Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Mac é le Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B3]
an Chláir ab ea Seán Ó Ceallaigh agus ba bheag eagras ná ócáid a bhí sa chontae sin leis an nGaeilge nó leis an nGaelachas a chur chun cinn nach raibh sé sáite iontu ó tháinig sé in aois fir go bhfuair sé bás in 2014 ··· Nuair a bhí Seán ag cur suime sa Ghaeilge agus é ina fhear óg, tháinig sé ar an leabhar Simple lessons in Irish, a scríobh an tAth ··· an Chláir, a saolaíodh Seán Ó Ceallaigh ar 12 Feabhra 1934 ··· Beirt mhac agus beirt iníonacha a bhí orthu agus ba é Seán ab óige acu sin ··· Thug Seán Ó Ceallaigh an chuid eile dá shaol ag feirmeoireacht, ag cur na Gaeilge chun cinn, i mbun pinn agus ag iarradh feabhas a chur ar theacht isteach agus ar chaighdeán a shaoil féin, saol a theaghlaigh agus saol a leathbhádóirí a bhí ina thimpeall
Thagair Pádraig Ó Duinnín[B2] dó in Leader 14 Márta 1908: ‘Na trí buillí tubaiste ba mhó a buaileadh ar an nGaeilge lenár linn: cur an Cheallaigh [Seán Ó Ceallaigh] [B3] as an Freeman, cur Dhónaill Uí Liatháin as obair na Gaeilge, agus cur Dhónaill Uí Loingsigh [B2] as an gCoiste Gnó’ ··· Bhí sé orthu sin ba mhó ba bhunúdar le ról tábhachtach na státseirbhíseach sin in obair na hathbheochana: ba é a tharraing a chomhghleacaithe Seán Ó Catháin [B1] agus Seán Ó Ciarghusa [B2] isteach i gConradh na Gaeilge (Seán Ó Ciarghusa faoin ainm ‘Leac Logha’ in The Leader 13 Feabhra 1937 agus faoin ainm ‘Marbhán’ in Feasta, Meán Fómhair, 1950) I nDrom Cara, Cill Barra, paróiste Uíbh Laoghaire, a rugadh é ar 13 Aibreán 1869 ··· Ba é an duine ab óige sa chlann Micheál, a rugadh ar 27 Iúil 1873, de réir thaifid pharóiste Uíbh Laoghaire ··· Thóg an ceardchumann crois cheilteach os cionn na huaighe i nGlas Naíon agus greanta uirthi tá focail an Phiarsaigh i mBéarla agus i nGaeilge: ‘Cothaíonn bás beatha agus ghníonn uaigheanna tírghráthóirí náisiúin bhíogúla’ ··· Faoi Eanáir 1900 bhí rang i gcomhair tosaitheoirí ina chúram; duine díobh ba ea Seán T
Mac díobh ba ea Seán óg Ó Ceallaigh (1908–1975) a bhí ina Ard-Rúnaí ag an gConradh sna 1930idí ··· Luaitear in An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine 1908 gur léiríodh dráma trí ghníomh leis Seán Óg i gCathair Dónall agus gur ghlac cainteoirí dúchais na 17 ról ann ··· Murphy OSB, eolas atá bunaithe ar a bhfuil i bpáipéir Uí Cheallaigh ··· Ní raibh sí go líofa aici go ceann 12 bliain agus le Béarla a tógadh Sceilg ··· Ar feadh an ama bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle, é ag feidhmiú thar ceann Sheáin T
‘Rugadh mé fein nuair a bhí an Brianach úd [William O’Brien, MP] i bpríosún, agus cuireadh a ainm baiste orm, fé mar a cuireadh ar gach Brianach óg a rugadh in Éirinn agus i Meiriceá an tráth céanna’ (Comhar, Márta 1944) ··· Chaith sé téarma i gcoláiste Thuar Mhic Éadaigh i samhradh 1909 agus lena linn chuaigh a rothaíocht in éineacht le hÉamonn de Valera, Pádraic Ó Domhnalláin[B2] agus Seán Ó Ruadháin[B1] go dtí an Spidéal nuair a bhí léacht in onóir Mhichíl Breathnach[B2] á nochtadh ··· I dteach phríomhchúntóir na Roinne, Máire Cháit Ní Riain, a chastaí Seán Mac Diarmada, Seán T ··· Ó Ceallaigh agus Donnchadh Mac Colla air ··· Seán T
Ba é meas scoláirí óga a linne air gur nasc soiléir é idir Ó Donnabháin agus Ó Comhraí agus iad féin, gur lúb ar leith é i dtraidisiún scoláireacht na Gaeilge ··· Mic léinn cháiliúla eile a bhí aige Pádraig Mac Suibhne, Seoirse Mac Fhlannchaidh, Seán Mac Fhir Léinn, Séamus de Chlanndiolúin, Seán Ó hÓgáin, Dr ··· Séamus Ó Ceallaigh
Tá gach cuma ar an scéal gur le linn d’Éamonn a bheith ina gharsún óg a d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath ··· Phós sé Anna, iníon le Seán Mac Muilneora, Teach Ráth an Bhagóidigh, Dumhach Thrá, ar 5 Meitheamh 1905 ··· Scríobh sé péire dráma: Bás Aodha óig Uí Néill a léiríodh san Ard-Chraobh i rith na hoíche a cuireadh ar siúl le hómós do Liam Ó Maolruanaidh[B2]—d’fhoilsigh an Conradh é i 1902 faoin teideal Aodh Ó Néill ach is faoin teideal ‘Na Díbeartaigh’ a foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1901 ··· Ba chuimhin le Seán T ··· Ó Ceallaigh[q.v.] páirt giolla a bheith aige féin sa dráma i dtaobh Uí Néill
Ó Ceallaigh [q.v.] in Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T ··· Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag na daoine óga go léir ··· Deir Seán T ··· Ó Ceallaigh (1963): ‘Chuir me aithne ar bhanaisteoir cáiliúil eile sa Chumann Liteartha [Ceilteach] agus ba í sin Máire Nic Shiúlaigh... ··· Nuair a léiríodh DéirdreThomáis Uí Cheallaigh [B1] dúradh fúithi in An Claidheamh Soluis 14 Lúnasa 1909: ‘I gcúrsaibh an Ghaeldráma níl éinne is mó cáil ná Máire Nic Shiubhlaigh...
