Líon alt a aimsíodh: 45
Tá litir bharrúil ghearánach i nGaeilge ó Sheán in An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912 faoin gcaoi ar chaith Micheál, agus é ina rúnaí ar Fheis Bhaile Átha Cliath, le Cumann Píobairí Lorcáin Uí Thuathail ··· Dúirt Cathal Ó Tuathail [q.v.] in aiste ar Mhicheál in Sunday Independent 6 Bealtaine 1934 gurbh in 1899 a tháinig sé chun cónaithe sa phríomhchathair ··· ‘Choinnigh sé ón am sin dhá cheist os comhair an phobail, mar atá, staid na Gaeltachta agus faillí an Choiste Gnó maidir le tógáil Halla Thomáis Ághas’, a dúirt Cathal Ó Tuathail ··· In éineacht le Cathal, Seán Beaumont[B1], Earnán de Siúnta[B1], Seán Ó hUadhaigh[B2], agus Séamus Ó Tallamhain[B3] bhunaigh sé Coiste na bPáistí in 1932 d’fhonn páistí an lucht oibre a chur chun na Gaeltachta ar saoire; b’eisean an rúnaí agus an duine ba ghníomhaí, b’fhéidir, den seisear ··· Bhí baint mhór aige le páipéar Sheáin Beaumont, An t-Éireannach
Tá cuntas ar an eaglaiseach seo ag Éamonn Ó Tuathail [B2] in Irish Book Lover, Meán Fómhair, 1939 (‘A rare Ulster Booklet’) ··· Deir Ó Tuathail: ‘In his student days King had acquired some knowledge of Southern Irish ··· Ba chara le Seán Ó Donnabháin[q.v.] é agus léadh seisean profaí a chuid leabhar ‘and often added characteristic and pithy comments on the sentiments and opinions of the writer which never interfered with their friendly intercourse’ ··· Deir Ó Tuathail: ‘He had noticed the difference between the language of such printed books as he had access to and the dialect of Irish spoken in mid-Ulster; and in order to make his translation “intelligible to the people” he decided to write in what he considered the everyday language of the people, by “substituting modern words for old ones, and popular for grammatical expressions”.’ Sa réamhrá leis an obair deir King: ‘For example, the language of the Irish Bible is so unlike that which is in common use throughout Ireland, so unlike, for instance, to what is spoken here in Derry and Tyrone, &c, that any ordinary chapter of it, read just as printed, would be quite unintelligible to the generality of hearers around us ··· So that the many thousands who speak Irish as their mother tongue in the district around here, have never had printed for their own use, in their own plain dialect (I will not say the Holy Scriptures at large, but) even such a short life of our Lord and Saviour Jesus Christ, as is here for the first time now supplied to them.’ Scríobh Ó Tuathail faoina raibh tugtha faoi deara ag King i gcanúint Thír Eoghain: ‘When writing the introduction to my Sgéalta Mhuintir Luinigh, I had not seen King’s tract
Dar le tuairisc Dhaonáireamh 1911 gur ag 58 Sráid Gloucester Theas, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Seán Connolly agus Christine Swanzy ··· Bhíodh ranganna drámaíochta á stiúradh ag a athair, Seán, i gCraobh Cholm Cille, Plás Blackhall ··· Cuireadh oideachas ar Sheán i Scoil Náisiúnta Sráid Liam Thuaidh agus i Scoil Sheosaimh na mBráithre Críostaí in Marino ··· Fear an-inspéise is ea Seán Connolly ··· Bhí Seán ar Scoil Naomh Seosamh i bhFionnradharc (Inniu 4 Deireadh Fómhair 1957)
Diarmuid mac Sheáin Mhóir, mic Chonchubhair, mic Eoghain Mhic Eoghain Mhóir Uí Mhuimhneacháin?” Talamh ar mhargadh bliana a bhíodh ag Seán Mór ··· Ba é an duine ab óige é ag Seán Mór Ó Muimhneacháin agus Neil Ní Choileáin ··· Filí ba ea Seán Mór agus a athairsean Conchubhar ··· “Ár mairbh”, dán caointe ar Eoghan Ó Gramhnaigh agus ar Liam Ó Maolruanaí faoin ainm cleite “Corrán Tuathail” san United Irishman ar 7 Meán Fómhair 1901, an chéad dán a bhí i gcló aige
