Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Chaith Pól Breathnach[B2] dua lena thaispeáint gur Diarmaid a bhí ar a athair agus nár mhac é le Lughaidh Ó Cléirigh[q.v.], údar Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, mar a scríobh Seán Ó Donnabháin[B6] sa réamhrá a chuir sé lena eagrán de Annála Ríoghachta Éireann ; ní raibh an bhunchóip i gColáiste San Isadóir sa Róimh feicthe ag an scoláire sin ··· Thug an Seán seo leis ó Chontae Mhaigh Eo go Baile Átha Cliath lámhscríbhinní mar an ‘Leabhar Gabhála’, ‘Leabhar Ginealaigh Uí Chléirigh’, ‘Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill’, agus dánta dinnseanchais Sheáin Mhóir Uí Dhubhagáin agus Ghiolla na Naomh Uí Uidhrín ··· Is beag má tá aon eolas ar a bheatha seachas a bhfuil ag Breathnach, Colm Ó Lochlainn agus Anthony B ··· Deir Breathnach in Studies 24, 1935: ‘Last of all there is Cuchoigcriche, son of Diarmaid, one of the Four Masters ··· He composed a poem in the year mentioned on the death of Mary, sister of Red Hugh O’Donnell: Cuchoigcriche O Cleirigh mac Diarmada do rinne so ag eccaoine imtheachta chloinne Aodha mic Maghnusa agus go hairidhe Maire duine as deidhionaigh do ecc don chloinn sin.’ Tá an chuid den dán a liostaíonn deartháireacha agus deirfiúracha Uí Dhomhnaill i gcló ag Breathnach in The Irish Book Lover
Aiste ag Seán Ó Ríordáin in Irish Times i ndiaidh a bháis: is é ‘An Feairín’ é i ndán Uí Ríordáin
Feirmeoir, muilleoir, agus fear gnó ba ea an fear seo a chum ‘Marbhna Liféir Grás’, dán ar thug James Hardiman[q.v.] ionad dó in Irish Minstrelsy, a d’aistrigh George Sigerson[B1], agus a raibh ardmheas ag Pádraig Mac Piarais[B4] air, agus sin ar fad i ngeall ar gur cuireadh i gcéill dóibh gurbh fhile den 17ú céad, Seán Mac Uaitéir Breathnach, a chum é ··· Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650 ··· Bhí sé i bhfiacha i ngeall ar Bláithfhleasg na Milseán agus bhí gaol i bhfad amach aige leis na Grásaigh agus le Seán Mac Uaitéir Breathnach
Fuair sé pátrúnacht ó Thoirdhealbhach Mac Cochláin[q.v.] chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ a chur le chéile agus is ag an bpointe sin a liostáil sé Fear Feasa Ó Maoilchonaire, Cúchoigríche Ó Cléirigh[q.v.], a chol naonúir, agus Cúchoigríche Ó Duibhgeannáin mar chúntóirí: sin iad na fir a d’ainmnigh Seán Mac Colgáin[q.v.] in Acta Sanctorum Hiberniae mar na Ceithre Máistrí (‘The Four Masters’ le Pól Breathnach in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 agus Studies, 24, 1935); thug deartháireacha Mhichéil, Maolmhuire Ó Cléirigh (An tAthair Bernardin OFM) agus Conaire Ó Cléirigh, agus Muiris Mac Torna Uí Mhaoilchonaire cabhair freisin ··· A calendar of the saints of Ireland (1864) aistrithe ag Seán Ó Donnabháin agus in eagar ag James Henthorn Todd agus William Reeves; Genealogiae regum et sanctorum Hiberniae by the Four Masters (1918) in eagar ag Pól Breathnach ··· Gheofar eolas air in: Michael O Cleirigh, chief of the Four Masters, and his associates (1936) le Brendan Jennings; aiste (‘Irish scholars at Louvain’) le Pól Breathnach[B2] i gcló in Irish men of learning (1947) ··· In Studies 24, 1935 tá ‘The O’Clerys of Tirconnell’, aiste le Pól Breathnach ··· In Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 dúirt Pól Breathnach go raibh daoine ann a shíl nár scríobh aon duine eile annála riamh: “That was a great mistake, for though the Donegal annalists did very important work, their significance beside that of Cathal [Mac Maghnusa] Maguidhir [d’éag 1498], say, is minor
