhál [q.v.], Seán Ó Tuama [q.v.], an tAthair Nioclás Ó Domhnaill [q.v.], Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Liam Inglis [q.v.], Conchubhar Mac Cairteáin [q.v.], Seán Ó Murchadha na Ráithíneach [q.v.], Liam Dall Ó hIfearnáin [B6] ··· Tá cur síos ag Anna Heussaff (Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992) ar aighneas a tharla idir é agus an tAthair Seán Riabhach Ó Briain
Tá a charta ballraíochta ó Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge i seilbh gharmhac Sheáin i gCuilinn, Diarmuid Ua Cadhla ··· B’as Cill Mhuire i gceantar Dhroichead Abhann ó gCearnaigh sa Chlár do mháthair Sheáin ··· D’fhreastail Seán ar an scoil áitiúil agus ar scoil i dTeampall Gleanntáin sular ceapadh é ina chúntóir i scoil Fhíonaí ··· Deir Seámus Ó Cróinín gurbh é a athair Máirtín a mhol do Sheán cromadh ar an nGaeilge a mhúineadh tuairim an ama sin ··· Ba é a mhol an rún buíochais don Dr Dónall Ó Loingsigh [B2] a bhí sa chathaoir an lá sin, agus tuairiscítear gur chas Seán ‘An Cúilfhionn’ ag an bhFeis
Is sa phobal sin a rugadh Seosamh Mac Donncha, Josie Sheáin Jeaic, i mí Lúnasa in 1943 ··· Duine de cheathrar (Páraic, Johnny agus Colm an triúr eile) mac a bhí ag Máire Chathail (Ní Uaithnín) (1908–1985), a mháthair, as an Más ó dhúchas, agus Seán Jeaic Mac Donncha (1904–1986), a athair, a raibh cónaí orthu ar an Aird Thiar, cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna féin ··· Ba mhinic a bhíodh Seán Jeaic, athair Josie, ina chuideachta sna comórtais luatha sin, agus bhain seisean clú amach freisin dá cheantar agus dá stíl amhránaíochta ··· Sa milieu cultúrtha sin a oileadh agus a tógadh Josie Sheáin Jeaic agus níl aon amhras ach go ndeachaigh an ghníomhaíocht chultúrtha sheachtrach i bhfeidhm ar an mbrí a bhí ann san áit cheana ··· De bharr na suime a bhí ag Seán Jeaic sna hamhráin agus de bharr go raibh pobal gníomhach amhránaithe binne agus éisteoirí grinne sa chomharsanacht, bhí na hamhráin le fáil ag Josie ar leac a theallaigh féin, agus i dtithe eile ina aice
Ba iad Micí Sheáin Néill, Seán Bán Mac Grianna[q.v.] agus Neidí Frainc Mac Grianna[q.v.] na scéalaithe ba mhó i Rann na Feirste sa dara leath den 20ú haois ··· Scéalaí freisin ba ea athair Mhicí Seán Néill, mangaire eallaigh (d’éag ar 24 Eanáir 1936) agus is óna athairsean, Niall, a fuair Johnny Shéimisín [Seán] Ó Domhnaill [B1] an chuid is mó dá scéalta ··· Scéalaí maith duine díobh, Áine, agus a hiníonsan Bidí Sheáin Néill (d’éag ar 7 Aibreán 1991) agus a gariníon Bríd Anna ··· Tá cuntas iomlán ar shaol, ar shaothar is ar mhuintir Mhicí, mar aon lena nginealach, ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta (1993) ··· Scríobh Seán Ó hEochaidh, bailitheoir Choimisiún Béaloideasa Éireann, breis is míle leathanach síos ó Mhicí i ndiaidh dul chuige den chéad uair in 1954
