Líon alt a aimsíodh: 46
Sa réamhrá a chuir Bo Almquist leis an tríú heagrán de Leabhar Sheáin Í Chonaill i 1976 dúirt sé: ‘Mura mbeadh Seán, b’fhéidir ná cuirfí ar a shúile riamh do Shéamus Ó Duilearga .. ··· Sa tréimhse 1923 go 1931 thug Séamus Ó Duilearga dhá chuairt déag ar Sheán Ó Conaill i gCill Rialaigh i bparóiste an Phriaire timpeall 14 mhíle ó Chathair Saidhbhín ··· Ar 21 Eanáir 1853, dar leis an Duileargach, a rugadh Seán Ó Conaill i gCill Rialaigh ··· Foilsíodh leagan Béarla le Máire MacNeill faoin teideal Seán Ó Conaill’s book: stories and traditions from Iveragh, 1981 ··· B’fhéidir, mar sin, mura mbeadh Seán, ná beadh againn inniu ach iarsmaí scaipthe den bhéaloideas seo againne, agus iad sin féin curtha as a riocht, in ionad ceann de na cartlanna is mó tábhacht ar domhan’
Gur léigh Seán Ua Súilleabháin agus Donncha Ó Conaill páipéar ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar 2 Nollaig 1995 níorbh fhéidir a rá go soiléir cérbh é féin ··· I mBaile Mhic Íre in Eanáir 1996, sheol an Dr Seán Ua Súilleabháin fístéip ar a shaothar agus a shaol ··· I lámhscríbhinní Roinn Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, d’aimsigh Seán tagairt ag Seán Ó Cróinín[q.v.] do mhuintir a mháthar: gur bhean de mhuintir Iarlaithe na Tuinne í ··· Bhí a fhios go raibh gaol ag Micheál le Conchubhar Ó Deasumhna[B4] agus rinne Seán amach go mba dheirfiúracha iad máithreacha na beirte ··· Níl sé cinnte cá bhfuil na Leaca ach tuairimíonn Ua Súilleabháin agus Ó Conaill gurb é Leaca na Stuaice é, dhá mhíle ó Chnoc na Graí agus cúig mhíle ó Chuileann Uí Chaoimh
I lámhscríbhinn amháin tugtar ‘Seán mac Muiris Ó Conaill’ air agus tuairimítear gurbh é sin an Muiris i gCathair Bhearnach a aistríodh go Lios Dún Bhearna, Co ··· Cé go leagtaí dánta eile air, ní heol go cinnte gur scríobh sé aon dán eile seachas ‘Tuireamh na hÉireann’ (nó ‘Aiste Sheáin Uí Chonaill’) ··· an Chláir, agus a raibh Seán ar dhuine dá mhic
Níl amhras ach gur mhisnigh sé daoine ina dheoise, agus go háirithe i gColáiste Iarlatha, chun an teanga a shaothrú—Uilleog de Búrca[B1], Peter Yorke [B2], Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh[B1], Seán Mac Fhlainn[B3], Micheál Ó Lócháin[B3]; gur spéis leis dánta agus prós Gaeilge a scríobh; agus gan amhras gurbh é an t-aon duine de cheannasaithe na heaglaise Caitilicí Rómhánaí a rinne aon dícheall ar son na teanga ··· Is mar seo a thugann Uilleog de Búrca a líne ghinealaigh: Seán mac Phádraic, mac Mhaolmhuire, mac Shéamuis, mac Riocaird, mac Shearuin, mac Mhaolmhuire ··· Bhí uncail leis ina shagart paróiste in Ardachadh agus cinneadh Seán a chur le sagartacht ··· Thacaigh sé go tréan le Domhnall Ó Conaill i ngluaiseacht Reipéil agus ba é Ó Conaill a thug an teideal ‘The Lion of the fold of Judah’ air ··· Agus é ag plé na bhfáthanna a bhí le bunú chathaoir na Ceiltise i gCorcaigh in 1849, cuireann Neil Buttimer (The Irish Review, geimhreadh 1995) an cheist: ‘Ar theastaigh ó Rialtas na linne baill áirithe den gcliarlathas Caitliceach ar nós Sheáin Mhic Héil, ardeaspag Thuama, a mhealladh
