Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Cé go leagtaí dánta eile air, ní heol go cinnte gur scríobh sé aon dán eile seachas ‘Tuireamh na hÉireann’ (nó ‘Aiste Sheáin Uí Chonaill’) ··· Thug Clarke cabhair d’Éadbhard Ó Raghallaigh[B6] chun cuntas ar Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] a scríobh agus síleann Ní Rathaille gurbh é Ó Raghallaigh ba thúisce, b’fhéidir, a rinne an cur síos botúnach ar an bhfile mar ‘Roman Catholic Bishop of Ardfert or Kerry’ in A Chronological Account of Nearly Four Hundred Irish Writers..., 1820; taispeánann sí nach raibh aon easpag i gCiarraí ó 1653 go 1702; toisc tagairte do Jamaica (‘Transplant, transport go Jamaica’) agus gan aon tagairt d’athchur an rí is dóigh léi gur idir 1655 agus 1659 a cumadh an dán ··· I lámhscríbhinn amháin tugtar ‘Seán mac Muiris Ó Conaill’ air agus tuairimítear gurbh é sin an Muiris i gCathair Bhearnach a aistríodh go Lios Dún Bhearna, Co ··· an Chláir, agus a raibh Seán ar dhuine dá mhic
Cé chuirfeadh an cheist i Sasana, “cérbh iad na Brontes?” Agus is tábhachtaí, de mhórán, Seán Ó Neachtain i litríocht na Gaeilge ná na Brontes, ná Southey, ná Herrick i litríocht an Bhéarla’: is mar sin a bhaineann Donn Piatt[B2] an ceann dá aiste ar mhuintir Neachtain in Mhaireadar san ardchathair (1957) ··· Scoláire, máistir scoile, aistritheoir, scríobhaí bisiúil, scríbhneoir cruthaitheach próis agus file ba ea Seán: ba é féin agus a mhac Tadhg croílár an ghrúpa de scoláirí, d’fhilí agus de scríbhneoirí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath i leath tosaigh an 18ú haois ··· Tá cuntais air: ag Nessa Ní Shéaghdha in Eighteenth-Century Ireland, 1989 (‘Irish Scholars and Scribes in Eighteenth-century Ireland’); ag Cathal Ó Háinle in Éire-Ireland, geimhreadh 1986 (‘Neighbours in Eighteenth-century Dublin: Jonathan Swift and Seán Ó Neachtain’); ag May H ··· Risk in Studia Hibernica 15, 1975 (‘Seán Ó Neachtuin: an Eighteenth-Century writer’); in Ag cruinniú meala.. ··· In A chronological account of nearly four hundred Irish writers (1820) liostaíonn Éadbhard Ó Raghallaigh[B6] 42 dán dá dhéantús
Stáisiún é ina raibh neadaithe an tráth úd líon mór cainteoirí Gaeilge – scríbhneoirí, craoltóirí, ceoltóirí, aisteoirí: Micheál Ó hAodha (1918–98), Roibeard Ó Faracháin, Francis McManus (1909–65), Seán Mac Réamoinn, Proinsias Ó Conluain, Séamus Breathnach, Pádraic Ó Raghallaigh, Niall Tóibín, Gerard Victory, Neasa Ní Annracháin, Fachtna Ó hAnnracháin ··· I gCorcaigh d’éirigh sé cairdiúil le scríbhneoirí agus le pearsana Gaeilge na cathrach agus go háirithe le Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama (1926–2006), an tAthair Tadhg Ó Murchú agus an dealbhóir Séamus Murphy agus a bhean Maighréad ··· I measc na dtagairtí ina dhialann tagraíonn Ó Ríordáin do ‘shárGaeilge’ Aindreas agus deir Ó Coileáin (1982) gurbh iad Seán Ó Mórdha agus Aindreas a chuaigh i mbun na hidirghabhála ar son Uí Ríordáin chun go bhfoilseofaí alt leis gach Satharn in The Irish Times ··· Faoi 1964 bhí sé ina léiritheoir feidhmeach acu agus ba é a bhí mar bhéal múinte an bhliain sin ag léiritheoirí nua mar Sheán Ó Mórdha, Eoghan Harris agus Brian Mac Lochlainn ··· Faoin teideal ‘Turas ar an nGealchathair’ (Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá tuairisc dhraíochtúil ag Aindreas ar an tréimhse sin i gcomhluadar Uí Chadhain
Ar 10 Eanáir 1864 a baisteadh Seán; Austin (nó Affie) O’Reilly, feirmeoir i Sreabh, Cluain Cearbán, agus Bridget Gibbons a thuismitheoirí ··· Is cosúil gur le Gaeilge a tógadh Seán ··· Ní i Maigh Nuad ach i gCluain Life a oirníodh Seán in 1888 ··· Ba namhaid é ag éinne a bhí cairdiúil le Seán Mac Héil ··· ‘Tréadaí agus treoraí an Iarthair’ a thug Seán ar Mhac Héil
Tá neart alt ina thaobh sna hirisí léannta ach seo iad na leabhair agus na cuntais is minice a mbaintear feidhm astu: Síoladóirí (1947) le Bráthair Críostamhail [Micheál Mac Confhormaoil]; Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962) le hÉamonn de hÓir; John O’Donovan (1806–1861), a biography (1987) le Patricia Boyne; Éadbhard Ó Raghallaigh, Seán Ó Donnabháin agus an tSuirbhéireacht Ordanáis (1991) le hArt Ó Maolfabhail ··· Seán Ó Donnabháin’ (72 leathanach) le Nollaig Ó Muraíle in Scoláirí Gaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXVII (1997) in eagar ag Ruairí Ó hUiginn an cuntas fada is iontaofa; tá ann leabharliosta agus léirmheas