Líon alt a aimsíodh: 50
In Filí faoi sceimhle: Seán Ó Ríordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978 deir Seán Ó Tuama: ‘Sa leabhar seo tráchtaim ar an mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí liom ón 17ú haois i leith ...’ Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘I dtuairim a lán léirmheastóirí, is é Seán Ó Ríordáin mórfhile Gaeilge na linne: tá cuid acu a dhearbhaíonn gurb eisean is fearr ó aimsir Uí Bhruadair i leith’ ··· Faoina aistí in The Irish Times, deir Seán Ó Mórdha: ‘Colún é seo go bhféachfar air amach anseo mar chuid an-tábhachtach de stair litríochta na Nua-Ghaeilge’ (in ‘An Púca Léannta’, An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, 1980) ··· Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978 ··· Saothar an-neamhghnách is ea é toisc a raibh de fhianaise ar aigne Uí Ríordáin le fáil ag an gCoileánach i ndialann neamhfhoilsithe an fhile ··· De réir ‘Seán Ó Ríordáin: clár saothair’ in Comhar, eagrán speisialta in ómós don fhile, Bealtaine 1977, ba é ‘An dall san studio’ an chéad dán i gcló aige (in Comhar, Márta 1944)
Mic leis an tAthair Colm Ó Ríordáin S.J ··· agus Breandán Ó Ríordáin, seandálaí
Aiste ag Seán Ó Ríordáin in Irish Times i ndiaidh a bháis: is é ‘An Feairín’ é i ndán Uí Ríordáin
Múinteoir Sheáin Uí Ríordáin: ‘Chomh fada leis na múinteoirí, idir bhráithre is thuataí [sa Mhainistir Thuaidh], is follas go mba mhó scáth Thaidhg Uí Dhuinnín an tSléibhe Riabhaigh ar a aigne ná éifeacht aon duine a bhí anseo aige’ (Seán Ó Coileáin, Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982)
Is mar chara dílis Sheáin Uí Ríordáin (q.v.) is mó a tarraingíodh aird lucht litríochta na Gaeilge ar an scríbhneoir agus an t-ilteangach Corcaíoch seo agus is mó sin tagairt dó in Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (Ó Coileáin 1982) ··· Is ann a d’éirigh dlúthchairdeas idir é agus Seán Ó Ríordáin (q.v.) a bhí tosaithe ag obair san oifig chéanna i mí Eanáir 1937 ··· [eag.] (1980) An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin
I gCorcaigh d’éirigh sé cairdiúil le scríbhneoirí agus le pearsana Gaeilge na cathrach agus go háirithe le Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama (1926–2006), an tAthair Tadhg Ó Murchú agus an dealbhóir Séamus Murphy agus a bhean Maighréad ··· I measc na dtagairtí ina dhialann tagraíonn Ó Ríordáin do ‘shárGaeilge’ Aindreas agus deir Ó Coileáin (1982) gurbh iad Seán Ó Mórdha agus Aindreas a chuaigh i mbun na hidirghabhála ar son Uí Ríordáin chun go bhfoilseofaí alt leis gach Satharn in The Irish Times ··· (1982) Sean Ó Ríordáin: beatha agus saothar
Deir Brenda Ní Ríordáin, a bhfuil gaol aici léi, gurbh í Anne Deasy a mháthair agus go mba chainteoir dúchais Gaeilge í (‘Cérbh í “Dul amú”?’ in Comhar, Lúnasa, 1993) ··· Deir Breanda Ní Ríordáin freisin go raibh an Ghaeilge láidir go fóill i nDairbhre mar a raibh an scoil náisiúnta ar fhreastail sí uirthi ··· Deir Breanda Ní Ríordáin gur thug Coimisiún na Talún feirm di i 1913
Deirtear gurbh é is mó a dhéanadh an pheannaireacht don triúr eile: Tadhg Ó Ríordáin, Conchubhar Ó Deasumhna[q.v.], Micheál Ó Loingsigh ··· Ó Thadhg Ó Ríordáin a fuair sé an scéal agus i mBaile Mhic Íre a bhí cónaí ar Mhicheál um an dtaca seo
