Líon alt a aimsíodh: 16
Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin ··· Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E ··· Tá gan amhras cuntais ghairide iontaofa in: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge: Who’s who in Irish writing (1998) in eagar ag Gearóidín Uí Nia; Oxford Companion to Irish Literature (1996) in eagar ag Robert Welch ··· Sa Mhainistir Thuaidh ba é an Bráthair Seán E ··· Thug scoláireacht Bhardas Chorcaí é go Coláiste Ollscoile Chorcaí 1968-71 mar a raibh tionchar air ag an Ollamh Seán Ó Tuama, ag an bhfile Seán Ó Ríordáin, a bhí ina léachtóir páirtaimseartha ann, agus ag Seán Ó Riada
Faoina aistí in The Irish Times, deir Seán Ó Mórdha: ‘Colún é seo go bhféachfar air amach anseo mar chuid an-tábhachtach de stair litríochta na Nua-Ghaeilge’ (in ‘An Púca Léannta’, An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, 1980) ··· In Filí faoi sceimhle: Seán Ó Ríordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978 deir Seán Ó Tuama: ‘Sa leabhar seo tráchtaim ar an mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí liom ón 17ú haois i leith ...’ Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘I dtuairim a lán léirmheastóirí, is é Seán Ó Ríordáin mórfhile Gaeilge na linne: tá cuid acu a dhearbhaíonn gurb eisean is fearr ó aimsir Uí Bhruadair i leith’ ··· Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978 ··· De na Ríordánaigh Bhreaca a athair Seán, gréasaí ··· Seán an páiste ba shine agus bhí deirfiúr amháin, Bríd, agus deartháir, Tadhg, aige
Ba iad Seán Ó Direáin agus Mairéad Ní Dhireáin a thuismitheoirí ··· Bhí sí ar feadh trí bliana i Meiriceá arís sular phós sí Seán Ó Direáin: bhí ceathrar clann acu agus ba é Máirtín an duine ba shine ··· ‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993) ··· I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Foilsíodh Carraig agus Cathair: Ó Direáin, 2002 le Isobel Ní Riain
Casadh Seán Mac Gearailt ó Bhaile Deasumhan, Co ··· Bhí sí pósta ar Sheán Ó Conchubhair (a bhí ina Rúnaí ar an Roinn Oideachais i bhfad ina dhiaidh sin) ach d'éag sí ar 6 Iúil 1939, seachtain i ndiaidh di leanbh mic a thabhairt ar an saol ··· Chaoin Máirtín Ó Direáin í : Beo bíogúil bhís, Aerach croíúil bhís, Cuideachtach caidreamhach bhís, Éirimeach ildánach bhís, I dteach do mhuintire Ag fleá nó féasta, Fial flaithiúil bhís ··· Bhí Máire agus Seán ina gcónaí ar feadh tamaill fhada i nDeilginis ··· D'éag Seán Mac Gearailt i 1959
Chaoin Breandan Kennelly, Aidan Carl Mathews, Máirtín Ó Direáin, John Montague, Pádraig Ó Fiannachta, Paul Durcan ··· Léiriú áirithe ar a mheas ar an bhfilíocht an turas a thug sé ar Chúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh 2 Feabhra 1977 nuair a bhí Seán Ó Ríordáin [B3] ag fáil bháis ann: ‘Ní fhéadfadh aoinne bheith níos deise, níos míne, níos muinteartha liom, ná níos imníchí fúm’, a dúirt an file (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 le Seán Ó Coileáin)
Bhí seisean agus beirt dá dhlúthchairde, Seáinín Tom Ó Direáin agus Jamesy Ó Flaitheartaigh (seanathair an chraoltóra Máirtín Jamesy), a raibh an-chion ag páistí Sheosaimh orthu, ag filleadh i gcurrach tar éis turas na Cruaiche ··· Phós sé Caitlín Ní Uallacháin ó Bhaile Sheáin, Co
., 1995 deir Seán Ó Tuama: ‘His poetry in Irish exudes an intimate lyric magic; indeed his poetic voice is more lucid, more natural perhaps, in his Irish poems than those in English.’ Tá gearrchuntas a mhic Niall ar fáil ar an idirlíon ··· Dúirt sé leis an Drisceolach gur le linn seisiúin léitheoireachta le Máirtín Ó Direáin[q.v.] in Amharclann na Péacóige a labhair sé go poiblí a chéaduair faoin mian seo ··· Cuireann Seán Lysaght béim ar thábhacht na Gaeilge ina shaol fileata in Poetry Ireland Review 16, 2000 (‘Michael Hartnett: An Appreciation’)