Sa réamhrá, deir an bailitheoir: ‘Dob iad an bheirt ba fhearr chun scéalaíochta a casadh im threo le linn na haimsire a chaitheas sa Phriaireacht (1923-1930) ná Seán Ó Conaill [B4] i gCill Rialaig agus Seán Chormaic Í Shé i gCurrach na nDamh ··· In Cnuasach Andeas: scéalta agus Seanchas Sheáin Í Shé ó Íbh Ráthach, 1963 in eagar ag Séamus Ó Duilearga [B5], tá i gcló cuid den ábhar a bhailigh seisean ón seanchaí seo, breis agus céad píosa, idir scéalta, sheanchas agus amhráin, i rith Lúnasa 1925 - Deireadh Fómhair 1934 ··· In Béaloideas 1V, 1933-4 deir sé gur tháinig Seán féin chuige ag iarraidh air a chuid scéalta, seanchais agus amhrán a scríobh síos uaidh, é á ra nár mhaith leis go gcuirfí in éineacht leis san uaigh iad ··· I bhFómhar 1925, thug Tomás Ó Rathile[B2] a chéad chuairt ar an bPriaireacht agus chaitheadh sé féin agus an Duileargach oícheanta seanchais i dteach Sheáin Chormaic
Ba é a spreag spéis sa bhéaloideas ina nia, Dr Seán Ó hEochaidh ··· Bhí beirt deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha ar dhuine díobh Máire, máthair an Dr Seán Ó hEochaidh ··· Bhí post aige sna scoileanna seo i nDún na nGall: Leac Conaill, Ard an Rátha (1915-16); Málainn Bhig (1916-20); An Chaiseal, Gleann Cholm Cille (1920-31)
Bhí nóta gairid ag Seán Ó Dálaigh[B6] in Poets and Poetry of Munster agus dúirt gurbh as Áth na gCaorach dó ··· Tá an tagairt seo dó ag Pádraig Ó Fiannachta in Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad, Fasc, VI, 1969 (‘Páipéir le Peadar Ó Conaill’): ‘Leabhar Shéamais Doctúir Mac Consaidín d’fuireach ag Tomás [..Ó] Griofaidh a nUibh Breacain.’ Tá 14 dánta dá dhéantús liostaithe ag Ó Fiannachta ··· This is how he was spoken about in Annageeragh where he lived for some time: “He was very useful to the sick people of that remote locality when a doctor was not near”.’ Chaoin sé Seán de Hóra[q.v.]
Bhí comhfhreagras aige le Mícheál Óg Ó Longáin [q.v.], le Peadar Ó Conaill[q.v.], le Pól O Briain [q.v.], le Patrick Lynch (1754-1818) [q.v.] agus le James Hardiman [q.v.]; tá litreacha a chuir sé féin agus Ó Briain chuig a chéile i gcló ag Pádraig de Brún in Éigse Iml ··· Chnuasaigh sé os cionn fiche lámhscríbhinn le filí mar Eoghan Ó Caoimh agus Seán Ó Murchú na Ráithíneach, agus cheangail agus chóirigh iad ··· Dr Murphy [Seán Ó Murchú q.v.], Bishop of Cork, was their president ··· Ba é Seán Ó Dreada [q.v.] a chuir an fheartlaoi ar a leac uaighe
an Chláir, agus chuir eagar ar a raibh ar fáil dá dhánta, in Seán de Hora, 1956, 25 dán atá ann, ina measc an ceann is iomráití díobh, ‘Aithrí Sheáin de hÓra’ ··· Thóg Seán ceárta i nDún Átha, cúpla míle ó dheas ó Chill Chaoi ··· Is ar cuireadh uaithi a chuaigh Seán go Cluain Fhíne mar ghabha geata ··· Bhí ceárta aige taobh amuigh de gheata Mhic Mhathúna, Bhí meas aigesean ar na filí agus chaoin Seán é agus ‘uaisle na gCluainíneach’ ··· Nuair a cailleadh í tuairim 1776, d’fhill Seán ar Dhún Átha
Chaoin sé Sir Michael O’Loghlen (1789-1842) agus Domhnall Ó Conaill, agus scríobh dánta ag moladh William Smith O’Brien agus Seáin Mhic Héil[q.v.]
