Líon alt a aimsíodh: 31
Bhí Aindrias féin in ann dul siar na seacht nglún: Aindrias, Séamus, Seán, Séamus, Seán, Conchubhar, Eoin Mór; bhí gaol gairid ag a shinsir i bhfad siar leis an bhfile Séamus Mór Ó Muimhneacháin ··· In Cuimhní Cinn an Oireachtais (1997), in eagar ag Seán Mac Mathúna, agus arís in Feasta, Nollaig 1989 (‘Ómós ó Uachtarán Chonradh na Gaeilge’), molann Proinsias Mac Aonghusa a shaothar ··· Ba é an dara mac é ag Séamus Ó Muimhneacháin, feirmeoir, agus Hannah Hyde ··· Ba ina dhiaidh san a chuireadar fúthu ar Ghaorthadh na Péice’ (leabhrán an dlúthdhiosca An Joga Mór, amhráin Cháit Ní Mhuimhneacháin a cuireadh amach in 2001) ··· Bhailigh Seán Ó Cróinín [B5] seanchas óna athair (réamhrá le Seanchas an Táilliúra)
Diarmuid mac Sheáin Mhóir, mic Chonchubhair, mic Eoghain Mhic Eoghain Mhóir Uí Mhuimhneacháin?” Talamh ar mhargadh bliana a bhíodh ag Seán Mór ··· Ba é an duine ab óige é ag Seán Mór Ó Muimhneacháin agus Neil Ní Choileáin ··· Filí ba ea Seán Mór agus a athairsean Conchubhar ··· Ba shin-seanuncail le Diarmuid an file Séamus Mór Ó Muimhneacháin ··· Tá cuntas ar mhuintir Mhuimhneacháin in Amhráin Shéamuis Mhóir Uí Mhuimhneacháin (g.d.) le Conchubhar Ó Muimhneacháin
Bhí sé ar dhuine de na bailitheoirí béaloidis ba mhó cáil lena linn agus tá sé ar an mbeagán díobh sin ar foilsíodh cuid mhór dá mbailiúcháin mar leabhair ··· Deir Donncha: ‘Cúis chradhascail go brách é, áfaig, ná raibh sé de chaoi ag Seán a sheacht n-oiread a bhreacadh síos ó Amhlaoibh; ach ar mhí-ábharaí na cruinne do tháinig cúrsaí coigiltis idir Sheán agus obair an Choimisiúin Bhéaloideasa nuair ná raibh sé ach ag fáscadh chun na hoibre, agus níor fhill sé ar an bpeann go ceann sé mblian déag’ ··· I measc na mbailiúchán a foilsíodh tá: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971); Seanchas an táilliúra (1978) (ábhar a bhailigh sé ó Thadhg Ó Buachalla [B4] in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin); Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (1980); Seanachas Phádraig Í Chrualaoi (1982); Seanachas ó Chairbre 1 (1985) (ábhar a bhailigh sé ó Sheán Ó hAo [q.v.]) ··· Ba iad a thuismitheoirí Seán Ó Cróinín, duine ‘des na Pronnséisigh ón bPlantation’, agus Eilís Uí Chróinín (Ní Iarfhlaithe), amhránaí aitheanta faoin ainm Bess Cronin ··· Bhí Conchubhar Ó Deasmhumhna [B4] ina chomharsa béaldorais aige agus an scéalaí cáiliúil Maidhc Mór Ó Loingsigh
Deir an t-eagarthóir: ‘Ní féidir a rá an leabhar eile a bhí in Amhlaoibh, ach ní móide go bhféadfaí a dheireadh fháil go brách’ ··· Bhí sé ar dhuine de scéalaithe agus de sheanchaithe móra a linne féin ··· Chuaigh siad ar scoil i gCúil Aodha agus ba iad na múinteoirí a bhí acu Seán Ó hIarlaithe, Donnchadh Ó Loingsigh (‘Donnchadh an Chéama’) [q.v.] agus Bean Mhic Shuibhne ··· D’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann dhá chnuasach d’ábhar a bhailigh Seán Ó Cróinín [q.v.] uaidh agus chuir Donncha Ó Cróinín eagar orthu: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971) agus Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (1980) ··· Moladh go hard a iarracht ar amhrán nuadhéanta ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902) agus san iomaíocht an lá sin bhí Riobard Bheldon [B2], Conchubhar Ó Deasumhna [B4], Domhnall Ó Conchubhair (1847-1930) [B3] agus Diarmuid Ó Muimhneacháin [B2]