Bhí deichniúr clainne ag an lánúin ach d’éag triúr acu go hóg agus ina meascsan bhí leathchúpla Sheáin a fuair bás den diftéir nuair a bhí sí cúig bliana d’aois ··· Tá cuntas aige ar an bpáirt a thóg sé san obair go léir in Seán T ··· Ba í Caitríona Ní Dheá ó Shráid Sheamlas an Éisc a mháthair agus bhí a athair, Somhairle Ó Ceallaigh ón gCarraig Dhubh, ina bhainisteoir ar shiopa bróg i Sráid Uí Chonaill ··· Bhí Seán T ··· murach gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, nach mbeinn i m’ Uachtarán ar Éirinn’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T
Théadh sé go minic tigh Sheáin Mhic Dhiarmada [q.v.] a d’fhoghlaim Gaeilge uaidh agus a thóg clann le Gaeilge ··· Rinne Diarmaid Ó Doibhlin amach go raibh gaol aige le Maolsheachlann Mac Con Mí atá luaite ag Seán Ó Donnabháin [B6] i litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis agus, dá réir sin, leis an fhile Seán Mac Con Mí a mhair san 16ú haois ··· Ar aon nós, choinnigh cuid den dream óg greim ar an teanga de bharr a ndáimh le seantuismitheoirí nach raibh Béarla acu ··· Ba é a ndícheall ag tuismitheoirí fir óga a sheoladh bealach Mhaigh Nuad agus ní dócha go mbeadh fáilte mhór roimh ‘breakdown priest’ mar a thugtaí ar a leithéid ··· In éineacht leis bhí Lughaidh Breathnach [B2], Proinsias Ó Fearáin, Peadar Ó Ceallaigh agus J.J
Tá cuntas ar a eagrán de An tOileánach ag Seán Ó Coileáin in ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’ in Scríobh 4, 1979 ··· Bhí croí na hóige ann go lá a bháis agus bá aige le daoine óga; do dhaoine óga, tar éis an tsaoil, a chum sé a chuid leabhar—An baile seo ‘gainne, Jimín, Seáinín, Leabhar Mhóirín ··· Is cinnte go mbeadh sé míshásta le treoir a bhí le tabhairt ag an gCoiste Gnó do thimirí agus múinteoirí taistil gan cabhrú leis An Lóchrann a bhí le teacht amach go luath i gCorcaigh aige féin agus Seán Tóibín[BI] ··· An Seabhac a threoraigh Brian Ó Ceallaigh [B2] i dtreo Thomáis Uí Chriomhthain [q.v.] ··· Sular fhág Ó Ceallaigh Éire d’iarr sé ar An Seabhac eagar a chur ar obair Uí Chriomhthain
In Scríobh 4, 1979 (in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá cur síos ag an gCoileánach ar chaidreamh Thomáis ar Bhrian Ó Ceallaigh agus an Seabhac ··· D’fhoilsigh Cló Talbóid eagrán úrnua de An tOileánach in 2002, é in eagar ag Seán Ó Coileáin, ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ··· Thóg sé teach nua i mBun an Bhaile ··· Ní foláir nó gur éag beirt díobh láithreach i ndiaidh a mbreithe mar ní luann Mac Conghail acht ocht n-ainmneacha: an chéad Seán (a baisteadh 10 Aibreán 1879), Pádraig, Eibhlín, Tomás, Cáit (máthair Phádraig Uí Mhaoileoin, scríbhneoir), Dónall, Muiris, agus an dara Seán [q.v.] ··· Fuair beirt de na hiníonacha bás go hóg den bhruitíneach
Ach is é an 5 Márta 1894 atá sa teastas breithe agus deirtear ann gur i mBaile na nGall Mór a rugadh Seán agus a dheirfiúr Eilís (Alice) — cúpla ba ea iad; Curran an chaoi a bhfuil an sloinne litrithe ··· Líonadh foirm Dhaonáireamh 1911 i nGaeilge agus is mar seo a bhí an teaghlach: Pádraig Ó Curraín (48 bliana d’aois); a bhean Cáit (51); Micheál (21); Seán (17), scoláire; Eilís (17); Muiris (12) ··· Bhí ‘strainséir’ sa teach, ‘dathadóir’ gan Gaeilge as Cluain Meala arbh ainm dó Séamus Ó Ceallaigh ··· Níor luadh slí bheatha ach amháin i gcás an athar agus Sheáin ··· Ó Micheál Ó Foghludha (1846-1905) (féach Áine Ní Fhoghludha), máistir scoile na Rinne, a fuair Seán scolaíocht ar dtús
de Vál (‘Pádraig Mac Cathmhaoil an fear a chum “Kelly from Killann”: Gaeilgeoir agus fear ildánach’ in Inniu 23 Lúnasa 1974): ‘Ní hionadh go raibh baint ag Seán Mac Cathmhaoil le gluaiseacht na Gaeilge ··· Thosaigh sé ag cumadh dánta go hóg ina shaol agus is é a deir D.J ··· Deir Seán Ó Lúing in Art Ó Gríofa, 1953 go raibh cairde móra ag an nGríofach ‘nár chuir mórán suime sa bpolaitíocht’ agus luann sé P.J.McCall ina measc ··· Ba ghnách leis dul chuig an Fheis seo in éineacht le Seán T ··· Ó Ceallaigh[q.v.], Arthur Darley agus cairde eile leis
Ó Ceallaigh[q.v.] (Seán T ··· Ba é seo an Súilleabhánach ar ar thit sé an trídhathach a thógáil os cionn Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916: ba é an t-oifigeach ab óige ann é ··· Fuair sé bunoideachas agus bhí ina mhonatóir i Scoil Náisiúnta an Sciobairín mar a raibh Seán Ó hAodha ina phríomhoide ··· Is cosúil go ndeachaigh sé isteach sa Chonradh go hóg ina shaol ··· Bhí sé sna hÓglaigh ó thosach agus bhí ina oifigeach foirne ag Seán Mac Diarmada