Fionán Mac Coluim [B1] a mhol in 1923 go dtabharfadh sé cuairt ar Sheán Ó Conaill [B4] i gCill Rialaigh chun go gcuirfeadh sé slacht ar a chuid Gaeilge ··· Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Irish folk tales edited with introduction and notes (1942) (scéalta a bhailigh Jeremiah Curtin); The Gaelic storyteller (1945); Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948); Seanchas ón Oileán Tiar (1956) (scéalta a bhreac Robin Flower[B3] ó Thomás Ó Criomhthain[q.v.]); agus an cnuasach scéalta ó Stiofán Ó hEalaoire[B1] ar chuir Dr Dáithí Ó hÓgáin eagar air ··· Tá cnuasach a bhreac sé ó Sheán Ó Sé ó Uíbh Ráthach i gcló in Béaloideas 29, 1961
Buachaill cliste ba ea é agus i Scoil Uí Conaill bhuaigh sé scoláireacht John Sweetman [q.v.] go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ··· D’fhoilsigh an Gúm péire cnuasach gearrscéal leis, Cois Life, 1936 le Seán Sabháiste, agus Aill an Ghabhair agus scéalta eile, 1940 le Seosamh Ó Tórna ··· Chuir sé olc air nach faoina ainm cleite ‘Seán Sabháiste’ a foilsíodh an dara cnuasach
Domhnall Ó Conaill, a ghiománach, agus Seán Beag Ó Súilleabháin, cuireadh a gcloignesean in aice leis ··· Tá ‘Marbhna do Sheán Puxley’ i gcló ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chómhursain, 1937 ··· D’fhill sé abhaile agus phós bean de mhuintir Shúilleabháin ó Ros Mhic Eoghain agus bhí mac amháin acu, Seán na hlnse
Is ann a cuimhníodh i dtosach ar an iris Banba a fhoilsiú agus bhí baint ag na Draoithe (Nioclás Ó Cuimín, Feardorcha Ó Conaill agus a gcomhluadar a bhunaigh an iris An tEurópach) leis an áit freisin ··· Tá dán leis an ‘Ard-Draoi’ [Feardorcha Ó Conaill] [B2] dar teideal ‘An Stad: To Let’ san iris chéanna 7 Deireadh Fómhair 1905: ‘Is ann do dhíoltaí na píopaí ba néata,/ Sceana agus pouches is togha sigiréidí/ An Píobaire, an Róisín, ’s an Nóinin Gaelach -/ Snaois is tobac dob fhearra bhí in Éirinn’ ··· Tháinig Pádraig Archer [q.v.] ó Gloucester agus bhí ann freisin Séamus Ó Fiannachta [q.v.], an Dr Marcas Ó Roighin [B1], Art Ó Griofa, Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] [q.v.], Pádraig Ó hAichir [q.v.], Séamus Mac a’Bhaird[q.v.], Donnchadh Ó Liatháin [q.v.] ó Bhéal Feirste, Dónall Ó Duibhne ón Spidéal, Éamonn Ó Néill [q.v.] ó Chionn tSáile, Tomás Ó hAodha[B2] agus go leor eile ··· Foilsíodh An Stad: croílár na hAthbheochana, 1993 le Seán Ó Cearnaigh ··· Deir Seán go bhfuil imleabhar ar iarraidh
D’fhreastail sé ar Choláiste Laighean agus bhíodh Seán Ó Conaill, Ciarraíoch a bhí ag obair in oifig An Claidheamh Soluis, ag tabhairt ceachtanna príobháideacha dó ··· Bhíodh sé ag foghlaim ó Sheán a’ Chóta freisin
Nuair a rugadh Garrett i 1926 ba í Mairéad de Brún, Bean Sheáin Mhic an tSaoi, a bhí mar chairdeas Críost aige
Scríobh Seán Pléimeann [B1] ina thaobh (Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 29 Iml ··· Le Dónall Ó Conaill a bhí sé ag tacú ar dtús ··· Ó Sheán Pléimeann a fuair Pádraig í agus dhíol ar ball í leis an gCaisideach
Dúirt Seán Ó Donnabháin [q.v.], ar chara saoil aige é, gurbh i gceantar Chathair na Mart, Co ··· Cúpla bliain ina dhiaidh sin a thosaigh sé ag bailiú lámhscríbhinní agus ag fostú scríobhaithe mar Sheán Ó Donnabháin, Finghin Ó Scanaill agus Séamus Ó Scoireadh [q.v.] ··· I measc na lámhscríbhinní a dhíol sé bhí an foclóir mór a rinne Peadar Ó Conaill [q.v.]
As cuntas le Seán Ó Dálaigh [q.v.] in Iml ··· Theastaigh uaidh uair a bheith ina bhall den Chumann Reipéil agus bhí sé sásta éirí as a phost, ach thug Domhnall Ó Conaill air gan sin a dhéanamh ··· did, out of his private fortune in a provincialised city, that which opulent nobles and princes have sometimes done in free States, largely fostered native literature and art.’ Cara ba ea é freisin le Seán Ó Dálaigh [q.v.] agus Seán Ó Donnabháin [q.v.]