Duine díobh Seán Breathnach a bhí ina bhreitheamh nuair a d’fhás sé suas ··· Bhí ionad straitéiseach ag Cormac Breathnach san obair go léir ··· Feirmeoir ba ea a athair Seán agus iníon feirmeora a mháthair Cáit Ní Chonchubhair ó Chom an Spiara ··· Bhí sé ag múineadh anseo agus ansiúd i dTiobraid Árann agus tharla ar feadh tamaill é i Scoil Gharraí Sheáin i nDún Eochaille ··· He was better known in later years as Cormac Breathnach, Lord Mayor of Dublin
Dúirt Seán Ó hEochaidh an méid sin faoin sársheanchaí seo i gcuntas fada ar Béaloideas i ndiaidh a bháis ··· Tuairim an ama sin a casadh air an béaloideasaí mór Seán Ó hEochaidh ··· Dúirt Seán Ó hEochaidh go gcuireadh a líofacht chainte na seacht n-iontais ar scoláirí as gach cuid den Eoraip ar feadh fiche bliain ··· Dúirt an Breitheamh Lughaidh Breathnach faoi (Irish Press, 12 Márta 1937): ‘I have met few men who had such a gift of natural eloquence as Hugh Duffy ··· Nuair a bhí sé ina chléireach cúirte ar an bhFál Carrach ligeadh an Breitheamh Breathnach dó an chúirt ar fad a chur sna trithí dubha gáire d’fhonn síocháin a dhéanamh idir lucht spairne
Ba gheall le pearsa fhinnscéalach an t-amhránaí seo, d’insítí an oiread sin dá eachtraí; bhí a dhealramh ag teacht lena chlú agus tosaíodh ar ‘007’ a thabhairt air i ngeall ar Sheán Connery a bheith i bpáirt James Bond ··· Tá roinnt eolais ag Breandán Breathnach[q.v.] ina thaobh, mar aon le beagán dá amhráin, in Ceol, Aibreán 1968 ··· Tá cuntas cuimsitheach iarbháis ag Liam Mac Con Iomaire san iris Pléaráca 92 (‘Seán Chóilín Ó Conaire [1913-1991]’) ··· Sheinneadh sé an bosca ceoil ina óige ach dar le Breathnach gurbh é an t-orgán béil ba rogha leis níos deireanaí ina shaol ··· Deir Mac Con Iomaire gurbh fhéidir a rá gurbh é Seán a thug an t-amhrán sin ‘Máire Mhór’ ar ais ón mbás nuair a thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972
Mac Ruairí a thugadh daoine air uaireanta ach ‘Seán Ua Ruairí’ an t-ainm a chuireadh sé féin lena dhéantús scríbhneoireachta ··· Shligigh dó ach ní raibh puinn amhrais ar Lughaidh Breathnach sa leabhar Old Friends ná gurbh as Co ··· D’fhágfadh sin nárbh áibhéil ar fad a ndúirt Ó Droighneáin, gurbh é an t-oidhre deireanach ar an scoil a thug Tadhg Ó Rodaighe agus Seán Ó Gaora agus Leabhar Fíodhnach do Chlanna Gael
I Meán Fómhair 1909 nocht an Dr Seán P ··· D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht athchló de Mícheál Breathnach: scríbhinní in 2009 ··· Tá aistí cuimsitheacha air ag Risteárd Ó Glaisne in Ceannródaithe: scríbhneoirí na Nua-Ré (1974) agus ag Seán Ó Conghaile in Cois Fharraige le mo linnse (1974) ··· Chraol Raidió na Gaeltachta clár cuimhneacháin "Micheál Breathnach, a shaol agus a shaothar” ar 16 Meán Fómhair 1981
