Líon alt a aimsíodh: 11
Peadar a thug Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) [B3] isteach sa Chonradh in 1897 (An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1926) ··· Déanann Diarmuid Ó Murchadha tagairt dó in Liam de Róiste, 1976: ‘Peadar Laighléis a bhí ina rúnaí ar an gcraobh, fear ciúin díograiseach ...’ agus deir gur lorgaigh sé rúnaí cúnta nuair ba mhian le Craobh ChorcaíFeis na Mumhan a chur ar siúl agus gurbh é a roghnaigh Liam de Róiste [B3] ··· Bhí beagán de mhearbhall ar Phroinsias Mac an Bheatha faoin eachtra sin agus é ag scríobh An Earnáil agus an Ghaeilge : ‘Bhí mac le hoifigeach eile ar na hÓglaigh a dhóigh Teach an Chustaim an lá sin dar le Seán Ó Ciarghusa[B2] ··· Deir Seán gur maraíodh é nuair a d’ionsaigh arm na Breataine iad sula raibh an obair críochnaithe ··· Níl a fhios agam cad é an t-údarás atá ag Seán Ó Ciarghusa leis an eolas seo
Chun teacht timpeall ar an bhfadhb seo, agus in ainneoin é a bheith i seanchas na háite go raibh sé dall ón mbroinn, deir Ó Foghludha: ‘Ní fios dúinn ná gur ailbíneach a bhí ann ina óige—is minic a bheirid lucht tuaithe “dall” ar dhuine den tsórt san.’ Agus deir sé arís: ‘Ach bíodh gur dhuine é a bhí, mar a deir sé féin, “caoch gan amharc”, bhí ar a chumas cabhrú, ar chuma éigin nach léir dúinne, le lucht treortha scoile, agus is dócha go raibh beagfháltas ag dul dó ó Vailintín de Róiste agus ó scoil-oidí eile.’ Pléann Ó hÓgáin na leaganacha éagsúla sa seanchas ar scéal na daille, ar an gcaidreamh a bhí aige le Seán Clárach agus le Déamar agus deir sé: ‘Tá sé soiléir gurbh é a tharla gurbh amhlaidh a ghabh Liam Dall chuige i seanchas na ndaoine tréithe agus eachtraithe a bhain leis an bhfile Gaelach i gcoitinne ··· Ba de mhuintir Áinle a mháthair ach fuair sise bás nuair a bhí Liam an-óg Deir Vincent Morley (DIB) go bhfuil sé sa traidisiún áitiúil gur phós a athair deirfiúr le Seán Clárach Mac Domhnaill nuair a cailleadh a chéad bhean arbh í máthair Liam Dall í ··· Cuireadh Liam chuig scoil scairte a bhí á reáchtáil ag máistir ó Chorcaigh darb ainm Vailintín de Róiste agus is ann a d’fhoghlaim sé Laidin agus Gréigis, más fíor ··· Deir Prút: ‘Tuigfear gur tábhachtaí go mór fada an file é Liam Dall Ó hIfearnáin ná a measadh go dtí seo má mheabhraítear feasta nach scór dán a chaithfear a lua leis ach sé dhán agus tríocha ar a laghad.’ Agus is dóigh leis gur mó atá fianaise inmheánach an dáin féin agus fianaise eile á insint dúinn gurbh é an Dall agus nárbh é Seán Clárach Mac Domhnaill a chum ‘Ar bhás Dawson’
Ó 1817 go 1820 bhí sé ag scríobh go lánaimseartha don Easpag Seán Ó Murchú[q.v.] agus do Shéamus de Róiste ··· Deir Seán Ó Dálaigh[q.v.] i litir chuig John Windele[q.v.] in 1846: ‘I met Paul Long in Kilkenny on his way to Dublin with about an assload of Irish manuscripts wherever he made them out...’ (Nessa Ní Shéaghdha in Celtica 17, 1985)
‘Ba é an ceathrú duine clainne é de mhuirear naonúir a bhí ag Seán de Róiste ón áit sin, agus ag a bhean chéile Mairéad Breathnach.’ Níor mhair triúr den naonúr agus fuair Mairéad bás in 1878 ··· Múineadh rince agus ceoil an cheird a bhí ag Seán agus chuireadh sé Proinsias agus beirt eile dá mhic gach Satharn a fhoghlaim ceoil ó Ghearmánach i gCorcaigh
