Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Peadar Sheonaigh Mhiciltigh a thugtaí air ··· Más fíor sin, d’fhéadfadh sé gur de mhuintir Ghiolla Bhríde Mac Con Mí, file den 13ú haois, é Peadar ··· De réir Dhaonáireamh na bliana 1901, bhí Gaeilge ag gach duine den mhuirín agus glacadh leis san áit go raibh Peadar ina chainteoir dúchais Gaeilge ··· Chuaigh Peadar go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, sa bhliain 1895 ach d’fhág sé é sa bhliain 1897 ··· Ba é a rinne Peadar scoil chlasaiceach a bhunú inar múineadh Laidin, Gréigis, Béarla, Fraincis agus Gaeilge do bhuachaillí a bhí ag brath dul go Coláiste Cholm Cille agus, ina dhiaidh sin, go Maigh Nuad
Oíche Nollag 1929 a saolaíodh Peadar Lamb ar an mBóthar Buí in aice na Ceathrún Rua ··· D’oibrigh sí mar thréidlia ar feadh tamaill i gConamara ach d’éirigh sí as nuair a saolaíodh cúigear páistí di féin agus dá fear céile: Seán, Peadar, Máire, an cúpla Cristina agus Eibhlín nó ‘Laillí’ mar ab fhearr aithne uirthi (a phós an saineolaí dúlra Éamon de Buitléar ina dhiaidh sin) ··· D’fhreastail Peadar Lamb ar Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua agus ina dhiaidh sin chaith sé cúig bliana i gColáiste Éinde i mBóthar na Trá, Gaillimh, sular oileadh mar bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach ··· Go gairid ina dhiaidh sin, in 1954, d’éirigh Peadar as an múinteoireacht ar fad agus thug aghaidh ar Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, áit a raibh Earnán de Blaghd ina bhainisteoir stiúrtha agus é ag earcú aisteoirí a bheadh chomh líofa i nGaeilge agus a bheidís i mBéarla ··· Blianta dár gcionn d’fhág an tsraith teilifíse Glenroe go raibh sise ar dhuine de na haisteoirí ab aitheanta sa tír, ach nuair a phós sí féin agus Peadar in 1965 bhí siad beirt ag tabhairt faoi ghairm a chleacht siad go ceann leathchéad bliain ina dhiaidh sin agus a thuill clú agus cáil dóibh beirt
Chaith cuid díobh sin, Peadar Ó Nuadháin ina measc, na blianta tosaigh ina múinteoirí taistil sna ceantair a raibh siad fostaithe iontu ··· Chaith Peadar gach samhradh ó 1925 amach i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, Co ··· Foilsíodh Coláiste Chonnacht 1910-2010, céad bliain faoi bhláth (2010) in eagar ag Seán Ó Neachtain, agus tá aistí ann ag Nóirín Ní Nuadháin, iníon le Peadar ··· Ros Comáin, a rugadh Peadar ar 21 Feabhra 1909 ··· Go dtí 1922 ní raibh sé riachtanach Gaeilge a mhúineadh sna scoileanna ach bhí beagán di foghlamtha ag Peadar ó mhúinteoir taistil Chonradh na Gaeilge
Bhí páistí eile ag an lánúin seachas Peadar ··· I measc na ndaltaí a bhí ag an Athair Peadar bhí Daniel Mannix a bheadh ina Ardeaspag ar Melbourne ··· Is féidir a rá gur thosaigh saol poiblí an Athar Peadar nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ··· (Ach is fiú léacht a thug an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta mar chuid de chomóradh 150 bliain an Athar Peadar a léamh ··· Tá an leithleachas go háirithe le tabhairt faoi deara freisin sa díspeagadh a rinne sé ar leabhair leis an Dr Micheál Ó Síocháin sna paimfléid a chuir Muintir na Leabhar Gaeilge amach sa tréimhse 1907–12 i dtaobh na faillí a bhí an córas oideachais a dhéanamh i saothar an Athar Peadar
Ar feadh 70 bliain ba é Peadar Ó Dubhda ionadaí pearsanta na Gaeilge i nDún Dealgan ··· Chaith Peadar tamaill i gcúig scoil náisiúnta sa cheantar, an ceann deireanach díobh i nDún Dealgan ··· Agus ba é Peadar a bhunaigh an chéad chlub iomána i nDún Dealgan ··· Idée fixe ag Peadar an ceangal sin ··· Ar nós bhunáite a chomhghleacaithe chuaigh Peadar i mbun pinn
