Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Ba iad Micí Sheáin Néill, Seán Bán Mac Grianna[q.v.] agus Neidí Frainc Mac Grianna[q.v.] na scéalaithe ba mhó i Rann na Feirste sa dara leath den 20ú haois ··· Scéalaí freisin ba ea athair Mhicí Seán Néill, mangaire eallaigh (d’éag ar 24 Eanáir 1936) agus is óna athairsean, Niall, a fuair Johnny Shéimisín [Seán] Ó Domhnaill [B1] an chuid is mó dá scéalta ··· Scéalaí maith duine díobh, Áine, agus a hiníonsan Bidí Sheáin Néill (d’éag ar 7 Aibreán 1991) agus a gariníon Bríd Anna ··· Tá cuntas iomlán ar shaol, ar shaothar is ar mhuintir Mhicí, mar aon lena nginealach, ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta (1993) ··· Scríobh Seán Ó hEochaidh, bailitheoir Choimisiún Béaloideasa Éireann, breis is míle leathanach síos ó Mhicí i ndiaidh dul chuige den chéad uair in 1954
Is seanchas, scéalta, seanamhráin agus píosaí filíochta a bhí Ó Néill a bhailiú ó Sheán, ach oíche amháin thosaigh Seán ag aithris amhráin a bhí cumtha aige féin ··· Agus tá 14 amhrán a bhailigh Eoin Rua Ó Néill uaidh i 1983 in Seoltóireacht ghéar: amhráin Sheáin Cheoinín, 1988 ··· In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) [B5] agus chum Seán amhrán ina onóirsean ··· Deir Eoin Rua Ó Néill: ‘Ta eolas thar an gcoitiantacht ag Seán ar bháid agus ar an bhfarraige ··· Deir MÓC: ‘Ba fhear é Seán Cheoinín a chuir suim ar leith san áit agus sa phobal as ar fáisceadh é
Iníon deirféar le Micí Sheáin Néill Ó Baoill [B4] ba ea an scéalaí seo; scéalaí maith freisin ba ea a máthair Áine ··· Tá cuntas ar mhuintir seo Mhicí ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta, 1993 agus tá cuntais iarbháis ar Bhidí ag Pádraig Ó Baoighill agus Máire Mhic Niallais in Anois 13-14 Aibreán 1991 agus ag Pádraig Ua Cnáimhsí in An tUltach, Aibreán 1992
Daoine mar Sheán Ó hÓgáin[B2], James Cogan[B3] agus Tomás Ó Néill Ruiséal[B3] a chastaí air i leabharlann an Acadaimh Ríoga nó in áiteanna eile, bhí siad ar aon fhocal leis go raibh gá le gníomh ··· Bhí Seán Beaumont[B1] pósta ar neacht le Mac Néill, Máirín Nic Dhaibheach, iníon lena dheirfiúr Annie i nGleann Arma ··· Binchy, Seán Ó Cuív, Donal McCartney, F.X ··· I measc na n-aistí substaintiúla anseo is ansiúd tá: ‘Eoin Mac Néill, 1867–1945’ le John Ryan in Studies, Nollaig 1945; iontráil in Dictionary of National Biography 1941–50 le D.A ··· Tá cuntas ar ghinealas mhuintir Mhic Néill in Burke’s Irish family records
Agus cé nach raibh de shaol poiblí aige in Éirinn ach trí bliana cuirtear é ar chomhchéim le Dubhghlas de hÍde [q.v.] agus Eoin Mac Néill [q.v.] (féach mar shampla F.S.L ··· Tá eolas ina thaobh in Leabhar an Athar Eoghan: the O’Growney memorial volume, [1904] in eagar ag Agnes O’Farrelly [Úna Ní Fhaircheallaigh] [B1], in Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, 1968 le Seán Ó Ceallaigh, in aistí le Donnchadh Ó Floinn, Mairéad Ní Choinmhidhe agus Seán Ó Ceallaigh in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963, in uimhir speisialta de An Sagart in 1963, agus in aiste le Pádraig Ó Fiannachta in ‘Maigh Nuad agus an Ghaeilge’, Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 ··· Dhéanadh sé a dhícheall i Maigh Nuad caidreamh a dhéanamh le Gaeilgeoirí ar nós Sheáin Maolmhuire Uí Raghallaigh [B1] agus Risteaird de Hindeberg [B2] agus le leithéidí Peter Yorke [B2] agus Lorcáin Uí Chiaráin [q.v.] ··· Daoine eile mór le rá ar chuir sé aithne orthu agus é ina mhac léinn go fóill ba ea Seán Pléimeann [B1], an tAthair Donncha Ó Murchú [B1] agus Micheál Ó Foghludha sa Rinn [feic faoi Ó FOGHLUDHA, Áine] ··· Toghadh é ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 agus i Meitheamh na bliana céanna chuir sé aithne ar Eoin Mac Néill
Throid sé le Dáithí Coimín [q.v.], Ó Néill Ruiséal [q.v.], Risteard Ó Dubhthaigh[q.v.], Seán Ó Dálaigh [q.v.] agus daoine eile ··· Rugadh é i mBaile Uí Néill, Maothail, Carraig na Siúire ··· Múinteoir ba ea Seán óg, mac sa dara pósadh, agus d’éag sé den ailse in aois 33 dó um Shamhain 1891 ··· Ar feadh ceithre bliana bhíodh ceacht Gaeilge ag Seán gach coicís in The Teachers’ Journal ··· Deir Pádraig Ó Macháin gurbh é Seán a dhréachtaigh an meamram i dtaobh mhúineadh na Gaeilge le haghaidh chomhdháil na múinteoirí náisiúnta in 1874, meamram ar bhain Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge úsáid as agus iad ag iarraidh go mbeadh glacadh leis an teanga mar ábhar breise sna scoileanna
