Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Ba é Sir Séamus Mac Domhnaill, comharba Shomhairle Bhuí mar thaoiseach ar Dhomhnallaigh an Rúta agus Ghlinnte Aontroma, a athair ··· This gallant officer, the patron of our country’s belles lettres, adds variety and charm in his gay Spanish uniform to the brown-clad figures of Ward, Fleming, Colgan, and the rest.’ Bhí mac Shomhairle, Séamus, ina leascheann feadhna ag a chol seisir, Alasdar mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill [q.v.]; ní raibh an mac seo i gCath Chnoc na nOs agus d’imigh ar deoraíocht c.1648 ··· Tá cuntais air: ag Pól Breathnach[B2] in Irish Ecclesiastical Record, Deireadh Fómhair 1927 (‘The Books of Captain Sorley MacDonnell’) agus in Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1934 (‘Captain Sorley MacDonnell and his books’): in The wild geese of the Antrim MacDonnells, 1996 le Hector McDonnell (‘Captain Sorley and his books’): ag Séamus Ó Ceallaigh[B1] in Gleanings from Ulster history ..., 1951 ··· Ba gharmhac é leis an taoiseach cáiliúil Somhairle Buí Mac Domhnaill (c.1505–90), agus bhí gaol aige le príomhtheaghlaigh Uladh dá réir sin; ba iníon le Conn Ó Néill, céad Iarla Thír Eoghain, a sheanmháthair ··· a collection which surpasses in poetic merit the better-known Scottish “Book of the Dean of Lismore”.’ Deir Séamus Ó Ceallaigh: ‘But we need never hope to get behind the whole story; those purposive literary stirrings in the Low Countries; the comings and goings on land; the ships that would tarry on the sea with their precious freights of books or transcripts, keeping the house in Louvain in constant anxiety
Ba é Micheál Rua Mac Domhnaill i nGleann Aireamh, Co ··· Aontroma, a athair agus ba shin-seanathair dósan an laoch Alastar Mac Colla Ciotaigh Mac Domhnaill a thit i gCath Chnoc na nOs i 1647 ··· Caitliceach ba ea Micheál agus Protastúnach a bhean chéile, i gcaoi gur sa chreideamh Protastúnach a tógadh Séamus agus a dheartháireacha ··· Ach nuair a bhí sé ar a choimeád in 1803 chuir Mac Domhnaill a ainm le fógra ag iarraidh ar an bpobal a insint cén taobh a raibh sé ··· Chum Aodh Mac Domhnaill[q.v.] tuireamh air
Tá eolas ar shaol agus ar shaothar an fhoclóirí mhóir seo: in Inniu 17 Samhain 1950 sa tsraith ‘Comhaimsirigh’; in Amárach 18 Nollaig 1981 ag Séamus Mac an Rí; in agallamh le Liam Ó Muirthile in Comhar, Aibreán 1989; ag Dónall Ó Baoill in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil; ag Éamonn Ó hÓgáin (‘Niall Ó Dónaill 1908-1995’) agus ag Risteárd Ó Glaisne (‘Niall Ó Dónaill: cuimhní pearsanta’) in Anois 18-19 Feabhra 1995; in ‘Tuarascáil’ in Irish Times na Céadaoine i ndiaidh a bháis ··· Bhí árasán acu ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath, agus bhí Séamus Ó Grianna [B2] ar lóistín acu ann ··· I ndiaidh a athar ba é Séamus an duine is mó a raibh tionchar aige ar a shaol (Ó Muirthile) ··· In Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997) cuireann Eilís Ní Bhrádaigh síos ar an gcaoi ar athshnaidhmeadh cairdeas eatarthu in 1959: dúirt Niall leis an Muirthileach go raibh deich mbliana, tar éis do Forbairt na Gaeilge a theacht amach, nuair nár labhair Séamus leis ar chor ar bith; i ndiaidh bhás Shéamuis chuir sé eagar ar chnuasach dá ghearrscéalta, Cora cinniúna 1 (1993) agus Cora cinniúna 2 (1993) ··· Foilsíodh Foclóir Béarla agus Gaedhilge: English-Irish Dictionary (1935) agus bhí seo le rá ag Mac Cionnaith sa réamhrá: ‘The Editor was fortunate in securing the services of three well-educated native speakers, Póilín Bhreathnach, B.A., Siobhán Ní Mhainín, B.Comm., and Niall Ó Domhnaill