Is é an cur síos a rinne Seán Mac Réamoinn air in Anois 9-10 Nollaig 1995: ‘Sagart, file, ollamh; fear éirime, fear grámhar, fear grinn; fear ar mhór aige dúchas agus oidhreacht Ghaelach Uladh agus Éireann; saothraí scríbhneora a chuir comaoin ar aos léite na Gaeilge, agus a thug léargas ar chuid de shaibhreas na litríochta Gaeilge, idir shean agus nua, don saol amuigh… ··· Thugadh sé codanna den lámhscríbhinn le léamh do Mháirtín Ó Cadhain, d’Aindrias Ó Muimhneacháin[q.v.] agus do Sheán Mac Fhionnlaoich[B4] ··· Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4], Seán Ó Ríordáin [B3], Tomás Ó Fiaich [q.v.].. ··· Chaith sé cúpla seachtain i Lúnasa 1940 in Árainn Mhór agus deirtear gurbh é an chéad duine é a chuaigh ar thóir an bhéaloidis ansin ··· Ó 1950 go 1955 bhí sé san Fhorrach Mhór, Co
Bhí Conchubhar ar dhuine den seisear múinteoirí ag obair faoi Sheán Ó Murthuile[q.v.] i gContae an Chláir ina dhiaidh sin ··· Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Fionn agus Lorcán, 1901; Amhráin Shéamuis Mhóir Uí Mhuimhneacháin, 1924; Béaloideas Bhéal Átha an Ghaorthaidh, 1934
mór é a áireamh ar na timirí ba mhó fuinneamh agus ceannas dá raibh fostaithe ag Conradh na Gaeilge ··· Oíche an Daonáirimh chaith Páid, Margaret, Seán agus deirfiúr amháin, a bhí níos sine ná Seán, an oíche sa teach ar an gcé sa Léim ··· Bhí eolas ar an nGaeilge ag an lánúin agus ag Seán ach ní raibh ag an deirfiúr, rud a thabharfadh le tuiscint, is dóigh, gur le Béarla a tógadh Seán ··· Agus cad é an ionadh ach chaitheadh sé cuid mhór den oíche tar éis teacht ar ais ó na ranganna ag léitheoireacht ··· Deir Seán O’Mahony in Frongoch: university of revolution, 1987 go mba dhuine de ghéibheannaigh Fhrongoch é
‘Is amhlaidh san a tharla gurbh í canúint Mhaigh Eo is chleachtaíodh Tomás, cé go raibh ard-eolas aige ar na canúintí go léir’, a dúirt Ó Muimhneacháin ··· ‘Ní dúirt sé éinní riamh liom i dtaobh fáth a imeachta, cé gur thuigeas uaidh go mba mhór an díomá dhó nárbh fhéidir dó fanacht anso farainn ag gabháil do mhórmhian a chroí’ a dúirt Ó Muimhneacháin in Feasta i ndiaidh a bháis ··· Ach rinne Aindrias Ó Muimhneacháin an cur síos seo air in Feasta, Iúil 1956: ‘.. ··· Ar feadh dhá bhliain déag bhí comhfhreagras ag Ó Muimhneacháin leis ··· D’aistrigh an líon tí go Tyneside i 1901 agus is ansin a chaith sé an chuid is dá shaol
Fuair Seoirse bunoideachas sa Teampall Mór, Co ··· Tá cuntas ar an eachtra seo ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis:scéal Chonradh na Gaeilge, 1922-1932 ··· Thug sé treoir agus cúnamh do Sheán Ó Cuirrín chun Uimhrigheacht (1922) a scríobh ··· I nDoire a rugadh Harry in 1889 ach is sa Teampall Mór, Co