Maidir leis an nGaeilge i gcontae an Chláir is ag seandaoine amháin a bhí sí á labhairt mar theanga laethúil i dtuaisceart an chontae agus ba mhaith a thuig Seán sna 1930idí go mbeadh sí imithe ar fad taobh istigh d’achar gearr ··· Mhol an Duileargach do choiste an chumainn seo leabhar nótaí a chur ar fáil do Sheán le go bhféadfadh sé dul i mbun oibre agus dúirt go raibh sé féin fonnmhar comhairle agus cúnamh a thabhairt dó ··· Peann agus páipéar na modhanna bailithe a bhí ag Seán agus an t-ábhar a rinne sé a thaifeadadh is glan as an gcuimhne a d’fhan aige ar a raibh cloiste aige a scríobhadh sé síos é ··· Chuir Seán an-spéis sa Ghaeilge agus ina chanúint féin, is léir ··· Is beag de bhailitheoirí an bhéaloidis in Éirinn a d’fhulaing cruatan an tsaoil ina gcuid oibre faoi mar a d’fhulaing Seán é
Ag labhairt cois na huaighe i reilig Theach Mealóg dúirt Máirtín Ó Cadhain[B4]: ‘Má tá litríocht Ghaeilge ann ó 1940 is de bharr gur chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe go mbeadh sí ann’ ··· In ‘Páipéir bhána, páipéir bhreaca’, 1969 dúirt sé: ‘Tá mé cinnte go n-éireoinn as an scríbhneoireacht, as scríbhneoireacht na Gaeilge ar aon chor, marach Seán Ó hÉigeartaigh’ ··· Fuair sé bunoideachas i Scoil Bríde sula ndeachaigh sé go Coláiste Naomh Aindriú, mar a raibh Seán an Chóta [Seán Caomhánach] [B1] mar mhúinteoir Gaeilge aige ··· Scríobh Seán agus Seoirse Mac Aodhagáin (a phós a dheirfiúr Máire ar ball) dráma éadrom Na Reachtairí Rógaireacha (bhí an bheirt acu ina reachtairí ar an gCumann Gaelach) a léiríodh in Amharclann na Péacóige (Inniu 5 Eanáir 1951) ··· Tá mé ag tagairt do Sheán Sáirséal Ó hÉigeartaigh a rinne an obair thógála ar fad sna blianta tosaigh
Ba é a spreag spéis sa bhéaloideas ina nia, Dr Seán Ó hEochaidh ··· Bhí beirt deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha ar dhuine díobh Máire, máthair an Dr Seán Ó hEochaidh
I 1743 tháinig Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.] go Charraig na bhFear ar cuairt go dtí Cormac Spáinneach, tiarna talún agus cara Sheáin na Ráithíneach agus fear a thacaíodh leis an gcúirt éigse; ba mhinic é ina bhreitheamh ag na filí ··· Bhí lámh dheas Sheáin leonta go dona ag an am agus chuir sé an dán 'Beannacht le searc' chuig Seán Clárach faoi chúram Chormaic ··· Chorcaí, áit dhúchais an file seo, do Thadhg Ó Donnchadha[B1] freisin agus bhailigh seisean 182 dá dhánta, agus rinne gach dícheall chun eolas i dtaobh a shaoil a fhoilsiú, in Seán na Ráithíneach, 1954 ··· Ba de shliocht Chearbhaill Uí Dhálaigh 'na n-amhrán' ó Chill Mhuire máthair nó seanmháthair Sheáin ··· Máistir scoile ag Mac Cárthaigh Spáinneach i gCarraig na bhFear ba ea Seán Ó Macháin, file, agus is uaidh a d'fhoghlaim Seán Béarla agus scríobh na Gaeilge
Múinteoirí léannta cumasacha a bhí ar fhoireann an choláiste ag an tréimhse: Seán Ó Baoill, Diarmuid Ó hIceadha, Pádraig Ó hÁdhmaill, etc ··· Derry 1882–1982 (1982); Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar (i gcomhar le Seán Ó Dufaigh, 1989); Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992); Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin: cnuasach de na sean-amhráin is áille agus is mó clú (1995); Going up the glen: womenfolk of the Glens of Antrim and the Irish