Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
‘B’é Donnchadh Ó Buachalla an tArd-Mhaistir a bhí ar Scoil Bhaile Mhúirne le linn do Sheán bheith ag dul chúithe agus d’fhéadfa a rá go raibh Gaoluinn spártha aige siúd.. ··· Deir Donncha: ‘Cúis chradhascail go brách é, áfaig, ná raibh sé de chaoi ag Seán a sheacht n-oiread a bhreacadh síos ó Amhlaoibh; ach ar mhí-ábharaí na cruinne do tháinig cúrsaí coigiltis idir Sheán agus obair an Choimisiúin Bhéaloideasa nuair ná raibh sé ach ag fáscadh chun na hoibre, agus níor fhill sé ar an bpeann go ceann sé mblian déag’ ··· I measc na mbailiúchán a foilsíodh tá: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971); Seanchas an táilliúra (1978) (ábhar a bhailigh sé ó Thadhg Ó Buachalla [B4] in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin); Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (1980); Seanachas Phádraig Í Chrualaoi (1982); Seanachas ó Chairbre 1 (1985) (ábhar a bhailigh sé ó Sheán Ó hAo [q.v.]) ··· Ó CRÓINÍN, Seán (1915-1965) Seán Ó CRÓINÍN 1915 1965 Baile Mhic Íre, Co ··· Ba iad a thuismitheoirí Seán Ó Cróinín, duine ‘des na Pronnséisigh ón bPlantation’, agus Eilís Uí Chróinín (Ní Iarfhlaithe), amhránaí aitheanta faoin ainm Bess Cronin
MAC CÁRTHAIGH, Diarmaid mac Sheáin Bhuí (c.1632–1705) Diarmaid mac Sheáin Bhuí MAC CÁRTHAIGH c.1632 1705 An Bhlarna, Co ··· 2010 Chuir Tadhg Ó Donnchadha[B1] eagar ar 17 dá dhánta in Amhráin Dhiarmada mac Sheáin Bhuidhe Mac Cárrthaigh, 1916 ach is beag eolas a thug sé ar a bheatha ‘taobh amuich den ábhar beag is féidir a phiocadh as a shaothar filíochta’ ··· ‘Is mar áiméan le dán buíochais Dhiarmada a chum Ó Bruadair[q.v.] an dán ar thug sé mar theideal air “Caithréim Thaidhg”.’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996) ··· Pléann Ó Buachalla freisin ról Dhiarmada mar fhile ag larlaí Chlainne Cárthaigh
Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla[q.v.] fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha[B1] in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha ··· Deir Ó Buachalla: ‘Leicseacan an tSeacaibíteachais a fhoclóir polaitiúil, leicseacan a shealbhaigh sé ina iomláine agus a d’úsáid sé go héifeachtach chun éileamh na Seacaibíteach is ceart na Stíobhartach a léiriú is a chothú.’ Agus deir sé i dtaobh na n-aislingí a scríobh sé: ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille[q.v.] is Seán Clárach Mac Dónaill an bheirt fhilí aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Thug an tAllúránach le tuiscint go raibh luíochán fada air sular cailleadh é ar 7 Eanáir 1754 ··· I 2011 mar Filí 3 sa tsraith ar fhilí na tréimhse c.1700-1900 d'fhoilsigh Field Day Publications Seán Clárach Mac Dónaill, é curtha in eagar ag Éamonn Ó hÓgáin agus is é a deir seisean sa réamhrá: 'Tá ar a laghad sé dhán is caoga leagtha ar Sheán Clárach Mac Dónaill sna lámhscríbhinní ach níl cóip d'aon cheann acu tagtha slán óna lámh féin ··· MAC DOMHNAILL, Seán Clárach (1691–1754) Seán Clárach MAC DOMHNAILL 1691 1754 Baile an Teampaill, Co ··· Toisc aghaidh mhór nó clár éadain leathan a bheith ar a chine a thugtaí ‘Clárach’ air, dar leis an bhFoghludhach; deir sé freisin go raibh Clárach ar fhear eile de na Domhnallaigh céad bliain roimh Sheán
Tá aistí ann faoi ghnéithe den Chorcorach ag Gearóid Ó Tuathaigh, Declan Kiberd, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Buachalla agus Colbert Kearney ··· Thug sé aghaidh ar cheisteanna móra cultúrtha—litríocht agus náisiúnachas, an Ghaeilge sa stát nua, an Renaissance i leith na haigne Clasaicí—agus thug breith oscailte mhisniúil de bharr a chumas éirime agus an iontaoibh intleachtúil a bhí aige as féin’, a dúirt Seán Ó Mórdha sa réamhrá a chuir sé le Scríobh 4, 1979 a foilsíodh in ómós don Chorcorach ··· Tá aistí eile ar a shaol agus a shaothar ag Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 5, 1965, agus in Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995), in UCC Record 40, 1965 ag Riobárd Breatnach, agus in Capuchin Annual, 1967 ··· Buachaill aonaránach ba ea é ··· Sa réamhrá pearsanta atá ag Breandán Ó Buachalla lena aiste in Scríobh 4 deir sé: ‘B’ionadh liom a thanaíocht agus a mhíbhlastacht a bhí an Ghaeilge aige...’