Cuireadh oideachas ar Sheán i gColáiste na Toirbhearta, Corcaigh, agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ··· a fháil bhí sé ag múineadh i Lios Tuathail, Co ··· Tá trí dhán leis i gcló in Scríobh 6, in eagar ag Seán Ó Mórdha, 1984
‘What impressed those of us who worked alongside Seán Mac Airt at Queen’s was above all his great kindness in laying everything aside when we asked for his help with references from his vast knowledge of the Irish annals ··· Ar 16 Bealtaine 1918 a rugadh Seán Mac Airt sa Phríomhshráid, An Céide, Co ··· Mary Agnes Nugent a mháthair agus ba uncail di siúd an tAthair Cornelius Short, bailitheoir seanchais agus scoláire Gaeilge a d’éag 1925; bhí cuid dár bhailigh sé i gcló ag Éamonn Ó Tuathail [B2] in Scéalta Mhuintir Luinigh, 1933 ··· Chuaigh triúr deartháireacha Sheáin le sagartacht agus rinne easpag de dhuine díobh
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Deir Éamonn Ó Tuathail (idem) go bhfuil sna haistí sin ‘stíl phróis chomh glinn is atá sa nua-Ghaeilge.’ Bhíodh alt in aghaidh na coicíse aige dar teideal ‘Seo is Siúd’ in An Glór 1940-42, iris an Chonartha, faoin ainm sin Ruaidhrí Beag (Prút); in Ón Ulán Ramhar Siar is ‘lagaithris ar Mhyles na gCopaleen’ a thugann sé féin ar na hailt sin ··· Ba iad Seán Ó Direáin agus Mairéad Ní Dhireáin a thuismitheoirí ··· Bhí sí ar feadh trí bliana i Meiriceá arís sular phós sí Seán Ó Direáin: bhí ceathrar clann acu agus ba é Máirtín an duine ba shine ··· Scríobhadh a bheirt deartháireacha filíocht: tá dán le Tomás in Nuabhéarsaíocht, 1950 ag Seán Ó Tuama, agus trí cinn ag Séamas Ó Céileachair[q.v.] in Nuafhilí (1942-1952), 1956 agus tá gearrscéalta leis in An Glór; d’fhoilsítí ábhar le Seán in Ar Aghaidh
Cuireadh spéis ar leith i Láimh-leabhar Mhódha na Ráidhte (1919) leis an Athair Ó Tuathail a foilsíodh i mBéal Feirste ··· Tá cur síos ar na buanna sin ag Seán Mac Maoláin[B1] in An Claidheamh Soluis, 23 Nollaig 1922: ‘Chítear dúinn go bhfeicimid go fóill é ··· In Irish News 6 Nollaig 1922 nocht Seán Mac Maoláin an tuairim gur sna coláistí samhraidh is mo a d’fhóin sé do chúis na teanga ··· Dúirt Seán Mac Maoláin faoi: ‘Labhraíodh sé ar na naomha mar labhródh sé ar dhaoine a raibh seanaithne aige orthu’
‘Gael de fhíor-threibh Gael’ a thug Cathal Ó Tuathail [B4] air in Sunday Independent 13 Meán Fómhair 1934 ··· Bhí an t-athair ag obair mar pheidléir sna Stáit Aontaithe ó 1867 go 1876 agus tá cuntas air in Micheál óg 1884-1958 ó’n a pheann féin agus cuid dá dhánta, (1983) in eagar ag Pádraic Mac Seáin S.P
Tá cuntas air: ag Seán Ó Lúing[q.v.] in Celtic Studies in Europe and other essays, 2000 (‘Tim Enright, scholar and Marxist’); ag Risteárd Ó Glaisne in Anois 26-27 Feabhra 1994 (‘Tadhg Mac Ionnrachtaigh’) ··· I Lios Tuathail, Co ··· Bhí Bryan McMahon mar mhúinteoir ag Tim i Lios Tuathail agus cuireadh meánoideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne ··· Is iad na haistriúcháin a rinne sé: Is truagh ná fanann an óige le Micheál Ó Gaoithín[B5] (A pity youth does not last, 1982); Allagar na hInise le Tomás Ó Criomhthain[B5] (Island cross-talk, pages from a diary, 1986), Lá dár saol le Seán Ó Criomhthain[B5] (A day in our life, 1992)