ar ar foilsíodh d’aistí agus de bheathaisnéisí anuas go 1997, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe ··· Bhí an-dúil ag a uncail Pádraig Ó Donnabháin i seanchas an oirdheiscirt agus ba é a spreag spéis Sheáin sa stair ··· Ann a chuala sé tuairisc bháis Éadbhaird Uí Raghallaigh[q.v.] a raibh tamall gairid caite aige ag ceartú agus ag deimhniú litriú ainmneacha na mbailte fearainn sa tSuirbhéireacht Ordanáis ··· Tháinig deireadh le hobair na topagrafachta in 1842 ach go lá a bháis bhí obair don tSuirbhéireacht á déanamh aige agus é á íoc de réir méid na hoibre sin; tá tábla 1846-1861 i gcló ag Ruaidhrí de Valéra (‘Seán Ó Donnabháin agus a lucht cúnta’) in Journal of the Royal Society of Antiquaries (1949) a thaispeánann go ndearna sé 709 lá oibre dóibh sa tréimhse sin
Tá cuntais ar shaothar an scríobhaí seo ag Pádraig Ó Fiannachta in Dál gCais 1984 (‘The Poem Book of Clare’) agus in Léas ar ár Litríocht, 1974, agus ag Eilís Ní Dheá in Old Limerick Journal, 1992 (‘Micheál Ó Raghallaigh: scríobhaí ó Inis Díomáin’) ··· Luann Brian Ó Dálaigh é ina aiste, ‘“Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000), in eagar ag Ciarán Ó Murchadha ··· Deir sé gurbh ó bhéal Uí Raghallaigh a scríobh Philip Barron síos in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman ··· R69 an ceann is iontaí díobh go léir.’ Agus deir sé: ‘Bailitheoir iontach ab ea Micheál.’ Is é a deir Ní Dheá faoin scríobhaí seo: ‘Dob é siúd leis a d’fhág againn na bailiúcháin is fearr d’fhilíocht an Chláir ón 18ú agus ón 19ú haois.’ Sa réamhrá a chuir sé lena dhuanaire (i gcló ag Ó Fiannachta in Léas ar ár Litríocht, ‘ós rud é gur léas chomh geal é ar shaol chultúrtha an Chláir i mblianta duairce na linne’) tugann sé eolas ar fhilí an Chláir san 18ú haois: Aindrias Mac Cruitín, Aodh Buí Mac Cruitín, Micheál Ó Coimín, agus Seán Ó hUaithnín ··· B’fhiú le Seán de Fréine sliocht as ar scríobh sé a chur i gcló in Croí Cine, 1990: ‘A léitheoir ionúin, ná tabhair aithis ná milleán orm trí olcas an scríbhinn atá sa leabhar seo
Tá cuntas air: in Irish Times 10 Samhain 2001; in Foinse 11 Samhain 2001 ag Colmán Ó Raghallaigh; agus in The Magill Book of Irish Politics, 1981 in eagar ag Vincent Browne ··· Ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge sa Chorrán, Acaill, 4 Iúil 2002, thug Seán Ó hÉalaí caint ar shaothar a shaoil ··· Bhí bád aige ar bhaist sé ‘Seán South’ uirthi ··· Dar le Seán Ó hÉalaí gurbh é an chéad iarrthóir as Acaill é ar éirigh leis suíochán Dála a bhuachan ··· Ba é Aire na Gaeltachta é i rialtas 1977 ach chaill sé an post nuair a toghadh Cathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach i 1979; le Seoirse Ó Colla [q.v.] a thacaigh sé tar éis do Sheán Ó Loingsigh éirí as
Chuir Seán Mac Colgáin[q.v.] a aistriúchán Laidine ar leabhar Mhaghnais in Acta Sanctorum (1645) ··· In ‘Love in the Medieval Irish Lyric’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995) tá curtha síos ag Seán Ó Tuama ar na dánta grá a scríobh sé ··· / Fúbún fán ngunna nGallghlas, / fúbún fán slabhra mbuidhe, / fúbún fán gcúirt gan Bhéarla / fúbún séanadh Mheic Mhuire.’ Tá macalla den bhfobún sin i dteideal dhráma Sheáin Uí Thuama, Gunna cam agus slabhra óir ··· Dánta coinbhinsiúnta de chineál an amour courtois is ea trí cinn díobh, dar le Seán Ó Tuama, ach deir sé: ‘On the other hand both “Cridhe lán do smuaintighthibh” and “Goirt anocht deireadh mo sgéal” are lyrics that reveal a highly individual poetic sensibility.’ Glactar leis gur ar bhás Shiobháin Ní Néill a chum sé an chéad cheann agus tuairimíonn Ó Tuama gur fúithi an dara dán freisin, gur marbhnaí ar a ghrá geal iad araon ··· Tá cuntas ag Seán Ó Donnabháin in imleabhar IV de Annála Ríoghachta Éireann ar a shliocht
Ar na leabhair a scríobh sé tá Stair na hEorpa thiar [g.d.], Sgéalta gearra scoile (1924), arbh é Tomás Ó Raghallaigh a chomhúdar, Gearr-scéalta grinn (1925) agus Grinn-sgéalta (1929) ··· D’fhoilsigh An Clóchomhar a bheathaisnéis i 1992: Seán Ó Ruadháin: saol agus saothar le Máirtín Mac Niocláis
Ar 2 Deireadh Fómhair 1909 bhí de dhánaíocht ann léirmheas géar a scríobh ar The native speaker examined home le Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh [B1] ··· Deir Seán Réamoinn in The Revenue Commissioners go raibh I Promessi Sposi le Alessandro Manzoni aistrithe go Gaeilge aige ··· B’fhéidir gurbh é a chaidreamh ar Shinéad agus Éamonn de Valera san Ard-Chraobh i dtús an chéid faoi deara an ceapachán sin, ach deir Seán Réamoinn nach amháin go raibh eolas scolártha aige ar litríocht na Gaeilge ach go mbíodh comhfhreagras ar siúl aige le daoine a raibh dlúthbhaint acu le gluaiseachtaí teanga sna tíortha Ceilteacha go léir