Luimnigh, ba ea a tuismitheoirí, Seán Ó Conaill agus Caitlín Ní Líonáin ··· Gheofar eolas ar an bhfile Gaeilge is Béarla seo in: The white page/An bhileog bhán: twentieth-century women poets (1999), in eagar ag Joan McBreen; ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995); in alt le Risteárd Ó Glaisne in An tUltach, Deireadh Fómhair, 1991; agus in agallamh a rinne sí le le Siobhán Ní Fhoghlú in Comhar, Meán Fómhair 1991
Bhí sé cairdiúil le Domhnall Ó Conaill agus thug cuairt air i bpríosún go bhfuair síntiús
Níl á lua anseo ach na daoine in Beathaisnéis a rinne ceirníní do Doegan agus a chomhghleacaithe: Amhlaoibh Ó Loingsigh [B5], Diarmuid Mac Coitir [B5], Seán Ó Conaill [B4], Pádraig Mac Meanaman [B9], Aodh Ó Dubhthaigh [B1: 68], Domhnall Bán Ó Céileachair [B4: 97], Pádraig Ó Cruadhlaoich [B1], Conchúr Ó Síocháin[B1], Micheál Ó Cionnfhaolaidh [B4], Micheál Turraoin [B5], Labhrás Ó Cadhla[B3], Fionán Mac Coluim [B1], Tomás Ó Lócháin [B5], Stiofán Ó hEalaoire [B1], Seán Ó Domhnaill [B1]
In The Tribes of Ireland, 1852, le nótaí Sheáin Uí Dhonnabháin[B6], a d’fhoilsigh Séan Ó Dálaigh[B6], tugtar ginealeach mhuintir Dhálaigh mar a leag an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh[q.v.] amach é ··· Is léir gur chaith Seán Ó Dálaigh dúthracht le foilsiú an dáin ··· Thug Owen Connellan[B6] ar iasacht dó cóip a bhí leasaithe agus ceartaithe ag Peadar Ó Conaill[B6]; i seilbh an Tiarna George Augusta Hill[B6] a bhí an bhunscríbhinn
Bhí muintir Uí Chléirigh ina n-ollúna ag Cineál Conaill le fada ··· Fuair sé pátrúnacht ó Thoirdhealbhach Mac Cochláin[q.v.] chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ a chur le chéile agus is ag an bpointe sin a liostáil sé Fear Feasa Ó Maoilchonaire, Cúchoigríche Ó Cléirigh[q.v.], a chol naonúir, agus Cúchoigríche Ó Duibhgeannáin mar chúntóirí: sin iad na fir a d’ainmnigh Seán Mac Colgáin[q.v.] in Acta Sanctorum Hiberniae mar na Ceithre Máistrí (‘The Four Masters’ le Pól Breathnach in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 agus Studies, 24, 1935); thug deartháireacha Mhichéil, Maolmhuire Ó Cléirigh (An tAthair Bernardin OFM) agus Conaire Ó Cléirigh, agus Muiris Mac Torna Uí Mhaoilchonaire cabhair freisin ··· He has written his name large across the history of his country and has left it engraved indelibly on the hearts of all his countrymen.’ Níor foilsíodh Annála Ríoghachta Éireann go dtí 1848–51 nuair a tháinig na seacht n-imleabhar in eagar ag Seán Ó Donnabháin[B6] amach ··· A calendar of the saints of Ireland (1864) aistrithe ag Seán Ó Donnabháin agus in eagar ag James Henthorn Todd agus William Reeves; Genealogiae regum et sanctorum Hiberniae by the Four Masters (1918) in eagar ag Pól Breathnach
An fear céanna a chuir eagar ar William Smith O’Brien—Ireland—1848—Tasmania, 1989, ina bhfuil nóta ag Seán Ó Lúing ar ‘William Smith O’Brien and the Irish Language’, agus ar ‘To solitude confined’: the Tasmanian Journal of William Smith O’Brien, 1849-1853, 1995 ··· Faoi 1846 bhí sé níos gaire do na hÉireannaigh Óga agus bhí ar son an oideachais neamhsheictigh agus na gcoláistí ollscoile nua a raibh Ó Conaill ina n-aghaidh ··· Deir Richard Davis ina bheathaisnéis: ‘His policies, shared with others, encouraged an Irish-Ireland philosophy, an Irish language revival, the development of Irish manufactures, and Irish cultural promotion through libraries, museums and mechanics’ institutes.’ Tuairiscíodh in The Nation 3 Lúnasa 1844 gur cháin sé an rialtas go géar i dtaobh a neamhaird ar an nGaeilge agus gur mhol go mbeadh foilseacháin Sheáin Mhic Héil [q.v.] ar fáil i seomraí léitheoireachta Reipéil; bhí ar intinn aige féin Gaeilge a fhoghlaim ··· Ar 13 Feabhra 1845 scríobh Seán Ó Donnabháin [q.v.] chuig John Windele [q.v.]: ‘We have opened an Irish class in the Royal Irish Academy, without the FULL consist [sic] of the Council, but I fear they will dissolve it, as the students are principally radicals and papists ··· Ach fiú agus é ar deoraíocht sa Tasmáin scríobh sé chuig Kevin Izod O’Doherty (1823-1905) in 1849: ‘I feel as much desire to acquire the old language of our dear Fatherland as if I were going home tomorrow’, agus is le línte tosaigh ‘Bánchnoic Éireann Óighe’ a chuir sé tús leis an litir (Seán Ó Lúing)