In Éigse, earrach 1940 (‘Nugentiana’) tá dán (‘Marbhnadh Bharúin Dealbhna Annso’) i gcló ag Éamonn Ó Tuathail[B2] i dtaobh Risteáird, athair Chriostóra, dán ar léir air go raibh seisean ina phátrún ag filí agus ceoltóirí: ‘I gCrích Chuinn is damhna déar / d’aos dána, d’aos téad na sgoth, / bás an fhir nár choigil maoin; / ní cneasda nár chaoin gach sgol.’ Deir Ó Tuathail: ‘Irish would have been the predominant language in the Marches, including Delvin, and no doubt was the first language Richard Nugent learnt to speak.’ Bhí an Risteárd sin (a d’éag 1559) pósta ar Elizabeth, an iníon ba shine ag an mBíocunta Gormanston ··· ‘In return for, or in anticipation of these favours Christopher prepared for the Queen a primer of the Irish language, in the preface of which he commends “the desyer your Highnes hath to understande the language of your people”.’ (Ó Tuathail) ··· I 1565 thabhaigh sé cáil sa chogadh in aghaidh Sheáin Uí Néill an Díomais, rinne Sir Henry Sidney ridire de i nDroichead Átha, agus fuair sé léasanna ar thailte breise
Chuir Éamonn Ó Tuathail[B2] an leagan sin i gcló in 1940, ach ní dúirt gurbh é McCambridge a chum ··· Agus ba é a chuir an leagan Gaeilge den ainm, ‘Seán Mac Ambróis’, chun tosaigh
Is é an cur síos a rinne Seán Mac Réamoinn air in Anois 9-10 Nollaig 1995: ‘Sagart, file, ollamh; fear éirime, fear grámhar, fear grinn; fear ar mhór aige dúchas agus oidhreacht Ghaelach Uladh agus Éireann; saothraí scríbhneora a chuir comaoin ar aos léite na Gaeilge, agus a thug léargas ar chuid de shaibhreas na litríochta Gaeilge, idir shean agus nua, don saol amuigh… ··· Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4], Seán Ó Ríordáin [B3], Tomás Ó Fiaich [q.v.].. ··· I 1933 d’iarr Séamus Ó Duilearga air léirmheas a dhéanamh in Béaloideas ar Scéalta Mhuintir Luinigh le hÉamonn Ó Tuathail[B2] ··· Chuir Éamonn Ó Tuathail comhairle air i dtaobh béaloideas a bhailiú agus scríobhadh sé scéalta síos ó sheanchainteoirí dúchais ··· Thugadh sé codanna den lámhscríbhinn le léamh do Mháirtín Ó Cadhain, d’Aindrias Ó Muimhneacháin[q.v.] agus do Sheán Mac Fhionnlaoich[B4]
Tharla go bhfaca Seán Ó hÉigeartaigh é agus sheol sé beart de dhrámaí Sheán O’Casey chuige ··· In Inniu 17 Nollaig 1971 tá ‘Seán Ó Coistealbha ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ ··· Tá cuntais ghairide: in Lá 1 Samhain 2006; in The Oxford companion to Irish literature (1996) (agus aiste le Gearóid Denvir tugtha mar fhoinse ann: ‘The Living Tradition: Oral Irish Language Poetry in Connemara Today’ in Éire-Ireland, 34, 1989); in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998); in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh ··· Dúirt sé leis an nGlaisneach nach gcoinneodh sé leis an scríbhneoireacht murach Seán Ó hÉigeartaigh[B5]; Sairséal agus Dill a d’fhoilsigh An tincéara buí (1962) agus Ortha na seirce (1968) ··· Tarraingíodh aird air freisin i ról Sheáin Dóite in Sadhbh (John B
Ba dhuine í den dáréag clainne ag Seán Ó Tuathail agus Sabina Ní Mháille ··· George sa cheantar sin Seán agus nuair a cailleadh é in 1883 tugadh an post dá bhean ··· Bhíodh seisean ar cuairt ag muintir Uí Thuathail go minic nuair a bhíodh sé ag fanacht lena sheanathair i nGairfeann agus bhí sé ar chomhaois le Tomás, deartháir Mháire, agus an duine ab óige sa teaghlach
Bhí sé orthu sin ba mhó ba bhunúdar le ról tábhachtach na státseirbhíseach sin in obair na hathbheochana: ba é a tharraing a chomhghleacaithe Seán Ó Catháin [B1] agus Seán Ó Ciarghusa [B2] isteach i gConradh na Gaeilge (Seán Ó Ciarghusa faoin ainm ‘Leac Logha’ in The Leader 13 Feabhra 1937 agus faoin ainm ‘Marbhán’ in Feasta, Meán Fómhair, 1950) I nDrom Cara, Cill Barra, paróiste Uíbh Laoghaire, a rugadh é ar 13 Aibreán 1869 ··· Faoi Eanáir 1900 bhí rang i gcomhair tosaitheoirí ina chúram; duine díobh ba ea Seán T ··· Tá cuntais air in Sunday Independent 17 Meitheamh 1934 ag Cathal Ó Tuathail [q.v.] agus in Inniu 11 Lúnasa 1950 ··· Thagair Pádraig Ó Duinnín[B2] dó in Leader 14 Márta 1908: ‘Na trí buillí tubaiste ba mhó a buaileadh ar an nGaeilge lenár linn: cur an Cheallaigh [Seán Ó Ceallaigh] [B3] as an Freeman, cur Dhónaill Uí Liatháin as obair na Gaeilge, agus cur Dhónaill Uí Loingsigh [B2] as an gCoiste Gnó’