Deirfiúr leis an scéalaí cáiliúil Johnny Shéamaisín Ó Domhnaill ba ea a mháthair, Máire; is é a dúirt Séamus faoin muintir a tháinig roimpisean go ndearna siad amhráin agus dánta chomh maith is rinneadh in Éirinn lena linn ··· Scríbhneoir a ndeachaigh a shaothar i gcion go mór air is ea Séamus Mac Annaidh; tá cuntas aigesean ar an gcuairt a thug sé ar Mhac Grianna in Ospidéal Naomh Conall i gcló in Rubble na Mickies (1990) ··· D’fhoilsigh An Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: an mhéin rúin (2002) le Fionntán de Brún a ndeir Pól Ó Muirí in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 23 Aibreán 2003) faoi gurb é atá ann ‘an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta’; is é a deir an t-údar féin: ‘I dtaca leis an leabhar seo agam féin, saothar critice atá ann agus, mar sin de, tugtar eolas faoi shaol Mhic Grianna de réir mar a bhaineann sé le hábhar na tráchtaireachta.’ Deireadh sé féin gurbh i Lúnasa 1900 a rugadh é ach is é 15 Eanáir 1901 atá sa teastas beireatais a fuair Liam Ó Dochartaigh ón gcláraitheoir i Srath an Urláir (‘Mo Bhealach Féin: saothar nualitríochta’ in Scríobh 5, 1981); níor cláraíodh an bhreith go dtí 9 Feabhra 1901 agus is inspéise gur tharla mórán an rud céanna i gcás lá breithe a dhearthár Séamus Ó Grianna [B2] ··· Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair, a ndúirt Séamus faoi (Rann na Feirste, 1942) gurbh é an scéalaí agus an cainteoir Gaeilge ab fhearr a chuala sé riamh ··· Chaith sé tamall in aontíos lena dheartháir Séamus ach ní raibh siad ag réiteach le chéile agus ba chorrach cibé caidreamh a bhí eatarthu ina dhiaidh sin
Uí Mac Coille, agus Dúiche an Bharraigh Mhóir, agus Cineál Tolamhan.’ Ag Breandán Ó Conchúir (Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982) tá léiriú ar na teagmhálacha a bhí ag an gCoitireach le filí a linne ar scríobhaithe iad: Seán Ó Murchú na Ráithíneach[q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.], Uilliam Ó Murchú ··· Ní Mhurchú sloinne a mháthar agus bhí beirt deartháireacha aige, Éamonn agus Séamus Mór ··· Bhí mac ag Séamus Mór ar tugadh Séamus Beag air agus tá de thuairim ann go raibh an triúr filí sin, Liam Rua, Séamas Mór agus Séamas Beag, in aontíos le chéile ··· Chaoin Seán Ó Murchú na Ráithíneach, Éamonn de Bhál, agus a nia Séamus Beag Mac Coitir é: labhair de Bhál ar a chumas lúthchleasaíochta
Deartháir le Séamus Ó Grianna [B2], le Domhnall Ó Grianna [q.v.] agus le Seosamh Mac Grianna (15 Eanáir 1901–11 Meitheamh 1990) ba ea an seanchaí agus an file pobail seo ··· Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1], a mháthair ··· Ach ba chuimhin le daoine Séamus Ó Grianna a rá gurbh é an duine ba chliste den teaghlach é
Bhí baint ag Séamus Ó Creag le bunú Chrann Eithne, eagras Gaeilge an Easpaig Pádraig Ó Domhnaill [B2], i 1908 agus ba é an chéad eagarthóir é ar An Crann (1908–24) ··· Le Gaeilge a tógadh Séamus (Feasta, Márta 1964: ‘Tá an Ghaelic agam ón chliabhán, altú do Dhia ...’ – litir dar dáta 13 Eanáir 1926 chuig Muiris Ó Droighneáin[B2]) agus ba mhinic i dteach mhuintir a mháthar é ··· D’aistrigh an teaghlach go Doire agus chaith Séamus tamall ina phrintíseach i siopa éadaitheora ansin ··· Craig, an siopa éadaitheora i nDoire, chuaigh Séamus ag obair ann go ceann tamaill ··· Ach creidtear gurbh é Séamus féin a d’íoc costais a bhfoilsithe