Le leabhair ar nós Fuinn na Smól agus Ceol ár Sinnsear ba é an tAthair Breathnach ba mhó, b’fhéidir, a tharraing aird an phobail ar amhráin na Mumhan sa leathchéad bliain i ndiaidh bhunú an Chonartha ··· Ba le linn dó bheith ag freastal ar Scoil Náisiúnta Ráth Ó gCormaic a d’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Pléimeann[B1] ··· Is mar gheall ar an ngéardhíospóireacht sin a aistríodh Breathnach go Baile Phib i 1906 ··· Ba é Seán Pléimeann a spreag chuige é ··· D’éag Pádraig Breathnach 5 Feabhra 1930
Bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Séamas: ba dhuine díobh Tomás Ó Maoileoin nó ‘Seán Forde’, trodaire nótáilte i gCogadh na Saoirse i Luimneach agus i dTiobraid Árann (a bhfuil cuntas ar a bheatha scríofa aige féin in Survivors: the story of Ireland’s struggle as told through some of her outstanding living people .. ··· Chaill sé an post tar éis bliana nuair a tuigeadh gur ag obair in aghaidh Sheáin Réamoinn a bhí sé ··· Ba iníon í siúd le Hubert Breathnach (1849–1905), máistir scoile Chill Fhínín, agus Máire Cáit Ní Mhaolchatha (1863-1950), múinteoir ó Sceichín an Rince, Tiobraid Árann ··· ‘Thug an Breathnach, máistir scoile an bhaile, óráid uaidh ag cur síos ar stair na teanga chomh breá chomh líofa agus chomh céillí is d’airíos riamh ... ··· Go deimhin is aoibhinn don cheantar a bhfuil an Breathnach mar mháistir scoile ann’
Luaití é mar údar Eachtra na mbróg, 1918: ba é Micheál Ó Síocháin[B3] a scríobh ach a chuir ainm Sheáin leis d’fhonn dallamullóg a chur ar an Athair Peadar
D’éag sé díreach roimh Nollaig 1942 agus tá cuntas air ag Dr Seán Ó hEochaidh in Béaloideas 12, 1942
Mac é le Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B3]
Múinteoir Sheáin Uí Ríordáin: ‘Chomh fada leis na múinteoirí, idir bhráithre is thuataí [sa Mhainistir Thuaidh], is follas go mba mhó scáth Thaidhg Uí Dhuinnín an tSléibhe Riabhaigh ar a aigne ná éifeacht aon duine a bhí anseo aige’ (Seán Ó Coileáin, Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982)
Ba é a mhúin léamh na Gaeilge do Sheán (Fear) Ó Tuama [B2]
Scríobh Seán Ó Dubhda cuid mhór dá sheanchas síos—nóta aige in Béaloideas 5, 1935
Shíolraigh ó Sheán Ó Murchadha na Ráithíneach
Ba é a spreag Seán Ó Súilleabháin chun Diarmuid na Bolgaighe agus a chomharsain a scríobh
Cuntas agus dánta in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain, 1937 le Seán Ó Súilleabháin
Bhailigh Seán Ó Súilleabháin ábhar uaidh agus scríobh cuntas air in Béaloideas 4, 1933/4
Scríobh Seán Ó Donnabháin[q.v.] faoi: ‘ ··· .he was a man of so vigorous a mind that he acquired an extensive knowledge of philology and general literature.’ Is dóigh leis an Ógánach gur sagart agus scríobhaí eile, an tAthair Síomón Breathnach[q.v.], a spreag chun an léinn é le linn dó a bheith ag obair i bparóiste Chill Mhic Bhúith ó 1817 go 1824 ··· An tAthair Breathnach a mhol dó bualadh le James Hardiman[q.v.] i mBaile Átha Cliath ··· Le linn dó a bheith ann a chuir sé Seán Ó Donnabháin in aithne don Argadánach
Rinne Diarmaid Ó Doibhlin amach go raibh gaol aige le Maolsheachlann Mac Con Mí atá luaite ag Seán Ó Donnabháin [B6] i litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis agus, dá réir sin, leis an fhile Seán Mac Con Mí a mhair san 16ú haois ··· In éineacht leis bhí Lughaidh Breathnach [B2], Proinsias Ó Fearáin, Peadar Ó Ceallaigh agus J.J ··· Ba ghairid go raibh Lughaidh Breathnach agus Peadar ina gcomhghleacaithe ag Tomás Bán i gceantar Mhachaire Rátha ··· Théadh sé go minic tigh Sheáin Mhic Dhiarmada [q.v.] a d’fhoghlaim Gaeilge uaidh agus a thóg clann le Gaeilge