2010 Tá eolas ar a bheatha ag Máirtín Ó Murchú in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Uimhir 5, Márta 1992; ag Kim McCone in Léachtaí Cholm Cille XXVII, 1997; in Dáithí Ó hUaithne: cuimhní cairde (1994) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe[q.v.] agus Proinsias Mac Aonghusa[q.v.]; ag Breandán Ó Buachalla [q.v.] in Scríobh 5, 1981; ag Proinsias Mac Cana[q.v.] in Ériu xxxiv, 1983; in DIB ag Diarmaid Ferriter; ag Seán Mac Réamoinn[q.v.] in Comhar, Iúil 1981, alt a bhaineann go háirithe leis an bpáirt a bhí aige i bhforbairt na hirise sin ··· Mar gheall ar a phearsantacht (‘oilimpeach’ an cur síos a rinne Seán Ó Ríordáin [q.v.] air uair agus úsáidtear freisin ‘boihéimeach’ ag tagairt do bhlianta a óige), ar a chruth, agus cúlra a mhuintire, ba mhó ba dhíol suntais é ná aon duine dá chomhghleacaithe in earnail léann na Gaeilge ··· Dúirt Breandán Ó Buachalla: Ní chuirfeadsa fiacal ann: chomh fada agus a bhaineann liomsa, b’é príomhscoláire Gaeilge a linne féin é gan dabht, agus is áirithe liom go n-áireofar fós ar cheann de mhórscoláiri na haoise seo é, duine den bhfíorbheagán acu a raibh cáil idirnáisiúnta dáiríre air ··· Le Preispitéireachas a tógadh an buachaill óg ach ag pointe éigin ina shaol cheangail sé le Cumann na gCarad ··· Múinteoir aige ann ba ea Seán Óg Caomhánach [q.v.] nó Seán a’ Chóta
Seán Ó Buachalla ab ainm dó...’ (Seanchas an táilliúra, 1978) ··· Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge ··· ‘B’é Donnchadh Ó Buachalla an tArd-Mháistir a bhí ar scoil Bhaile Mhúirne le linn do Sheán bheith ag dul chúithe agus d’fhéadfa a rá go raibh Gaoluinn spártha aige siúd—rud a chuir sé in iúil don phoiblíocht i ndeireadh a shaoil faid a bhí sé páirteach sa tsraith cláracha úd ar Radio Éireann—“Conas a déarfá?”’ (Donncha Ó Cróinín in Béaloideas 32, 1964) ··· Mac le Donncha ba ea Seán Ó Buachalla, státseirbhíseach, an chéad eagarthóir a bhí ag Comhar ··· Maraíodh duine díobh, Mícheál, i gcrith talún 1906.’ Ba iad Seán Ua Súilleabháin agus Dáibhí Ó Cróinín a chóirigh eagrán 2003 agus deir siad go bhfuil sé leasaithe do réir na gceartúchán a rinne Pádraig Ó Buachalla féin ar a chóip féin den leabhar
Tá an dán caointe a chum Seán roghnaithe ag Breandán Ó Buachalla in Nua-Dhuanaire II (1976) ··· Ó NEACHTAIN, Seán (c.1640–1729) Seán Ó NEACHTAIN c.1640 1729 Cluain Oileáin, Co ··· Cé chuirfeadh an cheist i Sasana, “cérbh iad na Brontes?” Agus is tábhachtaí, de mhórán, Seán Ó Neachtain i litríocht na Gaeilge ná na Brontes, ná Southey, ná Herrick i litríocht an Bhéarla’: is mar sin a bhaineann Donn Piatt[B2] an ceann dá aiste ar mhuintir Neachtain in Mhaireadar san ardchathair (1957) ··· Scoláire, máistir scoile, aistritheoir, scríobhaí bisiúil, scríbhneoir cruthaitheach próis agus file ba ea Seán: ba é féin agus a mhac Tadhg croílár an ghrúpa de scoláirí, d’fhilí agus de scríbhneoirí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath i leath tosaigh an 18ú haois ··· Tá cuntais air: ag Nessa Ní Shéaghdha in Eighteenth-Century Ireland, 1989 (‘Irish Scholars and Scribes in Eighteenth-century Ireland’); ag Cathal Ó Háinle in Éire-Ireland, geimhreadh 1986 (‘Neighbours in Eighteenth-century Dublin: Jonathan Swift and Seán Ó Neachtain’); ag May H
Tá léirithe ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar (1996), sa scagadh a dhéanann sé ar an ábhar ilghnéitheach atá sna 25 lámhscríbhinn dá shaothar sa Leabharlann Náisiúnta, san Acadamh Ríoga agus i gColáiste na Tríonóide, go raibh spéis mhór aige sa pholaitíocht chomhaimseartha agus gur Sheacaibíteach láidir é; tá i gcló aige go leor de na haistriúcháin ar ghiotaí i nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus roinnt dá ráitis inspéise in Eólas ar an domhan i bhfuirm chomhráidh idir Sheán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg ··· Risk ar Sheán Ó Neachtain ··· Deir Ó Buachalla: ‘Is móide tábhacht an ábhair sin gur i nGaeilge, i gcomhthéacs urbánach intleachtúil, a rinneadh é.’ Agus deir sé freisin: ‘Níorbh aon oileánach iargúlta é Ó Neachtain ach polmat de chuid na haoise agus na cathrach ar mhair sé, a raibh suim an duine literartha aige i gcúrsaí comhaimseartha a linne féin ··· choinnigh Ó Neachtain súil ghéar ar imeachtaí comhaimseartha na hEorpa.’ File, scríobhaí, foclóirí agus máistir scoile ba ea an mac seo le Seán Ó Neachtain agus Úna Ní Bhroin; ba é an chéad mhac acu é agus ba é Seán an té is mó a raibh urraim ag Tadhg dó ··· D’éag a mhac Seán an bhliain chéanna sin
Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill [Mac Domhnaill q.v.] an bheirt fhile aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn i nDrom Collachair in 1722 ··· 2010 Is minic a shamhlaítí a bhás le deireadh thraidisiún liteartha na Gaeilge, á thabhairt le fios gurbh é file mór deireanach an 18ú haois é, peirspictíocht a dtéann Breandán Ó Buachalla i ngleic léi in Nua-Léamha: Gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann.. ··· Rinne Seán Ó Tuama freisin iarracht ar chiall a bhaint as cibé fianaise scáinte faoina shaol atá ann d’fhonn gur fearr a thuigfí cúlra casta sóisialta na ndánta (Filí faoi Sceimhle: Seán Ó Riordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978) agus Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995) ··· Is fiú freisin caibidil John Jordan in The Pleasures of Gaelic Poetry (1982), in eagar ag Seán Mac Réamoinn, a léamh ··· Tá an aiste ‘Ó Rathaille, na Cárthaigh agus na Brúnaigh’ le Breandán Ó Buachalla i gcló in Studia Hibernica 31, 2000-2001