Is fiú sliocht faoi Historical Sketches a thabhairt as litir a scríobh an Dr Séamus Mac Domhnaill[q.v.] ar 28 Eanáir 1830 (i gcló ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste cois cuain, 1968): ‘The book which your Lordship [an Tiarna Downshire] sent me is written with great prudence and circumspection for altho’ the author be a Scotch Presbyterian yet one can never discern from this work to what sect he belongs ··· In The Irish Book Lover, Iúil-Nollaig 1929 (‘An Irish translation of Bunyan’) deir Séamus Ó Casaide[B2] gurbh é Historical sketches a spreag bean de phobal Anderson chun The pilgrim’s progress a chur i nGaeilge na hÉireann
Ar 10 Bealtaine 1884 a rugadh Séamus sa Chruán ··· Ní raibh Séamus sa teach nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 agus is mar seo a bhí an teaghlach: Thomas Mulcahy, oibrí feirme (51), Margaret, a bhean (40), Mary Anne (11), John (9), Patrick (5), Thomas (2) ··· Tar éis bunoideachais sa Chaisleán Nua cháiligh Séamus mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge ··· Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan [1987] gur sholáthair sé eolas ar logainmneacha don Athair Pádraig de Paor [q.v.] agus eolas ar Ghaeilge an cheantair do Thomás de Bhaldraithe, Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ··· Tá i gcló freisin san aiste léannta seo amhráin agus giotaí seanchais a chuir sé chuig Séamus Ó Duilearga in 1934, ábhar a chuireann lenár n-eolas ar chanúint Thiobraid Árann Theas, shílfeá
Fíodóir i bhFíodhnach in Eas Géitine ba ea an file eile, a dtugtaí Séamus mac Donnchadha Ó Caoindealbháin air agus is i ndiaidh 1847 a d’éag seisean; bhí sé ar dhuine den triúr filí a scríobh marbhnaí ar fhear Ráth Chathail ··· Bhí aithne aige ar Eoghan Ó Comhraí[q.v.] nuair a bhí seisean ag obair i nGealtlann Luimnigh agus bhí teagmhálacha aige le Eoghan Caomhánach[q.v.], Diarmuid Ó Riain[q.v.] agus Seán Ó Domhnaill[q.v.] ··· Dúirt Séamus, fíodóir, agus Ó Núnáin ina dtuirimh gur i Mainistir na Móna a cuireadh é agus deir Ó Cearbhaill gurb in í reilig Mhóin Achadh Ghae
Níor leis an Dr Séamus Mac Domhnaill ab fhaillí é cuireadh chun Féile na gCláirseoirí i mBéal Feirste 11-14 Iúil 1892 a chur chuige agus in ainneoin na ndaitheacha i láimh leis bhuaigh sé an dara duais arís le ‘Coillte Glasa an Triúcha’ ··· Cuireann Breandán Ó Buachalla síos air i gcomhthéacs na bpearsan a bhí ag saothrú na Gaeilge i mBéal Feirste ó 1778 go 1860, agus i gcomhthéacs Shéamuis Mhic Domhnaill[q.v.], go háirithe, in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 ··· Murach gur mhúin sé ceol do Mhac Domhnaill ní móide go dtarlódh Féile na gCláirseoirí i mBéal Feirste ná go mbaileodh Bunting na seanfhoinn ··· Turas é a rinne sé go minic i rith a shaoil agus chuir sé aithne ar dhaoine mar Mhuircheartach óg Ó Súilleabháin (d’éag 1754), Cathal Ó Conchubhair[q.v.], Conchubhar Ó Domhnaill, Caitliceach a raibh eastát aige i Liatroim agus a bhí i dteideal a bheith ina iarla ar Thír Chonaill, dar lena mhuintir, agus ar Iarla Chinn Mara ··· Aontroma, agus mhúin an chruit dá mhic ar dhuine díobh an Séamus thuas