Ba í Áine Ni Raghallaigh [q.v.] a d’áitigh air focail a chur leis an bhfonn Albanach ··· D’fhoilsigh Gael Linn ceirnín, Scéalta Aneas, a raibh dhá scéal á n-insint aige air, ‘An Pota Pádraig’ agus ‘An Déan Swift agus Seán Bocht’ ··· Ag tagairt do Dhiarmuid arís dúirt Donncha in Béaloideas 32, 1964: ‘Bhí aithne cheana féin aige [Seán Ó Cróinín] [q.v.] ar Dhiarmuid ’ac Coitir agus ar a chumas scéalaíochta, ach bhí seó shaoil seanchais agus mioneolais ag Diarmuid de bhreis ar na scéalta agus raidhse seanamhrán ··· Is baolach ná raibh Seán ach in imeall na hoibre leis nuair a tháinig an glaoch air siúd chomh maith, sa mbliain 1959 ··· Níor airigh Seán ach cnámha an scéil mar go raibh bean a’ tí ar fuaid na cistean nuair a tharraing Diarmuid anuas é
na Mí, a sheanathair agus gur phoitigéir ba ea Ó Raghallaigh féin ··· Ag tagairt don difríocht idir clann agus cluain i logainmneacha, scríobh Seán Ó Donnabháin [q.v.]: ‘This is ascertained from the living voice of People who speak Irish at the present day (which is more authority than O’Reilly who could not pronounce Irish at all)’ (‘Seán Ó Donnabháin agus a lucht cúnta’ le Ruaidhrí de Valera in Journal of the Royal Society of Antiquaries, 1949) ··· Údar ar phíobairí uilleann ba ea an Casaideach agus ba dhóigh leis gur phíobaire ba ea Ó Raghallaigh ··· Tugadh amach arís é in 1821, agus, in 1864, foilsíodh eagrán úr le nótaí imill Sheán Uí Dhonnabháin, é in eagar ag Brian Ó Luanaigh[B1] (nóta ag Séamus Ó Casaide in The Irish Book Lover, Nollaig 1917-Eanáir 1918) ··· Ag tagairt d’fhoclóir Gaeilge-Béarla an Easpaig Seán Ó Briain (d’éag 1769), scríobh Tomás de Bhaldraithe (‘Foclóirí agus foclóireacht na Gaeilge’ in The Maynooth Review, Bealtaine, 1980): ‘
Iascaire ón mBlascaod a athair Seán: ba dhuine é de chriú na naomhóige ‘Beauty deas an Oileáin’ a bhuaigh an rás i gCuan Fionntrá ar scríobh Seán Ó Duinnshléibhe [q.v.] an t-amhrán ina thaobh, Bádh Seán i gCuas an Bhodaigh i 1900 ··· Luaitear a ainm leis an bhfiontar a bunaíodh chun ‘Nua-Ghaeltacht Bhaile Átha Cliath’ a thabhairt ar an saol, I gcomhar le Tomás Ó Raghallaigh [B2] chuir sé Guth na Gaeltachta nó comhrá do chách, 1923 ar fáil
Bhuaigh an t-amhránaí seo Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós trí bliana as a chéile (1961-63), éacht nach ndearnadh ó shin ··· Ba iad Séamus Tóibín ó Heilbhic, iascaire, agus Maighréid Ní Sheanacháin, Baile Uí Raghallaigh, an Rinn, Co ··· Phort Láirge, a thuismitheoirí agus is i mBaile Uí Raghallaigh a rugadh é ar 5 Feabhra 1928 ··· Tugann Mac Craith fianaise san óráid sin gur bronnadh bua an cheoil agus na hamhránaíochta ar gach ball den teaghlach i mBaile Uí Raghallaigh
Is mar sin, más fíor, a chuir sé aithne ar Sheán Ó Donnabháin [q.v.], cé go ndeirtear freisin gurbh é James Hardiman [q.v.] faoi deara an teagmháil ··· Mar oidhre ar Éadbhard Ó Raghallaigh [q.v.] in 1830 a ceapadh Ó Donnabháin ar fhoireann na Suirbhéireachta Ordanáis
Dúirt Tomás leis an gCraoibhín gurbh óna sheanathair, Seán Buí Ó Raghallaigh, fear arbh as Caisleán an Bharraigh ó cheart dó ach a chaith 40 bliain ag obair do Mháirtínigh Bhaile na hInse, a d’fhoghlaim sé na scéalta nuair a tháinig Seán Buí chun cónaithe in aice le Coillte Mach
Seán Ó Raghallaigh, fear a raibh gabháltas beag aige, a athair agus ba í Máire Ní Loideáin ón Spidéal a mháthair ··· Bhí sé ina chomhúdar ag Seán Ó Ruadháin ag scríobh Scéalta gearra scoile (1924) ··· Mac leis is ea an craoltóir Pádraic Ó Raghallaigh
Ba le linn dó bheith ag freastal ar Scoil Náisiúnta Ráth Ó gCormaic a d’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Pléimeann[B1] ··· I réamhrá Fuinn na Smól, ghabh sé a bhuíochas le hÁine Ní Raghallaigh: ‘(She) deserves the principal share of the credit for rescuing from oblivion the lovely airs contained in this book’ ··· Ba é Seán Pléimeann a spreag chuige é
