Líon alt a aimsíodh: 43
Ag na hÍosánaigh i gColáiste Proinsias Xavier a bhí Piaras ar scoil ··· Gaeltacht ba ea an áit sin agus d’éirigh le Piaras an teanga a fhoghlaim sách maith chun go mbeadh litir i nGaeilge i gcló uaidh in An Claidheamh Soluis nuair a bhí sé a 17 ··· Sheas Piaras féin don oifig sin in 1920 ach bhuaigh Sceilg air ··· Ar feadh achair fhada ba é Piaras ba mhó a bhí ag soláthar drámaí ··· A chomh-Chéiteannach Cathal Brugha a thug Piaras isteach i mBráithreachas na Poblachta
Tá trí dhán fichead a leagtaí air in eagar ag Pádraig Ó Duinnín[B3] in Dánta Phiarais Feiritéir: maille le réamh-rádh agus nótaí (1934); tá caibidil aige ann dar teideal ‘Piaras Feiritéar san Bhéaloideas’ agus deir sé: ‘Táim buíoch ó chroí de sheanchaithe binne cruinne Dhún Chaoin a thug eolas dom ar imeachta Phiarais de réir an bhéaloidis.’ Is ar shaothar an Duinnínigh atá Dánta Phiarais Feiritéir: poems translated by Pat Muldowney (1999) bunaithe ··· Tá aiste fhada ar a shaol is a shaothar ag Art Ó Beoláin in Merriman agus filí eile (1985) agus ag Pádraig Ó hÉaluithe tá an t-alt ‘Piaras Feiritéar – laoch agus file’ in Irisleabhar Muighe Nuadhat (1960) ··· Tá tagairt in Inquisitio sa bhliain 1633 d’Éamonn agus Piaras Feiritéar a bheith i mBaile Sibéal ··· Ní foláir nó d’fhreastail Piaras ar scoil filíochta ··· Deirtear gur chum sé dánta Béarla freisin: ‘A poet who composed an elegy on the death of Piaras Feiritéir..
Faoin am ar tháinig Piaras in oidhreacht a dhúchais ní raibh fágtha ach baile fearainn Bhaile Uí Chionnaola i bparóiste Bhaile Mhac Óda, Co ··· Faoi uacht an athar (d’éag c.1736) ba é an dara mac an t-oidhre agus is chuig Piaras a thiocfadh an talamh sa chás nach mbeadh ceachtar den bheirt ba shine ná é sásta dul ina bhun ··· D’éag an mháthair i 1753 agus tuairim an ama sin phós Piaras Caitlín Nic Ghiobúin, col cúigir leis ··· Is chun greim a choimeád ar an bhfeirm is ea d’iompaigh Piaras ina Phrotastúnach ··· Deir Ó Foghludha: ‘Ar a shon san, ba bhréagach an diúltú a thug sé féin agus na céadta eile don eaglais agus ba neamhchroíúil an t-aontú a thugadar do chreideamh na nGall.’ Nuair a chas Tomás de Barra i gCluain Meala an beart sin leis d’fhreagair Piaras é: ‘Is doilbh liom ceangal le Calvin is Luther claon, / Ach golfhairt mo leanbh ’s a gcreachadh gan triúch, gan tréad / Thug sruthanna óm’ dhearcaibh ’na gcaisibh, is túirlingt déar’
Bhí triúr deartháireacha ag Piaras agus ba é an dara duine ba shine sa chlann é ··· D’éirigh Piaras tinn i mBealtaine 1900 agus d’fhill abhaile ··· Bhí Piaras ina rúnaí i 1915 ag Dáil Déise, an coiste gnó a thogh ionadaithe na gcraobh den Chonradh i dTiobraid Árann agus i bPort Láirge ··· Bhain Piaras le Sinn Féin ó thosach ··· Bhí Piaras ag múineadh Gaeilge don Ghríofach ann