Nuair a fuair Peadar bás i 1938 luadh beirt deartháireacha, J ··· Bhí Peadar i Southampton ar dtús (Irish Independent 6 Nollaig 1938) ··· Peadar a thug Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) [B3] isteach sa Chonradh in 1897 (An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1926) ··· Lean Peadar air i rúnaíocht Choiste Chontae Chorcaí den Chonradh (An Claidheamh Soluis 8 Iúil 1899) ··· Déanann Diarmuid Ó Murchadha tagairt dó in Liam de Róiste, 1976: ‘Peadar Laighléis a bhí ina rúnaí ar an gcraobh, fear ciúin díograiseach ...’ agus deir gur lorgaigh sé rúnaí cúnta nuair ba mhian le Craobh ChorcaíFeis na Mumhan a chur ar siúl agus gurbh é a roghnaigh Liam de Róiste [B3]
Rugadh Peadar ar 29 Deireadh Fómhair 1873 in Inse na gCatach i bparóiste na Cathrach lámh leis an Sciobairín i gContae Chorcaí ··· Cainteoirí dúchais Gaeilge an t-athair agus an mháthair ach is le Béarla a thóg siad Peadar ··· Chuireadh a athair an oiread sin spéise sa scéal gur éirigh le Peadar cúnamh a fháil uaidh ··· Cé go raibh sé ag spealadh acra féir an lá roimhe sin fuair Peadar rothar ar iasacht agus thaistil an fiche mile ann agus abhaile ··· Scríobh Brian Ó hUiginn amhrán i dtaobh na heachtra Says the Peeler to Peadar: ‘Come tell me your name’
Dúradh in An Claidheamh Soluis 5 Lúnasa 1916: ‘Peadar Ó Maicín, who, like Ó Rathghaille, died of wounds received in fighting, was a type of Dubliner that is all too rare ··· Nuair a bhí Peadar an-óg thug sé pingin ar pháipéirín dar teideal Young Brittanica ··· I ndiaidh bunoideachais i Scoil na mBráithre, Sraith an Iarthair, is le péintéireacht tí a chuaigh Peadar ··· Chun ullmhú do cheiliúradh ’98 a bunaíodh an cumann sin ach shíl Peadar greim ró-dhocht a bheith ag lucht an pháirtí parlaiminte air agus d’fhág é le dul isteach i gCumann Oliver Bond ··· In Sinn Féin , 11 Márta 1910, míníonn Peadar conas a tharla spéis sa Ghaeilge aige agus léiríonn na litreacha agus na haistí a bhí aige san iris sin a chumas agus a stádas
Peadar Aerach’ a thugtaí air ··· In 1911 bhí an mháthair marbh agus ní raibh Peadar sa teach ··· Peadar has excellent testimonials and, judging from the impression created and the enthusiasm raised at the outset, will give a good account of himself at the end of the year’ ··· Nuair a d’éirigh Aodh Ó Dubhthaigh [feic faoi Niall Ó Dubhthaigh B1] as a phost ceapadh Peadar ina thimire agus Cúige Uladh faoina chúram (idem 1 Bealtaine 1915 agus Freeman’s Journal 22 Aibreán 1915) ··· To Father Maguire, who died pastor of Trillick, Peadar owed more than to any other living man for the enthusiasm that was in him for Irish-Ireland
Thug Seán Mac Giollarnáth[B3] cuntas ar an seanchaí seo in Peadar Chois Fhairrge: scéalta nua agus seanscéalta d’innis Peadar Mac Thuathaláin nach maireann, 1934, cuntas a bhí i gcló in Béaloideas roimhe sin ··· ‘Thóg Peadar an láí agus níor thaobhaigh sé an scoil ní ba mhó.’ Dhéanadh sé gach sórt oibre: curaíocht, iascaireacht, obair na móna, giollaíocht ar lochanna ··· Is ina theach seisean a d’fhoghlaim Peadar an seanchas, an scéalaíocht agus an ghontacht Ghaeilge ··· Is cinnte go mba rísheanchaí agus scéalaí an fíodóir, agus fear léannta, maidir le béaloideas agus ceart na Gaeilge.’ Agus seo cuid den chur síos a dhéanann Mac Giollarnáth ar chumas Mhic Thuathaláin féin: ‘An intinn a bhí ag Peadar Mac Thuathaláin bhí glactha aici le gach ar chuala an chluas nó a bhfaca an tsúil agus ba stóras buan, dobhriste a chuimhne