Bhí caidreamh aige le filí Dhámhscoil na Blarnan agus bhí ar dhuine díobh sin a scríobh dánta ar bhás chapall Dhiarmuid mac Sheáin Bhuí Mhic Cárthaigh [q.v.] ··· Mar fhianaise ar pholaitíocht a linne is tábhachtach le Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) cuid dá dhánta agus go háirithe ‘Cois leasa is mé go huaigneach do chuala corraí’, ‘Tá an bhliain ag teacht le calmthráth chugainn’, ‘Mo theastas ar an leabhar so na laoithe lán’, ar don Athair Domhnall Ó Colmáin[q.v.] é mar adhmholadh ar Párliament na mBan, agus ‘Más dóchas ár ndóchas i mbliana mheath’ ··· Scríobh sé freisin: dán ar an Dochtúir Whaley mar ornáid nó ‘bonnlása’ ar dhán a bhí scríofa ag Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh; roinnt marbhnaí; dán ar ionnarbadh Eoin Baiste Mhic Sleighne[q.v.]; dán molta ar a dhúiche féin, barúntacht an Bharraigh Mhóir; freagra ar Fhroinsiasach a d’iompaigh a chóta; dánta diaga
Pearse (1980) in eagar ag Séamas Ó Buachalla ··· An Dr Ó Buachalla is údarásaí a chuireann síos ar an bPiarsach mar oideachasóir agus ba é a chuir eagar ar A significant Irish educationalist: the educational writings of P.H ··· Tá cur síos ag Seán Mac Mathúna in ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ (Feasta, Samhain 1979 eagrán speisialta) ar an dá chás dlí a bhí aige ··· Ba iad Niall Mac Giolla Bhríde [B1] in 1905 agus Domhnall Ó Buachalla [B3] in 1908 na cosantóirí sa dá chás ··· Ó Riain[B1] agus Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B2] chuir sé isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis in 1903
I nDaonáireamh 1901, is i nDrom Buachalla, paróiste Thuath Ó Siosta, a bhí cónaí air ··· Phós sé baintreach i nDrom Buachalla agus is ann a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ··· Tá dánta Gaeilge Mhurtaí bailithe ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain (1937) ··· Deir Seán Ó Súilleabháin gur chaith Murtaí tamall i bpríosún ‘i dtaobh batarála áirithe’ agus gur chum sé amhrán i mBéarla, An Veistín Liath, i dtaobh na heachtra
Ó BUACHALLA, Tadhg (1863–1945) Tadhg Ó BUACHALLA 1863 1945 Lamhnachán, Co ··· Go luath ina dhiaidh sin bhí litreacha gearánacha ag Frank O’Connor agus Seán Ó Faoláin in The Irish Times i dtaobh an choisc agus chuir an Seanadóir Sir John Keane rún os comhair an tSeanaid á mhaíomh nach raibh aon mhuinín ag an bpobal sa Bhord Cinsireachta ··· Tá cuntas aige ar a shinsir agus ar chúrsa a shaoil féin in Seanchas an táilliúra, 1978 (Seán Ó Cróinín a bhailigh agus Aindrias Ó Muimhneacháin a chuir in eagar) ··· Chaith an bailitheoir béaloidis Seán Ó Cróinín seacht lá déag idir 14 Iúil agus 27 Deireadh Fómhair 1942 ag taifeadadh ábhair i dteach an Táilliúra
Luann Breandán Ó Buachalla ‘An Buachaill Bán’ in Aisling Ghéar mar cheann de na haislingí ba mhó le rá dár chum filí na Mumhan ··· Ó COILEÁIN, Seán (c.1754–1817) Seán Ó COILEÁIN c.1754 1817 Baile an Ghoirtín, Co ··· Fuair an t-athair bás go luath i ndiaidh a dhíshealbhaithe agus thug a mháthair, bean de mhuintir Anglainn, an leanbh léi go dtí a muintir i nDrom Dhá Liag agus rinne siadsan cúram de scolaíocht Sheáin ··· Ach ní rómhaith a réitigh sé léi seo ach an oiread agus deirtear gur chuir sí an teach agus a raibh ann trí thine lá dá raibh Seán as baile ··· ‘The Silver Tongue of Munster’ a thugadh daoine air agus ‘The last Irish scholar, historiographer and poet of Carbery’ a thug Seán Ó Donnabháin[q.v.] air
Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin[q.v.], Donnchadh Rua Mac Conmara [q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791 ··· Aislingí agus amhráin Sheacaibíteacha cuid díobh agus tugann Breandán Ó Buachalla ‘amhrán ríthaitneamhach meidhréiseach’ ar cheann díobh, ‘A Mhallaí Bheag Ó’, agus is léir ar na tagairtí don fhile ag an scoláire sin inAisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an aos léinn 1603-1788, 1996 go mbaineann tábhacht mar fhianaise stairiúil lena dhéantús ··· In The Hidden Ireland is i measc na mionfhilí a áiríonn Domhnall Ó Corcora[B5] an Gearaltach ach deir sé faoin amhrán sin: ‘It is so agile, so decorative in manner, that one might easily attribute it to Seán Clárach Mac Domhnaill.’ Tá ardmheas freisin ar an dán ‘Seán Ó Díghe’; glactar leis de ghnáth gurb é Seán Buí atá i gceist, cé go ndúirt Seán Ó Dálaigh[q.v.] gur ghabha den ainm sin i bparóiste Bhaile Mhac Óda a phós an ‘ceirtlín sneachtaidh mhná’
Ba iad Seán Ó Cróinín, feirmeoir, agus an t-amhránaí cáiliúil Eibhlís Ní Iarlaithe nó Bess Cronin [B5] a thuismitheoirí ··· Deartháir leis ba ea an bailitheoir béaloidis Seán Ó Cróinín [B5] ··· Deir Ó Concheanainn: ‘Is dóigh gurbh é Donncha—murabh é a dheartháir Seán—an té ba mhó eolas ar bhéaloideas Mhúscraí Uí Fhloinn ··· Bhí Donncha Ó Buachalla[B5] mar mhúinteoir aige i Scoil Bhaile Bhuirne ··· Um Meán Fómhair 1948 ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí mar chomharba ar Sheán Ó Ruadháin[B1]
Ag obair di ar an bhfoclóir sin a chuir sí aithne agus í an-óg ar scata a raibh ina measc Séamus Ó Grianna[q.v.], Máire Mhac an tSaoi, Seán an Chóta Caomhánach[q.v.], Donnchadh Ó Céileachair[q.v.], Seosamh Ó Cadhain, Donnchadh Ó Buachalla[q.v.], Muiris Ó Catháin[q.v.], Doncha Ó Conchúir[q.v.], Seán Ó Lúing[q.v.] agus Séamus Ó Saothraí[q.v.]