Insíonn Micheál an eachtra sin in Le linn m’óige (1944), cuimhní a dheachtaigh sé dá iníon Bríd (Bean Uí Mhaoltuile) ··· I gcomhar le Seán Mac Giollarnáth d’aistrigh sé The shuiler’s child le Séamus O’Kelly mar Mac na mná déirce (1933) ··· Tá samplaí dá fhilíocht in Le linn m’óige ··· Ba chuimhin le Seán T ··· Ó Ceallaigh ardfheiseannna á bhfágáil ag Muimhnigh mhímhúinte áirithe a luaithe a sheasadh Micheál chun labhartha
In 1913 chuir Seán T.Ó Ceallaigh faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse ··· an Ceallach (1953) (Trial at Green Street Courthouse, dráma le Roger McHugh); Seanchas na hóige (1955) (ar leabhar le M.P ··· Ag an am céanna bhí Pádraic Óg in ann áilleacht agus fiántas na gceantar Gaeltachta a chur in iúl le friotal a mothódh an léitheoir boladh an tsáile agus na feamainne ann ··· Thuigfeá ó thráchtas Uí Chonghaile gur foinse shaibhir fhianaise i dtaobh ghnéithe den saol sin is ea saothar Phádraic Óig ··· Ó Maolchonaire an leagan den sloinne a d’úsáideadh seanathair Phádraic Óig agus de réir sheanchas na clainne is anoir a tháinig muintir Uí Mhaolchonaire go Ros Muc sa tseanaimsir, nó anoir aneas, b’fhéidir, ó oirthear an Chláir
Bhí aithne mhaith ag Peadar Ó hAnnracháin [B1] air agus in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 déanann seisean talamh slán de gurbh ó Sheán Ó Cadhla [q.v.], máistir scoile Chuilinn Uí Chaoimh, a d’fhoghlaim Páidín Gaeilge ··· Bhí sé ar dhuine den dream a bhí i láthair i dteach an Dr Séamus Ó Ceallaigh [B1] i Ráth Garbh Satharn Cásca nuair a bhíothas ag iarraidh teacht chun réitigh idir Eoin Mac Néill agus ceannairí an Éirí Amach ··· Tá na tagairtí dó ag Seán MacBride, Peadar O’Donnell, agus Tony Woods, príosúnaigh i Mountjoy ag an am, in Survivors .. ··· Bhí sé pósta ar Cháit de Paor, an deirfiúr ab óige le John Wyse Power [faoi POWER, Jennie Wyse, B2], duine den seachtar a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael
Tháinig Pádraig Archer [q.v.] ó Gloucester agus bhí ann freisin Séamus Ó Fiannachta [q.v.], an Dr Marcas Ó Roighin [B1], Art Ó Griofa, Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] [q.v.], Pádraig Ó hAichir [q.v.], Séamus Mac a’Bhaird[q.v.], Donnchadh Ó Liatháin [q.v.] ó Bhéal Feirste, Dónall Ó Duibhne ón Spidéal, Éamonn Ó Néill [q.v.] ó Chionn tSáile, Tomás Ó hAodha[B2] agus go leor eile ··· Phós sé Catherine Lough (Cáit de Loch) ó Bhéal Feirste go luath sna 1890idí agus rugadh ceathrar mac dóibh: Sammy nó Somhairle a bhí i Scoil Éanna agus a bhuaigh an chéad duais don amhránaíocht ar an sean-nós ag Feis Laighean i 1902, Cathal óg a bhuaigh bonn óir ag an bhFeis Cheoil, Colm a bhfuil fógra a bhreithe i nGaeilge in An Claidheamh Soluis ar 9 Márta 1901, agus Jack ··· Is é an cur síos a rinne Cathal óg ar an siopa: “Beautifully decorated in colour, and in Gaelic scroll and looking like a section of the Book of Kells, cocking a snook at the Dublin Castle minions ...” Gearradh fíneáil deich scilling ar Chathal uair faoina ainm a bheith i nGaeilge os cionn an tsiopa ··· Foilsíodh An Stad: croílár na hAthbheochana, 1993 le Seán Ó Cearnaigh ··· Deir Seán go bhfuil imleabhar ar iarraidh
Aintín a thóg é féin agus a dheartháir, tharla na tuismitheoirí a bheith marbh ··· I gcaint raidió ar 20 Meitheamh 1955 dúirt sé go raibh an Ghaeilge á labhairt ag gach duine deich mbliana d’aois san am ach an dream óg ag tosú ar an mBéarla ··· “Chuaigh sé chun Dáithí Ó Ceallaigh, an múinteoir a chuir i gcóir don scrúdú é, d’fheiceáil .. ··· agus cad a bhí ar siúl aige ach an cruinniú inar bunaíodh Conradh na Gaeilge!” “Martin Kelly’s Civil Service Rooms”, 9 Sráid Saicfil Íochtarach, a bhí i gceist ag Seán, ní foláir, sa tagairt sin dó féin sa tríú pearsa agus é ag glaoch ar a mhúinteoir ar a bhealach trí Bhaile Átha Cliath dó (caint raidió 20 Meitheamh 1955) ··· Bhí Cú Uladh, Diarmuid Ó Foghludha agus Micheál Ó Gríofa ann tuairim an ama chéanna agus bhí Seán ar dhuine de na Muimhnigh úd a bhíodh ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Chomhghaill ann
