Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta an teach foilsitheoireachta An Sagart, agus ina dhiaidh sin, mar shagart paróiste an Daingin, bhunaigh sé institiúid diagachta agus léinn dúchais, An Díseart ··· B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne ··· Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh ··· Ceithre bliana déag a bhí Pádraig ag an am, bliain i ndiaidh bhás a dhaideo Eoghan ··· Sagart óg sna fichidí ab ea Pádraig ag an am agus ba é a léigh an tAifreann don dá shochraid
Bhí 150 sa láthair ach 44 bliain ina dhiaidh sin níor chuimhin leis ach gur ann a casadh dó den chéad uair Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896) [B1] agus Pádraig Stúndún (Mise agus an Connradh, 1937) ··· In Banba, Márta 1902, scríobhadh: Cé go bhfuil Pádraig os cionn a cheithre fichid tá a lámh chomh cliste agus an mheabhair chomh meanmnach anois is bhíodar tá blianta ó shin nuair a thairg sé fáilte Chlanna Gael do Dhomhnall Mac Cába [q.v.], Gaeilgeoir ón mBántír, tar éis dó téarma a chaitheamh i gcarcar Chorcaí ar son Éireann ··· B’fhéidir gur bhotún é agus gur gharmhac le Pádraig é ··· An t-aon mhíniú eile a d’fhéadfadh a bheith ar chontrárachtaí aoise agus eile an scéil gur phós Pádraig faoi dhó ··· Thosaigh Pádraig ag cur scéalta chuig Irisleabhar na Gaedhilge in 1884
Scríobh Liam Bulfin an méid seo ina thaobh in United Irishman agus tugadh mar athfhriotal é san Irish Peasant (21 Aibreán 1906): “This is Pádraig Ó Dálaigh, General Secretary, a southerner ··· Sa phortráid in The Irish Peasant tugadh le tuiscint gur rugadh é Lá Fhéile Pádraig 30 bliain roimhe sin i nDún na Mainistreach, Dún Garbhán ··· Ach níor rugadh aon Phádraig Ó Dálaigh i nDún na Mainistreach aon Lá Fhéile Pádraig idir 1861 agus 1881 (ná ar aon lá eile cés moite de 18 Deireadh Fómhair 1873), dar le clár na mbaistí i nDún na Mainistreach ··· Ar 18 Deireadh Fómhair 1873 rugadh Patrick Daly áirithe do John Daly agus Mary Daly, dar le clár úd na mbaistí, agus b’fhéidir gurbh eisean an Pádraig s’againne ··· Ach mar bharr air sin is ar 21 Samhain a rugadh an Pádraig sin do John Daly agus Mary Daly, dar le clár na mbreitheanna
Ba iad slite beatha na craoltóireachta agus na múinteoireachta i nGaeilge a tharraing Pádraig Ó Méalóid chuige féin ag tráth den saol a raibh athruithe móra ag teacht orthu araon sna 1950idí ··· Bhí Pádraig Ó Méalóid ina cheartlár sin ··· I gCamas Uachtair a rugadh Pádraig ar an 20 Lúnasa 1931, an duine ba shine de naonúr clainne a bhí ag Séamus Sonny Ó Méalóid agus ag a bhean, Nóra Ní Shúilleabháin ··· Bhí a chuid scolaíochta críochnaithe ag Pádraig Ó Méalóid faoin tráth sin agus é ag múineadh i gCnoc Sióin i gcathair Phort Láirge ··· I gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a oileadh Pádraig mar mhúinteoir agus tar éis an tamaill sin a chaitheamh i mbun na ceirde i bPort Láirge, fuair sé post i Scoil Lorcáin, áit ar mhúin sé Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin a bhain cáil amach ina dhiaidh sin leis an ngrúpa ceoil The Hothouse Flowers