Bhí sé pósta ar neacht le Peadar Ó Conaill (q.v.), foclóirí, agus bhí Eoghan Ó Comhraí[q.v.] ar scoil ag a athair ··· Thabharfá leat as litir a scríobh Micheál Ó Súilleabhain, Cill Rois, garmhac le hEoghan Rua Ó Súilleabháin (q.v.), chuig Seán Ó Dálaigh (q.v.) ar 26 Lúnasa 1844 go gcaitheadh Joe Críonna go fial le scoláirí: ‘I have been speaking to Mr Kett… he has kindly promised me the contents of his collection and also the lone [sic] of what you may select…’ (i gcló in Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá (Ó Drisceoil 2007) ··· (2007) Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá
Scríobh Seán O'Casey i litir i 1954: "So Séamus of 'The watchword of Labour' is dead ··· Fuair Seán Lemass 17,297 in aghaidh 16,340 ag Séamus ··· Nuair a d'éag Stiúrthóir Cúnta 2 RN Feardorcha Ó Conaill, i ndeireadh 1929, ceapadh Séamus chun feidhmiú ina áit
Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh ··· Bhásaigh triúr de na deartháireacha go hóg, duine acu, Micilín, den teiteanas, gan aige ach dhá bhliain go leith; agus beirt eile, Seán agus Eoghan, bádh iad nuair a d’imigh a mbád le sruth i dtreo na gcarraigeacha idir Cuas Crom agus Leic Chaoil agus gur tiomáineadh amach iad i dtreo Chuas an Mhadra ··· Bhí Deasún Ó Conaill, a bheadh ina ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath agus ina chairdinéal, in aon rang leis ··· Breatnach, agus Seán Ó Tuama mar theagascóir aige ··· Cailleadh a dheirfiúracha Eibhlín agus Máire agus a dheartháireacha Eoghan, Séamus, Seán, agus Mícheál roimhe
Chuaigh sé ar scoil chuig Seán Ó Nuanáin a ndeirtí faoi gurbh é an múinteoir ab fhearr i gCúige Mumhan lena linn é ··· B’shin Peadar Ó Conaill[q.v.], a bhíodh ina óige ag múineadh scoile sa Charn, nó An Cheathrú Dhóite, i ngar do Chill Rois, fear a bhféadfaí a rá faoi go raibh sé ar an scríobhaí ab fhearr agus ar an scoláire Gaeilge ab fhearr sa tír lena linn’ (Liam de Paor sa réamhrá a chuir sé le Tomás Ó Míocháin: filíocht (1988) le Diarmaid Ó Muirithe) ··· Ar Sheán Lúid[q.v.] agus ar Thadhg is mó a bhí drochamhras, cé go n-ainmnítear Micheál Coimín, file, freisin ··· Ina litir ó Chontae an Chláir scríobh Seán Ó Donnabháin[q.v.]: ‘Old Mr Casey of Dublin, the herbalist and Irish Serapion, frequently told me that it is a well known fact that this inscription was forged by John Lloyd, a schoolmaster in the County of Clare, who composed several political Irish songs, and published an account of the same [forged] monument; that O’Flanigan was well aware of this generally credited report but suppressed it in his paper published in the Transactions of the RIA, and that, when Mr Casey stated before the then Chief antiquaries of Dublin that it was always believed in Munster that the Ogum on the Callen Mountain was forged by John Lloyd, O’Flanagan was so hurt that he exclaimed: “May the Devil jump into that fellow’s heart!”.’ Scríobh Séamus Mac Cruitín[q.v.] an dán ‘Chum Uilliam Uí Ghráda noch a dúirt gur léigh sé féin an líne oghaim atá ar lic Chonáin i gCallann’ ··· He had married the sister of Colonel Harvey Morris, who was co-heiress to an estate for the recovery of which he commenced a law suit which terminated in his favour a few months before his death.’ Chuir sé nóta chuig Peadar Ó Conaill[q.v.] 21 Bealtaine 1812 á rá leis go mb’fhéidir go gceannódh an ‘Gaelic Society’ i Luimneach a chuid leabhar uaidh (Eilís Ní Dheá in Dál gCais, 1991)