Gheofar cuntais air: in Island Home: the Blasket Heritage, 1988, leabhar deireanach Thomson, mar a bhfuil i gcló aiste bheathaisnéise Tim Enright[q.v.]; in Seoirse Mac Tomáis 1903-1987 (Ceiliúradh an Bhlascaoid 4), 2000 in eagar ag Máire Ní Chéilleachair mar a bhfuil aistí agus cuimhní ag Margaret Alexiou, iníon Thomson, Máire (Llewelyn) Ní Shúilleabháin-Uí Chíobháin, iníon Mhuiris Uí Shúilleabháin[B5], Katherine Thomson, beanchéile Thomson agus daoine eile; in Celtic Studies in Europe and other essays, 2000 le Seán Ó Lúing[q.v.] agus in ‘Seoirse Mac Tomáis—George Derwent Thomson’, mar aon le liosta a shaothair Gaeilge, ag an údar céanna in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society uimh ··· Tá léargas ar a shaol freisin ag Seán Ó Lúing sa réamhrá a chuir sé le bailiúchán de scríbhinní gairide Mhic Tomáis, Gach Órlach de mo Chroí: Dréachta, 1988 ··· Tá cuntas ag Seán Ó Lúing ar na deacrachtaí a chuir an foilsitheoir sa tslí air agus ar deireadh ba é Thomson a d’íoc an costas ··· Bhí Thomson agus a bhean sa láthair nuair a seoladh an t-eagrán nua ag Féile na Scríbhneoirí i Lios Tuathail i 1976
Tá cuntais iarbháis in Irish Times 26 Deireadh Fómhair 2002, ag Micheál de Mórdha in Foinse 27 Deireadh Fómhair 2002 (‘Peaidí a’ Dúna—fathach litríochta’) agus ag Seán Ó Laoi in Lá 24 Deireadh Fómhair 2002 (‘Údar a thuig a dhúchas’) ··· Bríd Ní Lúing ón mBuailtín an múinteoir aige sna bunranganna agus Seán Ó Dálaigh[B2] ina diaidh ··· In 1973 chuir sé amach eagráin nua den An tOileánach (agus thug cabhair do Sheán Ó Coileáin chun eagrán 2002 den saothar sin a réiteach, leabhar a seoladh an oíche ar tugadh a chorp chun an tséipéil) agus de Allagar na hInise agus foilsíodh Allagar II (1999), sleachta nach raibh i gcló sna heagráin eile ··· Cnuasach de shaothar ilchineálach is ea Ár leithéidí arís (1978) agus tá ann aistí magúla faoin gcineál litríochta a tháinig as a cheantar féin agus faoi Sheachtain na scríbhneoirí i Lios Tuathail ··· Deir sé: ‘Tá an cuntas seo bunaithe ar “inside file” a fuaireas ar iasacht ón gCeannphort Seán Ó Colmáin G.S., a thug seal ina oifigeach sa Daingean, Co
Is cinnte go mbeadh sé míshásta le treoir a bhí le tabhairt ag an gCoiste Gnó do thimirí agus múinteoirí taistil gan cabhrú leis An Lóchrann a bhí le teacht amach go luath i gCorcaigh aige féin agus Seán Tóibín[BI] ··· Deir Cathal Ó Tuathail[B4] gurbh é an chéad eagarthóir é sa Ghúm (Sunday Independent 4 Samhain 1934) ··· Tá cuntas ar a eagrán de An tOileánach ag Seán Ó Coileáin in ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’ in Scríobh 4, 1979 ··· Chuir sé leagan Muimhneach de Láimhleabhar Mhódha na ráithe, 1920 le Dónall Ó Tuathail[B4] ar fáil ··· Deir Seán Ó Lúing: ‘Idir é féin agus Liam Ó Buachalla[B4] ní bhíodh teirce ar Ghaeilge i Seanad Éireann
Deir Seán T ··· Ó Ceallaigh [q.v.] in Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T ··· Bhí cónaí uirthi i nGlas Tuathail ag an am agus an deaslabhra á theagasc aici