Ag pointe éigin ghlac Ó Domhnaill cúram an aistrithe air féin ··· Bhí an saothar ar fad i gcló faoi 1602 agus foilsíodh é um Márta 1603 gairid i ndiaidh Séamus I a theacht i gcoróin; Seon Francke an clódóir a bhí i mbun na coda a aistríodh i ndiaidh 1597 ··· Is léir go ndearna seisean eagarthóireacht ar a raibh aistrithe roimhe, agus go deimhin tá cuma an leanúnachais le brath ar an aistriú tríd síos.’ Liostaíonn Williams sa chaibidil ‘Iarfhocal’ na scríbhneoirí Caitliceacha a bhain úsáid as aistriúchán Uí Dhomhnaill: Aindrias Ó Duinnshléibhe[q.v.], Séamus Ó Gallchobhair[q.v.], Muiris Paodhar[B6]... ··· Is dóigh le Williams gur bhain sé feidhm éigin as na coda a bhí aistrithe ag Seán Ó Cearnaigh agus Fearganainm Ó Domhnalláin ach go bhfuil meon piúratánach Uí Dhomhnaill le brath ar an leabhar agus deir sé: ‘Is sárshaothar é LUC [Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann] le hUilliam Ó Domhnaill ··· D’éirigh le hÓ Domhnaill Gaeilge nádúrtha dhúchasach a chur ar Bhéarla Chranmer a bhfuil maorgacht agus uaisleacht an bhuntéacs le sonrú uirthi.’ Deir McAdoo: ‘He shows that intuition for the mot juste which is the inevitable component of the first-class translator
Chum Mac Cairteáin, Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.], Liam Rua Mac Coitir[q.v.] agus Éamonn de Bhál[q.v.] marbhnaí ··· Bhí na Péindlíthe á gcur i bhfeidhm gan sos ag an am agus d’fhan sé trí bliana i dteach Sir Séamus Mac Coitir i mBaile na Speire in aice le Carraig Thuathail agus i rith an ama sin chuir aithne ar Dhomhnall Ó Colmáin, údar Parliament na mBan, a bhí ina oide ansin ag Séamus Óg Mac Coitir[q.v.]
Tar éis bunscolaíochta chuaigh Séamus ag obair i dteach tábhairne (nó siopa, b’fhéidir) i mBaile Átha Cliath agus chuaigh isteach i gCraobh Uí Ghramhnaigh, Conradh na Gaeilge, le Brian Ó hUiginn [B3] ··· Séamus Ó Duirinne [B4], Déiseach, a mhúineadh an rang sinsearach ··· Deir Micheal Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan ··· O’Donnell in Éire-Ireland, samhradh 1976 agus ba dhóigh lena mhac Colm gurbh in an fáth a raibh sé i gceist ag Séamus dul go Meiriceá
Dhún na nGall, mar a raibh feirm bheag ag a athair Séamus a rugadh é ··· Bhí cóip ag Antoine de Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne, eagrán Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, a chuir Risteard Ó Dubhthaigh in eagar in 1884, agus dúirt sé le Séamus Ó Searcaigh[q.v.] nach raibh focal ann nach raibh a uncail Micheál Eilse in ann a mhíniú dó ··· Is uaidhsean a fuair sé na focail neamhchoitianta a d’úsaideadh sé chomh nádúrtha sin ina chomhrá, focail a thugadh pléisiúr dá iardhalta Séamus Ó Searchaigh[q.v.] agus don scoláire Éamonn Ó Tuathail[B2] ··· Deirtear go mba chúnamh dó cairdeas an Easpaig Pádraig Ó Domhnaill[B2] mar chosaint ar na cigirí ··· Bhuaigh sé ceann de dhuaiseanna Chuimhneachán an Chliabhraigh i 1901 agus duine den triúr daltaí a bhuaigh dó é ba ea Séamus Ó Searcaigh (An Claidheamh Soluis, 11 Bealtaine 1901)
Nuair a fuair sé bás scríobh Séamus Ó Searcaigh[B1] an abairt seo in An Claidheamh Soluis: ‘Tá an chéad fhear a chuir suim sa teanga i dTír Chonaill faoi chlár inniu’ ··· Nuair a bunaíodh Ardscoil Cholm Cille (nó Coláiste Uladh) bhí sé ar dhuine den cheathrar ba mhó a dhéanadh an obair, é féin, Séamus Ó Searcaigh [q.v.], Úna Ní Fhaircheallaigh[B1], agus Íde Nic Néill ··· Chaith sé tamall ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Adhamhnáin sula ndeachaigh sé i gceannas ar Choláiste na gCeithre Máistrí a luaithe a chuir an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] ar bun é ··· Sa chuntas air i ndiaidh a bháis luaigh Séamus Ó Searcaigh gurbh é teagasc críostaí Sheáin an chéad leabhar Gaeilge dá bhfaca sé riamh
Ach san iris chéanna 15 Feabhra 1902 bhí litir inar dhearbhaigh ‘Glengesh’ gurbh é Mac Pháidín a d’fhéach chuige gurbh é an t-iarrthóir nach raibh aon Ghaeilge aige a ceapadh ina mháistir ar Theach na mBocht sna Gleannta agus gurbh é an t-aon fháth amháin ar ceapadh é go mba nia leis an Easpag Pádraig Ó Domhnaill[B2] é ··· Is dóigh gur tagairt é sin don Easpag Ó Domhnaill a bheith ar an taobh eile sa troid