Ach ar nós a choil seisir Tomás Ághas bhí an oiread sin Gaeilge ag daoine fásta an cheantair go raibh an teanga ag Pádraig óna óige ··· Nuair a scaoileadh fir Lewes saor ar 17 Meitheamh 1917 ba é Pádraig a bhí i gcoinne Thomáis i nDún Laoghaire ··· D’fhoghlaim Pádraig léamh agus scríobh na Gaeilge i Scoil an Aird Mhóir i Lios Póil ··· Bhí tuismitheoirí Eibhlín ina múinteoirí i scoileanna an Dúin Bhig freisin agus is nuair a scoir siad a ceapadh Pádraig ina phríomhoide i Scoil na mBuachaillí agus Eibhlín i bhfeighil na gcailíní ··· Fuair athair Eibhlín, Pádraig Ó Súilleabháin, bás 24 Meán Fómhair 1918
an Dúin, agus is ar Chnoc an Locha i mbaile fearainn Eanach Dorn sa pharóiste sin a rugadh Pádraig ··· Deir Pádraig de Brún agus Máire Herbert in List of Irish MSS in Cambridge Library, 1986 gur chuir sé a ainm le huacht in 1777, rud a thabharfadh tuairim éigin faoina aois ··· Faoi 1794 bhí Pádraig ag múineadh Gaeilge san Belfast Academy agus i dtithe príobháideacha ··· Cairde ba ea iad i gceann tamaill agus an Ruiséalach a chuir Pádraig in aithne do Whitley Stokes[q.v.] in 1796 nuair a bhí an dochtúir sin ag ullmhú eagráin Ghaeilge de shoiscéal Naomh Lúcás agus de Ghníomhartha na nAspal ··· Rinne Pádraig obair dó ach níor luadh a ainm sa saothar foilsithe i 1799
Iascaire ba ea Pádraig agus féar dhá bhó aige ··· De réir dhaonáireamh 1901 bhí Pádraig 40 agus Cáit 34 ··· I nDaonáireamh 1911 55 bliain d’aois a bhí Pádraig agus 45 a bhí ag Cáit ··· Sa teach le Pádraig agus Cáit agus a leanaí bhí a n-iníon Bridget, bean phósta a bhí 26 bliain d’aois, más fíor, a fear céile James Sullivan (32), iascaire a raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla aige, agus a mac Pat a bhí bliain d’aois ··· Bhí ag teip ar an scéalaí, ní foláir, faoin am ar tháinig an bailitheoir cáiliúil sin; dar leis go raibh Pádraig ‘críonna, neamh-chruinn, neamh-spéisiúil’ agus na scéalta beaga á n-insint aige, agus dar leis go raibh na scéalta níos cruinne aige roimhe sin
Cúig bliana is fiche a bhí Pádraig féin ··· I nDaonáireamh 1911 bhí ceathrar ann: Sorcha (38), múinteoir scoile; Tomás, ollamh ollscoile; Peadar, múinteoir scoile; agus Pádraig, arb é an cur síos atá air ‘Mac feirmeora’ ··· Bhí Pádraig ina bhall de Chraobh Choill Mhaolacháin nuair a toghadh é ina chomhairleoir ceantair i Roinn an Rosa don údarás áitiúil, Comhairle Cheantair Tuaithe Uachtar Ard ··· Nuair a chúlaigh na póilíní d’éirigh le Pádraig an cnoc a thabhairt air féin ··· D’éirigh le Pádraig, Éamonn, Tomás agus an colún reatha ealú ar deireadh ach dódh an teach mar dhíoltas
Ba iad Pádraig Ó hÓgáin, Páirtí an Lucht Oibre, agus Pádraig Ó Máille [q.v.], Cumann na nGaedheal, fir faire Chonradh na Gaeilge i nDáil Éireann i mblianta tosaigh an tSaorstáit ··· an Chláir, a rugadh Pádraig 10 Deireadh Fómhair 1885 ··· 16 bliana a bhí ag Pádraig ··· Bhí Gaeilge ag an athair agus ag an mháthair ach ní raibh sí ag Pádraig óg (16) ··· Tar éis bunscolaíochta fostaíodh Pádraig mar fhear poist ach lean sé air ag léamh agus ag staidéar