D’éag sé nuair a bhí Seán cúig bliana d’aois ··· In 1917 bhí sé ina reachtaire ar Ghasra Bhaile Átha Cliath den Fháinne agus bhí ina rúnaí ag an bhFáinne ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, dar le Cathal Ó Tuathail [q.v.] sa tsraith ‘Gaeil Éireann’ (The Sunday Independent 3 Meitheamh 1934) ··· Bhailíodh a dheartháir Willie, a bhí ina bhall d’Fhiúsailéirí Bhaile Atha Cliath sa Chogadh Mór, eolas ó shaighdiúirí Sasanacha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus thugadh do Sheán é le cur ar aghaidh chuig Micheál Ó Coileáin ··· Dar le fianaise Sheáin Beaumont don Military History Bureau bhí Séamus Robinson (1890–1961) míshásta faoina laghad arm a bhí an ceanncheathrú faoin gCoileánach ag roinnt leo ··· Chuaigh Seán chun na Gearmáine i mí Mheán Fómhair 1921 d’fhonn leanúint leis na teagmhálacha a bhí déanta ag an gcéad toscaireacht, ar dá mbarr a sheol Charles McGuinness (1893–1947) dhá long agus agus armlón go hÉirinn idir Shamhain 1921 agus Márta 1922
Wyse Power bheith i measc na bhfear ag cruinniú den Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge ar 11 Deireadh Fómhair 1902 agus tagairt do Sheán Paor ag léamh páipéir i nGaeilge i dtaobh Sheáin Pléimeann [q.v.] ar 7 Eanáir 1903 ··· Bhí gaol aici leis an Ollamh Éamonn Ó Tuathail[q.v.] (1883–1956) ··· Deir an beathaisnéisí freisin gur le linn do John Wyse Power a bheith ina mhac léinn i gColáiste na Carraige Duibhe a chuir sé spéis sa Ghaeilge an chéad lá agus gurbh amhlaidh a chabhraíodh sé le Seán Pléimeann [B1] chun eagar a chur ar Irisleabhar na Gaedhilge ··· Deirtear gurbh é Cathal a d’adhain spéis Sheáin Beaumont [q.v.] sa teanga
Bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Séamas: ba dhuine díobh Tomás Ó Maoileoin nó ‘Seán Forde’, trodaire nótáilte i gCogadh na Saoirse i Luimneach agus i dTiobraid Árann (a bhfuil cuntas ar a bheatha scríofa aige féin in Survivors: the story of Ireland’s struggle as told through some of her outstanding living people .. ··· Chaith sé dhá bhliain ag teagasc Gaeilge agus staire i Scoil na mBráithre ar an mbaile sin agus théadh sé gach Satharn chuig léachtaí sa chraobh de Choláiste Laighean a osclaíodh ann ar 17 Samhain 1912 agus a raibh Éamonn Ó Tuathail [B2] i gceannas uirthi ··· Chaill sé an post tar éis bliana nuair a tuigeadh gur ag obair in aghaidh Sheáin Réamoinn a bhí sé ··· Gabhadh é féin agus a dheartháir ‘Seán Forde’ i gCill Fhínín Nollaig 1918 ach d’éirigh leis ealú ó bheairic na bpílear i mBaile Átha an Rí ··· Fuair a iníon Brighid, mar shampla, a fuair meánoideachas sa Bishop Foy School, scoláireacht a thug go Coláiste na Tríonóide í mar ar casadh uirthi a fear céile Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh (1917–1967), mórfhoilsitheoir na Gaeilge
Ba iad an seisear sin: Séamus féin, a bhí mar chisteoir, an rúnaí Micheál Ó Maoláin as Árainn, Cathal Ó Tuathail, Seán Beaumont [B1], Seán Ó hUadhaigh [B2], agus Earnán de Siúnta [B1] ··· A chomhoibrí sa Chonradh agus i gCoiste na bPáistí, Cathal Ó Tuathail, a sheas leis
., 1995 deir Seán Ó Tuama: ‘His poetry in Irish exudes an intimate lyric magic; indeed his poetic voice is more lucid, more natural perhaps, in his Irish poems than those in English.’ Tá gearrchuntas a mhic Niall ar fáil ar an idirlíon ··· Cuireann Seán Lysaght béim ar thábhacht na Gaeilge ina shaol fileata in Poetry Ireland Review 16, 2000 (‘Michael Hartnett: An Appreciation’) ··· Bhuail taom tromchúiseach é le linn Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail agus níor éirigh leis teacht chuige féin ina dhiaidh