Ba iad na bailiúcháin ab iomráití dá ndearna sé Peadar Chois Fhairrge (1934), ábhar a thóg sé ó Pheadar Mac Thuathaláin (d’éag 1930), agus Loinnir mac Leabhar agus sgéalta gaiscidh eile (1936), a scríobh sé síos ó Sheán Ó Briain[B1], Micheál Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, agus Seán Mac Con Rí, agus Annála beaga ó Iorras Aithneach (1941) ··· Bhí sí síolraithe go díreach ó Neilí ÓgCheallaigh an amhráin (in Dhá chéad de cheoltaibh Uladh) ··· Bhí naonúr clainne ag a athair Pádraig (bhí tamall caite aige i Meiriceá; d’éag sé in aois seachtó bliain dó 23 Feabhra 1912) agus a mháthair, Brigid Curley, agus ba é Seán an buachaill ba shine ··· Tar éis bunscolaíochta fuair Seán breis oideachais óna uncail ar mhúinteoir scoile in aice an Ghoirtín é ··· Scríobhadh sé féin san iris faoi na hainmneacha ‘Maine’ agus ‘Tadhg Ó Ceallaigh
Scríobhadh péire beathaisnéis Ghaeilge: Cathal Brugha, 1942 lena chara ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) [B3] agus Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969 lena nia Tomás Ó Dochartaigh ··· ; é i mbláth na hóige, culaith liath rothaíochta uime agus é ag déanamh ar an gcóiste ard a bhí mar ardán ag an lucht cainnte, ag preabadh in airde mar eiteallódh éan is ag preabadh anuas i dtráth chomh lúfar céanna’ (i gcló ag ‘Sceilg’) ··· Scríobh Aindrias Ó Céileachair [B3], Seán Ó Ciarghusa [B2], Micheál Ó Murchú agus Diarmuid Ó Muimhneacháin [B2] dánta caointe
Nuair a d’éag sé scríobh ‘Sceilg’ [Seán Ó Ceallaigh] [B3]: ‘The Gaelic League loses in him a great champion of their ideals and the Irish of Argentine their leader’ (An Claidheamh Soluis 5 Feabhra 1910) ··· In Guth na nGaedheal, Márta 1910, áiríonn Máire de Buitléar [B1] é i measc dhíograiseoirí na Gaeilge a fuair bás go hóg ··· “D’imigh an ghlóire go léir as cruinnithe Fheis Charman tar éis bháis Bhulfin”, a dúirt Máire Ní Chillín[q.v.] liom’ (Art Ó Gríofa, 1953 le Seán Ó Lúing) ··· ‘Dhíol sé a raibh de mhaoin agus de cheart aige sa Southern Cross agus tháinig go hÉirinn chun cabhrú le Sinn Féin Daily ’, a deir Seán Ó Lúing ··· Phós iníon Liam, Catalina (‘Kid’) (1901-1976), Seán MacBride
Sa cheantar sin idir Crosaire an Ghúlaigh agus Dún Droma i dTiobraid Árann a rugadh é ar 25 Meitheamh 1868—i gCluain Ceallaigh a deir Francis O’Neill[q.v.] in Irish minstrels and musicians, 1913 ··· Ba í Martha Rebecca Smithwick Manning (1829-1890) a mháthair agus ba é an duine ab óige de dháréag é
Bhain an chuid is mó de cholún Irish Times Sheáin Uí Ríordáin an mhaidin Sathairn sin leis: lena phictiúr a tógadh ag Féile Scríbhneoirí Chorca Dhuibhne tamall gairid roimhe sin agus lena dhealraithí a bhí sé ann le Don Quijote, agus le dán a bhí aige in uimhir na Márta de Agus, ‘Na Speabhraídí Saolta’, arb ionsaí é ar bhearbóirí Chorca Dhuibhne ··· Díol iontais is ea é gur chuir sé anam arís i bhfoirmlí filíochta na Gaeilge’, a dúirt Seán Ó Ríordáin [B3] ina cholún san Irish Times 4 Bealtaine 1974 ··· Chuir sé aithne ar na cuairteoirí a thagadh go dtí an t-oileán, ar Robin Flower[B3] agus ar Bhrian Ó Ceallaigh[B1] go háirithe, agus bhí éifeacht acu air ··· Choinnigh sé dialann do Bhrian Ó Ceallaigh i rith na tréimhse 1923-24 ··· B’olc léi mar áit é chun a saol a chaitheamh ann’ (Is Trua ná fanann an óige, 1953)
Peadar a thug Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) [B3] isteach sa Chonradh in 1897 (An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1926) ··· Fógraíodh in Fáinne an Lae 12 Samhain 1898 gur rugadh mac don lánúin óg i nGlaisín, le hais Cathair Chorcaí ··· Bhí beagán de mhearbhall ar Phroinsias Mac an Bheatha faoin eachtra sin agus é ag scríobh An Earnáil agus an Ghaeilge : ‘Bhí mac le hoifigeach eile ar na hÓglaigh a dhóigh Teach an Chustaim an lá sin dar le Seán Ó Ciarghusa[B2] ··· Deir Seán gur maraíodh é nuair a d’ionsaigh arm na Breataine iad sula raibh an obair críochnaithe ··· Mathúin Ó Laoidhléis ab ainm don fhear óg seo agus ba mhac é le Peadar Ó Laoidhléis