Dhéanadh sé a dhícheall i Maigh Nuad caidreamh a dhéanamh le Gaeilgeoirí ar nós Sheáin Maolmhuire Uí Raghallaigh [B1] agus Risteaird de Hindeberg [B2] agus le leithéidí Peter Yorke [B2] agus Lorcáin Uí Chiaráin [q.v.] ··· Tá eolas ina thaobh in Leabhar an Athar Eoghan: the O’Growney memorial volume, [1904] in eagar ag Agnes O’Farrelly [Úna Ní Fhaircheallaigh] [B1], in Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, 1968 le Seán Ó Ceallaigh, in aistí le Donnchadh Ó Floinn, Mairéad Ní Choinmhidhe agus Seán Ó Ceallaigh in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963, in uimhir speisialta de An Sagart in 1963, agus in aiste le Pádraig Ó Fiannachta in ‘Maigh Nuad agus an Ghaeilge’, Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 ··· Daoine eile mór le rá ar chuir sé aithne orthu agus é ina mhac léinn go fóill ba ea Seán Pléimeann [B1], an tAthair Donncha Ó Murchú [B1] agus Micheál Ó Foghludha sa Rinn [feic faoi Ó FOGHLUDHA, Áine] ··· Ach luaitear i measc na mac léinn a thug aird air Seán Ó hEidhin, Liam Ó Beirn[B1], agus Brian Ó Críocháin[B3] ··· Bhí a dheartháir Pádraig ag cruinniú tionscnaimh Shinn Féin in 1905 (Seán Ó Lúing, Art Ó Gríofa, 1953) agus bhí sé ina chaptaen ar na hÓglaigh i gContae na Mí (Liam Skinner, Politicians by accident)
Is léir go mba dhuine an-ghníomhach é: mhúineadh sé rang i gCraobh Mhaoilre Uí Raghallaigh, bhí ina chomhrúnaí ag Feis Laighean i 1901 agus faoi Dheireadh Fómhair 1902 bhí sé ina rúnaí cúnta ag Coiste CeantairBhaile Átha Cliath; ba bhall é de Choiste na bhFoilseachán agus dhéanadh sé moltóireacht ar an bhfilíocht agus an drámaíocht ag an Oireachtas ··· Phós sé Anna, iníon le Seán Mac Muilneora, Teach Ráth an Bhagóidigh, Dumhach Thrá, ar 5 Meitheamh 1905 ··· Ba chuimhin le Seán T
Ba neacht dó féin Cáit Ní Raghallaigh, banchéile Leon Uí Bhroin ··· Tá cur síos ar na buanna sin ag Seán Mac Maoláin[B1] in An Claidheamh Soluis, 23 Nollaig 1922: ‘Chítear dúinn go bhfeicimid go fóill é ··· In Irish News 6 Nollaig 1922 nocht Seán Mac Maoláin an tuairim gur sna coláistí samhraidh is mo a d’fhóin sé do chúis na teanga ··· Dúirt Seán Mac Maoláin faoi: ‘Labhraíodh sé ar na naomha mar labhródh sé ar dhaoine a raibh seanaithne aige orthu’
Níl amhras ach gur mhisnigh sé daoine ina dheoise, agus go háirithe i gColáiste Iarlatha, chun an teanga a shaothrú—Uilleog de Búrca[B1], Peter Yorke [B2], Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh[B1], Seán Mac Fhlainn[B3], Micheál Ó Lócháin[B3]; gur spéis leis dánta agus prós Gaeilge a scríobh; agus gan amhras gurbh é an t-aon duine de cheannasaithe na heaglaise Caitilicí Rómhánaí a rinne aon dícheall ar son na teanga ··· Is mar seo a thugann Uilleog de Búrca a líne ghinealaigh: Seán mac Phádraic, mac Mhaolmhuire, mac Shéamuis, mac Riocaird, mac Shearuin, mac Mhaolmhuire ··· Bhí uncail leis ina shagart paróiste in Ardachadh agus cinneadh Seán a chur le sagartacht ··· Agus é ag plé na bhfáthanna a bhí le bunú chathaoir na Ceiltise i gCorcaigh in 1849, cuireann Neil Buttimer (The Irish Review, geimhreadh 1995) an cheist: ‘Ar theastaigh ó Rialtas na linne baill áirithe den gcliarlathas Caitliceach ar nós Sheáin Mhic Héil, ardeaspag Thuama, a mhealladh ··· In Leon an Iarthair: aistí ar Sheán Mac Héil..., 1983, in eagar ag Áine Ní Cheanainn, níl an tAthair Edward MacHale ag aontú leis sin agus tagraíonn do lámhscríbhinn Mhic Héil i Maigh Nuad ina bhfuil dáta timpeall 1820 lena aistriúcháin
Ba é a spreag Seán Ó Súilleabháin chun Diarmuid na Bolgaighe agus a chomharsain a scríobh
An Irish-man who speaks not Irish, is a solecism, which our transmarine neighbours justly ridicule.’ Deir Ó Casaide gurbh é, dá mb’fhíor do Sheán Ó Donnabháin [q.v.], a mhúin Gaeilge do William Haliday [q.v.] agus do George Petrie [q.v.] ··· It forms a large Bundle in folio paper.’ Díoladh é ar £1 ag an gceant a cuireadh ar leabharlann Éadbhard Uí Raghallaigh[q.v.] ··· Is ar 30 Iúil 1813 a cailleadh é, de réir alt Sheáin Uí Chearnaigh in in An tUltach, Feabhra 2002, ina lóistin i Sráid San Séamus i mBaile Átha Cliath agus cuireadh sa reilig áitiúil é