Deir Mac Giolla Phádraig: ‘Tá cruthú ar a fheabhas a bhí an Ghaeilge ag Seán Mac an tSaoir agus a Ghaelaí a bhí sé le fáil sa leabhar urnaithe a scríobh sé dó féin sa bhliain 1745 [sic] nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois ··· Is dócha gur i scoil Thaidhg [Uí Neachtain]—b’fhéidir ó Liam Ó Loingsigh—a d’fhoghlaim sé an pheannaireacht idir nodanna agus eile.’ Tá tagairt ag Donn Piatt[B2] don leabhar urnaithe in Cois Life Fadó, 1985: ‘Sa bhliain 1746 thosaigh sé Leabhar Urnaithe Sunradhacha agus Dánta Diadhachta, “arna dtiomsughadh le Seán Mac an tSaoir, ro thionscain do scríobhadh i mBaile Átha Cliath Duibhlinne ar an treas lá don Mhí Mheán Samhraidh, an bhliain d’aois Chríost, míle seacht gcéad ceathracha agus a sé” agus rinne roinnt oibre ina dhiaidh sin ar Tóraíocht ar Lorg Chríosta ··· Sa leabhar urnaithe sin aige san Acadamh Ríoga tá cuid den leagan Gaeilge úd de ‘De imitatione Christi’ le Thomas A Kempis agus in Celtica 2 (1954) taispeánann Brian Ó Cuív (‘Irish translations of Thomas A Kempis’s De Imitatione Christi’) go bhfuil cosúlacht shuntasach idir cuid mhaith de na habairtí ansiúd agus sa leagan a rinneadh i gContae an Dúin i 1762 (‘Tóruigheachd na bhFíreun air Lorg Chríosda’, a d’fhoilsigh an tAthair Dónall Ó Tuathail[B4] i 1915 agus a bhfuil leagan de i gColáiste Maolmhaodhóg i mBéal Feirste)
I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail [B2], Seán Beaumont [B1] agus Sorcha Ní Ghuairim [B4] ··· Tá eolas ina thaobh in: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998); sna cuntais iarbháis in: Foinse 9 Samhain 2003; Irish Times 15 Samhain 2003; Sunday Independent 23 Samhain 2003 le Nollaig Ó Gadhra; Southern Star 27 Nollaig 2003 le Nollaig Ó Gadhra; Examiner 12 Samhain 2003; Saol, Eanáir 2004; Methodist Newsletter, Aibreán 2004; An tUltach, Márta 2004 le Seán Ua Cearnaigh; Lá 10 Samhain 2003 le Eoghan Ó Néill ··· Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i nGoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin ··· Thagadh Seán ag caitheamh tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae ··· In 1968 chuir sé féin agus triúr eile d’Fhochoiste Gaeilge Mhuintir Wolfe Tone (Colette Ní Mhoitleigh, Seán Ó Laighin agus Micheál Ó Loingsigh) an meamram ‘Téacsleabhair i nGaeilge’ faoi bhráid an Taoisigh agus an Aire Oideachais
In 1978, mar shampla, thug sé leis an duais don chainteoir Gaeilge ab fhearr (£100 agus bonn óir) i gcomórtas dar teideal ‘An Béal Beo’, a eagraíodh le hurraíocht ó Ghaeltarra Éireann mar chuid de Sheachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail ··· Nuair a d’aistrigh Seán Ó Riada chun cónaithe i gCúil Aodha i ndeireadh na 1960idí agus nuair a chuir sé Cór Chúil Aodha chun tosaigh, bhí Dónal páirteach ann ón tús ··· Tráth dá raibh Cór Chúil Aodha ag canadh ag ócáid an ‘Ó Riada Retrospective’ sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath (1987), ceolchoirm a raibh Elmer Bernstein á stiúradh, goideadh adharc a bhí le Eugie Johnny Eoghain Ó Súilleabháin (mac le Seán Eoghain Ó Súilleabháin)
MacSweeney; Síoladóirí (1941) le Bráthair Críostamhail [Micheál Mac Confhormaoil]; Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962) (An Clóchomhar) le hÉamonn de hÓir ··· In North Munster Antiquarian Journal 1966-7 (‘Eugene O’Curry’s Early Life: details from an unpublished letter’) cuireann Michael Herity i gcló cuntas claonta ar a shaol, anuas go dtí gur shroich sé Baile Átha Cliath, a scríobh Seán Ó Donnabháin[q.v.] in 1853, chomh maith le heolas insuime eile ··· Timpeall na bliana 1815 chaith Ó Comhraí tamaill ag foghlaim matamaitice ó mháistir scoile dar sloinne Roche in Eiltiún in oirthear Luimnigh agus ó Patt Hennessy i Lios Tuathail, Co ··· Gilbert ar Sheán Ó Donnabháin eolas ar bheatha Eoghain a thabhairt dó
Bhí baint aici le Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh ó 1905 (idem 19 Lúnasa 1905) amach agus leithéidí Mhichíl Bhreathnaigh [B2], Phádraig Uí Dhomhnalláin [B2] agus Sheáin Uí Ruadháin [B1] mar ollúna aici ··· Searlot Ní Dhúnlaing [q.v.], Diarmuid Stokes[q.v.] agus Seán [a’Chóta] Caomhánach[B1] a bhí sna háiteanna tosaigh ina diaidh (Scéal an Oireachtais 18987-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· Líon Éamonn Ó Tuathail [B2] a háit i gColáiste Laighean i nDeireadh Fómhair 1910
Toghadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh, Conradh na Gaeilge, i dtús na tréimhse sin agus ann a casadh air Cáit Ní Raghallaigh a bpósfaí léi é ar 19 Lúnasa 1925; neacht ba ea í leis an Athair Dónall Ó Tuathail[B4] agus chaithfeadh sí seal ina rúnaí ag Séamus Ó hAodha (1881–1943) [B2] ··· Bhí Seoirse Mac Niocaill[B2] agus Cathal Ó Tuathail[B4] ag cabhrú leis agus an cúram sin air ··· Cé gur mhol Earnán de Blaghd[B5], Frank O’Connor, Domhnall Ó Corcora[B5], Seán Ó Faoláin agus Michael Tierney Parnell, 1937 agus cé gur cuireadh an dara cló amach, ní raibh díol maith air agus riamh níor iarradh air an dara heagrán a thabhairt amach, rud ar chúis díomá aige é agus an oiread sin dul chun cinn á dhéanamh aige sa taighde ar an stair i gcoitinne ··· Ó 1931 bhí sé ina rúnaí príobháideach ag na hAirí Airgeadais, ag Earnán de Blaghd[B5] ar dtús agus ansin ar feadh tamaill ghairid ag Seán McEntee; rud an-neamhchoitianta post mar é a choimeád i ndiaidh athrú rialtais
Ó Cochláin in Donegal Annual37, 1985 (‘Hugh O’Donnell of Larkfield’), agus in Éigse, samhradh 1941 ag Éamonn Ó Tuathail [B2] (‘On Hugh O’Donnell of Larkfield’) agus in Éigse, earrach agus samhradh 1939 ag Tomás Ó Cléirigh [B4] (‘A poem book of the O’Donnells’) ··· Tá a ghinealach in Duanaire Uí Dhomhnaill agus ag Seán Ó Donnabháin[B6] ina eagrán de Annála Ríoghachta Éireann ··· Tuairimíonn Éamonn Ó Tuathail: ‘Doubtless O’Donnell hoped by these alliances with influential Ascendancy families to ensure that he would be left in possession of the Larkfield property.’ Ní raibh cead ag Caitliceach léas níos faide ná 31 bliain a bheith aige
Seo é an file a chum an dán ‘Dia libh, a laochruidh Gaoidhiol!’ (in eagar ag Seán Mac Airt [B3] in Leabhar Branach: the Book of the O’Byrnes, 1944), atá ar an dán Gaeilge den 16ú haois is mó a chuaigh i gcion ar ghlúnta de náisiúnaithe na hÉireann ··· In Éigse, geimhreadh 1942 (‘A Poem for Felim O’Toole’) tá an dán ‘Ná diúlt mh’ionmhuine, a Fhéilim’ in eagar ag Éamonn Ó Tuathail[B2]
Bhí sé ina shagart cúnta sna Foidhrí, an Ráth Mhór, Lios Tuathail, Baile Mhic Eileagóid, Sráid an Mhuilinn agus i dTrá Lí ··· Tá aiste ina thaobh in Seanchas Dúthalla 1980-81 ag Seán Mac Ginneá agus cuntas air ag J
Deir Liam Prút in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97, 1997 (‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’) gur aistríodh é ó Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais go dtí An Gúm i 1931 ach shílfeá ó thagairtí do chomhfhreagras in Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge, 2003 le Gearóidín Uí Laighléis go raibh sé sa Ghúm faoi 1929 ··· Bhí alt ina thaobh in Sunday Independent 22 Iúil 1934 ag Cathal Ó Tuathail[B4] agus deir sé gur chaith Domhnall tamall maith mar ‘ollamh’ i meánscoileanna i mBaile Átha Cliath ag teagasc cúrsaí onóracha Gaeilge ··· Deir Ó Tuathail freisin gurbh é a bhunaigh Humanitas (1930-31), gur sa státseirbhís a bhí sé ó 1923 amach agus gur ceapadh é ina Eagarthóir sa Ghúm i 1929
Chuaigh file díobh in éineacht le Seán Ó Néill an Díomais, más fíor, go cúirt Eilíse i 1562 ··· Fear Flatha féin dob é ceann na fine é, mar tugtar “Ó Gnímh” air.’ Níl a fhios go cinnte cá raibh cónaí ar a mhuintir i gContae Aontroma; in Éigse, fómhar 1950 tá mír i dtaobh Bhaile Uí Ghnímh in ‘Varia’ le hÉamonn Ó Tuathail[B2] agus tuairimíonn sé: ‘The exact position of Ó Gnímh’s place of residence has not been determined but there can scarcely be any doubt that it was in Co