Bhí páirt mhór ag a hathair, Micheál Aindrias Ó Dubhgáin (1865-1945), i bhfeachtas an Athar Séamus Mac Pháidín [B5] agus cuireadh comhcheilg ina leith nuair a maraíodh an Cigire William Limrick Martin ··· Ba í Máire Sheáin Ruaidh Ní Ghallchóir ó Chaiseal na gCorr a bhanchéile ··· Luaitear í i measc na dtimirí a bhí ag obair faoi Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1924 (Dóchas agus Duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, [1974] le hAindrias Ó Muimhneacháin; Aspail ar son na Gaeilge: Timirí Chonradh na Gaeilge 1899-1923, 1995 le Colm Ó Cearúil) ··· Bhí teach mór agus Oifig an Phoist acu i nGaoth Dobhair agus sheas an teaghlach uilig, fir agus mná, don Phoblacht go deireadh ··· Lean slua mór cóisir na sochraide go dtí a háit dúchais agus cuireadh i reilig Mhachaire Gathlán í
Tá sé ainmnithe ag Proinsias Mac Aonghusa i measc pearsana móra úd na hathbheochana a bhí ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1928 (Ar Son na Gaeilge ··· Nuair a thosaigh sé ag obair i mBord an Rialtais Áitiúil is é an rugbaí is a chleachtadh sé ··· ., [1975] le hAindrias Ó Muimhneacháin[q.v.]) ··· Bhí baint mhór aige le cúrsaí siamsaíochta an Chonartha: bhí sé páirteach san obair a bhain leis an Mórshiamsa bliantúil i bPáirc an Fhionnuisce; ba é faoi deara gur bunaíodh Cumann Bhuíonta Píobairí na hÉireann agus an mórthaispeántas ceoil agus rince a d’eagraítí san Amharclann Ríoga gach bliain ó 1941 amach ··· Bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu, a raibh bean díobh, Siobhán, pósta ar Sheán Ó Dúnlaing (1896-1988) [B5, lch 167]
mór é a áireamh ar an ochtar airí rialtas idir 1922 agus 1962 ba mhó a ndeachaigh soiscéal Chonradh na Gaeilge i bhfeidhm orthu i dtús a saoil ··· I mBeanntraí bhí sé ag foghlaim na teanga ó mhúinteoir taistil sa cheantar, Conchubhar Ó Muimhneacháin[B4] ··· Théadh sé ar saoire go Béal Átha an Ghaorthaidh go minic agus bhí spéis mhór aige i mbéaloideas an cheantair ··· I gCraobh an Chéitinnigh a chuir sé aithne ar Chathal Brugha [q.v.], Micheál Ó Coileáin, Seán Ó Murthuile [B4], Gearóid Ó Súilleabháin [B4], Diarmuid Ó hÉigceartuigh [q.v.] agus a leithéidí ··· I ngeall ar na fir a cuireadh chun báis i rith an Chogaidh Chathartha is air is i rialtas an tSaorstáit a bhí gráin ag Poblachtaigh, in ainneoin, nó de bharr, b’fhéidir, gur ghaire dóibh é ina mheon ná cuid d’airí eile an tSaorstáit
Bhí sé ar na daoine ab ildánaí i stair na hathbheochana: údar an dá leabhar is a raibh éileamh ag an bpobal orthu, múinteoir, riarthóir poiblí, béaloideasóir, scoláire, ceoltóir, fear gnó, díograiseoir, fear troda agus fear na síochána ··· Béarla ar fad a bhí ann lena linn ach dúirt sé féin le Muiris Ó Droighneáin[B2]: ‘Ní foláir go dtuigimís an Ghaeilge go maith, ámh, mar is cuimhin liom go mbaininn taithneamh mór as an scéalaíocht a bhíodh ar siúl ag na seandaoine le linn tórraimh nó ócáide dá shaghas’ (Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936) ··· D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as leabhair Uí Ghramhnaigh[B4] agus ó mháistir scoile sa chomharsanacht agus chuir sé rang Gaeilge ar bun tuairim 1903 i dteach Mháire Hussey ar an gCuas Mór agus é d’aidhm aige léamh agus scríobh na Gaeilge a mhúineadh do chomharsana ar Ghaeilgeoirí iad ··· Níor mhór dó Gaeilge a bheith ar fheabhas aige, agus ceol agus amhránaíocht chomh maith leo féin, mar bhíodar go diail chun ceoil agus thar barr chun na n-amhrán’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944) ··· ‘Riamh ina dhiaidh sin ní raibh gné ar bith d’obair na Gaeilge nach raibh a lámh inti go lánghníomhach’, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin in Feasta , Márta 1983