language (1996); O’Neill’s own country and its families by Éamon Ó Doibhlin (1998) agus The St ··· Tá liosta iomlán dá shaothar foilsithe ag a mhac Crónán i Súgán an dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin (2018) in eagar ag Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin ··· Súgán an dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin (2018) ab ainm don tsaothar sin atá in eagar ag triúr mac léinn le Diarmaid, Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin a foilsíodh in 2018 ··· & Mac Seáin, C
Seán Ó Tuama ó Lios Buí, Cill na Martra, fear déirí, a athair ··· I Scoil Náisiúnta Chill na Martra a fuair Seán a chuid oideachais ··· Ceird an athar faoi deara go raibh cónaí ar an gclann anseo is ansiúd agus is i gcathair Chorcaí a lonnaigh siad nuair a bhí 16 bliana ag Seán ··· Bhí cúigear clainne acu arbh é Seán Óg Ó Tuama an dara duine ··· Ceapadh é an bhliain chéanna sin mar rúnaí ar Chonradh na Gaeilge in áit Sheáin
Cuntas agus dánta in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain, 1937 le Seán Ó Súilleabháin
Chuir Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin eagar ar Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (2000); ba é a iardhalta an tOllamh Máirtín Ó Murchú a scríobh an ‘Focal tiomnaithe’ ann ··· I nDoire an Aonaigh, Ré na nDoirí, in aice le Baile Bhuirne, a rugadh Aodh, ar dheartháir é le Seán Fear Ó Tuama [B2] a bhí tamall ina Thánaiste ag Conradh na Gaeilge ··· Rithfeadh leat go raibh sé lánoiriúnach, ó thaobh oidhreachta de, gurbh é Seán a ceapadh ina eagarthóir ginearálta ar an tsraith de léachtaí Dáibhíseacha a foilsíodh in 1972 mar The Gaelic League Idea ··· Ba é Seán an tríú duine ba shine de naonúr ar le Gaeilge ar fad a tógadh iad ··· Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal
Ar 10 Eanáir 1864 a baisteadh Seán; Austin (nó Affie) O’Reilly, feirmeoir i Sreabh, Cluain Cearbán, agus Bridget Gibbons a thuismitheoirí ··· Is cosúil gur le Gaeilge a tógadh Seán ··· Ní i Maigh Nuad ach i gCluain Life a oirníodh Seán in 1888 ··· Ba namhaid é ag éinne a bhí cairdiúil le Seán Mac Héil ··· ‘Tréadaí agus treoraí an Iarthair’ a thug Seán ar Mhac Héil
Bhí deichniúr clainne ag an lánúin ach d’éag triúr acu go hóg agus ina meascsan bhí leathchúpla Sheáin a fuair bás den diftéir nuair a bhí sí cúig bliana d’aois ··· Bhí Seán T ··· murach gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, nach mbeinn i m’ Uachtarán ar Éirinn’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T ··· Bhí seisean gafa go hiomlán le hobair na Gaeilge, ar ndóigh, agus bhí Seán T ··· Deirtear gurbh é rogha Thomáis Uí Chléirigh (1857–1916) é mar ardrúnaí ar an gConradh i leaba Phádraig Uí Dhálaigh [B2] in ainneoin gurbh oiriúnaí Seán Ó Murthuile [q.v.] ó thaobh taithí de agus eolais ar an nGaeilge