I ndiaidh a bháis scríobh an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire in An Timire: ‘Is beag duine in Éirinn nó lasmuigh di ba mhó eolas ná Piaras ar an nGaeilge agus ar nádúr na teanga ··· Agus dála an scéil bhí sé oilte ar theangacha eile mar an Bhreatnais, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis etc.’ San iris chéanna scríobh Diarmuid Ó hAirt: ‘Tobar dochuimsithe eolais ba ea an tAthair Piaras ar theanga ár sinsear, agus go háirithe ar chanúint na nDéise ··· B’fhuath le Piaras an cur i gcéill agus an bhéalchráifeacht i leith na teanga ··· Cúis mhór ionadh do chuid mhaith daoine na mílte slipíní páipéir a bhí bailithe ag an Athair Piaras le blianta anuas; iad go léir breac le habairtí agus focail Ghaeilge a thóg sé síos ó sheandaoine sa Ghaeltacht ··· Is ar nótaí an Athar Piaras a bhunaigh Ó hAirt Díolaim Dhéiseach (Deascán Foclóireachta 7), 1988 (Acadamh Ríoga na hÉireann): ‘Murach a dhúthracht ag bailiú is a fhéile ag bronnadh an ábhair orm ní bheadh an leabhar ann’
I gcaint raidió a chraol Piaras Béaslaí ar 4 Aibreán 1959 dúirt sé agus é ag tagairt do Chraobh an Chéitinnigh: “Nuair a chuas ann arís b’éigean dom aithne a chur ar a lán daoine nua ··· Ach cé gur thuig Piaras nár chainteoir dúchais Colm chreid sé ar feadh na mblianta gur Chiarraíoch é go dtí gur inis Micheál Ó Coileáin dó gur Bhaile Átha Cliathach é ··· Bhí sé ina bhall den chumann drámaíochta a bhunaigh Piaras Béaslaí i 1913 agus páirt aige i ndráma PhiaraisFear na Milliún Punt ··· Bhí sé rannpháirteach le Piaras agus le Tadhg Ó Scanaill i mbunú na heagraíochta An Fáinne
‘Bhí sé chomh uinniúil faobhrach le fiche duine’, dúirt Piaras Béaslaí faoi i gcaint raidió i 1958 ··· Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952) ··· Bhí iasacht ag Piaras Béaslaí de chóip Risteaird d’eagrán an Duinnínigh d’Eoghan Rua Ó Súilleabháin
Sin é a dúirt Piaras Béaslaí faoi agus dúirt Éamon de Valera: ‘An fhad a mhairfeas an Ghaedhilge agus go háirithe an fhad a bheidh sí á húsáid i gcúrsaí reachta agus riaracháin, beidh cuimhne ar Liam Ó Rinn’ (Liam Ó Rinn, So Súd, 1953) ··· Scríobh Éamon de Valera an brollach agus Piaras Béaslaí an réamhrá
Bhí Piaras Béaslaí [B1] mar léiritheoir ar dhrámaí a raibh Muiris páirteach iontu i dtús a shaoil agus dúirt seisean; ‘Later he was recognised as one of the finest actors of the Comhar Drámaíochta ··· ‘Muiris was a member of my circle of the IRB, was in F Company of the 1st Battalion of the Dublin Brigade from its inception and took an active part in the War of Independence’ (Piaras Béaslaí [B1] a d’inis do Chathal Ó Seanáin)
Tuairisc a bháis le Piaras Béaslaí in Misneach 21 Lúnasa 1920
Sa tSeanchoill, baile fearainn in aice le Baile Mhac Óda in oirthear Chontae Chorcaí, a rugadh an mac seo le Máire agus Piaras Cúndún ··· Ba iad an chlann a bhí acu: Piaras (9), Eibhlín (8), Caitlín (2) agus Mairéad (1)
Ba é a thug Piaras Béaslaí [B1] isteach ann ··· Tá an cur síos a rinne Piaras Béaslaí air i gcló ag Tomás Ó Dochartaigh
In 1909 thug sé a chéad chuairt ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh mar ar casadh air Piaras Béaslaí[B1] ··· Deir sé gurbh é Piaras a thug isteach ar fhilíocht na Gaeilge é; go dtí sin mheas sé gurbh é Tom Moore ardfhile na hÉireann (Inniu 8 Eanáir 1965)
Chomh maith leis na daoine thuasluaite is iad na hainmneacha is mó a luaitear leis An Stad: Seoirse Mac Fhlannchaidh, Micheál Cíosóg, Art Ó Gríofa, Piaras Béaslaí, Jack Yeats, Sceilg, Fiachra Éilgeach, Séamus de Chlanndiolúin, Major John McBride .. ··· Bhí aithne mhaith ag Piaras Béaslaí air agus san Irish Independent ar 20 Eanáir 1965 bhí an méid seo le rá aige: “He never attained a mastery of the Irish language although he sang songs in Irish ..