In Mairfidh na filí má mhaireann ár gcuimhne, 1999 deir Conall Ó Domhnaill[q.v.] agus é ag tagairt do na himeachtaí go léir a bhí ar bun ag muintir Dhomhnach Phádraig: ‘Ach tá duine amháin a chuidigh tús agus páirt agus gríosadh a chur san eagraíocht seo uilig agus is é sin Peadar Ó Ceallaigh, an chéad mhúinteoir scoile, a chuir tús le scoil chun teagasc agus treoir a thabhairt do shean agus óg ar mhórán dóigheanna.’ Thug sé an léacht ‘Nua-Oideas na hÉireann’ ag Oireachtas 1942 ··· Ní móide go raibh aon bhaint ag Peadar le hAiltirí na hAiséirí mar ba dhuine mór le rá é i bpáirtí Fhianna Fáil i gCeanannas mar a raibh cónaí air; bhí sé ina bhall de chomhairle an bhaile sin agus rinne sé cúpla iarracht ar shuíochán Seanaid a bhuachan ··· Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge ..., 1993 gurbh fhear gnímh ó thaobh na Gaeilge de Peadar ach nár ‘léir go raibh aon tréith ceannaireachta ag baint leis’ ··· Bhí Micheál Ó Móráin as Carna molta mar iarrthóir don Seanad ag Muintir na Gaeltachta agus san eagrán deiridh de Amárach rinneadh iarracht a thaispeáint nach raibh san eagraíocht ag an bpointe sin ach an t-aon duine amháin, Peadar Ó Ceallaigh ··· Bhunaigh Peadar péire coláiste samhraidh sna 1970idí, ceann acu in Árainn Mór agus an ceann eile, Coláiste Chonaill, sa Dúchoraidh; roimhe sin bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rinn na Feirste
Tá cuntais air: ag an Athair Tomás Ó Brádaigh in Ríocht na Mí, 1959 (‘Peadar Dubh Ó Dálaigh, fear léinn agus scríobhaí’); ag Pól Breathnach[B2] in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1932; ag Énrí Ó Muirgheasa san iris chéanna, Eanáir-Feabhra agus Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1934; agus ag Séamus Ó Casaide[B2] san iris sin, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1936 agus Bealtaine-Meitheamh 1937 ··· Scríobh Peadar colafan i lámhscríbhinn Egerton 208 (arb é atá ann filíocht na Mí agus Lú, chomh maith le scéalta): ‘arna scríobhadh ag Peadar mac Lucais, mic Uilliam Ó Dálaigh ó Bhaile an tSléibhe.’ Chreid Ó Muirgheasa gurbh é Ballintslieve i bparóiste Mhaigh nEalta an Baile an tSléibhe a bhí i gceist .. ··· Is dóigh gurbh é Peadar a bhí i gceist ag Watty Cox in 1823 nuair a luaigh sé ‘the eloquent Petrum O’Daly’ ··· Peadar Dubh a d’aistrigh é mar is iad na focail deiridh ann: ‘A léightheoir ghráidh’ cur do phaidir / Chum Mhic Dé, ar son Pheadair / ‘Snach raibh tú choídhch’ a gcás trúaighe / ‘Sé mo ghuidh’ a nAthbúaidhe ··· Peadar Ó Dálaigh’
Ach cuireadh Peadar chun cónaithe go ceann tamaill de bhlianta le gaolta i nGleann Domhain ··· B’í an Ghaeilge gnáth-theanga an tí sin agus ann a d’fhoghlaim Peadar í ··· Is gnách a rá gurbh é Tadhg Saor an Athar Peadar an chéad dráma riamh dár léiríodh (i Maigh Chromtha ar 13 Bealtaine 1900) agus gurbh é Casadh an tSúgáinan Chraoibhín an chéad dráma a léiríodh in amharclann (sa Gaiety, Baile Átha Cliath, ar 21 Deireadh Fómhair 1901) ··· Peadar Mac Fhionnlaoich agus Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide do chuir le chéile, 1907; Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill, 1911; Ciall na sean-ráidhte: Sé sgéalta gearra nuadh-dhéanta, 1914; Conchubhar Mac Neasa, 1914; An Cogadh Dearg agus Scéalta eile, [c.1918]; Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh: ó Mhaghnus Ó Domhnaill (1530) go hEaspog Ó Gallchobhair (1750), 1925 ··· Nuair a d’éirigh Peadar as a phost sa státseirbhís d’oscail sé siopa troscáin i Sráid Fheardorcha i mBaile Átha Cliath
Bhí sé ar dhuine de na scríobhaithe ba mhó sa 19ú haois agus gheofar eolas ar ar fhág sé de lámhscríbhinní ina dhiaidh ag Ciarán Dawson in Peadar Ó Gealacáin, scríobhaí, 1992 (An Clóchomhar) agus ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 (An Clóchomhar) ··· Tá éiginnteacht i dtaobh dháta a bhreithe; glacann Ó Buachalla le Lá Fhéile Peadar 1792 ··· Is i mBaile Mhic Cathnaoin sa dúiche chéanna a bhí Peadar ag cur faoi ar feadh a shaoil
An rud is gnáiche a deirtear ina thaobh go raibh gaol aige ar an dá thaobh leis an Athair Peadar Ó Laoghaire [B2] ··· Thug Diarmuid féin an t-eolas seo do Mhuiris Ó Droighneáin[B2]: ‘Gaol don Athair Peadar is ea é—“a trí is a trí dhá uair” ··· Ar scoil dó sa Cháithtigh i gCluain Droichead, agus ag scoraíocht i dteach mhuintir an Athar Peadar a fuair sé a chuid léinn ··· Agus dúirt Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Bhíodh Diarmuid réidh Ó Laoghaire ann [Coláiste na Mumhan]; agus chaith seisean téarma fada ina ollamh sa choláiste ann ··· In ainneoin gur chara agus gaol leis an Athair Peadar é bhí sé sásta síntiús a thabhairt nuair a bhí comhartha measa á bhronnadh ar Mhicheál Ó hIceadha [B1] (An Claidheamh Soluis 14 Lúnasa 1909)