Cé chuirfeadh an cheist i Sasana, “cérbh iad na Brontes?” Agus is tábhachtaí, de mhórán, Seán Ó Neachtain i litríocht na Gaeilge ná na Brontes, ná Southey, ná Herrick i litríocht an Bhéarla’: is mar sin a bhaineann Donn Piatt[B2] an ceann dá aiste ar mhuintir Neachtain in Mhaireadar san ardchathair (1957) ··· Scoláire, máistir scoile, aistritheoir, scríobhaí bisiúil, scríbhneoir cruthaitheach próis agus file ba ea Seán: ba é féin agus a mhac Tadhg croílár an ghrúpa de scoláirí, d’fhilí agus de scríbhneoirí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath i leath tosaigh an 18ú haois ··· Tá cuntais air: ag Nessa Ní Shéaghdha in Eighteenth-Century Ireland, 1989 (‘Irish Scholars and Scribes in Eighteenth-century Ireland’); ag Cathal Ó Háinle in Éire-Ireland, geimhreadh 1986 (‘Neighbours in Eighteenth-century Dublin: Jonathan Swift and Seán Ó Neachtain’); ag May H ··· Risk in Studia Hibernica 15, 1975 (‘Seán Ó Neachtuin: an Eighteenth-Century writer’); in Ag cruinniú meala.. ··· Tá Risk sásta gurb in iad an Tadhg céanna agus a cheathrar mac, ar dhuine díobh Seán, atá liostaithe in Books of survey and distribution for Roscommon (1949)
Luimnigh, a rugadh é; is ag brath go príomha atá sé ar chúpla líne inar thagair an file don Mhangaire: ‘Rachadsa ina sheasamh is dá áiteamh duit / gurbh aithne dhom id leanbh thú is id mháistir glic.’ I nóta a chuir Dáithí Ó hÓgáin le réamhrá an leabhair faoin Mangaire, tar éis dó tuairim Uí Fhoghludha a thabhairt, luann sé cibé fianaise atá ann gur i gCromadh a rugadh é agus deir: ‘Is dealraitheach gur den mhuintir a bhí i nDún na mBeann, ar an taobh thiar den bhaile [Cromadh], ba ea Seán.’ Ach deir sé freisin go bhfuil gach seans gur le Baile an Fhantaigh a bhain máthair Sheáin, rud a mhíneodh an chuma ar chuir sé aithne ar an Mangaire ina óige ··· Is cosúil gurbh i lár na 1730idí a thosaigh an chúirt éigse sa tábhairne agus gur ghairm chun na héigse is ea dán Sheáin ‘Aonach Chromaidh an tSubhachais’; is é an cheathrú dheiridh: ‘A chairde cléibh do shaothraigh scoth na n-údar / ’S dár tháil na béithe an léann ’na sruthaibh úra, / Ná fágaidh mési i gcéin gan chothram cúnta / Ag trácht ar Aonach Chromaidh an tSubhachais.’ Bhí Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.] sa láthair tuairim 1735 agus an tAthair Nioclás Ó Domhnaill [q.v.] ina bhreitheamh ar an gCúirt; tuairim ceithre bliana ina dhiaidh sin chum Seán dán, a dtugann Ó Foghludha ‘beochaoineadh’ air, nuair a shíl sé Mac Domhnaill a bheith imithe thar sáile ··· Deirtear gur thug sé cuairt ar Sheán Clárach sa Ráth gairid sula bhfuair seisean bás agus gurbh ag an am sin a scríobh an seanfhile ‘Gabhaim páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn’ ··· Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Aindrias Mac Craith – an Mangaire Súgach, 1952 le Risteárd Ó Foghludha, tá tuairim 44 píosa filíochta dá dhéantús, chomh maith le cuntas ar a bheatha ··· Chuir an Mangaire síos ar a raibh d’oideachas ar Sheán sa mharbhna a chum sé: ‘Is gaoiseach gasta do chanadh gach véarsa, / Is líofa labhradh Laidin is Béarla, / Is binn ’s is blasta do cheapadh i nGaedhilg / Laoi agus psaltair is aiste nó aon-stair