Rinne Seán Ó Tuama freisin iarracht ar chiall a bhaint as cibé fianaise scáinte faoina shaol atá ann d’fhonn gur fearr a thuigfí cúlra casta sóisialta na ndánta (Filí faoi Sceimhle: Seán Ó Riordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978) agus Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995) ··· Is fiú freisin caibidil John Jordan in The Pleasures of Gaelic Poetry (1982), in eagar ag Seán Mac Réamoinn, a léamh ··· Ba dhóigh le hÉadbhard Ó Raghallaigh[B6] (A Chronological Account of nearly four hundred Irish Writers..., 1820) gur anuas ó Chontae an Chabháin, d’fhonn dul le sagartacht i gCill Airne, a tháinig a athair agus gur bhean de mhuintir Mhic Aogáin, ollúna oidhreachtúla na gCárthach, a mháthair agus gurbh in an fáth ar tugadh Aogán air ··· Bhain sé lena cheird daoine uaisle a mholadh nó a chaoineadh go nósúil: an Coirnéal White, John Blennerhasset, Seán de Brún (mac le Sir Nioclás), Dónall Ó Ceallacháin, Diarmuid Ó Laoghaire, Donncha Ó hÍcí, Raghnall Mac Cárthaigh Mór... ··· Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill [Mac Domhnaill q.v.] an bheirt fhile aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn i nDrom Collachair in 1722
In The Tribes of Ireland, 1852, le nótaí Sheáin Uí Dhonnabháin[B6], a d’fhoilsigh Séan Ó Dálaigh[B6], tugtar ginealeach mhuintir Dhálaigh mar a leag an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh[q.v.] amach é ··· Ba dhóigh le hÉadbhard Ó Raghallaigh[B6] (A Chronological Account of Nearly Four Hundred Irish Writers, 1820) freisin gur den treibh sin Aonghus na nAor agus gurbh é an tAonghus ó Bhaile Oiriúin é a d’éag 16 Nollaig 1617 agus a luaitear i bhfiosrú i gCorcaigh 18 Meán Fómhair 1624 ··· Deir Ó Raghallaigh gur chum Fearfeasa Ón Cháinte [q.v.] dán 180 véarsa air tar éis a bháis ··· Is léir gur chaith Seán Ó Dálaigh dúthracht le foilsiú an dáin
In aiste sa leabhar céanna tuairimíonn Cuthbert Mhág Craith gurb é an Seán s’againne a chum an dán ‘Rob soraidh an séad-sa soir’ do Thoirdhealbhach Ó Néill go gairid roimh Imeacht na nlarlaí ··· Leagadh an dán seo ar Eoghan Rua Mac An Bhaird[q.v.] toisc botúin a rinne Éadhbhard Ó Raghallaigh [B6] in A Chronological Account of nearly Four Hundred Irish Writers, 1820
Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’) ··· Scríobh sé péire dán di (i gcló in Leabhar Branach..., 1944, in eagar ag Seán Mac Airt[B3]) ··· Scríobh sé dán do Mhaolmhuire Ó Raghallaigh i 1610 agus sin é an dán is deireanaí uaidh
Gan amhras déanann Éadbhard Ó Raghallaigh[B6] cur síos air in Chronological account of Nearly Four Hundred Irish Writers, 1820 agus tá cuntas air ag Pól Breathnach[B2] in Irish Ecclesiastical Record, Meitheamh 1940 (‘The Book of Fenagh’) ··· [I] had eighteen letters in my custody before the last ware of 1688, being letters from the kings of Ireland to the princes of Wales, and from the said princes to our kings and nobility.’ Dúirt Seán Ó Gadhra [q.v.] gurbh é féin, Ruairí Ó Flaithbheartaigh [q.v.] agus Tadhg Ó Rodaighe, ar a dtugann sé ‘scolaí tréitheach’, an t-aon triúr in Éirinn a bhí in ann na seanfhoinsí sa Laidin, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a thuiscint ··· Chuir sé nótaí, gluaiseanna agus ginealach le Leabhar Fhiodhnacha agus is fianaise bhreise ar a chuid scoláireachta gluais a chuir sé le dán a chum Seán mac Torna Uí Mhaolchonaire do Bhrian na Múrtha Ó Ruairc i 1566, ‘Fuair Bréifne a díol do shaoghlond’
‘Ó Bruadair was a giant, an artist and craftsman of great power and of long and sustained output’ (Seán Mac Réamoinn in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982) ··· Is i Laidín a scríobh an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin[q.v.] an t-aon tuireamh amháin (‘In mortem Davidis Broder, Poetac clarissimi Elegia’) a scríobhadh ar an mórfhile seo agus tá sé in eagar, maille le nótaí, ag Pádraig de Brún in Éigse, geimhreadh 1968 (‘Tuireamh Laidne ar Dháibhí Ó Bruadair’); is aisteach leis an mBrúnach nár scríobh aon duine de na filí atá luaite ag an gCairteánach – Diarmuid Mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh[q.v.], Conchubhar Ó Briain[q.v.], Domhnall Ó Colmáin[q.v.] – tuireamh ··· Breis is tríocha bliain anonn ó bhás an fhile scríobh Seán Ó Murchadha na Ráithíneach [q.v.] tuireamh (i gcló in Seán na Ráithíneach (1954) le Torna [Tadhg Ó Donnchadha B1]) ar a mhac Uilliam Ó Bruadair a d’éag ar 1 Eanáir 1729 agus is mó de mholadh ar Dháibhí ná ar Uilliam é ··· Ó aimsir Éadbhaird Uí Raghallaigh [q.v.] anuas go heagrán Mhic Fhir Léinn creideadh gurbh i gContae Luimnigh a rugadh é ach táthar ar aon fhocal anois gurbh as oirthear Chorcaí dó ··· Déanann Mac Fhir Léinn áireamh ar na naisc leis an dúiche sin: an caidreamh a bhí aige le Diarmaid mac Sheáin Bhuí, agus le Mac Cairteáin; na caointe a chum sé ar Bharraigh agus ar dhaoine eile i mBarrachaibh; gur fháiltigh sé abhaile ó Shasana roimh Shéamus Mac Coitir [q.v.]; gur mhaígh sé anseo is ansiúd sna dánta gurbh ón dúiche sin é; gurbh ann a bheadh cónaí ar a mhac ar ball; gurbh iad scríobhaithe Chorcaí is mó a thug slán a dhéantús fileata