I Sasana a rugadh an sagart seo a bhí ar dhuine de sheiceadóirí liteartha an Athar Peadar Ó Laoghaire [B2] ··· Ag Ardeaspag Bhaile Átha Cliath d’fhág sé cóipcheart a chuid scríbhneoireachta agus na leabhair agus lámhscríbhinní a bhain le saothar an Athar Peadar ··· Seachas aistriuchán ón Iodáilis agus seanmóir in An Síoladóir agus freagra ar Pheadar Mhac Fionnlaoich [B1] in Misneach maidir le Gaeilge an Athar Peadar, is beag dá dhéantús a cuireadh i gcló ··· Tuairiscíodh in Misneach 9 Aibreán 1921 gur tháinig an Pléimeannach os comhair Choiste Gnó an Chonartha ag iarraidh £3,000 orthu chun Bíobla an Athar Peadar a fhoilsiú
Cuireadh amach péire leabhar in 1969: Peadar Ó Doirnín: amhráin, in eagar ag Breandán Ó Buachalla (An Clóchomhar a d’fhoilsigh do Choiste Chomórtha Pheadair Uí Dhoirnín): Peadar Ó Doirnín: a bheatha agus a shaothar, in eagar ag Seán de Rís (Oifig an tSoláthair) ··· In Studia Hibernica 5, 1965 (‘Peadar Ó Doirnín agus Lucht Scríte a Bheatha’) déanann Ó Buachalla an tranglam cuntas a scríobhadh ar an bhfile sa 19ú haois a chíoradh ··· Deirtear go raibh Peadar ag obair do Arthur Brownlow (1645–1712) [q.v.], an ball parlaiminte ar leis Leabhar Ard Mhacha: bhí spéis aige i litríocht agus i dteanga na Gaeilge
B’fhéidir gurbh eisean a chuir ag foghlaim Gaeilge é agus a thug go raibh meas an domhain aige ar Ghaeilge an Athar Peadar Ó Laoghaire [B2] ··· I 1923 a foilsíodh a chéad leabhar, Cruinneas Cainnte, 500 abairt as leabhair an Athar Peadar ··· Chuir sé eagar ar Notes on Irish words and usages, 1926 leis an Athair Peadar ··· Chóirigh sé eagrán nua de Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] i 1934 agus rinne iarracht ar thoil an Athar Peadar i dtaobh litriú na Gaeilge a chur i bhfeidhm ann
Ó Broin ‘Peadar Ó Conaill 1755-1826: foclóirí agus fear léinn i gContae an Chláir’ in Feasta, Meitheamh 1977 ··· Tá an aiste ‘Peadar Ó Conaill, Scoláire agus Scríobhaí (1755–1826)’ le hÉilís Ní Dheá i gcló in County Clare Studies: essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000 in eagar ag Ciarán Ó Murchadha ··· Thug muintir Uí Chonaill cead í a chur ina n-uaigh i seanreilig an Bharráin agus is ann freisin ar ball a cuireadh Peadar
Deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Is fiú gach focal Gaeilge a scríobhas ó Mhicheál Ó Caoimh, an file bocht so do fuair bás ··· ‘Fíodóir na Filíochta’ a thug Peadar air
Cailleadh a athair nuair nach raibh ach an dá bhliain caite aige sa mheánscoil agus b’éigean dó a bheith ag obair ar an bhfeirm; ceithre bliana d’aois a bhí ag an duine ab óige sa teach agus deirtear in The Kerryman 8 Bealtaine 1992 gurbh é Peadar fear cothaithe an teaghlaigh ··· Bhí a thuras deireanach siúlta ag Peadar bocht’ (Caomhánach)
Ba bheag dá shórt a bhí ar thaobh Chonradh na Gaeilge i 1901, dar le Peadar Ó hAnnracháin [B1] (Fé bhrat an Chonnartha, 1944) ··· Tá an méid seo ina thaobh ag an Athair Peadar Ó Laoghaire [B2] in Scothbhualadh, 1903, sa chur síos a dhéanann sé ar Fheis Mhainistir na Corann: ‘Bhí buachaill de mhuintir Néill ann aniar ó Cheann Sáile agus thug sé dhá amhrán uaidh chomh breá agus ba mhaith leat aireachtain ··· Dar le Peadar Ó hAnnracháin gur scríobh Éamonn chuig an gCoiste Gnó i 1901 ag iarraidh orthu timire a sheoladh síos go Cionn tSáile agus gurbh é a bhunaigh craobh ann i 1902 agus a bhí ina chomhrúnaí acu ··· Deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Ar aon chuma is dóigh liom gurbh é an chéad uair a cuireadh éinne in Éirinn i bpríosún mar gheall ar a leithéid de choir’ ··· Deir Peadar Ó hAnnracháin go raibh sé ‘chomh dúthrachtach dílis i mbun na Gaeilge le haon fhear a casadh riamh orm’