Ba chuimhin le Iney Leonard, iníon le ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh [B3]) é a bheith i sochraid a dearthár sna 1920idí ach nach leomhfadh sé dul isteach sa teach acu ··· In ‘Scéal Rannóg an Aistriúcháin’ (Teangeolas, Geimhreadh 1983) deir Séamas Daltún: ‘Is iomaí sin duine ar fhoireann Rannóg an Aistriúcháin a bhain cáil amach mar scríbhneoir Gaeilge, leithéidí Donn Piatt[B2], Diarmuid Ó Duibhne, Pádraig óg Ó Conaire[B3], Tomás Tóibín, Máirtín Ó Cadhain[B4], Seán Ó Lúing agus daoine nach iad’ ··· Donncha (10), Máire (8), Seán (5) agus Domhnall (naoi mí) a bhí sa teach oíche an Daonáirimh ··· Bhí Gaeilge ag gach duine sa teach, cé is moite den bheirt ab óige ··· Ba chuimhin le Seán Ó Lúing go mba chainteoir an-bhreá é
Toghadh é ina Theachta Dála thar ceann Lú i 1923; ag Sceilg (Seán Ó Ceallaigh[B3]) a bhí an suíochán roimhe sin ··· Fuair a mháthair bás go hóg agus b’éigean dó dul i mbun na feirme a bhí acu agus an scoil a fhágáil nuair a bhí sé 16 ··· ‘One of the most memorable achievements of that election was to have my constituency in Louth annexed in the interests of Mr de Valera’s pliant instrument, Frank Aiken, while I was a prisoner at Botany Bay, a proceeding without parallel in the history of Irish elections’, a dúirt an Ceallach (i gcló ag Brian Murphy in Patrick Pearse and the Lost Republican Ideal) ··· Deirtear in The Oxford Companion to Irish History, 1998: ‘External affairs minister Frank Aiken embarked on a campaign of activism which placed Ireland firmly among the diplomatically forward-looking “middle powers” of the period, such as Sweden, Norway, and Canada.’ Thug sé tacaíocht do Sheoirse Ó Colla[q.v.] i 1966 nuair a bhí Seán Lemass ar tí éirí as an bpolaitíocht agus thacaigh sé go láidir le Jack Lynch san aighneas laistigh d’Fhianna Fáil i 1970 ··· Is iad a bhí ar an toscaireacht sin in éineacht liom Donncha Ó Laoire[B1] ..., Earnán de Blaghd[B5], Seán Ó hUadhaigh[B2], Seán Ó hÉigeartaigh[B5] agus an tAthair Aindrias Mac Aodhagáin[B5]
Fuair an t-athair bás nuair a bhí Seán ina ghasúr óg agus cuireadh oideachas air san Áras Brianach (Institiúid Uí Bhriain), dílleachtlann phríobháideach in Marino, Baile Átha Cliath, faoi chúram na mBráithre Críostaí ··· In Comhar, Feabhra agus Márta 1966 (‘Athrá Binn an Bhróin: Filíocht Sheáin Mhic Fheorais’) pléann ‘Fionnbarra Ó Ceallaigh’ (Eoghan Ó hAnluain) a dhánta ··· Bhí Ó Tuairisc ar dhuine dá chomhghleacaithe i mbunscoil Naomh Fearghal agus tá an méid seo i gcló ag Máirín Nic Eoin in Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar, 1988: ‘Bhí caidreamh aisteach idir é féin agus Seán Mac Fheorais ... ··· Cé go bhfuil a lán den ábhar curtha síos sa chéad phearsa ná ceapadh an léitheoir gur mé féin atá i gceist.’ Bhí dán aige in Nuabhéarsaíocht, 1951 le Seán Ó Tuama agus roghnaigh Gréagóir Ó Dúill an dán ‘An Meaisín Eitilte’ in Fearann pinn: filíocht 1900-1999
Cé nár le Gaeilge a tógadh Seán agus a chúigear deartháireacha agus a bheirt deirfiúracha, bhí raidhse Gaeilge sa cheantar le linn a n-óige ··· Is insuime go bhfuil i gcló in Éire: Bliainiris Ghaedheal, 1942 dán (‘Grá an Deoraí’) a chum a uncail Seán Ó Ceallaigh (d’éag 1915) i Nua-Eabhrac, agus go bhfuil i gcló ag Marion Gunn in A Chomharsain Éistigí agus Amhráin Eile as Co ··· Seán Ó Ceallaigh, College secretary, was appointed teacher-in-charge and all instruction was through the medium of Irish.’ D’aistrigh sé go hInis i 1943 agus bhí fostaithe ag an gCoiste Gairmoideachais mar mhúinteoir Gaeilge in Inis anuas go 1959 ··· an Chláir aistriúchán ar ‘Caoch the Piper’ (‘Prioch Bocht agus Caoch Ó Laoghaire’) a rinne an Seán céanna i Nua-Eabhrac ··· Thosaigh sé i mbunscoil Lios Uí Chathasaigh nuair a bhí sé trí bliana d’aois—ní raibh a dheartháir Micheál, a bhí bliain níos sine, toilteanach dul ann gan Seán mar chompánach aige
Tar éis a bháis bhí alt in The Angelus ag Christy Hannon, duine dá chomh-mhúinteoirí, ar an tréimhse a chaith sé i Ros Comáin agus alt ag Seán Ó Ceallaigh in Feasta, Nollaig 1998 ··· Tá eolas ar an bhfile seo in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 agus in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 le Seán Ó Cearnaigh ··· Dá dheasca sin agus toisc go ndealraíonn sé nár gheal le daoine áirithe cumas an fhile seo chun Gaeilge a mhealladh as óg agus sean, cuireadh tús le feachtas leanúnach ina aghaidh