In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 áiríonn Muiris Ó Droighneáin [B2]Pádraig Ó Beirn agus an Craoibhín mar phríomhfhilí na tréimhse 1882–1892 nó ‘Ré na dtosaitheoirí’, mar a thugann sé uirthi ··· Ba é an duine ab óige é den naonúr clainne, triúr mac agus seisear iníonacha, a bhí ag Pádraig Mór Ó Beirn agus Máire Nic Fhionnlaoich ··· Phós seisean deirfiúr le Pádraig agus nuair a tugadh scoil i bparóiste na gCealla dósan lean Pádraig ann é ··· In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é ··· Bhíodh Pádraig ag bailiú dánta, scéalta agus seanfhocal ó shean-Ghaeilgeoirí i Nua-Eabhrac
In éineacht le Proinsias Mac an Bheatha [q.v.], Ciarán Ó Nualláin [q.v.], Pádraig Ó hUiginn (1924-), a bheadh ina Rúnaí ar Roinn an Taoisigh, agus Séamus Ó Cathasaigh[q.v.], bhí sé ar dhuine den scata beag ar bhain tábhacht leo i bhfíorthosach ghluaiseacht Ghlúin na Buaidhe agus ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin ··· Deir Ó hUid agus é ag tagairt don fhaillí a dhéantar i ndaoine a rinne gaisce ar son na teanga: ‘Duine den ollslua dearmadta sin ab ea Pádraig Ó Drisceoil ... ··· B’é sin Pádraig Ó Drisceoil ...’ ··· Tár éis bunoideachais i Scoil Naomh Columba, mar a raibh a uncail Dáithí Ó Drisceoil ina phríomhoide i scoil na mbuachaillí, bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh ··· Bhí Pádraig ina bhall gníomhach de Chraobh na hAiséirí roimh dheireadh 1941 agus ar dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe i 1942; i 1943 ba iad Mac an Bheatha, Monica Ní Mhurchú (a phósfadh Mac an Bheatha an bhliain dár gcionn) agus Pádraig Ó Drisceoil baill na hArdChomhairle agus chaith sé suas a phost státseirbhíse i 1944 chun an eagraíocht sin a fhorbairt, ó thaobh na hóg-ghluaiseachta go háirithe
Bhí de mhí-ádh ar an gCanónach Pádraig Ó Laoghaire gur mhinic a thógtaí in amhlachas an Chanónaigh Peadar Ó Laoghaire (1839–1920) é nó Phádraig Uí Laoghaire (1870–1896) ··· Sna himleabhar eile den chlár ní léir nach é an Pádraig eile atá i gceist ··· Rugadh an Pádraig seo i gCill Briotáin, Droichead na Bandan, Co ··· Thug an Canónach Pádraig seanmóin na Féile Pádraig uaidh i nGaeilge san Ard-Eaglais cúpla bliain
In aiste in Feasta, Iúil 1993, deir Pádraig Ó Baoighill go raibh Gaeilge Thír Chonaill aige chomh líofa le cainteoir dúchais ar bith ··· De bhunadh Éireannach an chuid ba mhó de na daltaí sa scoil sin agus ba mhinic Pádraig ag labhairt i nGaeilge le tuismitheoirí as Tír Chonaill agus Maigh Eo ··· ‘The Sinn Féin organisation in Glasgow, which had kept the Pádraig Pearse Branch of the Gaelic League alive during the lean years, resurrected in 1928 the annual Feis Ghlascú ··· Ba é Pádraig a toghadh ina rúnaí ar an gcoiste ar chuir cruinniú d’ionadaithe na n-eagras Éireannach sa chathair de chúram air a shocrú cén chaoi ab fhearr an iubhaile a chomóradh ··· Pádraig a bhí ina uachtarán air ó thús agus lean sé sa phost go 1958
Tá an fheartlaoi a scríobh a mhac Cormac i gcló in Seanchas Ard Mhacha 17, 1998; in An tUltach, Bealtaine 1998 tá ‘Saothar Phadaí’ le Cathal Ó Diolúin; tá ‘Pádraig Ó hÁdhmaill’ le Gearóid Mac Giolla Domhnaigh san iris chéanna, Meitheamh 1998 ··· Bhí Padaí ar scoil in Ard Mhacha, ag na Bráithre Críostaí ar dtús agus ansin i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig ··· In Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000 deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Ba i 1945 a chuir Pádraig Ó hÁdhmaill as Ard Mhacha ..