Bhí de mhí-ádh ar an gCanónach Pádraig Ó Laoghaire gur mhinic a thógtaí in amhlachas an Chanónaigh Peadar Ó Laoghaire (1839–1920) é nó Phádraig Uí Laoghaire (1870–1896) ··· I bhFeabhra 1915 ceapadh ina shagart paróiste é i nGleanntán agus cúpla bliain ina dhiaidhsean tugadh paróiste NN Peadar is Pól sa chathair dó ··· Chuir an tAthair Peadar réamhrá moltach leis
Ba iad Peadar Ó hAnnracháin [B1] agus é féin an bheirt timirí a ceapadh i Samhain 1901 chun cabhair a thabhairt don chéad timire Tomás Bán Ó Concheanainn [B2] ··· Mhaigh Eo di (d’éag sí Iúil 1916), a dheirfiúracha Máire (36), Caitlín (34), Sinéad (30), a dheartháireacha Peadar (23), Tomás (20) agus Éamonn (17) ··· I nDaonáireamh 1911 bhí ceathrar ann: Sorcha (38), múinteoir scoile; Tomás, ollamh ollscoile; Peadar, múinteoir scoile; agus Pádraig, arb é an cur síos atá air ‘Mac feirmeora’ ··· Nuair a fuair Cú Uladh bás [Peadar Mac Fhionnlaoich] [B1] d’ainmnigh de Valera mar Sheanadóir arís é agus bhí sé ann go bhfuair sé bás 19 Eanáir 1946
Ba chainteoir dúchais ó Dhroim Cumhartha i bparóiste na Cathrach eisean agus meas mór aige ar an teanga, dar le Peadar Ó hAnnracháin[B1] (Fé bhrat an Chonnartha, 1944) ··· Dar le Philip O’Regan (Southern Star 18 Aibreán 1992) go raibh tionchar mór air ag Peadar Ó hAnnracháin agus ag Séamus Ó Dubhgáin, fear mór le rá sa ghluaiseacht náisiúnta i mbaile an Sciobairín ··· Bhí sé mar ábhar aige don BA agus b’fhiú le Peadar Ó hAnnracháin é a fhostú mar ollamh i gColáiste Chairbre, Cuan Dor, ó 1915 amach ··· B’ionadh le Peadar Ó hAnnracháin an ceapachán sin (Réalt an Deiscirt 3 Aibreán 1948) agus a mhinice a bhí labhartha ag Gearóid go searbh in aghaidh de Valera
Bhí Peadar Ó Donnabháin cairdiúil leis, tharla an bheirt acu a bheith ag múineadh i mBaile an Róistigh, agus scríobh sé sa pháipéar céanna sin 18 Feabhra 1950: ‘Seán Ó Muirthile’s father had a wonderful mastery of it [Irish] and he also had an unusual knowledge of an historic background back to the days of the Fianna’ ··· Shíl an Tóibíneach go raibh sé go sármhaith chun téarmaí a cheapadh: ‘Is minic a chuala é ag soláthar téarma as a sheasamh agus an téarma san chomh bunúsach cruinn leis an rud a cheapfadh an tAthair Peadar féinig, nó ní ba chruinne, dá n-abrainn é’ ··· Dúirt an Tóibíneach go raibh sé an-chairdiúil leis an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] ··· Scríobh sé caoineadh ar Phádraig Ó Cruadhlaoich (‘Gael na nGael’) [B1] agus thug Peadar Ó Donnabháin le tuiscint in Réalt an Deiscirt i ndiaidh a bháis, agus é ag tagairt do na 1920idí, go gcuireadh sé leaganacha Gaeilge de dhrámaí ar fáil nuair a bhíodh a rang ag cur isteach ar chomórtais drámaíochta
Bíonn tagairtí di ag Shán Ó Cuív[B2] san aiste atá aige in Eoin Mac Néill: scholar revolutionary, 1973 i dtaobh an aighnis idir an tAthair Peadar agus Mac Néill[B4] ··· Bhunaigh sí féin agus Borthwick ‘The Irish Book Company’ i 1901 agus ba iad feasta a d’fhoilseodh leabhair an Athar Peadar ··· Is faoi ainm Mhairéad a d’fhoilsigh an comhlacht sin na paimfléid ag cur in aghaidh leabhair an Athar Peadar a bheith á gcoimeád amach as cúrsaí oideachais: The Exclusion of Fr Peter O’Leary from Irish education, 1907; A statement of the position of modern Irish in the National University,1911 (ráiteas a raibh lámh ag an Athair Peadar féin ann agus ar chabhraigh sé lena dhréachtadh); Supplement to a statement..., 1911; Summary of statements regarding the position..., 1912