In Feasta Iúil 1964 tá ‘Seán Dathach: ómós do Sheán Ó Súilleabháin (1906-1964)’ ag Tomás Ó Muircheartaigh[B1] agus ‘Ealaíontóir Éireannach’ ag Muiris Mac Conghail (Maurice MacGonigal 1900-79) ··· Rinne sé staideár faoi Sheán Keating (1889-1977) agus bhain scoláireacht amach gur chaith trí mhí ag freastal ar an Central School of Arts and Crafts i Londain ag staidéar ar an liotagrafaíocht ··· Deir Ó Muircheartaigh (op cit): ‘Is beag duine de shaol liteartha agus cultúrtha na hÉireann nár dhein Seán portráid nó líníocht de...’ ··· Deir Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] (Ar Son na Gaeilge..., 1993) gur thacaigh Ó Súilleabháin agus Seán Céitinn go mór leis an bhfiontar ··· ‘Big and burly, Seán O’Sullivan’s rolling gait suggested the sea more than the studio, and seafaring was in the family tradition
D’fhoilsigh Cló Talbóid eagrán úrnua de An tOileánach in 2002, é in eagar ag Seán Ó Coileáin, ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ··· Ní foláir nó gur éag beirt díobh láithreach i ndiaidh a mbreithe mar ní luann Mac Conghail acht ocht n-ainmneacha: an chéad Seán (a baisteadh 10 Aibreán 1879), Pádraig, Eibhlín, Tomás, Cáit (máthair Phádraig Uí Mhaoileoin, scríbhneoir), Dónall, Muiris, agus an dara Seán [q.v.] ··· ‘Bhuail an lá sin buille ar shláinte Thomáis nár tháinig sé amach as go ceann i bhfad’, a scríobh Seán Ó Criomhthain in Feasta, Eanáir 1957 i dtaobh bhá Dhónaill ··· Ní raibh fágtha ar deireadh ach Seán ··· B’fhéidir gur roimhe sin a gineadh meon an scríbhneora ann: ‘Ó Criomhthain’s genesis as a writer’ a thugann Mac Conghail ar an gcomhrá a bhí aige leis an bhfile Seán Ó Duinnshléibhe[B4] agus iad ag baint móna lá
Deir an t-údar sin gur mhac ba ea Seán Ó Duibhir an amhráin le ‘Darby O’Dwyer’, ceann fine, a d’éag 1629 agus gur dheartháir mór dó ba ea Antaine i gCluain Uí Thórpa in aice le Cluain Abhla agus Dún Droma i dTiobraid Árann ··· Is cosúil gurbh í Eileanóir Nic Ghearailt máthair Sheáin ··· Tá amhrán cráifeach ann (‘Eístidh liomsa sealad’) a bhfuil ‘Seán Ó Duibhir an Ghleanna’ mar theideal air ach ní bhaineann sé leis an bhfear s’againne ··· I nóta inNua-Dhuanaire III, 1978 faoin amhrán sin deir Tomás Ó Concheanainn: ‘Má tá aon bhunús leis an teideal seo is dóigh gurb éard atá ann tagairt do Sheán mac Ridire an Ghleanna (i gContae Luimnigh) a fuair bás in 1737.’ Tá an t-ainm luaite go minic san amhrán ‘After Aughrim’s great disaster’ a chum an Canónach P.A ··· Sheehan d’aon ghnó le cur i mbéal duine de na carachtair san úrscéal Glenanaar (1905) ach is i gCogadh an Dá Rí a throid an Seán sin
Mar ‘Seán Sheásaí’ a bhí aithne air ar an oileán ··· Ba dheirfiúr le Tomás Ó Criomhthain[B5] a sheanmháthair Máire agus ba iad a thuismitheoirí Eilís Ní Shúilleabháin, iníon le Máire, agus Seán Ó Cearnaigh, iascaire ··· D’éag Seán in ospidéal an Daingin 29 Márta 1997