D’aistrigh sí dhá leabhar: Síscéalta ó Thír Chonaill (1977) le Seán Ó hEochaidh[q.v.] mar Fairy legends from Donegal (1977) agus Leabhar Sheáin Uí Chonaill (1949) mar Seán O’Connell’s book (1981) ··· Ba é Eoin Mac Néill[B4] a hathair agus ba í Agnes Moore a máthair ··· Chaitheadh an teaghlach saoire in Ó Méith, mar a raibh Mac Néill i mbun coláiste Gaeilge, agus in Árainn ··· Nuair a daoradh Mac Néill chun báis in 1916 chuaigh Máire agus deifiúr óg léi go hÁrainn agus bhí ar scoil i bhFearann an Choirce ··· Bhí sí ina scoláire cónaithe i Mucros in 1917 agus ní ghlacadh na mná rialta le táille fad a bhí Mac Néill i ngéibheann
I rith an ama go léir bhí leabhair á scríobh aige: Scéal na scannán (1953), An Duinníneach, i gcomhpháirt le Donncha Ó Céileachair, (1958), Rotha mór an tsaoil, scéal Mhicí Mhic Gabhann arbh é Seán Ó hEochaidh a scríobh ó bhéal Mhicí é ach é in eagar ag Proinsias, (1959), Seán T., beatha Sheáin T ··· In Dúiche Néill: Journal of the O’Neill Country Historical Society (2003) scríobh Proinsias cuntas ar an muintir sin (‘A Remarkable Tyrone Family: The Kellys of Anagasna Glebe: a memoir by a relative’) ··· Bhí Proinsias ar dhuine de bhunaitheoirí an tréimhseacháin léannta sin, Dúiche Néill, é tamall ina uachtarán ar an O’Neill Country Historical Society ··· Ba iad a d’fhoilsigh a leabhrán ‘Dutiful old knight’ and formidable foe: Tarlach Luineach Ó Néill, the man from Munterloney (2004) ··· Is deacair creidiúint cheart a thabhairt don Aonad Seachtrach Craolacháin a raibh sé féin, Seán Mac Réamoinn agus Seámus Ennis go mór ina lúib a bhailigh, a chaomhnaigh agus a chraobhscaoil oiread sin de bheatha na ngnáthdhaoine i 40idí agus i 50idí na haoise seo caite
Bhí Cúchonnacht pósta ina dhiaidh sin ar Mhairéad, iníon le Seán Ó Néill (d’éag 1567) agus b’in í máthair Bhriain Mhig Uidhir (1585–1655) [q.v.] ··· I measc na bhfilí a bhfuil dánta acu ann tá: Fearghal Óg Mac an Bhaird[q.v.] agus Uilliam Óg Mac an Bhaird, Eochaidh Ó hEodhasa[q.v.] agus Muiris Ó hEodhasa, Conchobhar Crón Ó Dálaigh, Irial Ó hUiginn, Maoilín Ó an Cháinte; Cúchoigriche agus Giolla Riabhach Ó Cléirigh, Iollan Ó Domhnalláin; Irial agus Seán mac Ruaidhrí Óig Ó hUiginn ··· I 1566 maraíodh a dheartháir Seán agus é ag saighdiúireacht in arm na banríona agus ba é Cúchonnacht a tháinig i gcomharbacht air ··· Ar feadh cuid mhór dá thiarnas bhí sé idir tine agus fraigh: Toirealach Luineach Ó Néill agus Sasanaigh araon ag brú air ··· Ghearáin sé uair le Sir Henry Sidney go raibh Ó Néill ag at le mórtas, nach dtugadh sé aird ar aon socrú a rinne Sidney d’fhonn Cúchonnacht a chosaint, agus bhagair sé mura seasfadh Sidney in aghaidh ghangaid Uí Néill, go dtiocfadh sé ina aiféala ar na Sasanaigh ar ball
Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650 ··· Feirmeoir, muilleoir, agus fear gnó ba ea an fear seo a chum ‘Marbhna Liféir Grás’, dán ar thug James Hardiman[q.v.] ionad dó in Irish Minstrelsy, a d’aistrigh George Sigerson[B1], agus a raibh ardmheas ag Pádraig Mac Piarais[B4] air, agus sin ar fad i ngeall ar gur cuireadh i gcéill dóibh gurbh fhile den 17ú céad, Seán Mac Uaitéir Breathnach, a chum é ··· Ach fág an eachtra sin as an áireamh ar fad, is díol suime é Pádraig Ó Néill ar mhórán cúiseanna ··· Is é príomhphearsa Gleann an Óir: ar thóir na staire agus na litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean, 1988 le Eoghan Ó Néill é agus gheofar cuntas níos giorra air ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny history and society ...,1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’) ··· Tá curtha go mór leis an eolas ina thaobh ag Eoghan Ó Néill in The Golden Vale of Ivowen: between Slievenamon and Suir, [c 2003]