Ba é a dúirt Pat Butler, comhghleacaí eile, faoi go raibh sé i bhfad chun tosaigh ar a chomrádaithe, nó mar a dúirt Seán Ó Ríordáin faoi Dhomhnall Ó Corcora, ‘do mhúin sé an tslí’ ··· Ar thórramh Bob in Eaglais Naomh Eoin i gCúil Raithin, d’aithris Alan Titley dán Gaeilge de chuid Sheáin Uí Ríordáin, sular aithris sé dán gairid dá chuid féin, i mBéarla, dán a bhí cumtha aige in ómós do Bob ··· Is é Bob féin a roghnaigh an dán ‘Fill Arís’ de chuid Uí Ríordáin dá thórramh féin agus léiríonn an dán seo an file a bheith ag fágáil ‘Gleann na nGealt Thiar’ le filleadh ar a fhíorbhaile dúchais sa Ghaeltacht
Léiriú áirithe ar a mheas ar an bhfilíocht an turas a thug sé ar Chúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh 2 Feabhra 1977 nuair a bhí Seán Ó Ríordáin [B3] ag fáil bháis ann: ‘Ní fhéadfadh aoinne bheith níos deise, níos míne, níos muinteartha liom, ná níos imníchí fúm’, a dúirt an file (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 le Seán Ó Coileáin) ··· Tá an chaint a thug sé os cionn uaigh Uí Ríordáin in Comhar, Bealtaine 1977
Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4], Seán Ó Ríordáin [B3], Tomás Ó Fiaich [q.v.].. ··· I litir dar dáta 31 Lúnasa 1972 (i gcló ag Ó Glaisne) dúirt Ó Ríordáin go léadh sé go rialta é ··· Gheofar tuairim dá chumas mar fhile agus mar aistritheoir araon sa leagan Béarla de ‘Cúirt an Mheon-Oíche’ a chuir sé ar fáil (The Midnight Court: a New translation, 1982) agus sna haistriúcháin ar dhánta Uí Ríordáin atá i gcló in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 le Seán Mac Réamoinn; tá freisin sa chnuasach aistí sin an cuntas a scríobh sé ar Bhrian Merriman[B6]
Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin ··· Thug scoláireacht Bhardas Chorcaí é go Coláiste Ollscoile Chorcaí 1968-71 mar a raibh tionchar air ag an Ollamh Seán Ó Tuama, ag an bhfile Seán Ó Ríordáin, a bhí ina léachtóir páirtaimseartha ann, agus ag Seán Ó Riada ··· Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E
Tá aistí le Proinsias Mac Aonghusa, Aindreas Ó Gallchóir, Rolf Baumgarten agus Seán Ó Ríordáin[B3] in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha agus tá ann freisin an dá chaint a chraol sé 11 agus 18 Bealtaine 1952 faoi na teidil ‘Páipéir Bhreaca’ agus ‘Páipéir Bhána’ ··· Is mar seo a chuir Seán Ó Ríordáin síos air: ‘Ní cosaint na cúise a mhodh oibre ach ionsaí ar an namhaid’ (Irish Times 5 Samhain 1970) ··· Scríobh Seán Ó Ríordáin go luath ina dhiaidh sin: ‘Creidim go bhfuil an scríbhneoir ba mhó in Éirinn lena linn imithe agus duine den triúr fear ba mhó.’ D’fhág sé gan foilsiú péire úrscéal, Athnuachan agus Barbed wire, agus ábhar ilchineálach
Seán Ó Ríordáin a dúirt an méid sin i ndiaidh a bháis ··· Ach b’fhéídir gurbh fhearr an suimiú a rinne Seán Ó Ríordáin in aon abairt ghairid amháin: ‘B’fhearr ná an aimsear é mar ábhar cainte’
In 1812 chuaigh sé chun cónaithe i dteach Shineon Uí Ríordáin, dochtúir i gcathair Luimnigh (d’éag ar 10 Iúil 1821), agus chaith deich mbliana ann ··· Nuair a d’fhág sé Luimneach i ndiaidh bhás Uí Ríordáin, d’fhill ar an gCarn, go dtí teach a dhearthár Pádraig, agus bosca lán de leabhair ar a dhroim aige
Agus deir an t-údar sin faoi Sheán Ó Ríordáin[B3]: ‘Sólás dó ab ea a chloisteáil .. ··· ó Shéamas Caomhánach, fear nárbh fhéidir a bheith in amhras ar a dhintiúirí chun a labhartha, nach raibh an Ghaeilge ag aon duine riamh’ (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982)
Chuaigh sí i gcion ar scríbhneoirí mar Sheán Ó Ríordáin [B3], Seán Ó Tuama [q.v.], Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill ··· Tá i gcló ag Micheál de Mórdha abairt a scríobh Ó Ríordáin fúithi ina cholún san Irish Times: ‘Peig Sayers eile is ea Cáit Bean an Fheirtéaraigh