Thabharfá leat as litir a scríobh Micheál Ó Súilleabhain, Cill Rois, garmhac le hEoghan Rua Ó Súilleabháin (q.v.), chuig Seán Ó Dálaigh (q.v.) ar 26 Lúnasa 1844 go gcaitheadh Joe Críonna go fial le scoláirí: ‘I have been speaking to Mr Kett… he has kindly promised me the contents of his collection and also the lone [sic] of what you may select…’ (i gcló in Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá (Ó Drisceoil 2007) ··· Tá sleachta as in Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla (Doyle & Ní Laoire 2006) ··· ‘Their tongues quickly regained their old fluency, and within a day or so their Irish was on a par with that of the others.’ Leis an iascaireacht agus an fheirmeoireacht a bhain cuid dá gcomhrá ach deir Ó Sé: ‘In fact, for every day of their stay in hospital, from morning to night, their entire preoccupation – not to say delight – was with and in poetry.’ Ba chuimhin leis gur ligeadh isteach mar othar buachaill óg ar chainteoir dúchais Gaeilge é ‘He was to distinguish himself in later life as the editor and proprietor of a paper serving the Irish in Britain.’ Gan aon amhras ba é seo Breandán Mac Lua (1935–2009), eagarthóir The Irish Post ··· (2007) Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá ··· [eag.] Aistí ar an Nua-Ghaeilge in omós do Bhreandán Ó Buachalla
Is iad na daoine ar chum sé tuirimh orthu: Micheál, athair Phiarais Mhic Gearailt[B6]: Conchubhar Ó Briain (‘Carn Tighearnaigh’) [q.v.]; Liam Rua Mac Coitir [q.v.]; Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.] ··· Cheap sé beochaoine ar Sheán Clárach nuair a bhí seisean ar a choimead d’aon toisc chun daoine a bhí sa tóir air a chur amú ··· Shíl Ó Foghludha go bhfuair sé bás 1755, bliain i ndiaidh Sheáin ··· Scríobh sé tuireamh ar a shagart paróiste, an tAthair Diarmuid Ó Rócháin agus is i 1759 a d’éag seisean agus ní tuairim 1737 mar a shíl Ó Foghludha, a deir Liam Ó Buachalla agus Richard Henchion in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, LIX, 1964 (‘Gravestones of Historical Interest’) ··· MAY HE REST IN PEACE AMEN.” That this is the resting place of Éamonn de Bhál can hardly be doubted: the surname is rare in this part of east Cork (we cannot trace any other family of the name belonging to this area except that of the poet) and it is obvious from the dates of his compositions that he died in the sixties of the 18th century.’ Tá seo le rá ina thaobh ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 1996): ‘Bíodh gur scríobh Éamonn de Bhál breis agus daichead amhrán, is deacair teacht ar amhrán ina measc a bhféadfaí a rá gur saothar follasach polaitiúil é
Ó BUACHALLA, Liam (1899–1970) Liam Ó BUACHALLA Mail 1899 1970 40 Sráid Chlann Bhreasail Íochtarach, Baile Átha Cliath M Scoil na mBráithre Críostaí, Droichead Átha, Co ··· Deirtear gurbh é toghadh Sheáin Óig Uí Thuama[B2] ina áit faoi deara gur chuir an Taoiseach Éamonn de Valera Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge á bhunú i 1943 ··· Dhealródh sé gurbh eisean an Liam Ó Buachalla a d’aistrigh dráma J.H
I measc na ndaoine a chuir sé faoi mhóid bhí cúigear póilíní agus aithreacha Sheáin Uí Chuill[B2] agus Mhichíl Uí Chuill[B2] ··· Donncha Ó Buachalla [q.v.] a tháinig ina ionad
‘B’í sin an chéad iarracht ar chaomhnadh na Gaeilge thall agus is uaidh a d’eascair obair na Gaeilge trí chéile i Meiriceá’, a deir Breandán Ó Buachalla in Go Meiriceá siar .. ··· Is é tuairim Fhionnuala gur i gceann de scoileanna neamhspleácha Sheáin Mhic Héil a fuair sé a chuid oideachais ··· Ba é An Teagasg Críosdaigh (1839) le Seán Mac Héil an chéad leabhar Gaeilge a leigh sé agus is léir ar a scríobhadh sé in An Gaodhal go raibh meas an domhain aige ar an ardeaspag agus drochmheas dá réir aige ar a chomharba, Mac an Mhílidh ··· Breandán Ó Buachalla agus Liam Ó Dochartaigh
Ba é seo Tadhg Ó Buachalla, duine de na múinteoirí náisiúnta úd a bhí ag teagasc Gaeilge ina scoileanna i bhfad roimh Chonradh na Gaeilge; d’éag se Lá Nollag 1906 i nDoire na Cathrach, cé gurbh i dTóchar a bhí cónaí air, agus bhí aiste ina thaobh in The Leader ag Pádraig Ó Duinnín[B3] 19 Eanáir 1907 ··· Peadar a thug Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) [B3] isteach sa Chonradh in 1897 (An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1926) ··· Bhí beagán de mhearbhall ar Phroinsias Mac an Bheatha faoin eachtra sin agus é ag scríobh An Earnáil agus an Ghaeilge : ‘Bhí mac le hoifigeach eile ar na hÓglaigh a dhóigh Teach an Chustaim an lá sin dar le Seán Ó Ciarghusa[B2] ··· Deir Seán gur maraíodh é nuair a d’ionsaigh arm na Breataine iad sula raibh an obair críochnaithe ··· Níl a fhios agam cad é an t-údarás atá ag Seán Ó Ciarghusa leis an eolas seo
2010 In Nioclás Ó Cearnaigh: Beatha agus Saothar, 1989 le Seán Ó Dufaigh agus Diarmaid Ó Doibhlin atá an cuntas is cuimsithí air mar aon lena dhánta, 35 díobh, iad sin a chum sé agus na cinn dá dhéantús a leag sé ar fhilí ba cháiliúla ná é féin ··· An bhliain chéanna sin d’fhoilsigh Seán Ó Dufaigh Nicholas O’Kearney: the last of the Bards of Louth, 1989 ··· Ba mhaith lena bheathaisnéisí, Seán Ó Dufaigh, go n-áireofaí é ar dhuine d’fhilí Oirialla—Art Mac Cumhaigh, Peadar Ó Doirnín, Pádraig Mac Giolla Fhiondáin, agus Séamas Dall Mac Cuarta ··· Roghnaigh Breandán Ó Buachalla péire dán leis le cur in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 agus molann Diarmaid Ó Doibhlin iad: ‘Braithim fuinneamh mór go minic ina chuid línte, agus neart ··· Bhí iarracht de dhrochamhras air tamall ach is léir ar thagairtí in Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá, 2007 le Proinsias Ó Drisceoil gur bhain tábhacht ar leith leis