D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill scéal a bheatha (Mainchín Seoighe, Maraíodh Seán Sabhat aréir) i 1964 ··· In The Old Limerick Journal, eagrán an gheimhridh 2010, tá alt le Seán Gannon, 'Schools of Corruption': The Contexts for Seán South's Antisemitism ··· Rugadh Seán Sabhat ar 8 Feabhra 1928 i Sráid Anraí i Luimneach ··· Dhein Seán an Ardteistiméireacht i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Uí Sheasnáin, agus fuair post mar chléireach meastacháin in oifig iompórtála adhmaid ··· Bhí páipéir stionsalchlóite ag na Seadairí agus na Giollaí agus Seán is mó a sholáthraigh idir phrós agus líníocht dóibh
Bhí mic Sheáin, cibé acu a bhí tagtha in oirbheart, páirteach i gCogadh na Saoirse agus go háirithe Pádraig (d’éag 14 Bealtaine 1953) agus Seán óg (d’éag 17 Nollaig 1956), a bhí ina mbaill den Aonad Gníomhach Seirbhíse (ASU) ··· Ba í Catherine Sheehan ón gCaisleán Nua, dara bean chéile Mhike the Sawyer, máthair Sheáin ··· In 1898 phós Seán Catherine Hayes ó Áth Dara ··· Chuireadh Seán gunnaí á ndeisiú i gCeardlanna Inse Chór ··· Bhí triúr mac san arm ag an am céanna leis: an Cornal Pádraig, an Captaen Seán agus an Corparáil Micheál
Nuair a d’éag sé is é a thug Seán Ó hÓgáin[B2] air: ‘The last of the trinity of Gaelic scholars who made the little Connacht town the Mecca of Gaeldom in the West’ (Tuam Herald 11 Nollaig 1915) ··· Tá cuid den óráid i gcló ag Máirín Ní Mhuiríosa[B1] in ‘Seán Mag Fhlainn agus an Tuam News’ (Comhar, Samhain 1972) ··· Dúirt an Búrcach faoi Sheán in 1877: ‘Mr Glynn is one of the finest Irish scholars of the day and he is certainly among the ablest in editing Irish-Gaelic’ ··· Scríobh seisean faoi in An Claidheamh Soluis 9 Meán Fómhair 1899: ‘Ní bheadh fhios agat an ann nó as é Seán, agus ina dhiaidh sin níl mórsheisear fear in Éirinn a bhfuil an oiread eolais acu ar an teanga is tá ag Seán ··· Agus is é a dúirt Seán Ó hÓgáin: ‘Had he lived centuries back when Irishmen appreciated and rewarded Irish scholarship, he would have ranked high in the ranks of Irish annalists
Ba iad na bailiúcháin ab iomráití dá ndearna sé Peadar Chois Fhairrge (1934), ábhar a thóg sé ó Pheadar Mac Thuathaláin (d’éag 1930), agus Loinnir mac Leabhar agus sgéalta gaiscidh eile (1936), a scríobh sé síos ó Sheán Ó Briain[B1], Micheál Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, agus Seán Mac Con Rí, agus Annála beaga ó Iorras Aithneach (1941) ··· Bhí naonúr clainne ag a athair Pádraig (bhí tamall caite aige i Meiriceá; d’éag sé in aois seachtó bliain dó 23 Feabhra 1912) agus a mháthair, Brigid Curley, agus ba é Seán an buachaill ba shine ··· Tar éis bunscolaíochta fuair Seán breis oideachais óna uncail ar mhúinteoir scoile in aice an Ghoirtín é ··· Insíonn Mac Aonghusa scéalta i dtaobh an chaoi a stiúradh Seán na cúirteanna a bhí faoina chúram tar éis gur ceapadh ina bhreitheamh dúiche é 1925 ··· D’éag Seán 28 Eanáir 1970
Bhí sí ina cónaí le clann Bhaoill le linn óige Sheáin ··· Dúirt sé le Seán gur fhoghlaim sé í ó phóilín Ciarraíoch a bhíodh ar diúité sráide i mBéal Feirste ··· Bhíodh ceoltóirí agus Gaeilgeoirí sa teach aige go minic nuair a bhí Seán óg ··· Bhí Seán agus a dheartháir Tom ina mbaill de Fhianna Éireann toisc, b’fhéidir, col ceathar lena máthair, Seán Ó Néill, a bheith ina oifigeach i mBriogáid Bhéal Feirste d’Arm na Poblachta le linn Chogadh na Saoirse ··· Murphy, so in the field of folk music it found an expert in Seán O Boyle of Armagh