A bhfuil le rá aige i dtaobh teagmhálacha gnéis idir othair agus banaltraí óga, chuirfeadh sé i gcuimhne don léitheoir na sleachta as dialanna Sheáin Uí Ríordáin in Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (1982) le Seán Ó Coileáin
Díol iontais is ea é gur chuir sé anam arís i bhfoirmlí filíochta na Gaeilge’, a dúirt Seán Ó Ríordáin [B3] ina cholún san Irish Times 4 Bealtaine 1974 ··· Bhain an chuid is mó de cholún Irish Times Sheáin Uí Ríordáin an mhaidin Sathairn sin leis: lena phictiúr a tógadh ag Féile Scríbhneoirí Chorca Dhuibhne tamall gairid roimhe sin agus lena dhealraithí a bhí sé ann le Don Quijote, agus le dán a bhí aige in uimhir na Márta de Agus, ‘Na Speabhraídí Saolta’, arb ionsaí é ar bhearbóirí Chorca Dhuibhne
Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal ··· Thar aon ní eile b’é Nuabhéarsaíocht a thug Seán Ó Ríordáin ar an saol mar fhile áitithe, dhá bhliain sarar foilsíodh an chéad chnuasach, Eireaball spideoige (1952) ...’ Chomh luath le 1943 agus 1947 bhí dánta i gcló aige in Comhar ach níor foilsíodh a chéad chnuasach go dtí 1962, Faoileán na beatha, leabhar a roghnaigh an Club Leabhar
Ansan a airigh Diarmuid a lán de na hamhráin agus den cheol agus des na scéalta, óna athair féin, Maidhcí, ó Pheataí na Ráithe [Ó Tuama] agus ó Dhiarmuid Ó Ríordáin a bhíodh go minic ann
Ó Ríordáin agus bhí sé féin i mbun oscailt dhá lios sa tSeanachúirt agus i Loch Adhain
Is mar seo a scríobh Seán Ó Ríordáin [B3] ar an leabhar sin: ‘Braithim féin gur clasaic is ea gach leabhar dá dtáinig as an mBlascaod Mór neamhspleách ar fheabhas mar gur fáisceadh iad uile as an gcúlra clasaiceach céanna—sé sin saol an Oileáin
Tadhg Ó Ríordáin, a d’aithris na scéalta dó
An aiste a scríobh Seán Ó Ríordáin air in The Irish Times ar 18 Nollaig 1971 is fearr a thug léiriú ar na cáilíochtaí pearsanta a dhírigh aird an phobail ar ‘shagairtín na Gaeilge’
I nGaeltacht na Mumhan, i dTiobraid Árann, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gCiarraí a bhí an bailiú ar siúl aige agus i measc na n-amhránaithe bhí Síle Bean Uí Ríordáin, An Doirín Álainn
Is chuige a tháinig áitreamh a athar agus phós sé Máire Ní Ríordáin ó Chluainte Chárthaigh i gCill na Martra
Ó Ríordáin, CSSR (735 lch)
Bhuaigh sé duais ar liric an chéad bhliain sin (‘An Peidhleachán’ a rinne Seán Ó Ríordáin [B3] a chóipeáil ina dhialann nuair a cuireadh i gcló é in Scéala Éireann 7 Márta 1940) agus i 1941 iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh
Fágadh colún deireadh seachtaine faoi Sheán Ó Ríordáin [B3]
Bhí litir aige á chur in aithne don Ardeaspag Ó Ríordáin ach deirtear, cibé fonn a bhí air bheith ag obair ann, gurbh í an liathróid láimhe a tharraing ar ais go hÉirinn é
His untraditional use of Irish and his experimental modes of narration make him also, one suspects, our most unread novelist of recent times.’ Nocht Seán Ó Ríordáin an tuairim seo in Irish Times 12 Lúnasa 1972: ‘Is deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint’ (i gcló in Traidisiún Liteartha na nGael, 1979)
., Tomás Tóibín, but above all the Seán Ó Ríordáin of Eireball Spideoige
On being presented by Seán Ó Ríordáin (Ríoghbhardáin) with a copy of a record of the poet reading some of his compositions Professor Breatnach responded with the following stanza: ‘As an récord don Ríobhard is buíoch atáim / Is gur fíorbhreá (is óm chroí ráim) an síneadh láimhe / Ach ó shín Seán uaidh faí a bhrád chun daoi re dán / Is díobháil sin, ní f’láir, d’ealaín na mbard.’ Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí ollscolaíochta agus bhí sé ina bhall de bhord stiúrtha Choláiste Ollscoile Chorcaí idir 1954 agus 1971 agus de Sheanad Ollscoil na hÉireann idir 1964 agus 1977