Bhí sé ar dhuine díobh sin a d’eagraigh an fheis san Aird Mhór, ceann de na feiseanna ba thúisce agus ba mhó sa Mhumhain ··· is mór an méid féile agus flaithiúlachta a cuireadh faoi chré i nDún Garbhán.” In An Claidheamh Soluis: 30 bliain de Chonradh na Gaeilge (1955) deir Aindrias Ó Muimhneacháin: “Sa bhliain 1905 thug Oifig an Phoist dúshlán an Chonartha le riail nua á fhógairt nárbh fholáir seoladh Béarla bheith feasta ar gach aon phacáid phoist ··· Bhí sé ag gníomhú mar rúnaí an chuid is den am ··· Ag Oireachtas 1901, bhain sé ceann de na duaiseanna £1 le haiste ar Sheán Pléimeann ··· Agus dúirt Cormac Breathnach: “Taca na lag ab ea Pádraig agus is fear fónta a bhí faoi chomaoin aige ..
Rugadh é ar 6 Nollaig 1889 ag 153 Sráid na Breataine Móire ··· Ba chuimhin le hAindrias Ó Muimhneacháin (Feasta, Aibreán 1969) Séamus agus a dhlúthchara Tomás Page[B1] a bheith ag seinm ceoil ag céilithe an Choláiste ··· Ach b’fhéidir gur an bhaint a bhí aige le Coiste na bPáistí ná le haon dream eile ··· Ba iad an seisear sin: Séamus féin, a bhí mar chisteoir, an rúnaí Micheál Ó Maoláin as Árainn, Cathal Ó Tuathail, Seán Beaumont [B1], Seán Ó hUadhaigh [B2], agus Earnán de Siúnta [B1] ··· Ag tagairt d'obair Shéamuis ar son Choiste na bPáistí, dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin: ‘B’aoibhinn leis bheith i measc na bpáistí ..
Seachas Peig Sayers is é an seanchaí é is ar a bhfuil eolas ag pobal mór na hÉireann ··· Tá cuntas aige ar a shinsir agus ar chúrsa a shaoil féin in Seanchas an táilliúra, 1978 (Seán Ó Cróinín a bhailigh agus Aindrias Ó Muimhneacháin a chuir in eagar) ··· Go luath ina dhiaidh sin bhí litreacha gearánacha ag Frank O’Connor agus Seán Ó Faoláin in The Irish Times i dtaobh an choisc agus chuir an Seanadóir Sir John Keane rún os comhair an tSeanaid á mhaíomh nach raibh aon mhuinín ag an bpobal sa Bhord Cinsireachta ··· Garchomharsa le Tadhg ba ea Aindrias Ó Muimhneacháin agus dúirt seisean faoi i réamhrá Seanchas an Táilliúra: ‘Daoine, mo dhála féin, a raibh dlúthaithne acu ar an dTáilliúir, cuimhneoidh siad fós ar a staidiúir sheanchaíochta-an chuma a fhéachadh sé uaidh amach cruinn díreach ar a lucht éisteachta nó leathchliathánach uaireanta, a cheolmhaire agus a thomhaiste a bhí a chaint, a mheanmnaí a bhíodh sé agus conas mar a bhíodh an dá shúil ag rince ina cheann agus fáth an gháire coitianta ar a bhéal; is ea, agus an scairteadh groí gáire as a bholg aníos a chuireadh sé as nuair a bhíodh aon ní taibhseach nó greannúr nó áiféiseach eachtraithe aige ··· Ina lá, dá ndíreodh sé é féin suas, fiú ar a mhaide croise, bheadh sé an sé throigh slán agus beagán lena chois, b’fhéidir’, dar le hAindrias Ó Muimhneacháin