Nuair a d’oscail an tAthair Peadar Ó Laoghaire [B2]Feis na Mumhan i 1901, thagair sé do Mhicheál agus do cheann dá amhráin, ‘Íde an Ghandail’: ‘Táid na filí ag tosnú ar labhairt arís, áfach ··· Chuir an tAthair Peadar aistriúchán de ‘Íde an Ghandail’ ar fáil (agus d’aistrigh ‘Chuirfeadh sé bláth ar ghéannaí’ mar ‘He was an ornament to geese’!) agus chaith tuairim nach raibh Thomas Moore féin inchomórtais leis an Tuamach ··· Chuir ‘Fear na Móna’ beagán eile amhrán leis i gcló san iris ina dhiaidh sin, ina measc ‘Bhí slua ’gainn lá geimhre ar fhíora chnoc na nUllán’ agus ‘Ar airiúir an gháróid a bhí ar an gCáitig ?’, a bhfuil an nóta seo ag an Athair Peadar ina thaobh: ‘It pictures the commotion caused among certain classes by the advent and success of the Gaelic League.’ Deirtear sa chomhfhreagras nach ndeachaigh Micheál thar an dara leabhar ar scoil ··· In Leader 2 Márta 1903 san ‘Agallamh idir Tadhg agus Donncha’, molann an tAthair Peadar Gaeilge Mhichíl go hard na spéire arís
I scoil náisiúnta Chill Phéacáin a bhí sé ar dtús sular cuireadh é chun scoil an Chárthainn ‘mar a mbíodh rang ar siúl do ógánaigh ar mhian leo dul le múinteoireacht’ (‘Dónal Ó Loingsigh, file agus oide’ leis an mBráthair Peadar Ó Loingsigh in Déirdre, Feabhra 1972) ··· Deir an Bráthair Peadar gur i mBéarla agus i nGaeilge a bhí siad, gur foilsitheoir darb ainm Blackie a bhí á dtabhairt amach ar dtús agus gur ag Comhlacht Oideachais na hÉireann a bhí siad ina dhiaidh sin ··· Deir an Bráthair Peadar: ‘Ar nós go leor múinteoirí san am, dhéanadh sé suirbhéireacht talún do fheirmeoirí a chomharsanachta
Deir Peadar Ó Dubhda[B1] in An tUltach, Samhain 1963, go mba bhailitheoir cúramach é agus bhíodh Peadar ina theannta go minic ··· Ba é Peadar Ó Dubhda a chuir an inscríbhinn Ghaeilge ar a leac uaighe
of particular interest, particularly in light of the disagreements mentioned between himself and Peadar Ua Laoghaire, would be some discussion of Michael Sheehan’s attempt to combine originality with authenticity by working with native speakers in the creation of new prose tales ··· Ba é a scríobh Eachtra na mbróg (1918), dráma grinn cúig mhír arbh é ainm Sheáin Uí Chadhla (1885–1919) a cuireadh leis d’fhonn dallamullóg a chur ar an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] ··· Bhí seisean tar eis díspeagadh a dhéanamh ar Ghaeilge Uí Shíocháin sna paimfléid a chuir Muintir na Leabhar Gaeilge amach d’fhonn a thaispeáint nach raibh a gceart á thabhairt do leabhair an Athar Peadar ag an Roinn Oideachais ··· Bhí ardmheas ag Osborn Bergin [B2] ar an Athair Peadar Ó Laoghaire ach is mar seo a scríobh sé chuig an Síochánach uair: ‘Your admirably edited series has many points of interest for students – in phonetics, in vocabulary, and above all in the prominence given to idiomatic usage which is the very life-blood of the language
Pádraig, Peadar, Conchubhar agus Colm ab ainm dá dheartháireacha ··· Ar bhás Dhónaill Uí Cheocháin in 1956, ba é a dheartháir, Peadar, a bhí mar reachtaire nó mar chléireach ar an Scoil ··· Dála roinnt mhaith dá dhéantús chuireadh Peadar Ó Riada ceol leo ··· Nuair a fuair Dónal bás ar an Domhnach, 9 Samhain 2008, chum Peadar ceol do na focail ar an toirt agus bhí siad ullamh ar an gCéadaoin d'Aifreann na sochraide chun go gcanfadh an Cór iad den chéad uair: ‘Suaimhneas siorraí tabhair dó a Thiarna/Fé sholas shuthain na Glóire/Trimaíg' bhur súile sibhse atá faoi bhrón/Níl sa bhás ach malairt beatha.’ Cantar an marbhna céanna go rialta ó shin
Bhí aithne mhaith ag Peadar Ó hAnnracháin [B1] air agus in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 déanann seisean talamh slán de gurbh ó Sheán Ó Cadhla [q.v.], máistir scoile Chuilinn Uí Chaoimh, a d’fhoghlaim Páidín Gaeilge ··· Bhíodh sé ag cabhrú ansiúd le hArt Ó Gríofa chun leabhair an Athar Peadar a léamh ··· Tá na tagairtí dó ag Seán MacBride, Peadar O’Donnell, agus Tony Woods, príosúnaigh i Mountjoy ag an am, in Survivors ..