Bhí sé in aon rang le Eoghan Ó Gramhnaigh[q.v.] agus Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh[q.v.] ··· I am related, I fear, to every man, woman and child in the three islands so that if I were to ‘cut’ I could not get married to a virgin or widow in the whole community.” Tá a thuilleadh eolais ar a shinsir agus ar an mbéaloideas ina thaobh ag Seán Ó Conghaile[q.v.] (Cnoc na hAille) in Inniu 23 Aibreán 1976 in aiste dar teideal ‘An tAthair Peadar C
Tá cuntas ar a mhuintir ag Seán Ua Súilleabháin (‘The O’Learys of Liscarrigane’) in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, edited by Pat Kelleher and Michael O’Connell ··· Ar 24 Bealtaine 1970 eagraíodh siompóisiam i Maigh Nuad in ómós dó agus labhair Tomás Ó Floinn, Seán Ó Ríordáin agus an tAthair Tadhg Ó Murchú ··· ‘Saothar an Athar Peadar’ ba ábhar do Léachtaí Cholm Cille 2014 agus foilsíodh na léachtaí in Léachtaí Cholm Cille XLV: Saothar an Athar Peadar (2015), in eagar ag Eoghan Ó Raghallaigh
Ina dteach a fuair Seán Ó Mathúna [q.v.] agus John Savage (1828–88) fothain in 1848 ··· Ó Sheán Pléimeann [q.v.] d’fhoghlaim sé léamh na teanga liteartha agus conas lámhscríbhinní a léamh ··· I Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad tá cóip de Irish-English Dictionary Uí Raghallaigh agus laistigh den chlúdach tá lipéad ar a bhfuil an téacs thíos clóbhuailte: ‘Beidh an Ghaedhilge faoi mheas fós i n-Éirinn i n’inis na righ/ This volume was presented to Mr Michael Hickey by members of the Irish Class, taught by him in St John’s College, Waterford, during the scholastic year 1881-´82’.’ In Irisleabhar na Gaedhilge 4 Feabhra 1883 tá véarsaí dá dhéantús (‘Fáilte d’Irisleabhar na Gaedhilge go Port Láirge’) faoin ainm cleite ‘Seamróg’ ··· Is inspéise, b’fhéidir, gur dó a thiomnaigh Seán O’Casey [q.v.] Drums under the Windows (1945): ‘Forgotten, unhonoured, unsung in Éire, here’s a Gael left who continues to say Honour and Peace to your brave and honest soul, Michael O’Hickey, till a braver Ireland comes to lay a garland on your lonely grave.’ (Tá na húdair buíoch de Mhíchéal Briody a dhírigh aird ar bhotúin agus ar easnaimh sa chuntas in Beathaisnéis a hAon)
Bhí comhfhreagras cantalach ann idir é agus Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh [B1] ó 25 Feabhra 1910 ar aghaidh—scríobh Stiofán Mac Énna [B2] litir ag cosaint Pheadair ··· I 1904 bhí sé páirteach le Seán T.Ó Ceallaigh i léiriú de dhráma an Chraoibhín, An Pósadh
4, 1991 (‘Éadbhard Ó Raghallaigh, Seán Ó Donnabháin agus an tSuirbhéireacht Ordanáis 1830-4’) ··· Tá fianaise ar a chaidreamh le Seán Ó Donnabháin[q.v.] i rith na tréimhse sin curtha inár láthair ag Art Ó Maolfabhail in Proceedings of the Royal Irish Academy ··· Deir Ó Casaide gurbh é Denis Taaffe[q.v.], dá mb’fhíor do Sheán Ó Donnabháin, a mhúin Gaeilge dó (Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1929)
In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 scríobh Peadar Ó hAnnracháin [B1]: ‘Áine Ní Raghallaigh an príomh-Ghael a bhí ann ó chuireas aithne ar mhuintir na háite ··· liosta (i seilbh Sheáin Uí Eichtigheirn, iarmhúinteoir a rugadh ar an mbaile agus a chónaigh riamh ann) de mhuintir an bhaile sin tuairim 1879, sráid ar shráid, agus ainmneacha na leanaí leo a bhí ag freastal na scoile nuair a bhí siad féin, na himircigh seo, ar scoil ··· I nDaonáireamh 1901 ar Bhóthar Mount Massey bhí ina gcónaí Máire, baintreach, siopadóir, ceann an teaghlaigh, aois 71, a rugadh i gContae Chorcaí; Síle (32), iníon neamhphósta, cúntóir siopa, a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Áine (28), iníon neamhphósta a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Seán (25), mac, cléireach poist a rugadh i gContae Chorcaí; Máire Ní Iarlaithe (13), gariníon a rugadh i gContae Chorcaí ··· Bheadh aois na beirte sin ag teacht beagnach go hiomlán le haois na ndeirfiúracha Uí Raghallaigh i 1911 ··· Gan amhras d’insítí bréaga beaga go minic faoi aois dhaoine sa dhaonáireamh, mar is léir ach sonraí aoise theaglach Uí Raghallaigh sa dá Dhaonáireamh a chur i gcomparáid le chéile