Scríobh Aindrias Ó Céileachair [B3], Seán Ó Ciarghusa [B2], Micheál Ó Murchú agus Diarmuid Ó Muimhneacháin [B2] dánta caointe ··· Scríobhadh péire beathaisnéis Ghaeilge: Cathal Brugha, 1942 lena chara ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) [B3] agus Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969 lena nia Tomás Ó Dochartaigh ··· ‘Ní mór an spéis a chuir sé sa Ghaeilge go dtí gur bunaíodh Craobh an Chéitinnigh’, a deir ‘Sceilg’ ··· I bPort Láirge théadh sé gach tráthnóna ar cuairt chuig Mártan Ó Colmáin, fear dall ó cheantar na gCumarach nach raibh Béarla aige agus a raibh cuid mhór dá shaol caite aige mar scuabadóir sráide ag Comhairle na Cathrach; bhí scéalta, dánta, seanfhocail agus paidreacha na gCumarach aige ··· Rinneadh dochar mór dá chois chlé agus bhíodh air bróg speisialta a chaitheamh
Agus dúirt Séamus Ó Searcaigh in Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1934): “An moladh is atá tuillte aige gur scríobh sé leabhair ina bhfuil an Ghaeilge is fearr agus is glaine dá bhfuil sa Nua-Ghaeilge” ··· mór a rá freisin, áfach, go bhfuil na léirmheastóiri ar aon fhocal, geall leis, in ainneoin a measa ar áilleacht a phróis agus ar dhea-thréithe eile a scríbhneoireachta, nár chomhlíon sé an gealladh mór a bhí faoi sna 1920idí luatha agus nach bhfuil úire ná forbairt ná domhainsmaointe le fáil ina shaothar ··· Tá aiste fhada ina thaobh ag an Athair Seán Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil ··· Is dóigh le Nollaig Mac Congáil in Scríbhneoirí Thír Chonaill go raibh an-bhaint ag seo leis an difríocht mhór idir é agus a dheartháir Seosamh Mac Grianna mar scríbhneoirí ··· Ann a bhí sé nuair a bhris an Chéad Chogadh Mór amach
Ba dhóigh le Tomás Ó Fiaich go ndeachaigh a chomh-mhac léinn Pól Breathnach[B2] agus aistí Eoin Mhic Néill[q.v.] ar an seanstair in Irish Review i gcion air go mór ··· Dúirt Tomás Ó Fiaich in An tUltach, Bealtaine 1976: 'Bhí an tAthair Lorcán agus an tEaspag Ireland an-mhór le chéile go dtí gur bhris an chéad chogadh domhanda amach in 1914 ··· Seán Mac Maoláin [B1] a mhol dó dul go Rann na Feirste agus ba é Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1] a thug suíomh dó ansiúd ··· Ach bhí an riocht ina raibh gluaiseacht na teanga sa chúige tar éis na críchdheighilte go mór i gceist freisin ··· Tá scéal bhunú na heagraíochta nua inste ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-32 (lgh 145-58)
Bhí sé ar dhuine de scríbhneoirí bisiúla ildánacha na hAthbheochana agus is dóigh gur a bhaineann a ghníomhréim, a pháirt i ngluaiseacht na teanga ach go háirithe, lena bhfuil tuairiscthe in 1882-1982 Beathaisnéis ··· Chuir Frithdhúnadh 1913 go mór le náisiúnachas an athar agus deireadh Leon gur chaith sé féin cloch le póilín lena linn ··· Bhí deartháir a athar, Pat, bainteach leis an gcraoladh raidió a rinneadh ón Óstán Imperial i 1916 agus bhí uncail leis, Harry Killeen, fear a bhí ina oifigeach sa Chogadh Mór agus a thréig an t-arm i 1916, ina oifigeach eolais ag Micheál Ó Coileáin ··· ‘Ba é a mhol sé siúd ach míosachán a dhéanamh feasta den pháipéar, murab ionann is é a bheith ina sheachtanán mar a bhíodh go dtí sin, agus chuir sé in iúl go mbeadh sé féin sásta eagarthóireacht a dhéanamh air, saor in aisce, go ceann tamaill’ (Aindrias Ó Muimhneacháin, Dóchas agus Duainéis ··· There was no sales organisation to push it, and the result was that most of the three thousand copies remained in the printer’s hands while I struggled to pay off a bank overdraft.’ Ní mór a rá gur tháinig scata bunleabhar óna pheann freisin i rith na tréimhse céanna: Ag Stracadh leis an saol agus scéalta eile, 1929; An Rún agus scéalta eile, 1932