Seo é an cur síos a rinne Flower ar Sheán Eoghain Ó Duinnshléibhe in The Western Island, 1944: ‘This is the house of Seán Eoghain, one of the Dunlevys, a magnificient figure of an old man like one of the heroes of Irish story ··· Ba iad Seán ‘Jacko’ Ó Sé agus Máire Chéitinn a tuismitheoirí agus is in Chicopee in aice le Springfield, Massachusetts, a rugadh í ··· Chuaigh tuismitheoirí Mháire, Seán Céitinn, fíodóir, agus Máire (‘Méireas’) Emperor, anonn chun cabhrú le Máire ··· Nuair a d’ordaigh dochtúir do Sheán Céitinn filleadh ar a fhód dúchais cuireadh Méiní ar ais abhaile go Dún Chaoin leis an seanlánúin ··· Bhí sí ar scoil Dhún Chaoin mar a raibh Seán Ó Dálaigh [B2] mar mháistir
An té nach bhféadfadh foighneamh leis an sean-nós amhránaíochta ag ardamhránaí Gaeltachta d’éistfeadh sé go fonnmhar le guth binn agus urlabhraíocht shoiléir Sheáin Óig ··· Ba é áit chónaithe a athar Seán (Fear) Ó Tuama, léitheoir profaí, ag an am sin 27 Barrett’s Buildings, Cathair Chorcaí ··· Cainteoir dúchais Gaeilge an t-athair agus le Gaeilge a tógadh an cúigear leanaí arbh é Seán Óg an dara duine díobh ··· Scaoileadh Seán Óg amach i mí an Mhárta 1944 ··· Bhí stór mór amhrán ag máthair Sheáin Óig
Oíche an Daonáirimh chaith Páid, Margaret, Seán agus deirfiúr amháin, a bhí níos sine ná Seán, an oíche sa teach ar an gcé sa Léim ··· Bhí eolas ar an nGaeilge ag an lánúin agus ag Seán ach ní raibh ag an deirfiúr, rud a thabharfadh le tuiscint, is dóigh, gur le Béarla a tógadh Seán ··· Deir Seán O’Mahony in Frongoch: university of revolution, 1987 go mba dhuine de ghéibheannaigh Fhrongoch é ··· I léirmheas ar Michael Collins and the Brotherhood., 1998 le Vincent MacDowell deir Pádraig Ó Snodaigh (Books Ireland, Samhain 1998): ‘Similarly the winding up of what is called the “Free State branch of the IRB” in December 1924 is dealt with too briefly, including a reference to Seán Ó Murthuile being given money to write the organisation’s history ··· It is among his papers in the archives at U.C.D.’ Dúirt Seán T
mar tá brainse eile de na Muirthiligh ar a dtugtar muintir Mhuirthile Sráide’, a dúirt Seán Tóibín[B2] ina thaobh i gcaint raidió ar 26 Meán Fómhair 1955 ··· Bhí Peadar Ó Donnabháin cairdiúil leis, tharla an bheirt acu a bheith ag múineadh i mBaile an Róistigh, agus scríobh sé sa pháipéar céanna sin 18 Feabhra 1950: ‘Seán Ó Muirthile’s father had a wonderful mastery of it [Irish] and he also had an unusual knowledge of an historic background back to the days of the Fianna’ ··· Ach Seán an t-aon duine sa teaghlach a thug an teanga leis ··· Feirmeoir as Doirín na Trá ba ea a athair, Seán, agus ba í Máire Áine Ní Réagáin a mháthair ··· Arís ní raibh Seán s’againne sa teach oíche Dhaonáireamh 1911 agus is mar seo a bhí an teaghlach: John Hurley (62); Mary Anne (58); Daniel (30); Nora (19); Richard (17)