Tá cuntas iarbháis ag Seán Mac Mathúna, Ard-Rúnaí an Chonartha, in Foinse 10 Meitheamh 2001 ··· Tá agallamh léi ag Máire Ní Néill in Beatha dhuine a thoil, 1996 ··· Bhí deirfiúr aici agus beirt deartháireacha ar dhuine díobh Seán, aisteoir, a phós an phearsa cháiliúil amharclainne Phyllis Ryan i mBealtaine 1943 (The company I kept, 1996 le Phyllis Ryan) ··· Dúirt sí le Máire Ní Néill gur chainteoir dúchais a seanmháthair athartha ··· Seán Beaumont[B1] a bhí i bhfeighil Choláiste an Phiarsaigh sa Tulach i gCois Fharraige agus spreag seisean í chun spéis níos doimhne fós a chur sa teanga
Mar gheall ar an bhaint a bhí aige go han-luath leis an bhfeachtas ar son ollscoile náisiúnta agus toisc a raibh déanta aige ar son na Gaeilge bhí Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde ag iarraidh gurbh é a cheapfaí ina Leas-Seansailéir i 1909 ··· Sigerson a d’aistrigh an dara sraith de Poets and Poetry of Munster do Sheán Ó Dálaigh in 1860 ··· Fuair sé post comhfhreagraí do Sheán Mistéal i bPáras agus tá sé luaite in The Jail Journal ··· Tá an t-alt ‘Doctor George Sigerson and those “Mountains High”’ le Proinsias Ó Conluain in Dúiche Néill 9, 1994
Casadh ar an gCraoibhín é den chéad uair ag an gceant a cuireadh ar leabhair Sheáin Uí Dhálaigh Lúnasa 1878 ··· In Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 27 1887, tágraítear dá bhallraíocht de chomhairle Aontacht na Gaeilge agus deirtear gurbh é a chuidigh le rún Sheáin Pléimeann [B1] go gcuirfí siar an cruinniú den chomhairle le hómós don Athair Uilleog de Búrca [B1] a bhí tar éis bás a fháil ··· Bhí rudaí i gcló aige san iris ón am sin amach agus thabharfá leat go raibh sé ag feidhmiú mar fhear eagair nuair a d’éirigh Seán Pléimeann tinn Feabhra 1891 ··· Seo é an cur síos atá ag Eoin Mac Néill ar an áit (i gcló in Eoin Mac Néill, scholar and man of action, 1867–1945, 1980 le Michael Tierney) agus é ag trácht ar chruinniú tionscnaimh Chonradh na Gaeilge: ‘Another printer who was present at this first meeting was Patrick O’Brien, a native Irish speaker who worked as a compositor in The Irish Times and had his own printing press at the back of a little shop in Cuffe St
Seosamh Ó Néill[B1] a bhí sa chéad áit ··· Cláraíodh é mar bhall den Chonradh ar 2 Deireadh Fómhair 1896, Seosamh Laoide [B1] ag moladh a bhallraíochta agus Eoin Mac Néill [q.v.] ag cuidiú leis ··· Bhunaigh sé féin agus a chomrádaí Éamonn Ó Néill (1876–1946) [q.v.] an New Ireland Literary Society an bhliain chéanna sin ··· Tá cur síos ag Seán Mac Mathúna in ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ (Feasta, Samhain 1979 eagrán speisialta) ar an dá chás dlí a bhí aige ··· Ó Riain[B1] agus Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B2] chuir sé isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis in 1903
Nuair a foilsíodh litir a scríobh sé abhaile ón Afraic Theas ar 18 Iúil 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897) chuir an t-eagarthóir Eoin Mac Néill an méid seo mar réamhrá: ‘Tháinig an litir seo tamall ó shin ó sheanchara don Irisleabhar agus do chúis na Gaeilge, ón té b’fhéidir dob fhearr eolas ar Ghaeilge agus ba mhó spéis inti i gConnachtaibh an fhaid a bhí sé ann’ ··· Ba é Eoin Mac Néill a mhol rún ag cruinniú den Choiste Gnó go gceapfaí é, Micheál Ó hIceadha [B1] ag cuidiú leis, ach deirtear gurbh é Seosamh Laoide [B1] ba mhó ba chúis lena cheapadh ··· Is aistriúcháin cuid mhór dá shaothar scríofa: Irisleabhar príosúin Sheáin Mhistéil (1910–11); An Liúdramán: dráma grinn (The Drone le Rutherford Mayne) (1927); Unaga (The heart of Unaga le Ridgwell Cullum) (1930); Cam-Chuarta i n-Éirinn (Rambles in Eirinn le William Bulfin) (1936) ··· Chuir sé eagar ar roinnt téacsanna: ‘Tochmarc Fhearbhlaidhe’ in Ériu, 1904; Céadtach Mac Fhinn as Éirinn (1907); ‘Tóraíocht Fhiacail Rí Gréag’ i gcomhpháirt le Pádraic Mac Piarais, in An Claidheamh Soluis, 1904; Stair Éamuinn Uí Chléire do réir Sheáin Uí Neachtain (1918); Torolbh Mac Stairn le Micheál Coimín (1923)