Comharsa i nGaorthadh na Péice ba ea Tadhg Ó Buachalla [B4] agus ba é Aindrias a chuir eagar in Seanchas an Táilliúra (1978) ar an ábhar a bhailigh Seán Ó Cróinín [B5] ··· In Cuimhní Cinn an Oireachtais (1997), in eagar ag Seán Mac Mathúna, agus arís in Feasta, Nollaig 1989 (‘Ómós ó Uachtarán Chonradh na Gaeilge’), molann Proinsias Mac Aonghusa a shaothar ··· Bhailigh Seán Ó Cróinín [B5] seanchas óna athair (réamhrá le Seanchas an Táilliúra) ··· Bhí Aindrias féin in ann dul siar na seacht nglún: Aindrias, Séamus, Seán, Séamus, Seán, Conchubhar, Eoin Mór; bhí gaol gairid ag a shinsir i bhfad siar leis an bhfile Séamus Mór Ó Muimhneacháin
I 1743 tháinig Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.] go Charraig na bhFear ar cuairt go dtí Cormac Spáinneach, tiarna talún agus cara Sheáin na Ráithíneach agus fear a thacaíodh leis an gcúirt éigse; ba mhinic é ina bhreitheamh ag na filí ··· Bhí lámh dheas Sheáin leonta go dona ag an am agus chuir sé an dán 'Beannacht le searc' chuig Seán Clárach faoi chúram Chormaic ··· Ó MURCHADHA, Seán na Ráithíneach (1700–1762) Seán na Ráithíneach Ó MURCHADHA 1700 1762 M scríobhaí file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed ··· Chorcaí, áit dhúchais an file seo, do Thadhg Ó Donnchadha[B1] freisin agus bhailigh seisean 182 dá dhánta, agus rinne gach dícheall chun eolas i dtaobh a shaoil a fhoilsiú, in Seán na Ráithíneach, 1954 ··· Síltear a chumadóireacht a bheith leadránach saoithíneach; tagraíonn Breandán Ó Buachalla dó in Aisling ghéar: Na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 , 1996 mar 'an té ba dhípholaitiúla de fhilí a linne'
Bhí caidreamh éigin aige leis an ngrúpa de scoláirí Gaeilge a bhíodh i gcomhluadar Sheáin agus Thaidhg Uí Neachtain[q.v.] i mBaile Átha Cliath ··· Thabharfá leat ó dhán a shíltear a scríobh Seán Ó Neachtain[q.v.] go raibh drochmheas acu air ··· Ach tuairimíonn Breandán Ó Buachalla (nóta in Aisling Ghéar, 1996) nárbh é ioncam an Choláiste faoi deara nár mhór an meas a bhí ag an aos léinn air ··· ‘Aoir nimhneach’ é, dar le Breandán Ó Buachalla agus deir sé: ‘Bíodh go leagtar an dán seo ar Chathal Ó Luinín i bhfoinse amháin, is dóichí gur mar mhagadh a rinneadh sin.’ Scríobh sé dán do John Hall, Leas-Phropast Choláiste na Tríonóide (i gcló ag Quin), agus is dóigh gur ag iarraidh déirce nó pátrúnachta a bhí sé leis an dán adhmholtach a chum sé do Lord St
Annála Ríoghachta Éireann : ní mór aiste thathagach Bhreandáin Uí Bhuachalla in Studia Hibernica 11/13, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha’) agus a bhfuil aige in Aisling ghéar.. ··· Fuair sé pátrúnacht ó Thoirdhealbhach Mac Cochláin[q.v.] chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ a chur le chéile agus is ag an bpointe sin a liostáil sé Fear Feasa Ó Maoilchonaire, Cúchoigríche Ó Cléirigh[q.v.], a chol naonúir, agus Cúchoigríche Ó Duibhgeannáin mar chúntóirí: sin iad na fir a d’ainmnigh Seán Mac Colgáin[q.v.] in Acta Sanctorum Hiberniae mar na Ceithre Máistrí (‘The Four Masters’ le Pól Breathnach in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 agus Studies, 24, 1935); thug deartháireacha Mhichéil, Maolmhuire Ó Cléirigh (An tAthair Bernardin OFM) agus Conaire Ó Cléirigh, agus Muiris Mac Torna Uí Mhaoilchonaire cabhair freisin ··· But the Annals themselves do not really deserve the high reputation they have attained in the mind of the layman.’ Deir Ó Buachalla gurbh é J.F ··· He has written his name large across the history of his country and has left it engraved indelibly on the hearts of all his countrymen.’ Níor foilsíodh Annála Ríoghachta Éireann go dtí 1848–51 nuair a tháinig na seacht n-imleabhar in eagar ag Seán Ó Donnabháin[B6] amach ··· A calendar of the saints of Ireland (1864) aistrithe ag Seán Ó Donnabháin agus in eagar ag James Henthorn Todd agus William Reeves; Genealogiae regum et sanctorum Hiberniae by the Four Masters (1918) in eagar ag Pól Breathnach
Cuireadh amach péire leabhar in 1969: Peadar Ó Doirnín: amhráin, in eagar ag Breandán Ó Buachalla (An Clóchomhar a d’fhoilsigh do Choiste Chomórtha Pheadair Uí Dhoirnín): Peadar Ó Doirnín: a bheatha agus a shaothar, in eagar ag Seán de Rís (Oifig an tSoláthair) ··· Deir Ó Buachalla ina chnuasach: ‘Fuair Ó Doirnín bás [3 Aibreán] dhá chéad bliain ó shin is tá comóradh á dhéanamh i mbliana air ··· In Studia Hibernica 5, 1965 (‘Peadar Ó Doirnín agus Lucht Scríte a Bheatha’) déanann Ó Buachalla an tranglam cuntas a scríobhadh ar an bhfile sa 19ú haois a chíoradh ··· Taispeánann sé nach bhfuil go bunúsach ach dhá leagan den bheatha: an t-eolas a thug Art Mac Bionaid do Sheán Ó Dálaigh [B6] agus cuntais a síleadh a scríobh Mathew Moore Graham [B1] ach arbh é Nioclás Ó Cearnaigh [B6] an t-údar dáiríre ··· ‘Níl sna tuairiscí agus sna heachtraí eile ar fad a gceanglaítear a ainm leo ach béaloideas agus cumadóireacht, scéil scéal agus finscéil filíochta’ (Ó Buachalla, 1969)