Cnuasach aistí in eagar ag Bernard Harris agus Grattan Freyer is ea The Achievement of Seán Ó Riada, 1981 agus sa bhliain sin freisin (4 Deireadh Fómhair 1981) craoladh mórscannán Sheáin Uí Mhórdha, The Blue Note ··· Tá a bheathaisnéis scríofa ag Tomás Ó Canainn agus Gearóid Mac an Bhua: Seán Ó Riada, a shaol agus a shaothar, 1993 ··· In Capuchin Annual 1972 tá ‘Remembering Seán Ó Riada’ le Seoirse Bodley ··· In Comhar, Samhain 2011, tá Seán faoi chaibidil ag Mairéad Ní Chinnéide, Jimmy Crowley, Billy Ó hAnluain, Iarla Ó Lionáird, Liam Ó Maonlaí agus Barra Ó Séaghdha ··· an Chláir, dá athair Seán Reidy ar sháirsint sa Gharda Síochána é; feirmeoir ba ea a athairsean ach deirtear gurbh fhile agus dealbhóir é freisin
Mairnéalach ba ea a athair agus ní raibh fhios ag Seán gur chainteoir dúchais Gaeilge é go dtí go raibh sé féin ag iarraidh an teanga a fhoghlaim as leabhair Uí Ghramhnaigh ··· Bunscolaíocht amháin a fuair Seán, i nGleann Aireamh ar dtús agus i mBéal Feirste ansin nuair a d’aistrigh an chlann ann ··· Nuair a dúnadh Coláiste Bhríde in Ó Méith, b’é Seán a thug ar an Athair Ó Muireadhaigh é a athbhunú i Rann na Feirste ··· Mac dó an scríbhneoir Seán óg Mac Maoláin ··· Is ar an 23 Meán Fómhair 1911 a rugadh Seán Óg agus d’éag sé 23 Lúnasa 1990
Seán Ó Riordáin a dúirt an méid sin i ndiaidh a bháis ··· Ba mhac é le Seán Caomhánach agus a bhean Máire de hÓra agus deartháir le Seán a’ Chóta, Liam agus an Ollamh Séamas ··· Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin mar a raibh a athair baistí Seán Ó Dálaigh ('Common Noun’) ag múineadh ··· Ach b’fhéídir gurbh fhearr an suimiú a rinne Seán Ó Ríordáin in aon abairt ghairid amháin: ‘B’fhearr ná an aimsear é mar ábhar cainte’ ··· Scríobh Seán Ó Lúing an véarsa seo faoi: Kruger na sé dtroithe Kruger agónistés Deisiúil le maidí rámha Seinmeoir méar-dhána Ar chláirseach na fiannaíochta, Agus tríd uile, individual dochloíte
Dar le tuairisc Dhaonáireamh 1911 gur ag 58 Sráid Gloucester Theas, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Seán Connolly agus Christine Swanzy ··· Bhíodh ranganna drámaíochta á stiúradh ag a athair, Seán, i gCraobh Cholm Cille, Plás Blackhall ··· Cuireadh oideachas ar Sheán i Scoil Náisiúnta Sráid Liam Thuaidh agus i Scoil Sheosaimh na mBráithre Críostaí in Marino ··· Fear an-inspéise is ea Seán Connolly ··· Bhí Seán ar Scoil Naomh Seosamh i bhFionnradharc (Inniu 4 Deireadh Fómhair 1957)
Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1], a mháthair ··· Seán an duine ab óige dár mhair
Ba iad Seosamh Ó Dálaigh (d’éag 1992) agus an Dubhdach seo a bhailigh trom an bhéaloidis i gCorca Dhuibhne, dar le Bo Almquist (‘Seán Ó Dubhda, bailitheoir béaloidis’ in Iris na hOidhreachta 3: Ár bhFilí, 1991 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta) ··· Feirmeoir ba ea a athair Seán (John Dowd) agus ba í Ellen Egan a mháthair ··· Ba é Seán Ó Domhnaill, athair Phádraig Uí Dhomhnaill[B1], a bhí mar mhúinteoir aige i scoil Fhearann na Coille ··· Ba é siúd ba mhó faoi deara go ndearna Seán an saothar tábhachtach úd Duanaire Duibhneach .i