Tá cuntais uirthi ag Pádraic Ó Raghallaigh[q.v.] agus ag Seán Mac Réamoinn ar chlúdach an cheirnín (CEF 029) a d’eisigh Gael Linn i 1971 ··· Tá taifid a rinne sí le Pádraic Ó Raghallaigh[q.v.], Proinsias Mac Aonghusa, Nollaig McCarthy agus Pádraic Dolan i gCartlann Raidió RTÉ ··· Mhínigh sí do Phádraig Ó Raghallaigh gurbh iad a múinteoirí a bhí ag tathant uirthi dul le múinteoireacht agus gur cheart di tamall a chaitheamh sa Rinn ··· Tugann Ó Raghallaigh cuntas ar na deiseanna foghlama a bhí aici ansiúd: bhí Eric Mac Fhinn [q.v.], Tomás Ó Raghallaigh [B2], Pádraig Ó Finneadha [q.v.] agus Máirtín Ó Flatharta, príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh, ar an bhfoireann teagaisc ··· Tá portráid phinn Sheáin Uí Shúilleabháin ar coimeád sa Ghailearaí Náisiúnta
Scríobh go leor daoine cuntais air i rith na 17–19ú haoiseanna, ina measc Pádraig Pléimeann, nach bhfuil aon tuairisc ar a chuntas (1626) anois, Lúcás Wadding[q.v.], John Lynch[q.v.], Sir James Ware, Éadbhard Ó Raghallaigh, agus Laurence Renehan[B6] ··· Adhlacadh é in Eaglais San Isadóir agus d’fhéach Seán Ó Néill, larla Thír Eoghain, chuige go gcuirfí leac chuimhneacháin os cionn a uaighe ··· In An duanair, 1600-1900 (1981) deir Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella: ‘An té ar mhaith leis léargas a fháil ar an difríocht idir traidisiún liteartha na hÉireann agus traidisiún liteartha Shasana san aois sin, níor mhiste dó an duan tíriúil Nollag seo a léamh taobh ar taobh le Ode on the morning of Christ’s nativity a scríobh scoláire mór Laidine eile a bhí comhaimseartha le Mac Aingil, John Milton.’ Is le Richard Crashaw (1613–45) is túisce le Tadhg Ó Dúshláine comórtas a dhéanamh (‘Athléamh ar Aodh Mac Aingil’ in Irisleabhar Mhá Nuad, 1975–76)
Toghadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh, Conradh na Gaeilge, i dtús na tréimhse sin agus ann a casadh air Cáit Ní Raghallaigh a bpósfaí léi é ar 19 Lúnasa 1925; neacht ba ea í leis an Athair Dónall Ó Tuathail[B4] agus chaithfeadh sí seal ina rúnaí ag Séamus Ó hAodha (1881–1943) [B2] ··· Cé gur mhol Earnán de Blaghd[B5], Frank O’Connor, Domhnall Ó Corcora[B5], Seán Ó Faoláin agus Michael Tierney Parnell, 1937 agus cé gur cuireadh an dara cló amach, ní raibh díol maith air agus riamh níor iarradh air an dara heagrán a thabhairt amach, rud ar chúis díomá aige é agus an oiread sin dul chun cinn á dhéanamh aige sa taighde ar an stair i gcoitinne ··· Ó 1931 bhí sé ina rúnaí príobháideach ag na hAirí Airgeadais, ag Earnán de Blaghd[B5] ar dtús agus ansin ar feadh tamaill ghairid ag Seán McEntee; rud an-neamhchoitianta post mar é a choimeád i ndiaidh athrú rialtais
Is é atá ann: ‘Tuireamh na hÉireann’ le Seán Ó Conaill, file in Uíbh Ráthach nárbh aon easbag é (tá an leagan is údarásaí den téacs i gcló ag Cecile O’Rahilly in Five Seventeenth Century Political Poems, 1946); aistriúchán Béarla atá bunaithe ar aistriúchán nár de dhéantús Uí Chléirigh é agus nach bhfuil ag teacht go hiomlán leis an leagan áirithe Gaeilge sa leabhar; nótaí staire a thugann stair na hÉireann anuas go dtí 1691, cé nach bhfuil an dán féin ag dul níos faide ná aimsir Chromail; ‘The Author’s Tour’, dán barrúil ina gcuireann Ó Cléirigh síos ar na daoine, sagairt go háirithe, a thug cabhair dó; liosta na síntiúsóirí ··· The work seeks to mediate between the Gaelic and English traditions, drawing on the Gaelic as a source of nourishment for a sense of Irish identity.’ Thug Ó Cléirigh cúnamh d’Éadbhard Ó Raghallaigh[q.v.] chun cuntas a scríobh ar Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin ina A Chronological Account of Nearly Four Hundred Irish Writers with a descriptive Catalogue of their Works, 1820
Tugann Seán Ó Ceallaigh a bhfuil ar eolas faoi na deartháireacha Callanán agus a saothar in Filíocht na gCallanán, 1967 ··· Bhí na dánta bailithe ag Tomás Ó Raghallaigh[B2] agus thug seisean don Cheallach iad
San eagrán a chuir Walter Harris (1686–1761) amach de shaothar Sir James Ware[q.v.] a luadh é ar dtús, b’fhéidir, ní foláir nó is ann a fuair Éadbhard Ó Raghallaigh[B6] an tagairt atá aige faoin mbliain 1661: ‘In this year Richard Mac Giolla-Cuddy, or Archdekin, an Irish Jesuit, printed at Louvain an essay on Miracles, in English and Irish’ (A Chronological Account of nearly Four Hundred Irish Writers, 1820) ··· Deir Charles Mac Neill [Cathal Mac Néill B6]: in Publications of Irish interest published by Irish authors on the Continent of Europe prior to the 18th century, 1930 gurb é atá sa chuid sin den leabhar ná Suim bhunudhasach an teaguisg Chríosdaidhe ..., 1663 le John Dowley [Seán Ó Dubhlaoich q.v.]