Tá nóta fada ina thaobh ag an Athair Mac Domhnaill in Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra, 1955 ··· it immediately attracted the attention and aroused the interest of European scholars, and gained for the learned author an international reputation.’ Deir Gilbert: ‘His work was the first in which Irish history was placed in a scholar-like way before readers in England and it found its way into many good English libraries of the period.’ Seo é an suimiú a dhéanann Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is í breith atá déanta ag staraí de chuid na linne seo ar shaothar an Fhlaitheartaigh gurb é atá ann “the most learned exposition of Gaelic loyalty to the Stuart dynasty and to the concept of the Kingdom of Ireland...” [New History of Ireland III, 1976 in eagar ag Moody] ··· Tá fianaise slán ón Ollamh Richard Sharpe, a bhfuil leabhar ar litreacha Uí Fhlaitheartaigh curtha in eagar aige agus atá le foilsiú ag Acadamh Ríoga na hÉireann i 2012, gur cailleadh An Flaithbheartach sa bhliain 1716: 'Seán Ó Gadhra gives the correct year of O Flaherty's death as 1716 (in code) in the penultimate line of his poem In obitum doctissimi Rogeri O F.'Dúirt Gilbert: ‘A collection of unpublished letters of O’Flaherty is now being prepared for the press by the author of the present notice.’ InThe Penal Laws, 1691–1760, 1967 tá cuntas ag Maureen Wall ar fhiagaithe sagart agus go háirithe ar an bhfear ba mhíchlúití díobh, Edward Tyrrell
2010 ‘Ó Bruadair was a giant, an artist and craftsman of great power and of long and sustained output’ (Seán Mac Réamoinn in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982) ··· Is i Laidín a scríobh an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin[q.v.] an t-aon tuireamh amháin (‘In mortem Davidis Broder, Poetac clarissimi Elegia’) a scríobhadh ar an mórfhile seo agus tá sé in eagar, maille le nótaí, ag Pádraig de Brún in Éigse, geimhreadh 1968 (‘Tuireamh Laidne ar Dháibhí Ó Bruadair’); is aisteach leis an mBrúnach nár scríobh aon duine de na filí atá luaite ag an gCairteánach – Diarmuid Mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh[q.v.], Conchubhar Ó Briain[q.v.], Domhnall Ó Colmáin[q.v.] – tuireamh ··· Breis is tríocha bliain anonn ó bhás an fhile scríobh Seán Ó Murchadha na Ráithíneach [q.v.] tuireamh (i gcló in Seán na Ráithíneach (1954) le Torna [Tadhg Ó Donnchadha B1]) ar a mhac Uilliam Ó Bruadair a d’éag ar 1 Eanáir 1729 agus is mó de mholadh ar Dháibhí ná ar Uilliam é ··· Déanann Mac Fhir Léinn áireamh ar na naisc leis an dúiche sin: an caidreamh a bhí aige le Diarmaid mac Sheáin Bhuí, agus le Mac Cairteáin; na caointe a chum sé ar Bharraigh agus ar dhaoine eile i mBarrachaibh; gur fháiltigh sé abhaile ó Shasana roimh Shéamus Mac Coitir [q.v.]; gur mhaígh sé anseo is ansiúd sna dánta gurbh ón dúiche sin é; gurbh ann a bheadh cónaí ar a mhac ar ball; gurbh iad scríobhaithe Chorcaí is mó a thug slán a dhéantús fileata ··· ‘Léiriú eile é saothar Uí Bhruadair ar an iomlat ó éadóchas go dóchas atá feicthe cheana againn, iomlat anonn is anall de réir mar a bhí “na bearta sin do mhalartaigh an saoghal clis”, mar a thug sé féin orthu, á n-oibriú féin amach’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996)
Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’) ··· Is é an chéad dán é ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) mar fhianaise ar aigne an aos léinn i leith na Stíobhartaigh a bheith ina ríthe ar Éirinn ··· Scríobh sé péire dán di (i gcló in Leabhar Branach..., 1944, in eagar ag Seán Mac Airt[B3])
Ba é Breandán an chéad duine a rugadh dóibh agus bhí triúr eile sa teaghlach, buachaill agus beirt chailíní ··· Chomhairligh Seán Ó hÉigeartaigh [B5] dó dul le hiriseoireacht agus chabhraigh a theastas-san leis chun post Eagarthóir na Gaeilge a fháil in Scéala Éireann in Eanáir 1957; bhí tamall de 1956 caite aige ag cabhrú le Seán Beaumont [B1] san obair sin agus Beaumont a mhol go dtabharfaí an post dó ··· Dúirt fear scannánaíochta clúiteach eile, Seán Ó Mórdha, gurbh é an scriptscríbhneoir par excellence é (Mac Con Iomaire) ··· Ba é a scríobh agus a léigh script chlár Sheáin Uí Mhórdha, There goes Cré na Cille (1978) ··· Ba mhian le Breandán Ó Buachalla, Ollamh le Teanga agus Nua-Litríocht na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, go mbeadh post léachtóra aige sa Choláiste ach chuir géarchéim airgeadais i 1981-82 deireadh leis an bplean sin
Deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Mar is léir ar an teideal, is é a bhí i leabhar an Línsigh bréagnú cosantach eile ar chuntais fhalsa éagóracha Giraldus Cambrensis ar Éirinn ach thug scríobh an leabhair caoi oiriúnach don údar an bonn dlíthiúil agus an bonn diagachta a bhí le ceart Shéarlais chun coróin na hÉireann a shoiléiriú is a dheimhniú...’ ··· Is geall le haistriúchán ar dhán Sheáin Mhóir Uí Dhubhagáin, ‘Triallam timcheall na Fódla’, ceann de na caibidlí ··· Tá cuntas ar an díospóireacht ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar, 1996 agus ag Patrick J
Agus é ag cur ina n-aghaidhsean a d’achtódh orainn glacadh leis gur tháinig deireadh le traidisiún na litríochta le bás Aogáin Uí Rathaille scríobh Breandán Ó Buachalla in Nua-léamha (1996) in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha (‘Canóin na Creille: an file ar leaba a bháis’): ‘Ach tuigtear dúinn freisin nach as traidisiún liteartha a bhí ag fáil bháis a fáisceadh Cúirt an Mheon-Oíche, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nó Cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin ··· Ann a chuir sé aithne ar an Easpag Seán Ó Murchú [q.v.], an fear is mó a choinníodh obair leis, a phátrún, b’fhéidir a rá ··· Daoine eile a raibh teagmhálacha aige leo ba ea an tAthair Domhnall Ó Súilliobháin [q.v.], Seán Ó Coileáin [q.v.], an tAthair Maitiú Ó hArgáin [q.v.] agus Eoghan Ó Comhraí[q.v.]