Dánta coinbhinsiúnta de chineál an amour courtois is ea trí cinn díobh, dar le Seán Ó Tuama, ach deir sé: ‘On the other hand both “Cridhe lán do smuaintighthibh” and “Goirt anocht deireadh mo sgéal” are lyrics that reveal a highly individual poetic sensibility.’ Glactar leis gur ar bhás Shiobháin Ní Néill a chum sé an chéad cheann agus tuairimíonn Ó Tuama gur fúithi an dara dán freisin, gur marbhnaí ar a ghrá geal iad araon ··· Chuir Seán Mac Colgáin[q.v.] a aistriúchán Laidine ar leabhar Mhaghnais in Acta Sanctorum (1645) ··· In ‘Love in the Medieval Irish Lyric’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995) tá curtha síos ag Seán Ó Tuama ar na dánta grá a scríobh sé ··· ‘Maghnus, mac Aodha, mhic Aodha Rua, mhic Néill Ghairbh, mhic Toirealaigh an Fhíona Uí Dhomhnaill’ a thug sé air féin in Betha Colaim Chille ··· Chaith sé suas le fiche bliain ag tacú lena athair chun cur le flaithiúnas Uí Dhomhnaill i gConnachta, agus sa tseanchoimhlint le hUí Néill
Bhí an méid seo le rá ag Seán Mac Réamoinn faoi in Comhar, Iúil 1960: ‘Tá Séamus Ó Néill ar na scríbhneoirí is raidhsiúla in Éirinn ··· Chaith sé bliain ansin faoi Eoin Mac Néill sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ··· Mhol Seán O’Casey go hard é, ach dúirt le Séamus go raibh sé amadánta aige bheith ag scríobh i nGaeilge: ‘There’s no money in that’ ··· Dúirt a chara Tomás Ó Floinn faoi: ‘Is í an chuimhne is láidre atá agam féin ar mo thréimhse chaidrimh le Séamus Ó Néill ná a dháiríreacht a bhí sé faoi gach ní tábhachtach, faoin litríocht, faoin stair, faoin pholaitíocht, faoin náisiúntacht agus go háirithe faoi chúrsaí an tuaiscirt ··· Thagair Ciarán dó an rud a dúirt Seán Ó Donnabháin faoi thaoisigh na nGael: ‘Recklessly hospitable’
Dúirt Alice Milligan in An Claidheamh Soluis 26 Márta 1904 gur chuala Eithne ó Eoin Mac Néill [q.v.] in Eanáir 1894 go raibh Conradh na Gaeilge bunaithe ach nár thosaigh sí mar bhall go Samhain na bliana sin ··· Tuairim 1934 thug Séamus Ó Néill [B3] cuairt ar theach a hathar
I mBaile Uí Néill i bparóiste Ard Tré, Co ··· Múinteoirí léannta cumasacha a bhí ar fhoireann an choláiste ag an tréimhse: Seán Ó Baoill, Diarmuid Ó hIceadha, Pádraig Ó hÁdhmaill, etc ··· Derry 1882–1982 (1982); Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar (i gcomhar le Seán Ó Dufaigh, 1989); Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992); Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin: cnuasach de na sean-amhráin is áille agus is mó clú (1995); Going up the glen: womenfolk of the Glens of Antrim and the Irish language (1996); O’Neill’s own country and its families by Éamon Ó Doibhlin (1998) agus The St ··· Tá liosta iomlán dá shaothar foilsithe ag a mhac Crónán i Súgán an dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin (2018) in eagar ag Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin ··· Súgán an dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin (2018) ab ainm don tsaothar sin atá in eagar ag triúr mac léinn le Diarmaid, Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin a foilsíodh in 2018
Nuair a d’éag sé scríobh ‘Sceilg’ [Seán Ó Ceallaigh] [B3]: ‘The Gaelic League loses in him a great champion of their ideals and the Irish of Argentine their leader’ (An Claidheamh Soluis 5 Feabhra 1910) ··· Ní fhéadfadh an Craoibhín bheith ann agus ba é Eoin Mac Néill [B4] a bhí sa chathaoir ··· Bhí ainmneacha móra uile an Chonartha ann agus labhair Pádraig Mac Piarais [B4], Mac Néill, Seosamh Laoide [B1] agus Séamus Ó Dubhghaill (‘Beirt Fhear’) [B2] ··· “D’imigh an ghlóire go léir as cruinnithe Fheis Charman tar éis bháis Bhulfin”, a dúirt Máire Ní Chillín[q.v.] liom’ (Art Ó Gríofa, 1953 le Seán Ó Lúing) ··· ‘Dhíol sé a raibh de mhaoin agus de cheart aige sa Southern Cross agus tháinig go hÉirinn chun cabhrú le Sinn Féin Daily ’, a deir Seán Ó Lúing
I 1565 thabhaigh sé cáil sa chogadh in aghaidh SheáinNéill an Díomais, rinne Sir Henry Sidney ridire de i nDroichead Átha, agus fuair sé léasanna ar thailte breise ··· B’éigean dó géilleadh d’Aodh Ó Néill i 1600 ··· Cé nár léir gur chabhraigh sé le Ó Néill ar bhealach ar bith cuireadh tréas ina leith
In Scéala Éireann 16 Deireadh Fómhair 1967 mhaígh Séamus Ó Néill[B3] gurbh é Seán ba mhó ba chionnsiocair le bunú an Chlub Leabhar i 1948 ··· Ag labhairt cois na huaighe i reilig Theach Mealóg dúirt Máirtín Ó Cadhain[B4]: ‘Má tá litríocht Ghaeilge ann ó 1940 is de bharr gur chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe go mbeadh sí ann’ ··· In ‘Páipéir bhána, páipéir bhreaca’, 1969 dúirt sé: ‘Tá mé cinnte go n-éireoinn as an scríbhneoireacht, as scríbhneoireacht na Gaeilge ar aon chor, marach Seán Ó hÉigeartaigh’ ··· Fuair sé bunoideachas i Scoil Bríde sula ndeachaigh sé go Coláiste Naomh Aindriú, mar a raibh Seán an Chóta [Seán Caomhánach] [B1] mar mhúinteoir Gaeilge aige ··· Scríobh Seán agus Seoirse Mac Aodhagáin (a phós a dheirfiúr Máire ar ball) dráma éadrom Na Reachtairí Rógaireacha (bhí an bheirt acu ina reachtairí ar an gCumann Gaelach) a léiríodh in Amharclann na Péacóige (Inniu 5 Eanáir 1951)