I gConradh na Gaeilge tháinig sé faoi anáil Sheoirse Uí Eireamhóin[q.v.], Shinéad Ní Fhlannagáin[q.v.], Thomas Mac Partland[q.v.] agus Sheáin Uí Chathasaigh[q.v.] ··· Le linn dó a bheith ag fanacht i dteach mhuintir Sheáin Uí Dhálaigh i Luimneach i dtosach 1917 thosaigh sé ag bunú complachtaí de na hÓglaigh sa chathair sin ··· Thacaigh sé lena sheanchara Seán O’Casey i gcás an Silver Tassie ··· Bhronn an Club Leabhar a phortráid le Seán Ó Súilleabháin air (tuairiscí in Inniu 19 agus 26 Nollaig 1958) ··· Bhí sí in aon lóistín le Louise Gavan Duffy[B1] i nDroim Conrach ag an am agus ba í Méadhbh Nic Conaill[q.v.] a chuir in aithne d’Earnán í
Tá cuntas ar a mhuintir ag Seán Ua Súilleabháin (‘The O’Learys of Liscarrigane’) in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, edited by Pat Kelleher and Michael O’Connell ··· Ar 24 Bealtaine 1970 eagraíodh siompóisiam i Maigh Nuad in ómós dó agus labhair Tomás Ó Floinn, Seán Ó Ríordáin agus an tAthair Tadhg Ó Murchú ··· Ba iad seo a sheiceadóirí liteartha a mbeadh cead acusan amháin eagar a chur ar a shaothar: Osborn Ó hAimhirgín, an tAthair Gearóid Ó Nualláin, An Dr Feardorcha Ó Conaill, Norma Borthwick, an tAthair Risteard Pléimionn, Tomás Ó Rathile, Eleanor Knott
Ba é Seán Ó Cathasaigh[B1] an scoláire ba mhó a raibh teagmháil aige leis san ollscoil ··· Ba é Cormac Ua Conaill, 1901 an chéad úrscéal Gaeilge dár foilsíodh i gcruth leabhair ··· Is iad na haistí sa leabhar: ‘Dineen in the Gaelic League: Trouble and Strife’ (Diarmuid Breathnach); ‘The Lexicographical Contention of Mícheál Ó hIceadha and Pádraig Ó Duinnín’ (Mícheál Briody); ‘Key Witness to the Irish Song Tradition’ (Breandán Ó Madagáin); ‘Dinneen’s Dictionaries of 1904 and 1927: ‘Background, use of Historical Dictionaries and of Contemporary Informants’ (Seán Ua Súilleabháin); ‘Dinneen and Ó Dónaill’ (Máirtín Ó Murchú); ‘Dinneen’s Legacy: The Present State of Irish Lexicography’ Bhí baint mhór ag an Duinníneach le Conradh na Gaeilge sa tréimhse 1900–1909, é ina bhall den Choiste Gnó agus de na fochoistí a raibh cúraimí an litrithe, an oideachais, na timireachta agus na bhfoilseachán orthu ··· Tá portráid Sheáin Uí Shúilleabháin i gcló in An Duinníneach
was started in the island by the late Archdeacon Casey, Dan, with his classmate Sceilg [Seán Ó Ceallaigh B3], was a member of the team ··· Is beacht bríomhar an sraith cainnte a chuireann sé i mbéal Sheáin is Dhonnchadh is i mbéal a mban chéile ··· D’éag sé 19 Aibreán 1942 i dteach a nia Muiris Ó Conaill i Rinn Ard agus tá sé curtha i nDairbhre
MacSweeney; Síoladóirí (1941) le Bráthair Críostamhail [Micheál Mac Confhormaoil]; Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962) (An Clóchomhar) le hÉamonn de hÓir ··· In North Munster Antiquarian Journal 1966-7 (‘Eugene O’Curry’s Early Life: details from an unpublished letter’) cuireann Michael Herity i gcló cuntas claonta ar a shaol, anuas go dtí gur shroich sé Baile Átha Cliath, a scríobh Seán Ó Donnabháin[q.v.] in 1853, chomh maith le heolas insuime eile ··· D’fhreastalaíodh sé ar scoil oíche a bhí eagraithe ag fir óga an cheantair, leithéidí an chineáil ar thagair sé dóibh i litir chuig Thomas Larcom [q.v.] 27 Nollaig 1839: ‘the ragged, unwashed but high minded fellows that waste a vigorous but unproductive life on those inhospitable outskirts.’ Níorbh fholáir nó bhíodh sé ag foghlaim ón bhfoclóirí Peadar Ó Conaill [q.v.] a thagadh ar cuairt chuig a athair ··· Chum sé dánta comórtha nuair a toghadh Ó Conaill sa Chlár in 1828 agus The O’Gorman Mahon in 1830 ··· Gilbert ar Sheán Ó Donnabháin eolas ar bheatha Eoghain a thabhairt dó