Adhlacadh é in Eaglais San Isadóir agus d’fhéach Seán Ó Néill, larla Thír Eoghain, chuige go gcuirfí leac chuimhneacháin os cionn a uaighe ··· For us he takes his place beside Ó hEódhusa, Ó Maolchonaire, Keating and others of his time, as an exponent of what we may call classical Irish prose.’ Scríobh Caoimhín Ó Góilí an méid seo in Comhar, Bealtaine 1949 sa tsraith ‘Stílithe Gaeilge’: ‘Má’s mian linn, mar sin, tréithe stíl an mhórúdair seo a chur síos go hachumair, is é shílim nárbh fhéidir dúinn iad a shuimiú níos fearr ná a rá gur chum sé nua-Ghaeilge den chéad scoth, Gaeilge atá saor ó ghéibheannaibh na scol, agus ó gach rian den ghalántacht agus den tseandacht: agus mara bhfuil uaisleacht na sárGhaeilge inti go bhfuil uaisleacht na simplíochta inti.’ In Aisling ghéar: na Stiobhartaigh agus an tAos léinn (1996) fiafraíonn Breandán Ó Buachalla cén fáth ar éirigh leis an bhFrithreifirméisean in Éirinn ··· 1567–1724 (1986): ‘Is dócha gurb iad Cogadh an Dá Aodh agus iarrachtaí na bhFroinsiasach ag tús an seachtú haois déag ba mhó a chabhraigh leis an seanchreideamh a chur in uachtar i saol na Gaeilge arís.’ Tugann Ó Buachalla faoi deara go gcáineann Gaeil Lováin an bhunaíocht ar fad ach nach bhfuil aon cháineadh acu ar Rí Séamus ··· In An duanair, 1600-1900 (1981) deir Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella: ‘An té ar mhaith leis léargas a fháil ar an difríocht idir traidisiún liteartha na hÉireann agus traidisiún liteartha Shasana san aois sin, níor mhiste dó an duan tíriúil Nollag seo a léamh taobh ar taobh le Ode on the morning of Christ’s nativity a scríobh scoláire mór Laidine eile a bhí comhaimseartha le Mac Aingil, John Milton.’ Is le Richard Crashaw (1613–45) is túisce le Tadhg Ó Dúshláine comórtas a dhéanamh (‘Athléamh ar Aodh Mac Aingil’ in Irisleabhar Mhá Nuad, 1975–76)
Deir Seán Ó Lúing: ‘Idir é féin agus Liam Ó Buachalla[B4] ní bhíodh teirce ar Ghaeilge i Seanad Éireann ··· Is cinnte go mbeadh sé míshásta le treoir a bhí le tabhairt ag an gCoiste Gnó do thimirí agus múinteoirí taistil gan cabhrú leis An Lóchrann a bhí le teacht amach go luath i gCorcaigh aige féin agus Seán Tóibín[BI] ··· Tá cuntas ar a eagrán de An tOileánach ag Seán Ó Coileáin in ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’ in Scríobh 4, 1979
2010 Agus í ag tagairt do chaomhnú na lámhscríbhinní agus d’fhoilsiú a bhfuil d’eolas stairiúil iontu is é a dúirt Nessa Ní Shéaghdha faoi in Celtica XVII (‘Collectors of Irish Manuscripts’): ‘He is the dominant figure and authority in these matters in the eighteenth century.’ Deireadh Seán Ó Donnabháin[q.v.] gurbh iad a scríbhinní a chéadspreag a spéis sna seanfhoinsí staire ··· Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar ··· Ba é an chéad duine é de sheisear buachaillí agus triúr cailíní a saolaíodh do Dhonncha Liath Ó Conchubhair agus Mallaí Ní Ruairc ··· Is le linn dó a bheith sa chathair a chuir Cathal aithne ar Sheán agus ar Thadhg Ó Neachtain agus a gcomhluadar agus a chóipeáil sé ábhar as ‘Leabhar Bhaile an Mhóta’ a bhí an t-am sin ag muintir Uí Neachtain ··· Deir Ó Buachalla faoina scríbhneoireacht i gcoitinne: ‘Ní ag caint lena mhuintir féin a bhí Ó Conchúir ach lena máistrí ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu le réasún, le loighic, le háitiú fealsúnta, le tláithínteacht.’ ‘So moderate in tone that some readers thought it the work of a large-minded protestant’ a dúirt Norman Moore i dtaobh a Seasonable Thoughts relating to our Civil and Ecclesiastical Constitution, 1753
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 22 Bealtaine 1954, tugadh an t-eolas seo: ‘Nuair a saolaíodh é i gceantar Eochaille bhí ní amháin a bhaile dúchas ach barúntacht Uí Mac Coille go léir soir go cathair Chorcaí ina Ghaeltacht.’ Ba é an duine ba shine é de sheachtar cailíní agus cúigear buachaillí ··· In éineacht le Torna, Seán Ó Cuív agus Sceilg, bhunaigh sé Craobh an Chéitinnigh i 1901 ··· Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952) ··· Dúirt Breandán Ó Buachalla faoi litreacha Phádraig Phiarais Cúndún: ‘Ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuair Fiachra Éilgeach bunchóip na litreacha anois’ (Go Meiriceá siar, 1979)
In Dúchas (1986) tá aistí ag Pádraig Ó Fiannachta, Séamus Ó Buachalla agus Máire de Róiste ··· Ina dteach a fuair Seán Ó Mathúna [q.v.] agus John Savage (1828–88) fothain in 1848 ··· Ó Sheán Pléimeann [q.v.] d’fhoghlaim sé léamh na teanga liteartha agus conas lámhscríbhinní a léamh ··· Is inspéise, b’fhéidir, gur dó a thiomnaigh Seán O’Casey [q.v.] Drums under the Windows (1945): ‘Forgotten, unhonoured, unsung in Éire, here’s a Gael left who continues to say Honour and Peace to your brave and honest soul, Michael O’Hickey, till a braver Ireland comes to lay a garland on your lonely grave.’ (Tá na húdair buíoch de Mhíchéal Briody a dhírigh aird ar bhotúin agus ar easnaimh sa chuntas in Beathaisnéis a hAon)
Aistí a luann an t-údar sin go minic is ea: ‘Ó Cadhain, Ó Céileachair, Ó Flaithearta’ in Comhar, Bealtaine 1967 le Breandán Ó Buachalla; ‘Liam O’Flaherty—Translator (?)’ in Éire-Ireland, samhradh 1968 agus ‘Ó Flaitheartaigh agus Léirmheastóirí eile’ in Irish Times 22 Samhain 1984 le Tomás de Bhaldraithe[q.v.]; ‘A Writer who bolstered the Irish Revival’ in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984 le hEoghan Ó hAnluain; ‘Liam Ó Flaithearta agus a Dhúchas’ in Willie the Plain Pint—agus an Pápa (1977) le Breandán Ó hEithir[q.v.] ··· The stories are simple but profound in their impact and this is achieved by the keenest observations of men, women and beasts presented with vivid accuracy.’ Seo é an t-aistriú a rinne Ó hAnluain ar thagairt i ndialanna Sheáin Uí Ríordáin: ‘I have read some stories by Liam O’Flaherty and sensed that some living things had been caught between the covers ··· If you held a robin and felt it quiver in your hands you would know what I felt reading O’Flaherty’s Irish.’ Scríobh sé Dúil nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa mar scríbhneoir agus thaitin sé go mór le scríbhneoirí mar Vivian Mercier, Seán Ó Faoláin, Máirtín Ó Cadhain [B4], Frank O’Connor ...