B’as baile mór Thiobraid Árann dá thuismitheoirí, John Hayes, siúinéir, agus Jane Finn, agus ba é an chéad leanbh acu é ··· Is mar seo a mhíníonn Aindrias Ó Muimhneacháin scéal na hAireachta Oideachais i rith na tréimhse seo inDóchas agus duainéis: ‘Ba é an tOllamh Micheál Ó hAodha Aire Oideachais na Dála, ach ba é Fionán Ó Loingsigh[B4] Aire an Rialtais Shealadaigh, agus, bíodh nach dealraitheach gur déanadh aon idir­dhealú ró-fhoirmiúil idir cúraimí na beirte seo Airí, glacadh leis gur faoi Fhionán Ó Loingsigh a bhí cúrsaí bunoideachais agus gur faoin Ollamh Ó hAodha a bhí an meánoideachas ··· Sa chlár ‘Fios Fátha’ dúirt sé gurbh é an fáth ba mhó ar fad ar toghadh ina Cheann Comhairle é Gaeilge a bheith aige: síleadh go mbeadh teachtaí le Gaeilge ag baint leas as an teanga chun moill a chur ar ghnó an tí d’aon ghnó—rud nár tharla ··· Bhailigh sé scéalta ó Mhicheál Turraoin [q.v.], ó Sheán Mac Gearailt, ó Sheán Ó Donnabháin, ó Thomás Ó Harta agus ó Nóra Ní Chinnéide idir 1933 agus 1941 agus foilsíodh iad in Béaloideas 14, 1944 ··· B’fhéidir gurbh é an saol polaitiúil a bhac air níos ná sin a chur i gcló
I gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhí tionchar mór ag Osborn Bergin[B2] agus ag Dubhghlas de hÍde[B4] air ··· Bhí baint mhór aige le bunú Institiúid an Bhéaloidis in 1930 nuair a fuarthas cabhair ón rialtas chuige sin ··· Fionán Mac Coluim [B1] a mhol in 1923 go dtabharfadh sé cuairt ar Sheán Ó Conaill [B4] i gCill Rialaigh chun go gcuirfeadh sé slacht ar a chuid Gaeilge ··· Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Irish folk tales edited with introduction and notes (1942) (scéalta a bhailigh Jeremiah Curtin); The Gaelic storyteller (1945); Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948); Seanchas ón Oileán Tiar (1956) (scéalta a bhreac Robin Flower[B3] ó Thomás Ó Criomhthain[q.v.]); agus an cnuasach scéalta ó Stiofán Ó hEalaoire[B1] ar chuir Dr Dáithí Ó hÓgáin eagar air ··· Tá cnuasach a bhreac sé ó Sheán Ó Sé ó Uíbh Ráthach i gcló in Béaloideas 29, 1961
Sciath cosanta dúinne i gCúil Aodha dob ea é’, a scríobh Seán Ó Riada [q.v.] in Irish Times 3 Deireadh Fómhair 1970 ··· Mar dhuine de cheannasaithe na nÓglach i gceantar Mhaigh Chromtha, mar throdaire i gCogadh na Saoirse, agus mar chomhairleoir contae ina dhiaidh sin, is a fhanfaidh cuimhne air ··· Ba iad a thuismitheoirí Conchubhar Ó Muimhneacháin agus Máire Ní Chonaill agus is ar 18 Deireadh Fómhair 1893 a rugadh é (James Cornelius) i nGort na Scairte, Cúil Aodha, Co ··· Deirtear go raibh sé ar na daoine ba mhó faoi deara dealbh cháiliúil Ghobnatan le Séamus Murphy a bheith sa reilig sin