Tá cuntais ghairide air in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 in eagar ag Gearóidín Uí Nia agus in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945—1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh ··· Chuir Diarmuid Breathnach agallamh air sa chlár raidió ‘Tracing’ i 1988 ··· I measc na leabhar a scríobh sé tá: Maraíodh Seán Sabhat aréir, 1964; Cois maighe na gcaor, 1965; Portrait of Limerick, 1982; The Joyce brothers of Glenosheen, 1987; The story of Kilmallock, 1987; The Irish quotation book: a literary companion, 1992; Limerick: its people and places, 1993 ··· Chonaic sé an fharraige den chéad uair ansiúd agus chuaigh díograis Sheáin Uí Cheallaigh (1896-1994) [B8], ardmháistir an choláiste, i gcion air go mór ··· Dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh iad an tAthair Peadar Ó Laoghaire[B2], Pádraig Mac Piarais[B4], Micheál Ó Gríobhtha[B1] as Contae an Chláir, Sean-Phádraic Ó Conaire[B2], Seán Tóibín[B2] agus ‘Máire’ [Séamus Ó Grianna B2] a eiseamláirí sa scríbhneoireacht
‘Ba é an ceathrú duine clainne é de mhuirear naonúir a bhí ag Seán de Róiste ón áit sin, agus ag a bhean chéile Mairéad Breathnach.’ Níor mhair triúr den naonúr agus fuair Mairéad bás in 1878 ··· Múineadh rince agus ceoil an cheird a bhí ag Seán agus chuireadh sé Proinsias agus beirt eile dá mhic gach Satharn a fhoghlaim ceoil ó Ghearmánach i gCorcaigh
Chuir Seán Mac Colgáin[q.v.] a aistriúchán Laidine ar leabhar Mhaghnais in Acta Sanctorum (1645) ··· In ‘Love in the Medieval Irish Lyric’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995) tá curtha síos ag Seán Ó Tuama ar na dánta grá a scríobh sé ··· / Fúbún fán ngunna nGallghlas, / fúbún fán slabhra mbuidhe, / fúbún fán gcúirt gan Bhéarla / fúbún séanadh Mheic Mhuire.’ Tá macalla den bhfobún sin i dteideal dhráma Sheáin Uí Thuama, Gunna cam agus slabhra óir ··· In Irish men of learning (1947) (‘Two Franciscan Manuscripts’) níl Pól Breathnach[B2] sásta an chuid is mó den chreidiúint mar údar a thabhairt d’Ó Domhnaill: ‘Magnus Ó Domhnaill “composed it out of his own mouth.” The sentence sounds like a description of a modern novel-writer dictating to a stenographer or typist ··· Dánta coinbhinsiúnta de chineál an amour courtois is ea trí cinn díobh, dar le Seán Ó Tuama, ach deir sé: ‘On the other hand both “Cridhe lán do smuaintighthibh” and “Goirt anocht deireadh mo sgéal” are lyrics that reveal a highly individual poetic sensibility.’ Glactar leis gur ar bhás Shiobháin Ní Néill a chum sé an chéad cheann agus tuairimíonn Ó Tuama gur fúithi an dara dán freisin, gur marbhnaí ar a ghrá geal iad araon