Is é atá ann: ‘Tuireamh na hÉireann’ le Seán Ó Conaill, file in Uíbh Ráthach nárbh aon easbag é (tá an leagan is údarásaí den téacs i gcló ag Cecile O’Rahilly in Five Seventeenth Century Political Poems, 1946); aistriúchán Béarla atá bunaithe ar aistriúchán nár de dhéantús Uí Chléirigh é agus nach bhfuil ag teacht go hiomlán leis an leagan áirithe Gaeilge sa leabhar; nótaí staire a thugann stair na hÉireann anuas go dtí 1691, cé nach bhfuil an dán féin ag dul níos faide ná aimsir Chromail; ‘The Author’s Tour’, dán barrúil ina gcuireann Ó Cléirigh síos ar na daoine, sagairt go háirithe, a thug cabhair dó; liosta na síntiúsóirí
Mar shagart thug sé cabhair ar leith do Dhomhnall Ó Conaill maidir leis an gCíos Caitliceach agus throid go dian in aghaidh bíoblóirí ··· In Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1936 d’fhoilsigh Tomás de Bhál [B4] dán a scríobh an sagart seo ag iarraidh ar fhilí mar Shéamus Ó Caoindealbháin, Donncha Woulfe [q.v.], Eoghan Caomhánach agus Seán Ó Domhnaill [q.v.] cabhrú leis in aghaidh na ‘New Lights’, gluaiseacht Phreispitéireach, agus chuir a thuilleadh eolais ar fáil faoi san iris chéanna Bealtaine-Meitheamh 1937 ··· I have been requested to attend the different meetings which are to take place in my neighbourhood and you may rest assured that I will make the best use I can of the persecuted language of Ireland to stimulate my auditors, ardently and unaminously, to collect the Catholic Rent, and, believe me, that if my means were sufficient to bear me out I would willingly volunteer to preach in the Irish language in every parish of Ireland where it is understood, and by so doing, I am confident, and do boldly assert, that I would add as much to your funds as any other member in Ireland could; and should the Catholic Association encourage me, I will publish an Irish address to the peasantry of Ireland on the subject of Catholic Rent.’ Labhair Ó Conaill faoin aistriúchán úd ag cruinniú den Chumann Caitliceach ··· Dúirt Ó Conaill an méid seo freisin: ‘Mr Fitzgerald was a zealous and active clergyman; he detected two Paddy McKews [agents provocateurs Oráisteacha]; they were both well-dressed fellows and affected to be Frenchmen; they spoke broken English and said they came to get the peasantry to assist the King of France and the Catholic Association (laughter)
Micí Simí Ó Dochartaigh a athair agus ba í Máire Nic Conaill as Ard an Rátha a mháthair ··· Thug Seán Ó Baoill[q.v.] Peter Kennedy ón BBC go Gleann Fhinne agus rinne sé taifeadadh de chuid mhaith dá cheol
Bhíodh sé ag obair do Seán Ó hAnnracháin, athair Pheadar Uí hAnnracháin[B1] ··· Chum sé ‘An Buachaill Bán’ tar éis dó a bheith i láthair ag mórchruinniú a thionóil Domhnall Ó Conaill ‘i gCarraig Fhada nó ar chnoc éigin taobh leis’
Scéalta a scríobh sé do pháistí is ea: Prionsa na mbréag (1990); The good soldier Johnny Doyle (1990) (athinsint ar Johnny Doyle le Seán Ó Conaill); agus The greatest rogue in Ireland (1992) (atá bunaithe ar scéal Bhricriú)
Lean tréimhse eile príosúnachta an tréimhse sin nuair a rinneadh é a imtheorannú sa Churrach ach níor bhaol dó bheith díomhaoin: toghadh ina Theachta Dála é (An Longfort–An Iarmhí) in 1957 agus d’éirigh leis féin agus Dáithí Ó Conaill éalú as an Churrach in 1958 ··· Scar Ruairí Ó Brádaigh, Dáithí Ó Conaill agus a lucht tacaíochta ón ghluaiseacht oifigiúil Phoblachtach agus bhunaigh arm sealadach ··· Do Dháithí Ó Conaill a chuirtear síos an iarracht áirithe sin ar leanúnachas le lucht 1916, ach ba dhlúthchuid d’fhealsúnacht pholaitiúil Ruairí Uí Bhrádaigh i dtólamh an ceangal dlisteanach sin don chéad Dáil a lorg ··· Orthu sin bhí an polasaí cónaidhmeach ‘Éire Nua’ a cheap sé féin agus Dáithí Ó Conaill le chéile ··· Ba as traidisiún an Phoblachtachais a fáisceadh é, ba chomhghuaillí leis sa ghluaiseacht a dheartháir Seán ar feadh a shaoil agus lean a mhac Ruairí Óg é in Republican Sinn Féin