Ní sa chathair amháin a bhí ranganna aici ach sna bailte beaga a dtéadh sí ar a rothar siar agus siar ó thuaidh chucu: Baile Sheáin, Achadh Úr, Tulach Ruáin, Áth na nUrlainn, Callainn, Tobar Eoin, Baile Uí Shé, Dún Mór ··· Cé go raibh mná eile ag taisteal ar son na teanga is í Eibhlín an t-aon bhean amháin i liosta de thríocha múinteoir taistil ag Aindrias Ó Muimhneacháin ina leabhrán Na múinteoirí taistil, 1966 ··· ‘Ní raibh Eibhlín ach 17 mbliana nuair a tháinig sí [go Cill Chainnigh]; ní raibh aon Bhéarla aici agus dá bhrí sin b’éigean di leathbhliain a chaitheamh á fhoghlaim ag Clochar na Toirbhirte sula bhféadfadh sí tosnú ar Ghaeilge a mhúineadh’ (Seán Ó Briain, ‘Obair na hAthbheochana i gCill Chainnigh’, Feasta, Bealtaine 1993) ··· Chabhraigh sí chun aeríocht 1903 a eagrú sa chathair agus bhí baint mhór aici freisin le Feis Chill Chainnigh a chur ar siúl den chéad uair, i 1904 ··· Ar 22 Samhain 1970 ag Teach an Rútaigh nocht Aindrias Ó Muimhneacháin plaic ina cuimhne agus i gcuimhne Thaidhg Uí Annracháin
Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha: “Is mór meas Dhonnchaidh ar chrích dhúchais a athar, agus ar an nGaeilge a thug a athair ón mball sin leis ··· Bhuaigh sé scoláireacht a thairg an Coiste Gnó d’ábhair timirí agus chaith téarma ag freastal ar Scoil Timireachta an Chonartha i mBaile Átha Cliath faoi stiúir Sheáin Uí Mhurthuile[B4] agus Choilm Uí Mhurchadha[B2] ··· Luann Aindrias Ó Muimhneacháin a shaothar in Dóchas agus duainéis mar shampla ar a fheabhas a bhí ag éirí leis an gConradh sa leath tosaigh de 1922 ··· Bhí baint mhór aige le An Fáinne ··· Mar seo a chuireann Aindrias Ó Muimhneacháin síos air: “Fear a raibh deich mbliana duainéiseacha caite go dúthrachtach dílis um an dtaca sin aige ina thimire don Chonradh sa Mhumhain, agus cuid mhaith de sin féin gan aon tuarastal aige as.” Bhí sé trí bliana sa phost sin
‘Fear séimh cneasta cuirtéiseach deá-ionramhálach ab ea é ach é fós go dígeanta dobhogtha nuair ba ghá sin agus dea-mheas dá réir sin ag a chomhpháirtithe agus a chomhchointinnigh air’ Ag scríobh ar a oiriúnaí a bhí sé i bpost Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bhí Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–32 ach is dóigh go n-oireann sé mar chur síos ar na cáilíochtaí a bhí aige agus é ina Cheann Comhairle i nDáil Éireann ··· Faoin am seo agus anuas go 1922 ba é an príomh-chomheagraí é in Aireacht na Gaeilge agus in Aireacht an Oideachais agus baint mhór aige leis an gcomhoibriú idir iad agus Conradh na Gaeilge ··· Ceapadh é ina Ard-Rúnaí agus ina Chisteoir ag Conradh na Gaeilge mar chomharba ar Sheán Ó Murthuile [q.v.] i Lúnasa 1922
Sa bhailiúchán de ghearrthóga Sheáin Mhic Fhloinn [B3] sa Leabharlann Náisiúnta tá litir dar dáta 7 Aibreán 1890 ó Euseby Cleaver [B1] ag lorg a sheoladh—bhí Domhnall ar dhuine de chomhfhreagraithe Sheáin sa Tuam News ··· Luann Aindrias Ó Muimhneacháin an Duibhneach in Dóchas agus duainéis mar dhuine de na timirí a bhí ag obair faoi Dháil Éireann le bliain roimh Fheabhra 1922 ach ní thugann aon tagairt mar fhianaise ··· Bhí sé ar chomhaois nach mór le fear eile Ráth Maoláin, Cathal Mac Garbhaigh [B2]