Deir sé freisin: ‘Is cinnte gur cóir Breandán Breathnach a áireamh ar bhailitheoirí móra an cheoil in Éirinn, dála Bhunting [B6], Phetrie [B7], Joyce [B3] agus Uí Néill [B5]; ba mhó an méid ceoil a bhailigh seisean ná mar a bhailigh siad seo, agus is mó an scagadh a rinne seisean ar an méid a bhailigh sé.’ Maítear freisin gurbh é a mhisnigh bailitheoirí eile chun dul i mbun oibre agus scagtha ··· Tá leabharliosta le fáil in The Man and his Music: an Anthology of the Writings of Breandán Breathnach, 1996 ··· Bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chadhain; luann seisean é i gceann de na litreacha a sheol sé chuig Tomás Bairéad[B2] ón gCurrach (As an nGéibheann, 1973) agus i 1947 bhí sé ar dhuine de na cairde a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mhairtin Ui Chadhain , 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin); d’fhuaraigh an cairdeas sna 1960idí ··· Níorbh aon ribín réidh é agus is mó rud a bhí ar siúl i ndomhan na gceolta tíre nár réitigh leis, cuid de chomórtais na bhFleánna Ceoil, ceannasaíocht Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus cuid dá raibh á rá agus á dhéanamh ag Seán Ó Riada[B5], mar shamplaí
Bhí sé mór le Art Ó Murchú, file Gaeilge sa cheantar, agus comhfhreagras ar siúl aige le Nioclás Ó Cearnaigh, Seán Ó Dálaigh, Uilleog de Búrca agus an tArdeaspag Mac Héil
Breac-Ghaeltacht ba ea an áit san am sin agus bhí Gaeilge ag a athair Seán, múinteoir náisiúnta i Scoil Fhearann na Coille, agus ag a mháthair Áine Ní Ruadhcháin ··· Tá fianaise ann go raibh an teanga á múineadh i scoil Sheáin d’ainneoin an bainisteoir a bheith ina coinne ··· Chuaigh sé i gcion go mór ar Sheán Ó Faoláin (‘I must say more about our Irish teacher, Pádraig Ó Domhnaill: young, handsome, eager and quite uncowed... ··· Tuairim an ama sin freisin foilsíodh leabhrán, Comhacht uisce in Éirinn, a scríobh sé féin agus Annraoi Breathnach
Thuairimigh sé uair eile gur uaidh a thógfaí an bailiúchán ba mhó san Eoraip de scéalta agus de sheanchas dá mbeadh aige lámhleabhar mór Sheáin Uí Shúilleabháin (1949) nuair a bhí sé ag breacadh an ábhair
Tá dánta Gaeilge Mhurtaí bailithe ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain (1937) ··· Deir Seán Ó Súilleabháin gur chaith Murtaí tamall i bpríosún ‘i dtaobh batarála áirithe’ agus gur chum sé amhrán i mBéarla, An Veistín Liath, i dtaobh na heachtra
Ba iad na bailiúcháin ab iomráití dá ndearna sé Peadar Chois Fhairrge (1934), ábhar a thóg sé ó Pheadar Mac Thuathaláin (d’éag 1930), agus Loinnir mac Leabhar agus sgéalta gaiscidh eile (1936), a scríobh sé síos ó Sheán Ó Briain[B1], Micheál Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, agus Seán Mac Con Rí, agus Annála beaga ó Iorras Aithneach (1941) ··· Bhí naonúr clainne ag a athair Pádraig (bhí tamall caite aige i Meiriceá; d’éag sé in aois seachtó bliain dó 23 Feabhra 1912) agus a mháthair, Brigid Curley, agus ba é Seán an buachaill ba shine ··· Tar éis bunscolaíochta fuair Seán breis oideachais óna uncail ar mhúinteoir scoile in aice an Ghoirtín é ··· I gConradh na Gaeilge thall dhéanadh sé freastal ar na ranganna agus d’éirigh sé cairdiúil le Micheál Breathnach [B2] agus Pádraic Ó Conaire[B2] ··· Insíonn Mac Aonghusa scéalta i dtaobh an chaoi a stiúradh Seán na cúirteanna a bhí faoina chúram tar éis gur ceapadh ina bhreitheamh dúiche é 1925
Prim (1821–1875), úinéir an Kilkenny Moderator, ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Seandálaíochta Chill Chainnigh agus gurbh eisean a d’iarr ar Sheán Ó Doinn an cúram sin a dhéanamh