Bhí sé tamall i Scoil Ullmhúcháin Mr Wall i Maigh Chromtha (mar a raibh an tAthair Peadar tuairim an ama chéanna), tamall i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí agus tamall, b’fhéidir, ar scoil i Sasana sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na nGael i bPáras ··· Thóg Dónall halla i mBaile Mhic Íre ar a chostas féin “i dtreo go mbeadh ionad dóibh féin ag Gaela an cheantair chun ranganna, chun coirmeacha ceoil, agus chun feiseanna a bheith acu” (Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha) ··· Sa chur síos a rinne Peadar ar an halla thabharfá leat go raibh teannas idir an dochtúir agus sagairt na háite
Meastar milliún go leith focal a bheith sna leabhair a d’aistrigh sé don Ghúm i rith 1925-32: Teacht fríd an tseagal (1932) (Comin’ thro’ the rye le Helen Mathers); An mairnéalach dubh (1933) (The nigger of the narcissus le Joseph Conrad); Ben Hur (1933) (le Lew Wallace); An páistín fionn (1934) (The whiteheaded boy le Lennox Robinson); Séideán bruithne (1935) (Typhoon le Joseph Conrad); Muintir an oileáin (1936) (Islanders le Peadar O’Donnell); Teach an chrochadóra (1935) (Hangman’s house le Donn Byrne); Díthchéille Almayer (1936) (Almayer’s Folly le Joseph Conrad); Ivanhoe (1937) (Ivanhoe le Walter Scott); Báthadh an Ghrosvenor (1955) (The wreck of the Grosvenor le W ··· Trelawny); Eadarbhaile (1953) (Adrigoole le Peadar O’Donnell) ··· Deir Niall Ó Dónaill gurbh é Peadar O’Donnell a roghnaigh Seosamh chun leabhar dá chuid a aistriú ‘nuair a bhí a shláinte ag briseadh air agus é fágtha ar bheagán saothraithe’; chreid Mac an Bheatha gur faoi dheireadh 1936 a thosaigh sé ar Adrigoole Uí Dhomhnaill a aistriú ··· Deir Gréagóir Ó Dúill in Comhar, Iúil 1990: ‘Seasann leabhair dár aistrigh sé mar chuid de litríocht na Gaeilge—Eadarbhaile ar Adrigoole le Peadar O’Donnell agus Séideán bruithne ar Typhoon le Joseph Conrad le dhá shampla a lua.’ Gheofar cuntas beacht ar thuairimí Mhic Grianna i dtaobh an Ghúim agus na sclábhaíochta a bhain leis na haistriúcháin in Feasta, Aibreán 2002 (‘Scríbhneoirí Gaeilge Dhún na nGall agus scéim Aistriúcháin an Ghúim’ le Nollaig Mac Congáil)
‘Ó Mhilton Keynes go Coventry, ón M.1 go dtí an M.6, Patrick Mac Gill comhaimseartha ab ea é agus taifead á dhéanamh aige ar anró, ar chrá agus ar lúcháir a chomhleacaithe’, a dúirt Peadar Ó Maolagáin, rúnaí an Northampton Connolly Association, faoi in Comhar, Márta 1989 (‘Dónall Peadar Mac Amhlaigh R.I.P.’) ··· Dar le Peadar Bairéad (Kilkenny People 3 Feabhra 1989) go raibh an dara leabhar faoina shaol san arm á scríobh aige agus an chéad dréacht feicthe cheana féin ag an bhfoilsitheoir
Thug scoláireacht go dtí Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne é, mar a raibh tionchar ag an mBráthair Peadar Ó Loingsigh[q.v.] air, agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ··· Agus deir Titley freisin: ‘Dá mbeadh ort scríbhneoir amháin a roghnú a chuir saol seasmhach úd an Athar Peadar suas síos agus tóin thar ceann is é Diarmaid Ó Súilleabháin thar éinne eile an té is túisce a rithfeadh leat ··· Is ina shaothar siúd a fhaighimid an éabhlóid is sia siar nó an titim is faide síos ón idéal a shamhlaigh daoine le húrscéal mór an Athar Peadar
Tá cuntas air ag Peadar Mac an Iomaire in Dánta Fhilí Bhaile na mBroghach, 1983; Peadar a bhailigh an tríocha dán sa leabhar sin agus deir sé sa réamhrá: ‘Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá
Tuairisc a báis ag Peadar Ó Dubhda in Scéala Éireann 27 Feabhra 1937
I mBaile Philib i bparóiste Ghleann Maghair, Corcaigh, sa ráithe deiridh de 1801 a rugadh an scríobhaí seo agus a leathchúpla Peadar ··· Ag múineadh scoile a bhí sé ó 1820, tamall ar na Cloichíní, tamall i dteach feirmeora i nGleann Maghair agus ina dhiaidh sin, le Peadar, i gCarraig na bhFear agus in áiteanna eile