Loch Garman, a rugadh Diarmaid Ó Muirithe ar 11 Samhain 1935, an chéad duine clainne ag Seán Ó Muirithe (1906–1979), cainteoir dúchais agus múinteoir meánscoile as Baile Bhuirne, Co ··· Sna 1960idí, mar shaoririseoir agus mar léitheoir nuachta Gaeilge agus Béarla in RTÉ, scríobh Diarmaid scripteanna do chláir Ghaeilge agus Bhéarla, a chuir sé féin i láthair, ar a raibh Sing the peasantry (1970), sraith ar théamaí na himirce, na scoileanna scairte, an t-ionnarbadh, an imirce, Ó Conaill agus Reipéal, na tithe móra agus amhráin ón ochtú haois déag; Hands, clár ar cheirdeanna traidisiúnta na hÉireann; Voices from a hidden people, faoin Yólais, canúint Fhothart agus Ó Bairrche, Co
Duine mór le rá i saol na gCaitliceach i mBaile Átha Cliath agus cara le Domhnall Ó Conaill ba ea Ralph ··· Douglas Hyde, Seán Mac Énrí, Pádraic Pearse, and many other workers in the cause of the Irish language revival received from him substantial help and encouragement
possessed the precious manuscript.’ Thug Seán Ó Tuama nuachóiriú amach in 1961 agus tá réamhaiste aige sa leabhar sin ar Eibhlín agus Art agus a muintir agus ar an trioblóid a tharraing Art air féin, chomh maith le cuntas ar leaganacha agus a stair agus ar fhoinsí eolais ··· In Eighteenth century Ireland (‘The contemporary and later politics of Caoineadh Airt Uí Laoire’), 1993 cuireann an staraí céanna béim níos troime ar údar an dáin a chur le bonn; is é a bhreithiúnas: ‘On balance it is likely that, while its composition by the widow is not to be excluded (and a widow conversant with poetic composition could meet the demands), it was written by an unknown author or authors.’ Duine den bheirt is fiche a rugadh do Dhomhnall Mór Ó Conaill, Doire Fhíonáin, Co ··· Aintín ba ea í le Dónall Ó Conaill (1775-1847) ··· Scríobh a deartháir sa Fhrainc, Domhnall Ó Conaill, an 26 Bealtaine 1768: ‘I am sorry to learn that our sister Nelly has taken a step contrary to the will of her parents, but love will not know nor hear reason.’ Deirtear gur mhaith a máthair di, gur thuig sise nach bhféadfadh Eibhlín gan géilleadh d’fhear chomh dathúil le hArt
Tá an aiste ‘Peadar Ó Conaill, Scoláire agus Scríobhaí (1755–1826)’ le hÉilís Ní Dheá i gcló in County Clare Studies: essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000 in eagar ag Ciarán Ó Murchadha ··· Ó Broin ‘Peadar Ó Conaill 1755-1826: foclóirí agus fear léinn i gContae an Chláir’ in Feasta, Meitheamh 1977 ··· Chuaigh a nia, Anthony O’Connell, go Trá Lí agus thaispeáin an foclóir do Dhomhnall Ó Conaill ach ní bhfuair de fhreagra ón bhfear mór ach gur seanamadán a bhí san uncail, gur cur amú ama a bhí sa saothar
De réir na dtaifead ag Eaglais na hÉireann a cheadaigh Riobard phós Patrick Sullivan, ‘Scripture reader and Irish Inspector’, Abigail Sullivan arbh iníon í le Seán Sullivan, feirmeoir i bhFánshliabh, 30 Márta 1869 ··· Bhí sé mór le triúr eile mac léinn ann: Séamus Ó Séaghdha (‘An Síofra’) [B2]; Nioclás Ó Cuimín (‘Aonghus Draoi’) [B2], agus Feardorcha Ó Conaill (‘Conall Cearnach’) [B2]
Mar seo a chuireann Seán Mac Airt síos air in Fearsaid 1906–1956: “Ba duine iontach é ar mhórán dóigheanna Ó Conaill ··· Chuir Ó Conaill an dlí ar an ministir agus bronnadh damáistí réil air ··· Ní raibh aon airgead ag an ministir eile agus is ar Ó Conaill a thit sé iomlán chostais na cúise a íoc ··· Ní bhfuair sí ach onóracha den tríú grád toisc nach raibh Ó Conaill i láthair ag cruinniú de na scrúdaitheoirí ··· Deirtear go raibh Ó Conaill ag ól go trom ar feadh tamaill le cumha ina diaidh