Luann Bourke go raibh Seán a’ Chóta (Seán Caomhánach) [B1] mar mhúinteoir aige tar éis dó filleadh ar Éirinn ··· É féin, Seán T ··· D’iarr sé ar Eoin Mac Néill[B4] príomhalt eagrán 1 Samhain a scríobh toisc an Conradh a bheith scór bliain d’aois ··· Is mar sin a tharla gur scríobh Mac Néill ‘The North began’, an t-alt a chuir tús leis na hÓglaigh ··· Níl amhras ach gurbh é Ó Rathghaille a chuir i gceann an Phiarsaigh an príomhalt tábhachtach ‘The Coming Revolution’ a scríobh an tseachtain i ndiaidh phríomhalt Mhic Néill
Daoine a bhainfeadh cáil amach ba ea cuid nach beag de na baill luatha: Donncha Ó Súilleabháin[q.v.], Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim[B4], Aogán Brioscú [q.v.], Breandán Ó Cearbhaill[q.v.], Pádraig Ó Drisceoil[q.v.], Séamus Ó Cathasaigh[q.v.], Annraoi Ó Liatháin[B1], Seán Ó hÉigeartaigh[B5], Ciarán Ó Nualláin [q.v.], Stiofán Ó Cearnaigh, a bheadh ina Rúnaí sa Roinn Chosanta, Liam Ó Laoghaire (1910–92), a bheadh ina chartlannaí scannán, Proinsias Ó Conluain, a bheadh ina chraoltóir cumasach, Pádraig Ó hUiginn, a bheadh ina Rúnaí i Roinn an Taoisigh ... ··· Ag 31 Gairdíní Sandhurst, Bóthar Stranmillis, Béal Feirste, a rugadh an tríú leanbh seo ag Caitlín Ní Mhathúna agus Seán Ó Cuinneagáin 2 Eanáir 1910 ··· Bhí sé in aon rang le Séamus Ó Néill (1910–81) [B3] ··· Chuir Seán Beaumont[B1] tús leis an bpáipéar An t-Éireannach i 1934 ··· ‘Chuir Seán Beaumont fios aduaidh i dtús 1935 ar fhear óg lán fuinnimh a raibh cloigeann lán de phleananna aige, Gearóid Ó Cuinneagáin as Béal Feirste
I nGleann Aireamh is é Cormac Ó Néill a luaitear mar fhile a chumtha ··· Eoin Mac Néill[B4] a dúirt gurbh é McCambridge go cinnte a chum an t-amhrán ··· Agus ba é a chuir an leagan Gaeilge den ainm, ‘Seán Mac Ambróis’, chun tosaigh ··· Bhí alt ‘Irish in the Glens of Antrim’ i gcló ag Mac Néill in Irisleabhar na Gaeilge, 6, 1895 agus is ann a cuireadh focail an amhráin i gcló don chéad uair
Phós sé 11 Eanáir 1949 Máire Beaumont, iníon le Seán Beaumont [B1] agus garneacht le Eoin Mac Néill [B4]; rugadh beirt iníonacha agus triúr mac dóibh ··· Um Shamhain 1946 toghadh é ina bhall de Bhord Oifigeach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in éineacht le Earnán de Blaghd[B5], Proinsias Mac an Bheatha [q.v.], Pádraig Ó Drisceoil [q.v.], Seán Ó hÉigeartaigh [B5], Liam Ó Luanaigh [q.v.] agus Seán Óg Ó Tuama [B2] ··· Géilltear gurbh é an príomhbhunaitheoir é agus ó thús bhí sé ina Stiúrthóir Oinigh agus ina chathaoirleach ar Bhord na gCaomhnóirí (Seán Ó Síocháin[q.v.], Máirtín Ó Cadhain[B4], Máire Bhreathnach, Aodhagán Brioscú[q.v.]) ··· Ó Néill [q.v.] agus Pádraig Ó Fiannachta ··· Scoir rialtas Fhianna Fáil an tÚdarás 24 Samhain 1972 nuair a craoladh tuairisc ar agallamh le Seán Mac Stiofáin [q.v.] ar an raidió
D’fhoghlaim sé Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad agus chuir slacht i dTír Chonaill ar a raibh foghlamtha aige; cara mór leis ba ea Micí Sheáin Néill Ó Baoill [B4]
Is ar Ó Donnghaile freisin a leagtar ‘Áluinn dún mhic Mhuire’ (i gcló in Dánta Diadha Uladh, 1936), a ndeir Ó Dufaigh faoi go bhfuil rian an lámhleabhair diagachta air, agus ‘Aisling na Binne Boirbhe’ agus ‘Seán Ó Néill’ (in Nua-Dhuanaire I, 1971) ··· Ard Mhacha, ar an Donnghaileach agus faoi 1683 bhí sé ina shagart paróiste i mbaile Ard Mhacha agus tá a ainm an bhliain sin ina meascsan a mhol Féidhlim Ó Néill don phríomhaíocht ··· Chum Seán Ó Neachtain [q.v.] dán dó