Is dóigh gurbh é an cumann a bhí i gceist an Society for the Revival of Ancient Irish Literature, a raibh an Dr Ó Ríordáin, cara Pheadair, ina uachtarán air
Níl d’aistriúcháin eile ar dhánta filí Gaeilge ó 1940 ar aghaidh ann ach ar shaothar le: Máirtín Ó Direáin [q.v.], Sean Ó Ríordáin [q.v.], Máire Mhac an tSaoi, Nuala Ní Dhómhnaill agus Cathal Ó Searcaigh
le Tomás Ó Ríordáin, 2011); The Irish church: its reform and the English invasion (2017); agus, ráithe roimh bhás dó, Clavis Litterarum Hibernensium (2017) i dtrí imleabhar le breis agus dhá mhíle leathanach), ina bhfuil cur síos ar na lámhscríbhinní agus téacsanna Éireannacha ar fad ó 400–1600, a bhfuil tábhacht leo, idir Ghaeilge, Laidin, Bhéarla agus Fhraincis
Bhí Proinsias Mac Aonghusa [q.v.] ag cabhrú leis sa chéad chlár a rinne sé riamh i Sráid Anraí agus bhí sé sa láthair arís ina chlár deiridh mar bhall foirne, clár i dtaobh Éigse Uí Ríordáin i mBaile Bhuirne um Shamhain 1991 (Mac Aonghusa 2001)
Chuir sé eagar ar sé cinn de ‘Leabhair na Bliana’ an Chumainn a d’fhoilsigh An Clóchomhar: An díthreabhach agus scéalta eile as Comhar (1977), An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin (1980), Léachtaí Uí Chadhain (1989) a raibh baint aige lena n-eagrú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Leath na spéire (1992), Ón ulán ramhar siar (2003) agus Máirtín Ó Direáin - na dánta (2010)
The stories are simple but profound in their impact and this is achieved by the keenest observations of men, women and beasts presented with vivid accuracy.’ Seo é an t-aistriú a rinne Ó hAnluain ar thagairt i ndialanna Sheáin Uí Ríordáin: ‘I have read some stories by Liam O’Flaherty and sensed that some living things had been caught between the covers
Ar 24 Bealtaine 1970 eagraíodh siompóisiam i Maigh Nuad in ómós dó agus labhair Tomás Ó Floinn, Seán Ó Ríordáin agus an tAthair Tadhg Ó Murchú
Mar gheall ar a phearsantacht (‘oilimpeach’ an cur síos a rinne Seán Ó Ríordáin [q.v.] air uair agus úsáidtear freisin ‘boihéimeach’ ag tagairt do bhlianta a óige), ar a chruth, agus cúlra a mhuintire, ba mhó ba dhíol suntais é ná aon duine dá chomhghleacaithe in earnail léann na Gaeilge
I séipéal an Spuncáin ar 25 Samhain 1877 phós sé Eibhlín Nic Chárthaigh, duine den seisear iníonacha a bhí ag Fionán Mac Cárthaigh ar de bhunadh Oileán Dairbhre é, agus Bairbre Ní Ríordáin ó Dhroim an Dísirt i gceantar Thrá Lí
Pointí arda i scéal a bheatha is ea na hócáidí móra litríochta agus foilsitheoireachta lena linn: foilsiú Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i 1950; Nuabhéarsaíocht an bhliain chéanna; Bord na Leabhar Gaeilge—ba í obair Shairséal agus Dill a spreag an rialtas lena bhunú i 1952; foilsiú Eireaball Spideoige, 1952, céadchnuasach Sheáin Uí Ríordáin[B3]; Ceo Meala Lá Seaca, 1952 le Micheál Mac Liammóir[B4], an chéad leabhar a cuireadh i gcló in Éirinn agus i Sasana le hinneall clódóireachta liotagrafaíochta; Claíomh an Díoltais, 1961 le hAnnraoi Ó Liatháin[B1], an chéad leabhar scannánchló a foilsíodh in Éirinn nó i Sasana
Bhí an méid seo le rá ag Máirtín Ó Cadhain[B3] le Sáirséal agus Dill sular foilsíodh é: ‘An fear seo [Breandán Ó Beacháin] agus Seán Ó Ríordáin[B3] an dá fhíorfhile sa nGaeilge’ (nóta ag Tomás Bairéad[B2] in As an nGéibheann, 1973)
Bhí sé ar na daoine ba luaithe a thug freagra criticiúil ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin, Mháirtín Uí Dhireáin agus Máirtín Uí Chadhain, mar shampla