In Irish Independent ar 26 Bealtaine 1965 d’áirigh Piaras Béaslaí é mar dhuine de na sagairt is mó a rinne saothar ar son na teanga
An tEaspag Piaras Craobhach a d’oirnigh ina shagart é i Ráth Chuanna i 1684
Seo é an cláirseoir ar mhol triúr file é: Fear Flatha Ó Gnímh[q.v.] (‘A Niocláis, nocht an gcláirsigh’); Piaras Feiritéar[q.v.] (‘Mo-chean d’altrom an oirbheirt’); Maolmhuire Mac an Bhaird (‘Cá síoth don chéol do-chuala’)
Scríobh sé Merriman agus filí eile, 1985; is iad na filí eile a bhfuil aistí orthu ann: Tadhg Dall Ó hUiginn[B7], Piaras Feiritéar[B7], Pádraigín Haicéad[B7], Dáibhí Ó Bruadair[B7], Aogán Ó Rathaile[B7], Eoghan Rua Ó Súilleabháin[B6], Tomás Rua Ó Súilleabháin[B6]
Tráchtann sí freisin ar a theagmhálacha le Piaras Mac Gearailt[q.v.], ar an mbarántas a scríobh sé, ar ar chum sé d’aislingí agus d’aortha, ar an spéis a chuir sé i bpolaitíocht thíortha na hEorpa
Tá cuntas uirthi in Irish Times 1/2 Eanáir 1986 maille le hómós ó Sheán Mac Réamoinn, agus tá cuntais ag a cairde (Art Ó Beoláin, Siobhán Nic Cionnaith [q.v.], Máirtín Ó Sioradáin, Tomás de Bhaldraithe [q.v.], Proinsias Mac Aonghusa, Piaras Ó Dúill, Seán Mac Réamoinn) in ‘Tuarascáil’ san Irish Times 8 Eanáir 1986 agus ag Riobard Mac Góráin in Comhar, Feabhra 1986
Ag obair sa pharóiste sin ag an am bhí an tAthair Piaras de Paor; seacht mbliana tar éis bhás an fhile mhol seisean, agus é anois ag obair i gCluain Meala, go gcuirfí dánta diaga Thaidhg i gcló
Bhain Piaras Béaslaí [B1] taithneamh as
Bhí baint aici le Conradh na Gaeilge ansiúd agus casadh uirthi Piaras Mac Cana [B2]
Piaras Béaslaí, Colm Ó Murchadha agus Tadhg ba mhó faoi deara An Fáinne a bhunú in earrach 1916
Scríobhadh sé aistí in Sinn Féin faoin ainm cleite ‘Dubh Dorcha’ agus bhí sé cairdiúil le náisiúnaithe agus scríbhneoirí, Stiofán Mac Enna agus Piaras Béaslaí ina measc
Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh agus chuaigh sé in éineacht le Piaras Béaslaí [B1] agus James O’Mara (1873–1948) go dtí na Stáit Aontaithe chun bolscaireacht a dhéanamh don stát nua
In ainneoin caidreamh a bheith aige le filí mar Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Piaras Mac Gearailt[B6], Seán Lúid[B6], Seán Ó Murchadha na Ráithíneach[q.v.] agus Éadbhárd de Nógla níor scríobh aon fhile caoineadh air, go bhfios don Fhoghludhach
Bhí sé ina bhall de Bhardas Chluain Meala nuair a iarradh air glacadh leis an suíochán Dála (Port Láirge Thiar agus Tiobraid Árann Theas) a bhí ag Piaras Mac Cana[B2]