An bhfuil an tóraíocht fhada thart?’ Nóta tráchta breise Deir Brian Ó Dálaigh ina aiste, “Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000, in eagar ag Ciarán Ó Murchadha) gurbh é Barún a scríobh ó bhéal Mhichíl Uí Raghallaigh [B6] in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman
In 1812 d’iarr Coimisinéirí na dTaifead Poiblí air dréachtchlár de na lámhscríbhinní i gColáiste na Tríonóide a ullmhú agus d’fhostaigh sé Éadbhard Ó Raghallaigh[q.v.] chun cur síos ar na cinn Ghaeilge (an réamhrá a cuireadh le Catalogue of the Irish manuscripts in the library of Trinity College, Dublin, 1921 compiled by T.K ··· Thacaigh Seán Ó Donnabháin leis an gCoinníollánach
Scríobh sé litir chuige ó Chlub Shráid Chill Dara in 1833 agus liostaigh na lámhscríbhinní a bhí aige agus thug eolas ar staid na teanga ina cheantar féin (Ní Shéaghdha) ach dúirt nár scoláire Gaeilge é féin: ‘early habits and education were not favourable to vernacular adoption of our native language.’ Dhéanadh Seán Ó Donnabháin[q.v.] obair dó; do Mhaolmórdha Mac Dubhghaill Uí Raghallaigh a d’aistrigh sé The Book of Fenagh in 1828 agus is in Heath House, mar a raibh leabharlann bhreá, a chaith sé tamall de 1830 tar éis gur bhris ar a shláinte ··· Cheannaigh sé cuid dá raibh ag Éadbhard Ó Raghallaigh[q.v.] nuair a cuireadh ceant orthu ··· Tá eolas faoina shaol agus faoi stair na clainne ag a mhac Myles George O’Reilly (d’éag 1912) sna micreascannáin P1029 agus P1030/1 sa Leabharlann Náisiúnta mar a bhfuil freisin na litreacha a chuir Éadbhard Ó Raghallaigh chuige mar aon lena lán dá litreacha féin, agus blúiríní dá dhialann ··· D’aistrigh sé ábhar a bhain le muintir Uí Raghallaigh, ina measc na hiontrálacha a bhain leo in Annála Ríoghachta Éireann, le linn dó bheith ann in 1830
In 1906 phós sé Eibhlín Ní Raghallaigh ó Dhún Dealgan ach cailleadh í i 1908 ··· Is é a thug Seán Ó Baoill air: ‘The man who re-discovered Gaelic Ulster’
Ó Máille [q.v.], Seán Mac Réamoinn, Tomás Ó Raghallaigh [B2] agus daoine eile
Leslie in Biographical succession lists of Kilmore (NLI MS 2685), ag Éadbhard Ó Raghallaigh[B6] in A Chronological account of nearly Four Hundred Irish Writers..., 1820 agus ag Donal O’Sullivan[B3] in Carolan: The Life and Times of an Irish Harper, 1958 ··· Is mar seo a chuir Seán Ó Donnabháin[B6] síos air i litir a sheol sé ón gCabhán ar 28 Bealtaine 1836; ‘This Philip McBrady, the Dean Swift of Cavan, was a native of the Parish of Drung and a Parish Priest until he embraced the aristocratic religion of the State, for which he handed down his name to posterity as Philip Ministir,’ Deir D ··· Is é a bhí le rá ag Ó Raghallaigh faoi: ‘He was a man of great wit, a good scholar, and particularly well-versed in the language of his country
Chum sé dán le linn dó a bheith ina shaighdiúir agus tá sé i gcló ag Morley (Seán Ó Mainnín a chuir in eagar) in Eighteenth-Century Ireland, 1993 (‘Aodh Buí Mac Cruitín: File Gaeilge in Arm na Fraince’) ··· Bhí seanúdair ar nós Mhichil Uí Raghallaigh[B6] agus Shéamuis Mhic Cruitín ar aon fhocal gurbh i gCill Mhic Creiche a d’éag sé in 1755 agus gurbh ann a cuireadh é
Mar seo a bhorr an fhoirm úd, de réir cosúlachta – scríobh an file dán díreach agus, ansin, le go dtuigfí é i measc an phobail choitinn, chuir sé véarsa nó dhó leis i meadaracht scaoilte an amhráin.’ Shíl Éadbhard Ó Raghallaigh [B6], Seosamh Laoide [B1] agus Ó Muireadhaigh gurbh i gCréamhainn a rugadh é – mhol sé an dúiche go hard i ndán leis: i gContae Lú atá an áit sin dar leis an Raghallach ach deir an Laoideach go mb’ionann Créamhainn agus paróiste Dhroim Conrach i gContae na Mí (‘a native of the far north of lower Meath’) ··· Is leor le Seán Ó Gallchóir i ndeireadh báire a rá gurbh in Ó Méith, Co