Tá cuid dá n-ainmneacha i gcló ag Éamonn Ó Tuathail[B2] in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1934 ··· Is léir ón mbeagán litreacha a sheol sé chuig Seán Ó Dálaigh[q.v.] go bhféadfadh sé a bheith an-chantalach agus mífhoighneach
Chaith dhá bhliain i gColáiste Eoin, Cambridge, agus dhá bhliain ag múineadh i gColáiste Mhichíl i Lios Tuathail ··· Deir Seán Tobin i stair sin an Choláiste: ‘He had beautiful Irish but suffered from increasing deafness; this occasionally caused a great merriment in class when students tried to alert him to some slip in his work on the blackboard
I gCreig an Chéirín san oileán a rugadh Éamonn 17 Meán Fómhair 1922; ba é an t-aon leanbh é ag a mhuintir, Seán Ó Tuathail agus Mairéad Ní Dhireáin ··· Tagraíonn Robinson dá shin-sheanathair, Pádraig Ó Tuathail, stiléir iomráiteach poitín ó Mhaigh Chuilinn, Co
San iris sin 13 Aibreán 1901 tuairiscíodh go raibh Scoil Leach [sic] na mBocht, Gaillimh, ar na scoileanna a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh agus gurbh é Labhrás Ó Tuathail an múinteoir sa scoil sin ··· Bhí Gaeilge acu go léir agus gach seans gurbh iad sin Art Ó hInsí, Máirtín de Búrca agus Seán Ó Cléirigh a bhuaigh duaiseanna úd an Chliabhraigh ··· Ansin bhí an scéala seo in An Claidheamh Soluis 14 Meán Fómhair 1907: ‘Lorcán Ó Tuathail—who, by the way, has just brought out an English version of his popular An Deoraidhe—is coming as múinteoir taistil to Cuala ··· Bhíothas ag caint ar an dara múinteoir a cheapadh (idem 18 Eanáir 1908) ach faoi Bhealtaine bhí craobh bunaithe aige i Ráth Fearnáin agus bhí sé le tosú ag teagasc i gClochar Ghlas Tuathail
Bhí a dheirfíur Mary pósta ar Charles McWilliams agus phós a n-iníonsan, Sarah Ann, Seán Haughey ··· Bhunaigh sé féin, an tAthair Dónall Ó Tuathail [B4] agus an tAth
Tuairiscíodh rólanna a bheith aici in An Cleamhnas le Dubhghlas de hÍde [q.v.] agus in An Deoraí le Lorcán Ó Tuathail i 1905 ··· Tuairiscíodh san iris chéanna 21 Feabhra 1925 go raibh sí féin, Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus an Dr Seán Mac Énrí le dul chun cainte le comhlacht Lady Dudley faoi ghearán nach raibh Gaeilge ag formhór na máistreás a bhí i mbun na scoileanna lásadóireachta faoi Aireacht na hIascaireachta, agus ar 13 Meitheamh 1925 go raibh sí ina ball thar ceann an Chonartha den chomhdháil a chuir an Roinn Oideachais ar bun chun clár an bhunoideachais a bhreithniú
In The Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1936 déanann Éamonn Ó Tuathail[B2] cur síos ar a lámhscríbhinní ('Arthur Brownlow and his MSS') ··· Bhí sé pósta ar Eilinóir, iníon le Seán Ó Dochartaigh as Doire ··· Deir Ó Tuathail: ‘Indeed he was willing to throw in his lot with the Jacobites, as he believed King James would establish himself permanently upon the throne of Ireland.’ I bhfianaise air sin tá litir a scríobh sé 12 Aibreán 1689 chuig William Waring a bhí tar éis teitheadh go hOileán Mhanainn (i gcló in An Ulster Parish: being a history of Donaghcloney, 1898 le Edward Dupré Atkinson)
Bhí an buachaill óg ar scoil ag Mr FitzPatrick éigin i Sráid Pheadair agus ansin i gcliarscoil chónaitheach Naomh Lorcán Ó Tuathail i Sráid Fhearchair ··· Douglas Hyde, Seán Mac Énrí, Pádraic Pearse, and many other workers in the cause of the Irish language revival received from him substantial help and encouragement
Bhaineadh Seán Ó Conchubhair [B2] leas as i 1926 sa chéad sraith riamh de cheachtanna Gaeilge a chraol 2RN ··· Lúnasa 1921, agus deirtear ann go raibh sé bunaithe ar mhodh múinte an Athar Dónall Ó Tuathail[q.v.]