Dúirt Séamus Ó Casaide[B2] in Irish Book Lover, Márta 1915 gur James a bhí ar a athair, gur bean den sloinne Hally a mháthair (‘Darby Margaret Nellie’ a thugann Ó Fiannachta air) agus gur phós sé Mary Desmond ··· Chuir Pádraig Ó Meára[B5] agus Tomás Mac Domhnaill cuid dá shaothar fileata i gcló in The Spirit of Tipperary, c.1939 ··· Ní foláir nó scríobh sé i bhfad níos mó dánta Gaeilge ná tá ar marthain; is léir ar véarsa de dhán le Séamus Ó Caoindealbháin [q.v.]—i gcló ag Ó Duibhir—gurbh eol a ainm i bhfad ó bhaile
Bhí sé ar dhuine de Sheacaibítigh mhóra na hÉireann agus scríobh filí tuairim scór dán air féin agus ar a mhac, Séamus Óg (1689–1720) [q.v.], ina measc Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Liam Mac Cairteáin[q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.], agus Éamonn de Bhál[q.v.] ··· Bhí baint nár bheag aige le ‘Párlaimint na mBan’, agus ba é údar an tsaothair sin, an tAthair Domhnall Ó Colmáin[q.v.], a bhí mar oide ag a mhac; is cuntas ar bheatha Sir Séamus atá sa tíolacadh a rinne seisean (Párlaimint na mBan, 1952 in eagar ag Brian Ó Cuív) ··· Phós sé Eilís Ní Chonaill i 1627 agus ba é Séamus an dara mac acu ··· B’fhéidir go raibh Séamus ina shaighdiúir i bhfórsaí an rí i Sasana go hóg ina shaol, nó ag saighdiúireacht ar an Mór-roinn ··· Is mar seo a thagraíonn Ó Colmáin don ngníomh: ‘Más somholta de réir an tsaoil greann et grá a thuilleamh ó rithe et ó phrionsaí, féach créad é an mhuinín a bhí ag Rí Séarlas ina lúth, ina mhisneach, et ina chomhall, an tan a thug sé ceannas et ordú dhó gluaiseacht mar aon le beagán buíne a’ tóraíocht an tréatúra Lisle et dá threascairt, gníomh a rinne Séamus go háthasach in éiric et i ndíoltas bháis Rí Séarlais
Tá cuntas ar a shaothar ag Micheál Ó Domhnaill in Coláiste na Rinne: gearr-stair (1988) ··· Is ag an bpointe sin a chuir Séamus Ó Néill ceiliúr pósta uirthi ··· I nDún Garbhán ar 17 Meitheamh 1892 a rugadh Séamus ··· Bhí Séamus ag Scoil na mBráithre Críostaí i gCluain Meala agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Oiliúna De La Salle, An Baile Nua, Co ··· Níor ghlac Séamus aon pháirt sa Chogadh Cathartha
This tremendous energy of research was continued year in year out during the seventeen years of his office until note book was piled on note book' (Séamus Ó Cuinn in Journal of the Louth Archaeological Society XI 1941) ··· Seán Mac Maoláin [B1] a mhol dó dul go Rann na Feirste agus ba é Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1] a thug suíomh dó ansiúd ··· Ba é a bhunaigh An tUltach in 1924 agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris ó thosach go 1940, ach tréimhse ghairid i mbliain 1933-4, nuair a bhí Séamus Ó Néill[B3] sa phost, a fhágáil as an áireamh
A leabhair ar Pheadar Ó Doirnín [q.v.] agus ar Chathal Buí Mac Giolla Gunna[q.v.], b’fhéidir, a ghin an scata leabhar sin ar fhilí agus scríobhaithe Uladh a d’fhoilsigh An Clóchomhar: Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh, Pádraig Mac a Liondain, Aodh Mac Domhnaill, agus Nioclás Ó Cearnaigh ··· Thug Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, cuairt ar an Institiúid ar 21 Bealtaine 2006 agus dúirt: One dimension of Irish studies which Séamus Deane pioneered is the importance of the Irish language to an understanding of Ireland and its history ··· But even Séamus Deane [Ollamh le Léann na hÉireann san ollscoil] could hardly have imagined that the Irish language would become the second most popular foreign language for Notre Dame undergraduates ··· I measc na n-ardscoláirí agus na gcairde eile a mhol go hard é lá na sochraide féin agus ag an gceiliúradh a rinneadh ar a shaol agus a shaothar ar 22 Meitheamh bhí Séamus Deane; Breandán Feirtéar, Máirín Ní Dhonncadha; Gearóid Ó Tuathaigh; Brian Ó Conchubhair agus Éamonn Ó hÓgáin