Bhí baint mhór aige le forbairt na seirbhíse nuachta raidió agus teilifíse i Radio Éireann ··· I gColáiste na Mainistreach Thuaidh bhí sé in aon rang le Seán Óg Ó Tuama[B2] ··· Air a thit trom na hoibre a bhain leis an Leabhar Cuimhne (in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin) nuair a bhí Iubhaile Órga an Chonartha á chomóradh agus ba cheann dá chúraimí deireanacha an comóradh a rinneadh ar Eoghan Ó Gramhnaigh [B4] a stiúradh ··· Scríobh Seán Mac Gearailt (Uachtarán Chonradh na Gaeilge 1945-46, 1952-55) faoi in Feasta, Deireadh Fómhair 1965: ‘Fear séimh cneasta a bhí ann ach bhí sé ullamh chun cáil an Chonartha agus ceart na Gaeilge a chosaint le fuinneamh am ar bith a raibh feidhm lena leithéid
Is mór agus is an-mhór an obair a rinne sí ar son na Gaeilge le seal fada agus ar son na hArd-Chraoibhe mar an gcéanna’ ··· Tuairiscíodh san iris chéanna 21 Feabhra 1925 go raibh sí féin, Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus an Dr Seán Mac Énrí le dul chun cainte le comhlacht Lady Dudley faoi ghearán nach raibh Gaeilge ag formhór na máistreás a bhí i mbun na scoileanna lásadóireachta faoi Aireacht na hIascaireachta, agus ar 13 Meitheamh 1925 go raibh sí ina ball thar ceann an Chonartha den chomhdháil a chuir an Roinn Oideachais ar bun chun clár an bhunoideachais a bhreithniú ··· Tá tuairisc ‘faoi rún’ a chuir sí chuig Ard-Rúnaí an Chonartha, Proinsias Ó Fathaigh [q.v.] i gcló ag Aindrias Ó Muimhneacháin inDóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–1932
“General merchant” an cur síos ar shlí bheatha an athar sa teastas breithe agus deir Tomás Ó Concheanainn (An Stoc, Bealtaine 1930) go raibh gnó mórdhíola síoda aige agus cuid mhór de mhaoin an tsaoil ··· Fuair seisean bás nuair a bhí Seán faoi bhun bliain d’aois agus thug an mháthair ar ais go dtí a háit dhúchais, an Ard Glas i bParóiste na Scríne, Co ··· Nuair a bhí sé in aois scoile chuaigh an mháthair chun cónaithe i mbaile Shligigh agus cuireadh Seán ar scoil chuig an Máistreás Nic Aodha ar an Meal agus ansin chuig Bráithre Mhuire ··· In 1881 d’aistrigh siad go Baile Átha Cliath agus rinne Seán leigheas i gColáiste na Tríonóide ··· Dar leis freisin gurbh annamh bliain nach dtugadh sé cuairt ar an Mór-Roinn chun cur lena eolas ar chúrsaí leighis agus chun teangacha a fhoghlaim
Is é an lúb dheireanach é, agus an duine is lú a raibh eolas air, sa slabhra d’eagarthóirí a bhí ag páipéir Chonradh na Gaeilge i rith 1899-1932: Eoin Mac Néill [B4], Eoghan Ó Neachtain [B3], Pádraig Mac Piarais [B4], Seán Mac Giollarnáth [B3], Piaras Béaslaí [B1], Colm Ó Murchú [B2], Pádhraic Ó Domhnalláin [B2], Shán Ó Cuív [B2], Leon Ó Broin, Séamus Ó Grianna[B2], Maoghnas Ó Domhnaill ··· Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 gur chun cibé olc a bhí curtha ag Fáinne an Lae ar dhaoine, faoi eagarthóireacht Shéamuis Uí Ghrianna[B2], a chur i ndearmad a cinneadh ar an teideal a athrú ··· Cé go mbíodh aige ann aistí ó dhaoine eile, is air féin a thiteadh formhór mór dá mbíodh ann a scríobh—an t-eagarfhocal, cúrsaí reatha, tuairiscí i dtaobh imeachtaí an Chonartha féin, aistí stairsheanchais agus aistí faoi mhórshaothair litríochta na hEorpa