Antrim and in the neighbourhood of Larne, chiefly in the barony of Upper Glenarm in the 17th century.’ Mar áit chónaithe ag filí atá Baile Uí Ghnímh luaite ag Piaras Feiritéar[q.v.] sa dán ‘Oide a ndréachtaibh an dreasfháil’ (in eagar ag Tomás Ó Rathile[B2] in Ériu XIII, 1942)
I 1537 gheall a sheanathair, Brian Mac Giolla Phádraig eile, an teideal dúchais ‘Mac Giolla Phádraig’ a thréigean, agus dlí agus nósanna Shasana a chur i bhfeidhm ina dhúiche; deir Moylan gur mar chosaint in aghaidh a chliamhain Piaras Rua de Buitléar, larla Urmhumhan, a rinne sé sin
Sa Leabharlann Phoiblí, Sráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath, is ea a chuaigh dánta le Piaras Feirtéir, Aonghus Fionn Ó Dálaigh agus Aislinge Meic Con Glinne i gcion go mór air
Nocht Piaras Béaslaí[B1] leacht os cionn na huaighe i nGlas Naíon ar 24 Aibreán 1959 agus ar 18 Nollaig 1966 nochtadh plaic le hómós dó ag Halla an Bhaile sa Sciobairín
Is é an lúb dheireanach é, agus an duine is lú a raibh eolas air, sa slabhra d’eagarthóirí a bhí ag páipéir Chonradh na Gaeilge i rith 1899-1932: Eoin Mac Néill [B4], Eoghan Ó Neachtain [B3], Pádraig Mac Piarais [B4], Seán Mac Giollarnáth [B3], Piaras Béaslaí [B1], Colm Ó Murchú [B2], Pádhraic Ó Domhnalláin [B2], Shán Ó Cuív [B2], Leon Ó Broin, Séamus Ó Grianna[B2], Maoghnas Ó Domhnaill
Thug sé cuairt oíche an tSathairn ar Óstán Vaughan i gCearnóg Pharnell d’fhonn bualadh le Piaras Béaslaí [B1] agus Diarmuid Ó hÉigceartuigh [q.v.]
Agus is mar seo a chomhair Piaras Béaslaí[B1] a ghaisce in Éigse Nua-Ghaedhilge ..
In éineacht le Piaras Mac Canna[B2], a dheartháir Pádraig, Eoin Mac Néill agus Pádraic Ó Conaire[B2] chuir sé gairm scoile amach faoin bpáipéar sin seachtain roimh Éirí Amach 1916
Bhí sé ag iascach lena mhac Piaras i ngleoiteog i gCuan Chasla nuair a tháinig tinneas a bháis air agus d’éag sé 5 Lúnasa 1971
Walsh TD, Pádraig Ó Máille TD [q.v.], agus Piaras Béaslaí TD [B1] ina mbaill den choiste ar dtús
Feirmeoir ba ea a athair Piaras agus b’as Cloichín an Mhargaidh i dTiobraid Árann dá mháthair Eibhlín Ní Chaisín
Chaitheadh sé laethanta saoire i gCamas agus lena linn in éineacht le Piaras Mac Canna[q.v.] thugadh se cuairt ar an Rinn, Co
Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla[q.v.] fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha[B1] in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha
‘The abortive efforts of this self-accredited amateur diplomat’ a thug Piaras Béaslaí [B1] ar mhéiseáil seo an tsagairt