Ó SCOLAÍ, Máire [Ní Scolaí] [Uí Bhuachalla] (1909–1985) Máire NÍ SCOLAÍ Máire Uí Bhuachalla 1909 1985 60 Bóthar San Iognáid, Baile Átha Cliath F amhránaí [B9] bailitheoir amhrán amhránaí bailitheoir amhrán [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed ··· Tá cuntais uirthi ag Pádraic Ó Raghallaigh[q.v.] agus ag Seán Mac Réamoinn ar chlúdach an cheirnín (CEF 029) a d’eisigh Gael Linn i 1971 ··· Phós sí Liam Ó Buachalla[B4], léachtóir le heacnamaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, in Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, 9 Meán Fómhair 1931 ··· D’fhág sí airgead le huacht ag Ollscoil na Gaillimhe le duaiseanna i gcuimhne Liam Uí Bhuachalla a mhaoiniú ··· Tá portráid phinn Sheáin Uí Shúilleabháin ar coimeád sa Ghailearaí Náisiúnta
Nuair a tugadh athchló amach in 1987 chuir Breandán Ó Buachalla réamhrá leis ··· Sa chaibidil ‘Pro Deo, pro Rege et Patria Hibernia Unanimis’ in Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 (1996) pléann Breandán Ó Buachalla a shaothar staire mar shampla ionadach Éireannach den staireagrafaíocht chomhaimseartha Eorpach agus diminsean polaitiúil comhaimseartha an tsaothair sin ··· Déanann Ó Corráin beag is fiú de: ‘Ach ní haon scéal nua mioscais ban i gcás préitséiri agus ní haon chruthú é seo go raibh tóir ar an gcléir ná géarleanúint á himirt orthu.’ Agus maidir leis an Foras Feasa a scríobh i bpluais sna Gaibhlte tuairimíonn Ó Buachalla in Aisling ghéar gurbh é Eoghan Ó Comhraí a chuir tús leis an bhfinnscéal sin, in Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (1861) agus deir sé: ‘Pé ní i dtaobh an bhaill inar bheartaigh sé an leabhar a scríobh, is cinnte agus is soiléir go raibh leabharlann chuimsitheach timpeall air agus é á scríobh aige.’ Chríochnaigh sé Trí bior-ghaoithe an bháis: Three shafts of death by Geoffrey Keating 2 Nollaig 1631 ··· O’Rahilly in Desiderius, otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh (1941): ‘Keating appears to have had close relations with Seán mac Torna and other members of the Clare branch, who made numerous transcripts of his works (one might almost say acted as his publishers), and it is quite possible that this association with a family hereditarily devoted to Irish letters has left its mark on Keating’s style.’ Fuair sé cabhair freísin ó Chonall Mac Eochagáin[q.v.] ··· Ní téarma cuimsitheach ag Céitinn é Éireannach más ea, ach téarma eisiatach ...’ (Ó Buachalla)
Ach tá líne le file darb ainm Seán Ó Mulláin a chuirfeadh in iúl gurbh é a chumas ar phíobaireacht fáth an leasainm (‘Do mheoir ba bhinne chum seinm go sámh ar phíb’) ··· Ach bhain Breandán Ó Buachalla[q.v.] earraíocht as beagán dá dhánta in Aisling Ghéar..., 1996
Tá sé i gcló freisin ag Breandán Ó Buachalla (Studia Hibernica 10 [1970]) agus tuairimíonn sé gurbh é Nioclás Ó Cearnaigh[q.v.] a scríobh síos an óráid mar atá sí i lámhscríbhinn san Acadamh Ríoga ··· Ba chara le Seán Ó Donnabháin[q.v.] é agus léadh seisean profaí a chuid leabhar ‘and often added characteristic and pithy comments on the sentiments and opinions of the writer which never interfered with their friendly intercourse’
Tá cuntas air freisin ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain (1968) agus chuir Séamus P ··· Phós sé roimh 1830 agus rugadh beirt bhuachaillí agus ceathrar cailíní dó ··· You will please excuse me for being a little dilatory in sending any writings.’ Leis an tréimhse sin freisin a bhaineann an t-easaontas le hAodh Mac Domhnaill[q.v.] ar ceann dá thorthaí an aoir aitheanta a scríobh Art, ‘An tOllamh Úr’, a raibh de theidil air aige féin ‘Aoir ar Aodh Mac Domhnaill or reflections upon Hugh MacDonnell’s conduct for assuming the name of poet’ agus ‘Hugh McDonnell’s insolence, incapacity and folly in attempting to compose Irish verses censured by Art Bennett’ (i gcló maille leis an dán in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 le Breandán Ó Buachalla) ··· Is léir ón mbeagán litreacha a sheol sé chuig Seán Ó Dálaigh[q.v.] go bhféadfadh sé a bheith an-chantalach agus mífhoighneach
Is é a deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 faoi: ‘Is í an t-aon tuairisc i nGaeilge atá againn ar imeachtaí an chogaidh an dialann a scríobh Toirdhealbhach Ó Mealláin, Proinsiasach ó chontae Thír Eoghain a bhí mar shéiplineach ag Sir Féilim Ó Néill ··· I measc na ndaoine a chuir spéis ar leith sa scríbhinn tá: Eoghan Ó Comhraí[B6], Seán Ó Donnabháin[B6], George Petrie[B6];Roibeárd Mac Ádhaimh[B3]; Lorcán Ó Muireadhaigh[B4] ··· Chuir Ó Donnabháin ardspéis inti nuair a thaispeáin Mac Ádhaimh dó í i mBéal Feirste in 1834 agus bhí ag beartú í a fhoilsiú (I mBéal Feirste cois cuain, 1968 le Breandán Ó Buachalla)
Bhí sé ina imtheorannaí in Frongoch agus bhí baint aige leis na cluichí peile a eagrú ann (Frongoch: University of Revolution, 1987 le Seán O Mahony) ··· Pearse, 1980 in eagar ag Séamus Ó Buachalla)
Chuaigh file díobh in éineacht le Seán Ó Néill an Díomais, más fíor, go cúirt Eilíse i 1562 ··· Taispeánann Breandán Ó Buachalla in New Perspectives on Ireland: Colonialism and Identity..., 1998 in eagar ag Daltún Ó Ceallaigh (‘Gaelic Response to Conquest’) gur bhain tábhacht chomhaimseartha leis an dán sin: ‘The fact that the poet perceives Ireland’s woe in an all-Ireland perspective and not in a provincial Ulster one is in itself interesting as is his claim that fear of “the foreign law” prevents him from elaborating on Ireland’s plight.’ In Irish Classics, 2000 pléann Declan Kiberd an dán ‘Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais’ In Aisling Ghéar..., 1996 meabhraíonn Ó Buachalla dúinn gur scríobh sé dánta seachas ‘na dánta dorcha dólásacha éagcaointeacha’ úd: ‘.. ··· Ba iad an triúr sin – Ó Néill, Mac Dónaill is Mag Aonghusa – iarmhar na huaisle dúchais in oirthear Uladh...– is bhí Fear Flatha Ó Gnímh ag fónamh dóibh mar ba dhual is mar ba dhleacht.’ Cuireann Marc Caball (Poets and Politics..., 1998) tábhacht leis na ceathrúna do Mhartha Uí Néill: ‘Martha’s status in this poem is predicated on her inculturation to Gaelic modes of civility and it presumes the occultation of her English identity.’ Sa dán ‘Gearr bhur gcuairt, a Chlanna Néill’ deir Ó Gnímh le muintir Néill go bhfuil deireadh lena ré toisc nár ghéill siad agus deir Ó Buachalla gurb é an dán is suimiúla uaidh é, más é a chum
Tá cuntais freisín in Nua-Dhuanaire I, 1971 (de Brún, Ó Buachalla agus Ó Concheanainn) agus in Measgra Dánta II ··· Deir Seán Mac Airt[B3] in Leabhar Branach: the Book of the O’Byrnes, 1944: ‘According to colophons in the MSS, the first recorded transcript of the Leabhar Branach was made by Brian Mac Giollaphádraig, a scion of the ruling family of Upper Ossory, and later Vicar-Apostolic of the diocese of Ossory