Scríobh Seán Cronin a bheathaisnéis Frank Ryan—the search for the Republic, 1981 ··· Chaith Proinsias an chuid is mó de 1916-21 i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, mar ar tháinig sé faoi thionchar sagairt dar sloinne de Róiste ··· Deir Seán Cronin gurbh é a chum an rosc, ‘No free speech for traitors’ ··· Tugadh go Beirlín é i Lúnasa 1940 chun bualadh le Seán Ruiséal, Ardcheannfort Arm na Poblachta ··· Bhí smearaithne ag Proinsias Mac an Bheatha air agus tar éis dó leabhar Sheáin Uí Chróinín a léamh scríobh sé in Inniu 13 Feabhra 1981: ‘Laige ar an leabhar i dtaca leis an Ghaeilge nach n-insítear dúinn go raibh an-tábhacht leis An Phoblacht agus Proinsias Ó Riain ina eagarthóir air mar pháipéar a mbíodh áit ar leith ann don Ghaeilge agus cuid de na scríbhneoirí ba mhó tábhacht san am—Seosamh Mac Grianna agus “Máire” agus Donn Piatt—ag scríobh ann go rialta, agus sin san am nuair nach raibh gléas ar bith eile ann ach ar éigean lena dtuairimí a fhoilsiú’
Ba é a d’iarr ar Liam de Róiste [B3] bheith ina rúnaí ··· Bhí sé chomh dílis agus chomh dúthrachtach sin i ngluaiseacht na teanga agus an toil chomh láidir aige, b’éigean dom géilleadh dó ag deireadh agus ghlac mé leis an rúnaíocht’ (Liam de Róiste, 1976 le Diarmuid Ó Murchadha) ··· Trí bhearna sna ballaí d’éirigh leis dul isteach in Ard-Oifig an Phoist i 1916 go ndearna freastal spioradálta ar Sheán Mac Giolla Bhríde, agus ar an bPiarsach [q.v.] agus a dheartháir ··· That is about his last recorded utterance’ (Seán Ó Lúing, I die in a good cause, 1970) ··· Chuir sé réamhrá Béarla le leabhar Sheáin Uí Cheallaigh (‘Sceilg’)[B3], Beatha an Athar Tiobóid Maitiú, 1907
In Dúchas (1986) tá aistí ag Pádraig Ó Fiannachta, Séamus Ó Buachalla agus Máire de Róiste ··· Ina dteach a fuair Seán Ó Mathúna [q.v.] agus John Savage (1828–88) fothain in 1848 ··· Ó Sheán Pléimeann [q.v.] d’fhoghlaim sé léamh na teanga liteartha agus conas lámhscríbhinní a léamh ··· Is inspéise, b’fhéidir, gur dó a thiomnaigh Seán O’Casey [q.v.] Drums under the Windows (1945): ‘Forgotten, unhonoured, unsung in Éire, here’s a Gael left who continues to say Honour and Peace to your brave and honest soul, Michael O’Hickey, till a braver Ireland comes to lay a garland on your lonely grave.’ (Tá na húdair buíoch de Mhíchéal Briody a dhírigh aird ar bhotúin agus ar easnaimh sa chuntas in Beathaisnéis a hAon)
Roghnaigh Seán Ó Tuama dánta leis in Nuabhéarsaíocht 1939-1949, 1950 agus roghnaigh Tomás de Bhaldraithe[q.v.] gearrscéal dá chuid in Nuascéalaíocht 1940-1950, 1952 ··· Bhí sé ar na daoine ba luaithe a thug freagra criticiúil ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin, Mháirtín Uí Dhireáin agus Máirtín Uí Chadhain, mar shampla ··· Phós sé Sadhbh Máire de Róiste ó Bhaile Mháirtín, Co ··· Ba neacht í Sadhbh le Proinsias de Róiste[q.v.] agus ba iad a beirt mhac Micheál agus Tomás a thionscain bailiúchán de scríbhinní an Róistigh, Binsín Luachra: Gearrscéalta agus Seanchas, 2001, in eagar ag Dáithí Ó hÓgáin
D’fhoghlaim sé an teanga go maith agus deir O’Donoghue go bhfuair sé cabhair ó chainteoir dúchais darbh ainm Seán Ó Muimhneacháin a bhí ag obair san aon chomhlacht leis ··· Chuidigh Liam de Róiste [B3] leis an rún
Aistriúchán a rinne sé féin agus Dónall Ó Céileachair ar Hugh Roach the Ribbonman le James Murphy is ea Aodh de Róiste, 1931 ··· Cheannaigh Seán Ó Riada an teach a bhí ag Dónall i gCúil Aodha
Gheofar beathaisnéisí gairide in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (Uí Nia 1998), in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh agus in The Irish Times 11 Nollaig 2011 ··· Chuir sé eagar ar: Munster folksongs (1980); An Mangaire Súgach: beatha agus saothar (1996) le Máire Comer Bruen (‘réamhrá, nótaí agus cóiriú le Dáithí Ó hÓgáin’); Binsín Luachra: gearrscéalta agus seanchas le Proinsias de Róiste [q.v.] (2001); Historic Ireland: 5,000 years of Ireland's heritage, (2001); The Celts: a history (2002); Ireland: people and places: a celebration of Ireland's cultural heritage (2003); Irish family names (2003) (dosaen leabhar agus cuntas ar shloinne nótáilte i ngach ceann díobh)