In ‘Sé horlaí os a chionn!’ in The Gaelic Athletic Association in Dublin 1884-2000 (2005), in eagar ag William Nolan, tá tuairisc spéisiúil ag Eoghan ar a óige i gceantar Chearnóg Parnell agus ar an saol i gcoitinne ann an tráth sin ··· Is mar seo a chuir sé bailchríoch ar chuid na hiomána den alt sin in The Gaelic Athletic Association in Dublin: Laethanta taitneamhacha, laethanta na hóige ··· Mhaígh Seán Ó Mórdha ag an aifreann éagnairce: ‘Ní féidir gan Eoghan a lua agus seachtó bliain Comhar á chomóradh i mbliana; ba é Eoghan Ó hAnluain an t-eagarthóir ab fhearr ar fad ag an iris.’ Ba é a thuairim freisin ná gurbh iad Denis Donoghue [1928–], John Jordan [1930–88] agus Eoghan an triúr den aos critice ab fhearr dár chothaigh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sna caoga bliain sin ó 1960idí na haoise seo caite amach ··· I gcomhrá le Liam Ó Muirthile in 1985 in ‘Agallamh na bhFilí,’ sraith raidió ag RTÉ, dúirt Eoghan gur fhéach sé ar an léamh filíochta ag Scoil Gheimhridh Merriman san Aonach in 1968 mar thús leis an mborradh nua san fhilíocht Ghaeilge mar gurbh é a thug misneach do scríbhneoirí óga na haimsire sin ··· Chuir sé eagar ar sé cinn de ‘Leabhair na Bliana’ an Chumainn a d’fhoilsigh An Clóchomhar: An díthreabhach agus scéalta eile as Comhar (1977), An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin (1980), Léachtaí Uí Chadhain (1989) a raibh baint aige lena n-eagrú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Leath na spéire (1992), Ón ulán ramhar siar (2003) agus Máirtín Ó Direáin - na dánta (2010)
Rinne Seán Ó Ceallaigh léirmheas ar Gnóthaí eachtracha in Feasta (Bealtaine 2001) ··· Bhí ceathrar deartháireacha aige: Liam, Seán, Antoine agus Diarmuid ··· Ó na1950idí luatha ar aghaidh bhíodh ailt i gcló aige in Comhar, Feasta, Inniu, Anois, An Aimsir Óg agus The Irish Times agus chraoltaí cainteanna dá chuid ar Radio Éireann agus ar Raidió na Life
Ba Chonraitheoir gníomhach é Seán, rud a thugann Seán Ó Ceallaigh le fios tar éis dó teacht abhaile ó chamchuairt sna Stáit: ‘Seán Ua Suilleabháin, Gaedheal óg ó dhúthaigh Bhéara an té ba dhúthrachtaighe d’ar bhuail liom ’san chathair sin’ (Fáinne an Lae, 13 Márta 1926) ··· Ba é Seán againne an tríú duine díobh, an dara páiste ab óige ··· Bhí pobal Gaelach beo bríomhar ag saothrú in Butte, Montana ag tús an fichiú céad, agus tá cuid mhaith dá bhuíochas ar Sheán Ó Súilleabháin as an scéal a bheith amhlaidh ··· Ar oileán Inis Fearn Ard a rugadh Seán ar an 31 Bealtaine 1882 ··· Ba é seanathair Sheáin, Sean-Mhícheál Ó Súilleabháin nó ‘Micil an Oileáin’, mar a ghlaotaí air, an chéad leanbh a rugadh in Inis Fearn Ard
Faoin ainm cleite ‘An Dairbhreach Dána’ a scríobhadh sé ar dtús, ainm a d’úsáideadh Seán Ó Ceallaigh[B3] (‘Sceilg’) roimhe ··· I ndiaidh a bháis bhailigh an Bráthair Seán Caomhánach eolas óna chomhbhráithre, ó mhuintir Dhairbhre, óna ghaolta, ó iardhaltaí agus ó dhaoine eile agus scríobh gearrbheathaisnéis; thug an Bráthair Hermes Ó Conchubhair tamall den foilseachán príobháideach seo d’údair na tuairisce seo ··· Seán a baisteadh air; tugadh na hainmneacha Luanus Peter dó in ord de La Salle ach lig sé don ‘Luanas’ dul in éag ··· Cailleadh a athair nuair nach raibh ach an dá bhliain caite aige sa mheánscoil agus b’éigean dó a bheith ag obair ar an bhfeirm; ceithre bliana d’aois a bhí ag an duine ab óige sa teach agus deirtear in The Kerryman 8 Bealtaine 1992 gurbh é Peadar fear cothaithe an teaghlaigh ··· I measc na n-iardhaltaí aige ansiúd agus i Mala a bhain cáil náisiúnta amach tá Seán Ó Síocháin [q.v.], Diarmaid Ó Súilleabháin [q.v.], Micheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire ar chluichí, agus an t-amhránaí Seán Ó Sé
Is leis a bhaineann eagrán iomlán Comhar, Aibreán 1986: tá aistí ann ag Iarla Mac Aodha Bhuí, Pádraig Ó Snodaigh, Éamon Ó Ciosáin, Ciarán Ó Coigligh, Máirín Nic Eoin, Tadhg Ó Ceallaigh, Seosamh Ó Murchú, Seán Mac Stiofáin, Pádraig Ó Siadhail ··· Is cuma cén léamh a dhéanfar ar shaothar an tSúilleabhánaigh ní féidir a shéanadh gur thóg sé ar dhúshraith na tuisceana tarchéimnithí a bhraith sé ann féin ina óige ··· Deir Tadhg Ó Ceallaigh, comhghleacaí leis i nGuaire: ‘Nárbh ait nach raibh ar chumas aon cheann dár n-institiúidí léinn cúpla bliain a thabhairt dó mar léachtaí ar cuairt nó mar scríbhneoir cónaitheach ··· Bhí an cumas agus an mianach a bhí ann aitheanta le fada an lá ach go dtí gur thairg an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta post i Maigh Nuad dó i 1984, rinne gach grúpa faillí ann.’ Is é a deir Seán Ó Tuama (Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995): ‘Diarmaid Ó Súilleabháin was the most dedicated writer of novels in recent times ··· His untraditional use of Irish and his experimental modes of narration make him also, one suspects, our most unread novelist of recent times.’ Nocht Seán Ó Ríordáin an tuairim seo in Irish Times 12 Lúnasa 1972: ‘Is deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint’ (i gcló in Traidisiún Liteartha na nGael, 1979)
Ba í an duine ab óige d’ochtar í ··· Bhí Cogadh na Saoirse faoi lánseol ag an am sin agus chuir sí aithne ar Sheán T ··· Ó Ceallaigh [q.v.], ar Mhícheál Ó Coileáin, agus ar bhaill eile Chraobh an Chéitinnigh, Conradh na Gaeilge ··· Deir a n-iníon, Méadhbh: ‘Bhí an tuiscint chéanna acu ar idéal na poblachta: meas a bheith tuillte ag gach duine, gan buíochas d’aicme ná do mhaoin shaolta.’ Thógadar a n-ochtar clainne le Gaeilge ··· Thacaigh sí chomh maith le múinteoirí na Gaeltachta nua seo – leithéidí Sheáin Uí Choisdealbha, Ráth Chairn, agus Uinsionn Uí Ghairbhe, Baile Ghib
Sampla is ea é freisin ar a óige a bhí cuid de cheannairí na gluaiseachta san ardchathair ··· Duine dá dhaltaí ansiúd ba ea Seán T ··· Ó Ceallaigh[B4] ··· Sármhúinteoirí ba ea an bheirt acu agus tá na céadta fear i mBaile Átha Cliath—nó bhí lá den saol—a d’fhéadfadh an teist sin a thabhairt orthu chomh maith liomsa’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint, 1963 in eagar ag Proinsias Ó Conluain) ··· Níl a ainm sna liostaí in Frongoch: university of revolution, 1987 le Seán O Mahony
Agus dúirt Seán T ··· Ó Ceallaigh: ‘Bhí aithne mhaith agamsa ar Ó [Maol]Ruanaidh freisin agus déarfainn an rud céanna ··· Bhí intleacht den chéad scoth aige agus thug sé suas í do chúis na hÉireann – don tsaoirse, don teanga, don drámaíocht, agus don chultúr dúchais’ (Seán T., 1963) ··· Deirtear ann go raibh beirt deirfiúracha aige agus go bhfuair duine díobh, Siobhán, bás go hóg ··· Bhuail siad isteach chun cainte leis an gcolúnaí seo, ar sheanduine é, níorbh fholáir, agus is mar sin a casadh Rose Kavanagh (d’éag 1891) orthu, an file óg ba chara do Charles Kickham agus do Dhubhglas de hÍde í
Bhí an Dr Séamus Ó Ceallaigh[B1] ag foghlaim ceoil uaidh le linn a óige i mBéal Feirste agus d’fhoilsigh sé aiste in An Glór 3 Márta 1945 agus dúirt: ‘Dar le mórchuid daoine, ba chóir céim gradaim agus measa a thabhairt dó ó ollscoil den dá ollscoil atá againn ··· Fuair a mháthair bás agus é an-óg agus phós an t-athair arís ··· Dúirt sé le Seán Neeson[B2] (Capuchin Annual 1943) nár theastaigh ón leasmháthair garsún dall bheith timpeall an tí aici ··· Bhí craobh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste le tamall gairid agus d’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Ó Catháin[B1] agus ó Thadhg Mac a’ Bhaird[q.v.], na fir chustaim is máil ··· Dúirt a chara Seán Ó Baoighill go raibh ‘cuid den fhoireann ag doicheall roimhe’
Seisear buachaillí agus aon chailín amháin a bhí ag a thuismitheoirí agus ba é Éamonn an séú duine díobh, an dara duine ab óige ··· Bhí Seán T ··· Ó Ceallaigh [q.v.] sa rang sin ··· Tá cur síos ag Seán T ··· Ó Ceallaigh ar a dhealramh agus é ag seinm i láthair an Phápa Pius X, i bhfómhar 1908: ‘Shiúil Ceannt go tapaidh i modh máirseála os comhair chathaoir an Phápa, sheinn sé cúpla port eile agus ansin amach leis, agus gáir gháróideach molta á tógáil againn go léir
Mar chuid de chomóradh chéad bliain Chonradh na Gaeilge d’fhoilsigh Craobh na hInse an paimfléad Mártan Ceallaigh 1860–1906, Baile Uí Ghríofa, Co ··· Deir foireann na Sinsearlainne i gCora Finne gurb é an t-aon Mhártan Ó Ceallaigh i gclár na mbaistí i bparóiste an Dísirt sna blianta 1860–61 ná an mac a bhí ag John Kelly agus Anne Duggan nó Doogan, agus a baisteadh 18 Samhain 1860 ··· Bhí seomraí ag an gCeallach agus ag Middleton Hall, cléireach eile sna Ceithre Chúirt, ag 9 Sráid Íochtarach Uí Chonaill agus is ann a tionóladh an cruinniú ··· O D.)’ in An tIrisleabhar, Aibreán-Bealtaine 1936 (iris a d’fhoilsíodh an Comhaltas Cánach): ‘Chuas ag socrú le Máirtín Ó Ceallaigh, oide ··· Seán Ó Ciarghusa [B2] a scríobh an cuntas seo, ní foláir, agus dúirt sé ann freisin nár casadh air sa státseirbhís riamh aon duine de iardhaltaí Mhártain