Ó Mhaghnas Ó Domhnaill [q.v.] a shíolraigh sé agus ba é a chuir Séamus Maguídhir, scríobhaí, a thiomsú na ndánta a bhain lena mhuintir, 113 díobh, le haghaidh Duanaire Uí Dhomhnaill, lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta ··· Mac ba ea é le Conall Ó Domhnaill, Tiarna Leifteanant Chontae Dhún na nGall le linn Shéamuis II, agus Gráinne Ní Dhomhnaill, iníon leis an Ruairí Ó Domhnaill sin ar gharmhac é le Niall Garbh Ó Domhnall (1569–1626)
Ba é Séamus Cilligriú, gabha, a hathair ··· ‘Chaith sé tamall maith an lá sin i dteannta Eibhlín, agus iad araon ag cur síos ar an seansaol i Scoil na Leanbh’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo: Coláiste na Rinne: gearr-stair, [1987] le Micheál Ó Domhnaill)
Scríobh Séamus Ó hEocha[q.v.] ábhar síos uaidh agus chuir in eagar é faoin teideal Sgéalta Mhicil, 1923 ··· Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan: Ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987] gur thug sé go leor dá óige ag obair d’fheirmeoirí ar ‘leite is fiche’ sa tseachtain
Sa bhliain chéanna sin a bunaíodh Cuideacht Gaedhilge Uladh, a raibh Séamus Mac Domhnaill[q.v.] ina chathaoirleach air
Cuid de na drámaí a léirígh siad ina dhiaidh sin ba é Eoghan a chuir ar fáil iad: drámaí a bhunaigh sé ar shaol na háite, ar déanamh an phoitín agus ar chúrsaí cleamhnais; drámaí a scríobh sé ar théamaí staire mar shaol an Athar Séamus Mac Pháidín (In Aimsir an Mháirtínigh), agus mar a mharaigh Pádraig Ó Domhnaill an sceitheadóir James Carey (An Fealltóir)
Ba é Seán Ó Domhnaill, athair Phádraig Uí Dhomhnaill[B1], a bhí mar mhúinteoir aige i scoil Fhearann na Coille ··· Séamus Ó Duilearga an duine eile a raibh tionchar mór aige air
Deartháir le Séamus Ó Grianna [B2], le Seosamh Mac Grianna (15 Eanáir 1901–11 Meitheamh 1990) agus le Seán Bán Mac Grianna [q.v.] ba ea é ··· Ba é Féilimí Dhomhnaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1], a mháthair
Tá eolas níos cuimsithí ag Nioclás Mac Craith in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 7, 2003 (‘Liam Ó Miadhacháin 1974-1960’ – Ó Miadhacháin an litriú atá ag Michéul Ó Domhnaill[B8] freisin; ‘Ó Míodhacháin’ atá ar fud Clár Litridheachta na Nua-Ghaedhilge) ··· Bhí an Fear Mór [Séamus Ó hEocha] pósta ar a deirfiúr agus thugtaí an Fear Beag ar Liam
Sheinneadh sé ar an bhfeadóg agus ar an bpíb uileann agus bhí ardmheas ag Séamus Ennis ar a chuid ceoil ··· Scríobh Micheál Mac Cárthaigh cuid dá chuimhní air in Feasta, Márta 1961, agus tá eolas ina thaobh i gcló ag Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, (1987)
Chuaigh sé i gcion go mór ar Sheán Ó Faoláin (‘I must say more about our Irish teacher, Pádraig Ó Domhnaill: young, handsome, eager and quite uncowed... ··· Thanks to Ó Domhnaill I was wearing my Fáinne in the summer of 1917’ ··· I 1923 foilsíodh Algébar a scríobh sé i gcomhar le Seoirse Mac Niocaill agus Ceachta cainnte don phobal a scríobh sé i gcomhar le Séamus Ó Maoileoin
Roghnaigh Séamus Ó Céileachair trí dhán dá dhéantús dá Nuafhilí, 1942–52 ··· Roghnaigh Seosamh Mac Domhnaill aistí a bhí i gcló in Inniu le foilsiú faoin teideal Cois Life fadó agus ábhair eile (1985)