no less a person than Mr Éamonn Ó Néill gravely asked “An dteastaíonn foclóir uainn?”’ ··· Phós sé Anna, iníon le Seán Mac Muilneora, Teach Ráth an Bhagóidigh, Dumhach Thrá, ar 5 Meitheamh 1905 ··· Scríobh sé péire dráma: Bás Aodha óig Uí Néill a léiríodh san Ard-Chraobh i rith na hoíche a cuireadh ar siúl le hómós do Liam Ó Maolruanaidh[B2]—d’fhoilsigh an Conradh é i 1902 faoin teideal Aodh Ó Néill ach is faoin teideal ‘Na Díbeartaigh’ a foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1901 ··· Ba chuimhin le Seán T ··· Ó Ceallaigh[q.v.] páirt giolla a bheith aige féin sa dráma i dtaobh Uí Néill
Chuir Bearnard Ó Dubhthaigh an abairt seo as an stair sin i gcló ina aiste ar Shéamus (Feasta, Feabhra 1966): ‘Thug an Dr Ó Dálaigh [B2] galar na foghraíochta agus thug Seán Ó Catháin[B1] galar an Mhodha Dhírigh do Shéamus Ó Searcaigh agus bhíodh mic léinn bhochta céasta aige leis an dá ábhar’ ··· Ghlac sé le tairiscint ó Sheán Ó Catháin chun bheith ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste agus chuir sin ar a chumas freastal a dhéanamh ar Ollscoil na Ríona ··· Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967)
Agus dúirt Seán T ··· Bhí intleacht den chéad scoth aige agus thug sé suas í do chúis na hÉireann – don tsaoirse, don teanga, don drámaíocht, agus don chultúr dúchais’ (Seán T., 1963) ··· Tá cuntas maith ar imeachtaí na gcumann a raibh Liam gníomhach iontu, agus gan amhras ar a chaidreamh ar an nGríofach, in Art Ó Gríofa, 1953 le Seán Ó Lúing ··· Is féidir a chur mar bhonn faoi sin rud atá i gcuimhní Eoin Mhic Néill, (i gcló in Eoin Mac Neill: scholar and man of action 1867–1945, 1980 le Michael Tierney): ‘He attended a meeting, somewhere in Connaught, I am not now certain where, but I think it was in the neighbourhood of Ballaghaderreen, and he made a speech there of which of course only the most combative parts got into the newspapers ··· Is dóigh gurbh in 1898 a thug sé an óráid sin dár thagair Mac Néill
Chnuasaigh Seán Mac Cionnaith a ghearrscéalta agus scríobh cuntas ar a bheatha faoin teideal Saol agus saothar Shéamuis Mhic Chonmara, 1988 ··· Deir Seán Mac Cionnaith go raibh sé ina chigire scoile ach is deacair sin a chreidiúint ··· Bhí Séamus Ó Néill [B3] ina mhac léinn ann lena linn agus dúirt seisean, dar leis an mBléineach, gurbh é Séamus a d’athbheoigh an Cumann Gaelach ann agus go raibh sé ina rúnaí air ··· In Fearsaid: Iris Iubhaile Chumainn Ghaelaigh, Ollscoil na Banríona, 1956 dúirt Séamus Ó Néill [B3]: ‘Ba bhall den Fháinne é agus ba mhinic a labhradh sé ag na léachtaí agus ag na díospóireachtaí
Bhí aithne mhaith ag Peadar Ó hAnnracháin [B1] air agus in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 déanann seisean talamh slán de gurbh ó Sheán Ó Cadhla [q.v.], máistir scoile Chuilinn Uí Chaoimh, a d’fhoghlaim Páidín Gaeilge ··· Bhí sé ar dhuine den dream a bhí i láthair i dteach an Dr Séamus Ó Ceallaigh [B1] i Ráth Garbh Satharn Cásca nuair a bhíothas ag iarraidh teacht chun réitigh idir Eoin Mac Néill agus ceannairí an Éirí Amach ··· Tá na tagairtí dó ag Seán MacBride, Peadar O’Donnell, agus Tony Woods, príosúnaigh i Mountjoy ag an am, in Survivors .. ··· Dar le DIB, d’éag sé ar 20 Meán Fómhair 1973 ach dar le hiníon Phádraig, Caitlín Uí Néill (baintreach Shéamuis Uí Néill), ba é 20 Deireadh Fómhair dáta a bháis ··· Phós duine díobh, Caitríona, Séamus Ó Néill (1910–1981) [q.v.], scríbhneoir
Tá a thuilleadh eolais i dtaobh a hóige ag Brian Mac Giolla Phádraig in Coláiste Uladh: leabhar cuimhne leith-chéad bliain 1906–1956 in eagar ag Séamus Ó Néill agus Bearnard Ó Dubhthaigh ··· Ansin thagadh Eoin Mac Néill go dtí an Coláiste Doiminiceach i bhFaiche Stiabhna le Gaeilge a mhúineadh d’Úna agus do chúpla cailín eile ··· Ba chara ionúin í ag an gCraoibhín, Mac Giolla Bhríde, Eoin Mac Néill, Micheál Ó hIceadha, George Sigerson, Kuno Meyer agus fiú ag W ··· Ní thuigeann Seán Réamoinn é ná Seán Diolúin ná Mac Giolla Bhríde [B2] ná Úna Ní Fhaircheallaigh
‘Mheas seisean nár chiallmhar in aon chor an aiste [ar Aodh Ó Néill] a fhoilsiú fhad is bheadh sé de chlú ar an údar nach raibh léamh ná scríobh aige, agus ba é a thuairim gur cheart don Chonradh bheith sásta i dtosach fá cé acu a bhí sin fíor nó nach raibh ··· Thugadh sé cuairt ar Mhac Néill agus scríobhadh seisean síos ábhar uaidh ··· ‘The greatest seanchaí of our time’ a thug Mac Néill air ··· Foilsíodh Beatha Aodha Uí Néill, an aiste dár thagair an Duinníneach, in 1903 ··· I gcomhar le Seán Mac Giollarnáth d’aistrigh sé The shuiler’s child le Séamus O’Kelly mar Mac na mná déirce (1933)