Bhí a dheirfiúr Lil Bean Uí Chiardha ina huachtarán náisiúnta ar an Réalt agus chaith an deirfiúr eile, Máire Bean Uí Ghógáin, tamall fada ag obair ar son na teanga i Lú agus i gCúige Uladh, í ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh (1974–1978), tamall freisin ina huachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina rúnaí ag Éigse Oirialla, agus baint mhór aici i rith fiche bliain leis na comórtha móra a rinneadh ar Chathal Buí Mac Giolla Ghunna[B7], Peadar Ó Doirnín [B7], Aodh Mac Domhnaill [B6], Peadar Ó Dubhda [B1], Énrí Ó Muirgheasa [B1], Peadar Ó Gealacáin [B6], Art Mac Bionaid [B6]
I measc an 23 eile a fuair an teastas in éineacht leis bhí Tomás Ó hAodha [B2], Peadar Ó Gráinne, Eoghan Ó Súilleabháin, Michéal Ó Dochartaigh [B1], Domhnall Ó Duibhne, Pádraig Ó Laoghaire [B1], agus Eibhlín Ní Dhonnabháin, comhluadar suaitheanta ··· Dúirt Peadar Ó hAnnracháin [B1] faoi in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Bhí sé ana-cheolmhar agus bhíodh an veidhlín agus an fheadóg ina thigh aige chun caitheamh aimsire a thabhairt dó féin’ ··· Tá cuntas ag Peadar Ó hAnnracháin ar an raic a tharla nuair a chuir Seán tús leis an gClár Dátheangach ina scoil féin 1907
In The Southern Star 7 Nollaig 1957 scríobh Peadar Ó hAnnracháin [B1]: ‘He later published for private circulation his Eachtraí an Chapaillín Bháin ··· Deir Peadar go raibh 103 véarsa sa tsaothar agus tuairimíonn gur chuid díobh a bhuaigh duais Oireachtais do Sheoirse i 1939 ··· A fluent and native speaker of Irish, a man of education, method and business habits, and a gentleman whose courtesy and charm of manner endeared him to all with whom he came in contact....’ Tá an méid seo ag Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Sa Státseirbhís a bhí Seoirse agus chuaigh sé anonn go Sasana, ach lean sé dá ghnó mar Chonraitheoir i ngach áit ina raibh sé’
Deir Peadar Ó hAnnracháin[BI]: ‘Thuig seisean [Fionán] cad é an saghas ceart d’Uibh Ráthach ··· D’fhág Uíbh Ráthach gona dhrochbhóithre a rian air, ach d’fhág seisean gona chuid eolais a rian ar mhuintir Uíbh Ráthaigh’ (Peadar Ó hAnnracháin in Fé Bhrat an Chonnartha) ··· In Machnamh cime scríobh Peadar Ó hAnnracháin faoi thréimhse díobh san Oileán Mór i mBéarra: ‘Tá an Seabhac ag múineadh amhráin inniu ··· Deir Philip O’Leary in The prose literature of the Gaelic revival 1881-1921 (1994): ‘Gaeltacht writers like [Peadar] Ua Laoghaire[B2], Pádraig Ó Siochfhradha, and Séamus Ó Dubhghaill[B2] believed that the ideal “readership” for their work would be illiterate native speakers to whom it would be read aloud’ agus tarraingíonn sé as alt an tSeabhaic in An Claidheamh Soluis 11 Nollaig 1909 (‘Scríobhtar Finnscéalta dúinn’) chun an aidhm spreagthach sin a léiriú
I Meitheamh na bliana roimhe sin bhí a eagrán de “Caoine Airt Uí Laoghaire” i gcló, é bunaithe ar lámhscríbhinn a bhí i seilbh an Athar Peadar Ó Laoghaire ··· Bhí cumas neamhchoitianta aige ar bhuanchairdeas a shnaidhmeadh le daoine a bhí éagsúil le chéile: An tAthair Peadar, George Russell, Pádraig Ó Laoghaire, W.J ··· Cuid den bhéaloideas anois an tAimhirgíneach bheith i láthair ag adhlacadh an Athar Peadar, é ag stánadh go formhothaithe ar chónra a sheanchara go ndúirt lena raibh timpeall: “Disgraceful
Ba iad ba mhó feasta a bheadh ag foilsiú leabhair an Athar Peadar Ó Laoghaire ··· Deir Charlotte McManus go raibh an tAthair Peadar sa chúirt chun tacú léi ··· Scríobh an tAthair Peadar chuig Lughaidh Breathnach ar 4 Eanáir 1919: “You are right in what you say about Miss Borthwick