Fuair sise bás agus gan ach dhá bhliain agus ráithe ag Mícheál agus ba í a aintín, Máire Bean Uí Bhriain, deirfiúr a athar, a thóg é ··· Ina dteach a fuair Seán Ó Mathúna [q.v.] agus John Savage (1828–88) fothain in 1848 ··· Ba le John Mitchell an brat, ach dealraíonn nárbh eisean ach duine eile de cheannairí Éire Óg a bhronn ar Ellen é ··· Bhí Gaeilge aige óna óige, cé nach dócha go raibh sí ón gcliabhán aige ··· Ó Sheán Pléimeann [q.v.] d’fhoghlaim sé léamh na teanga liteartha agus conas lámhscríbhinní a léamh
Dhoire, nuair a bhí Cathal an-óg agus is ann a chuaigh sé ar scoil ··· Ba é Seán T ··· Ó Ceallaigh a chuir i mbun na ceirde sin é nuair a thug sé obair na bprofaí Gaeilge don pháipéar Nationality dó le déanamh
Ó Riain[B1] agus Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B2] chuir sé isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis in 1903 ··· Leabhair a bhaineann lena shaothar ar son an Chonartha is ea: An Piarsach óg agus Conradh na Gaeilge (1975), aiste le Frank O’Brien; An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (1981) le Donncha Ó Súilleabháin ··· Tá cur síos ag Seán Mac Mathúna in ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ (Feasta, Samhain 1979 eagrán speisialta) ar an dá chás dlí a bhí aige ··· Fuair sé 19 vóta i gcoinne trí don Mhac Suibhne agus ceithre cinn don Cheallach ··· Ach bhí go dearfa triúr againn Pádraic Ó Conaire, An Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith’ (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Ó Cadhain i bhFeasta, 1990 in eagar ag Seán Ó Laighin)
Ó Ceallaigh in Seán T II, 1972: ‘Ba trí Ghearóid Ó Lochlainn (mar a d’oir dá ainm) a rinneadh cibé beagán bolscaireachta díreach a rinneadh sna tíortha Lochlannacha; bhí sé ag cur faoi in Aarhus sa Danmhairg’ ··· Chóirigh Máire Ní Chillín an scéal seo agus Seán Ua Ceallaigh a chuir Gaeilge air ··· ‘D’fhoghlaim sé Gaeilge le linn a óige ó chainteoir dúchais’, a deir Muiris Ó Droighneáin[B2] in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ..., 1936 ··· ‘Bhíos féin sa láthair an lá úd, mé i mo gharsún óg an uair sin agus mórtas orm gur Loch Garmanach é m’athair’ (Ealaín na hAmharclainne, 1966) ··· Ba é Seán Ó Conghaile [q.v
In 1904 bhí sé páirteach le Seán T.Ó Ceallaigh i léiriú de dhráma an Chraoibhín, An Pósadh ··· Nuair a bhí Peadar an-óg thug sé pingin ar pháipéirín dar teideal Young Brittanica ··· Thóg sé mionn Bhráithreachas na Poblachta in 1899 ··· Bhí comhfhreagras cantalach ann idir é agus Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh [B1] ó 25 Feabhra 1910 ar aghaidh—scríobh Stiofán Mac Énna [B2] litir ag cosaint Pheadair ··· Cumann na nDathadóirí a thóg an leac atá os cionn na huaighe
É féin agus Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B3] a dhréachtaigh an forógra olltoghcháin i 1918 ··· Oirníodh in Ardeaglais Shligigh é i 1900 toisc é bheith beagáinín ró-óg le hoirniú i Maigh Nuad ··· Iarradh air eagrán de litreacha Sheáin Uí Dhonnabháin agus Eoghan Uí Chomhraí a chur le chéile in oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, rud a rinne sé i 1927/8 ··· Measadh go dtógfadh sé naoi mbliana an saothar seo a chríochnú
Bhí baint mhór aige le cláir cheoil ar Radio Éireann i gcomhair daoine óga ··· Ba é a bhunaigh Cantairí Óga Átha Cliath ··· Faoin teideal Fáilte Uí Cheallaigh d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, tamall tar éis a bháis, cnuasach de cheol córúil Gaelach a bhí cóirithe aige ··· Sa pháipéar céanna an tseachtain dár gcionn scríobh Seán Creamer: ‘Bhí sé de bhua aige gur fhág sé dea-thoil gach áit ar shiúil sé ··· Na daltaí agus na hoidí scoile a casadh air le linn a sheirbhíse sa Roinn Oideachais, cuimhneoidh siad ar a dhaonnacht, ar an aoibh shoineanta a bhí air i gcónaí agus ar an dúil as cuimse a bhí aige grá don cheol a scaipeadh imeasc an aosa óg
Bhí sé ina rúnaí freisin ag Feis an Daingin agus shíl ‘Sceilg’ [Seán Ó Ceallaigh] [B3] (An Claidheamh Soluis 30 Iúil 1904) go ndearna a bhás dochar mór don fheis sin ··· ‘Do mhúin an Teagasc Críostaí Gaeilge don aos óg le 40 bliain