Thacaigh sé le hEoghan Rua Ó Néill i rith 1642–49; bhí a mhac Seán ina chaptaen in arm Uí Néill ··· Bhí tuairim ann gur Phrotastúnach é; sin a shíl Seán Ó Donnabháin[B6], eagarthóir Annála Ríoghachta Éireann, agus b’fhéidir gurbh in an fáth a ndearna sé beag is fiú d’fhear Shligigh sa réamhrá a chuir sé leis na hAnnála: ‘If O’Donnell were in the country at the time, he ought have felt great envy and jealousy that the Four Masters should have committed this work, which treats of the O’Donnells more than of any other family, to the world under the name and patronage of any of the rival race of Oilioll Olum, much less to so petty a chieftain of that race as O’Gara.’ B’fhéidir gur chleacht Fearghal an Protastúnachas i gColáiste na Tríonóide ach is deimhin nach mbeadh glacadh ag Froinsiasaigh ná le Michél Ó Cléirigh le Protastúnach mar phátrún
Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’) ··· Scríobh sé dánta molta d’Aodh Rua Ó Domhnaill (‘Díol fuatha flaitheas Éireann’), do Thoirdhealbhach Ó Néill (‘An sluagh sidhe so i nEamhain’) agus do thaoisigh eile agus is minic an cheathrú sin d’Aodh Mag Uidhir iontu ··· Ach roimhe sin d’impigh sé ar Aodh Ó Néill dul i ngleic aris leis na Sasanaigh (‘Fríoth an uainsi ar inis Fáil’) ··· Scríobh sé péire dán di (i gcló in Leabhar Branach..., 1944, in eagar ag Seán Mac Airt[B3])
Rinne Diarmaid Ó Doibhlin amach go raibh gaol aige le Maolsheachlann Mac Con Mí atá luaite ag Seán Ó Donnabháin [B6] i litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis agus, dá réir sin, leis an fhile Seán Mac Con Mí a mhair san 16ú haois ··· De bharr turais a thug Eoin Mac Néill [B4] ar na Speiríní sa bhliain 1900, cuireadh Tomás Bán Ó Conceanainn [B2] ó thuaidh an bhliain dár gcionn le dlús a chur faoi obair an Chonartha i gceantar Shliabh Speirín ··· Théadh sé go minic tigh Sheáin Mhic Dhiarmada [q.v.] a d’fhoghlaim Gaeilge uaidh agus a thóg clann le Gaeilge
Níor dhíograiseoir creidimh gach duine a thaithíodh an chraobh den Réalt i nDún Laoghaire, agus i measc an chomhluadair ag Séamus ann bhí Nioclás Tóibín[B1] agus Seán Ó Ciarghusa[B2] agus scríbhneoirí óga mar Ghearailt Mac Eoin agus Lorcán Ó Treasaigh[q.v.] ··· Máirtín Ó Cadhain [B4] is minice a thugadh léacht i rith an dá bhliain den chúrsa sin ach thugadh David Greene [B3] agus Seán Beaumont [B1] léachtaí uair sa tseachtain freisin ··· Bhí Séamus ar an mbeagán státseirbhíseach a earcaíodh chun bheith páirteach san fhiontar sin, mar aon le cuid de na scríbhneoirí, scoláirí agus cainteoirí dúchais ba mhó eolas ar an teanga, leithéidí Néill Uí Dhónaill [B8], Thomáis de Bhaldraithe [B8], Shéamuis Uí Ghrianna [B2], Annraoi Uí Liatháin [B1], Sheosaimh Uí Dhálaigh [B8] agus Phádraig Uí Mhaoileoin [B8], gan ach na mairbh a lua
Notwithstanding her background in science, she had first-rate literary judgment and was an excellent text editor.’ D’fhoilsigh an comhlacht leabhair na n-údar Gaeilge ba mhó iomrá i rith na tréimhse sin: Máirtín Ó Cadhain [B4], Séamus Ó Néill [B3], Niall Ó Dónaill [B8], Micheál Mac Liammóir [B4], Donncha Ó Céileachair [B4], Máire Mhac an tSaoi, Liam Ó Flaithearta [B8], Seán Ó Lúing[B8], Leon Ó Broin [B8], Annraoi Ó Liatháin [B1]... ··· Bhí baint mhór ag Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh[B5] leis na himeachtaí sin go léir agus pósadh é féin agus Bríghid 7 Meán Fómhair 1943 ··· Tar éis bhás Sheáin i 1967 is ar Bhríghid a thit na cúraimí iomadúla eile is gá chun leabhair ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhargadh na Gaeilge ar phraghas réasúnta íseal ··· Bhí mac agus iníon, Cian agus Aoileann, ag Bríghid agus Seán
Luann Seán Mac Réamoinn é in An Comhchaidreamh: crann a chraobhaigh, 1985: ‘Cuimhní níos taitneamhaí ar théarma eagarthóireachta Shéamuis Uí Néill[B3].. ··· Cuirtear béim san agallamh sin in Inniu ar a chuid oibre ar son an Chomhchaidrimh: ‘Ghlac Liam páirt ghníomhach in obair an Chomhchaidrimh, go háirithe i dtosach, mar stiúrthóir, eagarthóir agus iriseoir ar iris an Chomhchaidrimh, Comhar, tar éis dó teacht ar an obair sin ar chuireadh ó Sheán Ó hÉigeartaigh[B5].’ Tá aistí, léirmheasanna, gearrscéalta agus dán i gcló aige san iris sna blianta luatha sin agus níl aon amhras ach go raibh baint aige leis an eagarthóireacht