Deir Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Nollaig 1930: ‘Do chuir sé suim mhór i leabhraibh Gaelacha agus do bhí bailiú beag de sheanlámhscríbhinní aige’ ··· Ba bhéas dó suim thar chách a chur i leabhair an tseanchasa agus gach éacht agus eachtra a ghnáthaídís Gaeil’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, 1987 le Micheál Ó Domhnaill)
Tá cuntas air freisin ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain (1968) agus chuir Séamus P ··· You will please excuse me for being a little dilatory in sending any writings.’ Leis an tréimhse sin freisin a bhaineann an t-easaontas le hAodh Mac Domhnaill[q.v.] ar ceann dá thorthaí an aoir aitheanta a scríobh Art, ‘An tOllamh Úr’, a raibh de theidil air aige féin ‘Aoir ar Aodh Mac Domhnaill or reflections upon Hugh MacDonnell’s conduct for assuming the name of poet’ agus ‘Hugh McDonnell’s insolence, incapacity and folly in attempting to compose Irish verses censured by Art Bennett’ (i gcló maille leis an dán in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 le Breandán Ó Buachalla)
Tá a bhfuil d’eolas i dtaobh an fhile seo cruinnithe ag Colm Beckett agus i gcló in: Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, An Clóchomhar, 1967, mar a bhfuil eagar curtha aige ar thráchtas fealsúnachta a scríobh an file; agus in Aodh Mac Domhnaill: dánta, An Clóchomhar, 1987 ··· Séamus ab ainm dá athair agus is i sráid bhaile Lú i gContae Lú a bhí cónaí ar a mhuintir le tamall maith ··· Tá fiúntas inti fosta ó thaobh an eolais atá inti ar mhodhanna feirmeoireachta; na barra a shaothraítí; béasaí agus bealaí na tuaithe—cuid acu a bhí imithe as úsáid cheana féin nuair a bhí Aodh Mac Domhnaill ag scríobh, go ndéantaí bágún d’fheoil an bhroic, go n-ití an ghráinneog, go gcuirtí eorna sna garraithe sula raibh na prátaí coitianta.’ Cuir lena ais-sean cur síos a rinne an Canónach Feardorcha Ó Conaill[B2] ar an ‘Fealsúnacht’ ina léacht ‘The Philosophy of Aodh Mac Domhnaill’ (Journal of the County Louth Archaeological Society, Samhain 1915): ‘He was not an Empedocles, nor a Plato, nor a Lucretius, but he proved conclusively that neither penury nor lack of book knowledge can altogether suppress the development of natural genius
Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin[q.v.], Donnchadh Rua Mac Conmara [q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791 ··· In The Hidden Ireland is i measc na mionfhilí a áiríonn Domhnall Ó Corcora[B5] an Gearaltach ach deir sé faoin amhrán sin: ‘It is so agile, so decorative in manner, that one might easily attribute it to Seán Clárach Mac Domhnaill.’ Tá ardmheas freisin ar an dán ‘Seán Ó Díghe’; glactar leis de ghnáth gurb é Seán Buí atá i gceist, cé go ndúirt Seán Ó Dálaigh[q.v.] gur ghabha den ainm sin i bparóiste Bhaile Mhac Óda a phós an ‘ceirtlín sneachtaidh mhná’ ··· (Séamus Ó Casaide[B2] in The Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1936)
Toghadh ina bhall de choiste stiúrtha Choláiste na Rinne é i 1915 agus chabhraigh sé le Séamus Ó hEocha chun Comharchumann na Rinne a bhunú ··· Deir Micheál Ó Domhnaill ‘gur thuill sé clú agus cáil ar fud na hÉireann mar oide dúthrachtach coinsiasach’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, [1987])
Ba é an dara mac é ag Séamus Ó Domhnaill, siopadóir/ceannaí sa tSráid Mhór, agus a bhean Mary Anne Keily
Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan: ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987] gur ‘thug sé an Ghaedhealuinn leis ó ucht a mháthar’ agus go raibh sí gan cháim aige, gur thosaigh sé ar an nGaeilge a mhúineadh i gCoill Mhic Thomáisín i 1905 ··· Scríobh Séamus Ó hEocha[q.v.] faoi in Feasta, Márta 1951: ‘Buachaill breá lúbach láidir ba ea an Stócach, údar cliste agus file binn-ghlórach ach do ghoill cruatan na hoibre ar a shláinte agus fé raibh 27 mbliana slán aige fuair sé bás agus cuireadh sa Teampall Geal é le hais Dún Garbhán’
Tuairim 1939 d’fhoilsigh sé cnuasach d’amhráin agus d’fhilíocht Thiobraid Árann, idir Ghaeilge agus Béarla, a rinne sé féin agus Tomás Mac Domhnaill, faoin teideal The Spirit of Tipperary; píosa dá dhéantús féin ann is ea ‘The Penal Mass at Urra’ ··· D’fhoilsigh siad freisin leabhair le Seán Ó Mulláin, Máirtín Ó Corrbuí, Conchubhar Ó Ruairc, Seán Mac Fheorais, Séamus Ó Céileachair, chomh maith le Leabhar na Salm leis an Athair Colmcille agus Leabhar Dhainéil leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta
Dá mba ollamh ar aon chor é is ag Cloinn Domhnaill a bhí sé... ··· Pléann an Dr Séamus Ó Ceallaigh[B1] an cheist in Gleanings from Ulster History: Punann ó Chois Bhanna, 1951 agus deir sé: ‘On the whole, it seems as if Larne and the vicinity of Larne represented Ó Gnímh’s territory from some earlier period and that Ballygalley Castle on the cliff was the centre of his estate.’ Glactar leis gurb é an ‘Ferflatha Ogneiffe’ é ar tugadh pardún dó i 1602
Bhí gaol aige le hAodh Buí agus tuairimíonn Morley go raibh seisean ar dhuine dá dhaltaí scoile; agus bhí an file Séamus Mac Cruitin[B6] síolraithe óna dheartháir Tadhg ··· Ba iad na pátrúin a bhí aige Samhairle Mac Domhnaill, Cill Chaoi, a bhean Sibéal Ní Bhriain, agus Éadbhard Ó Briain in Inis Díomáin
Chaoin sé Séamus Óg Mac Coitir[q.v.] a crochadh 7 Bealtaine 1720 ··· Is iad na daoine ar chum sé tuirimh orthu: Micheál, athair Phiarais Mhic Gearailt[B6]: Conchubhar Ó Briain (‘Carn Tighearnaigh’) [q.v.]; Liam Rua Mac Coitir [q.v.]; Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.]
Bhí meas ar Ferguson ag Seán Ó Donnabháin[B6], John Mitchel, George Petrie[B6], Charles Gavan Duffy, Eoghan Ó Comhraí[B6], William Carleton, Whitley Stokes[B3], Séamus Mac Domhnaill[B6]...
Ag Séamus P ··· Deir Ó Mórdha nach leis an nglún chéanna a bhain an bheirt ar chor ar bith agus gur dóigh gurbh é Aodh Mac Domhnaill[B6] a dúirt ar dtús gur dheartháireacha iad
Bhí sé in aon rang le Michéul Ó Domhnaill[q.v.] i Scoil na mBráithre, Dún Garbhán, agus bhain an chéad áit in Éirinn amach sa Ghaeilge in Ard-Teist 1930 ··· Is dóigh gurbh ar an gcuma sin a fuair Séamus Ó Duilearga[B5] eolas ina thaobh agus gur thairg sé post mar bhailitheoir sna Déise dó in 1935
Ba é comharba an Fhir Mhóir (Séamus Ó hEocha[B5]) é i gColáiste na Rinne agus ba é a scríobh stair an Choláiste
An chéad ghníomh de Macbeth a bhí le haistriú agus ghnóthaigh Seán an dara háit (Pádraig Ó Domhnaill[B1] a bhuaigh an comórtas) ··· Thugamar cor fairsing, dá bhrí sin, agus leathamar ár líonta ar fud Chairbre agus Bhéara agus Mhúscraí agus Uíbh Ráthach, i slí is nach bhfuil cluain ná cluthar i gcéin ná i gcóngar a raibh an Ghaeilge ag na daoine ann, nach ndeachamar chucu ad’iarraidh na n-amhrán.’ Is le linn dó a bheith á mbailiú a rinne Séamus Ó Duilearga[B5] teagmháil leis agus a d’éirigh siad cairdiúil le chéile
Is inspéise go raibh Séamus Mac Domhnaill [B6], a thionscain Féile na gCláirseoirí i 1792, síolraithe go díreach ó Alasdar ··· Ba shin-sheanuncail dó Somhairle Buí Mac Domhnaill (c.1505–90)