Chuir sé eagar ar sé cinn de ‘Leabhair na Bliana’ an Chumainn a d’fhoilsigh An Clóchomhar: An díthreabhach agus scéalta eile as Comhar (1977), An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin (1980), Léachtaí Uí Chadhain (1989) a raibh baint aige lena n-eagrú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Leath na spéire (1992), Ón ulán ramhar siar (2003) agus Máirtín Ó Direáin - na dánta (2010) ··· Mhaígh Seán Ó Mórdha ag an aifreann éagnairce: ‘Ní féidir gan Eoghan a lua agus seachtó bliain Comhar á chomóradh i mbliana; ba é Eoghan Ó hAnluain an t-eagarthóir ab fhearr ar fad ag an iris.’ Ba é a thuairim freisin ná gurbh iad Denis Donoghue [1928–], John Jordan [1930–88] agus Eoghan an triúr den aos critice ab fhearr dár chothaigh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sna caoga bliain sin ó 1960idí na haoise seo caite amach ··· Leabhar bliana eile arbh é a mhol go bhfoilseofaí é is ea Ding agus scéalta eile (1983) le Seán Mac Mathúna ··· Ar na leabhair eile le hEoghan a d’fhoilsigh an Clóchomhar tá Seon Ó hUaithnín (1973) agus Máirtín Ó Direáin: dánta 1939-79 (1980)
Peige Sheáin Tommy Ní Chonghaile ab ainm dá mháthair ··· Léigh sé an dán ‘Cuimhní cinn’ ar an gclár An Charraig Stoite faoi Mháirtín Ó Direáin a rinneadh sa tsraith Anamnocht ar TG4 in 2003 ··· Rinne Seán Ó Cualáin clár teilifíse faoi féin in 2003 freisin ar éirigh go maith leis
I dtosach 1922, d’iarr Seán Ó Cuív air dul ag obair sa Freeman’s Journal ag aistriú nuachta do cholún dar teideal ‘Cúrsaí an Lae’ ··· Dúirt Máirtín Ó Direáin ina thaobh: ‘Nuair a léas Mo Chara Stiofán, dúirt mé liom féin, dá bhféadfainn mo dhóthain léitheoireachta den tsaghas sin a fháil i nGaeilge gur chuma liom Béarla agam ná uaim...
Chuaigh sé i léig nuair a fuair sé bás (Máirín Ní Mhuiríosa[B1] in Scríobh 5, 1981, in eagar ag Seán Ó Mórdha) ··· Scríobh Máirtín Ó Direáin marbhna ‘An Niachas d’éag’ (i gcló ar dtús in An Glór 4 Márta 1944)
Mhair a deirfiúr Julia go raibh an céad aici agus ag am a bháis bhí 98 ag a deartháir Seán, scéalaí
I gCreig an Chéirín san oileán a rugadh Éamonn 17 Meán Fómhair 1922; ba é an t-aon leanbh é ag a mhuintir, Seán Ó Tuathail agus Mairéad Ní Dhireáin ··· San alt ‘Cloichín ar Charn’, Comhar, Bealtaine 1988 cuireann sé síos ar an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Direáin[q.v.] ó bhí sé ina ghasúr in Árainn
Is léir ar thagairtí san eagrán sin de Innti go raibh eolas maith aige ar shaothar filí mar Liam Ó Muirthile, Micheal Davitt [q.v.], Nuala Ní Dhomhnaill, Seán Hutton, Liam Prút agus Ciarán Ó Coigligh ··· Níl d’aistriúcháin eile ar dhánta filí Gaeilge ó 1940 ar aghaidh ann ach ar shaothar le: Máirtín Ó Direáin [q.v.], Sean Ó Ríordáin [q.v.], Máire Mhac an tSaoi, Nuala Ní Dhómhnaill agus Cathal Ó Searcaigh
Thuigfeá gurbh é an tuairim a bhí ag Kuno Meyer[B2] de timpeall an ama seo (Kuno Meyer 1858–1919, a biography, 1991 le Seán Ó Lúing) go mba dhuine aonaránach é nach meascadh le mic léinn eile agus nach léadh a dhóthain den Bhéarla ··· Rinne sé eagarthóireacht ar leabhair a dhearthár Micheál agus thug cúnamh le heagarthóireacht a dhéanamh ar Sgéalaidhe Leitir Mealláin, 1926 agus ar Sgéalta na nOileán, 1929 a scríobh Peadar Ó Direáin
Timpeall an ama seo bhí Ó Fearchair ag iarraidh feirm a roinnt ar chuid de mhuintir an oíleáin agus bhí fear darb ainm Ruairí Ó Direáin ag iarraidh é a cheannach ··· Bhaineadh Seán Ó Conchubhair [B2] leas as i 1926 sa chéad sraith riamh de cheachtanna Gaeilge a chraol 2RN