Ba dhóigh le Tomás Ó Fiaich go ndeachaigh a chomh-mhac léinn Pól Breathnach[B2] agus aistí Eoin Mhic Néill[q.v.] ar an seanstair in Irish Review i gcion air go mór ··· Thosaigh sé ag múineadh ann in 1913 agus an bhliain dár gcionn ceapadh é ina phríomhchúntóir ag Eoin Mac Néill ··· Seán Mac Maoláin [B1] a mhol dó dul go Rann na Feirste agus ba é Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1] a thug suíomh dó ansiúd ··· Ba é a bhunaigh An tUltach in 1924 agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris ó thosach go 1940, ach tréimhse ghairid i mbliain 1933-4, nuair a bhí Séamus Ó Néill[B3] sa phost, a fhágáil as an áireamh ··· Is é dúirt Tomás Ó Fiaich ina thaobh: 'Ní mar staraí náisiúnta a chuimhneofar air dalla an Niallaigh [Eoin Mac Néill]
Bhí sé ina oide múinte freisin ag daoine mar Sheán Ó Súilleabháin (d’éag 1996), Máire Nic Néill (d’éag 1987) agus Áine Ní Chróinín (d’éag 1984)
Adhlacadh é in Eaglais San Isadóir agus d’fhéach Seán Ó Néill, larla Thír Eoghain, chuige go gcuirfí leac chuimhneacháin os cionn a uaighe ··· Ar fhilleadh abhaile dó, d’fhostaigh Aodh Ó Néill mar oide tí é dá bheirt mhac, Anraí agus Aodh Óg ··· In 1600, chuir Ó Néill go Salamanca é, más fior, chun a mhac Anraí a chlárú mar mhac léinn san ollscoil ansiúd ··· In An duanair, 1600-1900 (1981) deir Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella: ‘An té ar mhaith leis léargas a fháil ar an difríocht idir traidisiún liteartha na hÉireann agus traidisiún liteartha Shasana san aois sin, níor mhiste dó an duan tíriúil Nollag seo a léamh taobh ar taobh le Ode on the morning of Christ’s nativity a scríobh scoláire mór Laidine eile a bhí comhaimseartha le Mac Aingil, John Milton.’ Is le Richard Crashaw (1613–45) is túisce le Tadhg Ó Dúshláine comórtas a dhéanamh (‘Athléamh ar Aodh Mac Aingil’ in Irisleabhar Mhá Nuad, 1975–76)
D’fhoilsigh an Gúm péire cnuasach gearrscéal leis, Cois Life, 1936 le Seán Sabháiste, agus Aill an Ghabhair agus scéalta eile, 1940 le Seosamh Ó Tórna ··· Chuir sé olc air nach faoina ainm cleite ‘Seán Sabháiste’ a foilsíodh an dara cnuasach ··· Bhí sé ar dhuine den ghrúpa a théadh ag fánaíocht i sléibhte Chill Mhantáin agus a chuir suas plaic tuairim 1931 san áit a cuireadh Art Ó Néill tar éis gur éalaigh sé le hAodh Rua Ó Domhnaill as Caisleán Bhaile Átha Cliath i 1591/2
Rugadh triúr dóibh: Seán Sáirséal [q.v.], Máire Caitríona agus Gráinne Dill ··· Dúirt Seán óg Ó Tuama[B2] in Inniu 12 Deireadh Fómhair 1962 go ndeachaigh sí go Dún na nGall le Miss Wyse Power i 1920 agus gur bhunaigh siad craobh de Chumann na mBan ann ··· Dúirt Séamus Ó Néill [B3] in Inniu 5 Deireadh Fómhair 1972: ‘Ach ba í cúis na Gaeilge ba rogha léi, agus rinne sí obair éachtach ar a son ··· An t-airgead a d’fhág sí le huacht ag a nia Seán a chuir ar a chumas an comhlacht Sáirséal agus Dill a bhunú
Scríobh Seán Ó Donnabháin[q.v.] faoi: ‘ ··· Le linn dó a bheith ann a chuir sé Seán Ó Donnabháin in aithne don Argadánach ··· Bhí a dheirfiúr pósta ar Phádraig Ó Néill[q.v.]
Tá tagairtí don cabhair airgid a thug sí do Kuno Meyer[B2] chun Scoil an Léinn Ghaelaigh a bhunú i mBaile Átha Cliath ag Seán Ó Lúing in Kuno Meyer, 1858-1919: a biography, 1991 ··· Ba chara le Dubhghlas de hÍde[B4] agus le Eoin Mac Néill[B4] í
Tá aiste ag Seán Ua Cearnaigh faoin scéal seo agus faoin mbunaitheoir eile J.K ··· Thosaigh Art ag obair sa Roinn Oideachais i 1913 agus faoi 1923 bhí sé ina rúnaí príobháideach ag an Aire Oideachais, Eoin Mac Néill ··· I 1931 roinneadh duais An Ghúim ar úrscéal ar a Lucht ceoil (1932) agus ar Phádraic Mháire Bháin (1932) le Seán Ó Ruadháin
Bhí sí ina hambasadóir ag Éirinn sna hÍsealtíortha i ndiaidh bhás Mhic Néill ··· I rith an Éirí Amach chuir sé Éamonn Ó Duibhir[q.v.] go Luimneach agus Seán Ó Treasaigh go Corcaigh leis an teachtaireacht go dtosódh Briogáid Thiobraid Árann ag troid dá mbeadh Corcaigh agus Luimneach sásta an rud céanna a dhéanamh ··· In éineacht leis bhí Art Ó Gríofa, Deasún Mac Gearailt, Pádraig Ó Caoimh, Seán Mac an tSaoi agus fir eile