Chaith Pádraig na blianta 1905 go 1908 i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne ··· Ceart go leor, nuair a d’éag de Hindeberg ceapadh Pádraig ina ollamh sealadach ach ba é Torna a fuair an chathaoir sa deireadh ··· D’éirigh le Pádraig post a fháil i gColáiste na Toirbhirte ··· Chuaigh sé i gcion go mór ar Sheán Ó Faoláin (‘I must say more about our Irish teacher, Pádraig Ó Domhnaill: young, handsome, eager and quite uncowed... ··· Bhí stailc sa scoil i 1920 agus ó tharla Pádraig a bheith ar thús cadhnaíochta sa troid fágadh gan phost é nuair a bhí deireadh leis an aighneas
Deir Brendan Kiely, Ceapach Choinn, garnia le Pádraig, gurbh as Buaile an Mhóintín do mháthair Phádraig, Bridget Connery, agus gurbh as Comairghlinn dá athair, Daniel Kiely, agus gur chliamhain isteach ba ea eisean sa ghabháltas beag i mBuaile an Mhóintín ··· Thug an sagart paróiste (An tAthair John McCann) cead dó labhairt leis an bpobal i ndiaidh an Aifrinn agus chuir Pádraig rang ar siúl i dteach na scoile do dhaoine fásta ··· Um Cháisc 1905 shocraigh an Dr Micheál Ó Síocháin agus Pádraig le chéile go gcuirfeadh siad rang ar bun an samhradh sin ní hamháin do mhuintir na háite ach do chuairteoirí ··· D’fhág an Conradh Pádraig sa Rinn ar thuarastal £120 sa bhliain chun bheith i mbun na scoile nua ··· Bhí Pádraig ina rúnaí ag an gcéad choiste bainistíochta d’Ollscoil na Mumhan agus ina phríomhoide sa mheánscoil
Conas agus cathain a d’fhoghlaim Pádraig an teanga agus cén fáth ··· Ba é Pádraig an dara mac agus ina dhiaidh sin tháinig Muiris (1892–19 Samhain 1979), Seán (1894–5 Iúil 1919), ar scríobh sé a mharbhna, agus Mairéad Bean Mhac an tSaoi, léachtóir sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, (d’éag 7 Meán Fómhair 1976) ··· Cheana féin bhí cuid de scríbhneoirí móra an Bhéarla léite ag Pádraig ··· Dar le Máire Mhac an tSaoi gur líonmhaire a bhí deisceabail Uí Chorcora i measc phobal léitheoireachta na Gaeilge agus go ndearna an chonspóid dochar do fhiontar litríochta seo an Bhrúnaigh agus do chúis na teanga i gcoitinne (‘Pádraig de Brún agus an Ghaeilge: Saol agus saothar in aisce?’ in Maigh Nuad agus an Ghaeilge ··· Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta)
B’fhéidir a rá gur chaith Pádraig Feirtéar dhá shaol a bhí difriúil ar fad le chéile ··· Sa Bhaile Uachtarach i bparóiste an Fheirtéaraigh a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1856 ··· Creideadh gur mar gheall ar chabhair a bhí tugtha ag Pádraig in olltoghchán 1885 don iarrthóir Parnailiteach a deineadh an éagóir sin air ··· Lena linn nochtadh leac ar bhinn an tí inar rugadh é agus seoladh scannán le Breandán Feiritéar, An Síogaí Iniúchtach (ainm cleite a bhí ag Pádraig)
Gur foilsíodh saothar mór Edward MacLysaght (Irish families: their names and origins agus na himleabhair a lean é) in 1957–64 is taobh le Sloinnte Gaedheal is Gall (1923) leis an Athair Pádraig de Bhulbh a bhí an pobal ··· Sa Chreatalach i bparóiste Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh a rugadh Pádraig ar 27 Márta 1872 ··· Dhealródh sé gur le Béarla a thóg siad Pádraig ach deirtear go raibh spéis aige sa Ghaeilge go hóg ina shaol agus go mbíodh sé ag breacadh focal i leabhar nótaí ··· Fear gaoil leis ba ea an seanchaí Risteard Éamonn de Bhulbh a rugadh in 1825, agus bhí cuid mhaith seanchainteoirí san áit agus Pádraig ag fás suas ··· Deir de Priondargást freisin, agus údarás Risteáird Uí Fhoghludha aige leis (in Tadhg Gaedhlach, 1929), go raibh seanaint le Pádraig pósta ar mhac dearthár le Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin
Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus baint mhór aige le heagrú an taispeántais d’earraí na hÉireann gach Lá Fhéile Pádraig ··· Phós Pádraig Mary Bede, múinteoir ón mBóthar Buí, Co ··· Bhí spéis an-mhór ag Pádraig i modhanna múinte teanga agus dá chomhartha sin bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann na Múinteoirí a cuireadh ar bun d’aon úim chun múinteoirí gairmiúla a spreagadh chun eolas a chur ar na modhanna ab fhearr ··· Bhí an Philip Barron Memorial Prize buaite ag Pádraig féin 1908 ··· Dúradh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1914: ‘Ba Ghael go talamh é Pádraig agus ba mhúinteoir cliste Gaeilge é agus ní raibh i mBaile Átha Cliath ná b’fhéidir in Éirinn scoil ba mhó cabhair agus tairbhe do theanga ár sinsear ná an scoil a bhí faoina cheannas’
Cuireadh síos ar fhoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge ag Pádraig (14) agus ag an deirfiúr ab óige (10) ach nach raibh sí ag an gcailín a bhí 13 bliana d’aois ··· gur ghnách le Pádraig agus é ina thachrán bheith ar cuairt ag seanbhean a bhí ina comharsa béaldorais aige ··· Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Oideachais Naomh Muire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, agus chaith sé an scór bliain deiridh dá shaol oibre ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Ard Mhic Nasca, Co ··· In An tUltach, Meitheamh 1975, tá aiste dar teideal ‘Pádraig Mac Con Midhe agus Coláiste Bhríde’ ag Joseph Ó Searcaigh, agus, ag Dónall (Dhonnchaidh) Ó Dónaill, Rann na Feirste, tá ‘M’eolas-sa ar Phádraig Mac Con Midhe’ ··· In An tUltach, Aibreán 1975, dúirt Anraí Mac Giolla Chomhaill: ‘Do chuid mhór againn b’ionann Pádraig agus An tUltach
Obair ar na bóithre an tslí bheatha a bhí ag a athair, Pádraig ··· Thug Scoláireacht an Rí Pádraig go dtí Coláiste Oiliúna De La Salle, Port Láirge ··· Ag tagairt do Dhonncha scríobh Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 ‘Ach faoin am a d’fhág sé Cúil Aodha bhí Pádraig Mac Suibhne, duine dá mhacaibh léinn, agus a dheirfiúr Cáit ullamh ar chúram na scoile a thógaint orthu féin, i dtreo is gur leanadh den dea-obair a bhí ar siúl ann roimis sin, mar go deimhin níor mhó grá an oide a bhí ann don Ghaeilge ná grá an té a lean é’ ··· Deir Pádraig Ó Tuathaigh (Filí an tSuláin, 1993) gurbh óna sheanmháthair ar thaobh a athar a fuair sé an fhilíocht ··· Deir sé freisin go mbíodh tarraingt scoláirí na Gaeilge uirthi agus luann sé go háirithe Pádraig Ó Duinnín[B3] agus Gertrude Schoepperle[B3]
Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge ··· Ba í Nóra Ní Mhuirithe máthair Dhonncha agus ba é Pádraig Ó Buachalla, feirmeoir, a athair ··· Cailleadh Pádraig go hóg agus d’fhág cúigear buachaillí agus beirt chailíní ina dhiaidh ··· Phós sé Máire Ní Ghlasáin, iníon le Pádraig Ó Glasáin, an t-éadaitheoir Gaelach i Sráid Uí Chonaill ··· Deartháir do Dhonncha ba ea Pádraig Ó Buachalla a d’aistrigh Eachtra Phinocchio, 1933, An Baile (La Maison le Henri Bordeaux), c.1936, Idir Croí is Anam (De Toute son Ame le René Bazin), agus Grádh na hÓige, 1948 (El sí de las ninas le Leandro Fernández de Moratín)
Feirmeoir, muilleoir, agus fear gnó ba ea an fear seo a chum ‘Marbhna Liféir Grás’, dán ar thug James Hardiman[q.v.] ionad dó in Irish Minstrelsy, a d’aistrigh George Sigerson[B1], agus a raibh ardmheas ag Pádraig Mac Piarais[B4] air, agus sin ar fad i ngeall ar gur cuireadh i gcéill dóibh gurbh fhile den 17ú céad, Seán Mac Uaitéir Breathnach, a chum é ··· Ach fág an eachtra sin as an áireamh ar fad, is díol suime é Pádraig Ó Néill ar mhórán cúiseanna ··· Bhí eolas ag Pádraig ar Laidin, Fraincis agus Iodáilis agus taithí aige ar chuid d’fhilíocht agus de phrós na Gaeilge ó 1600; d’aistrigh sé dán amháin ón Sean-Ghaeilge ··· Duine díobh sin ba ea Uilliam Ó Meachair, tábhairneoir i dTigh na Naoi Míle ar faoina ainm a foilsíodh Bláithfhleasg na Milseán, 1816 i gCarraig na Siúire ach gurbh é an Pádraig s’againne an t-údar dáiríre ··· Dealraíonn gurbh é Pádraig féin a scríobh an réamhrá
Tá cuntas ar an scríbhneoir seo ag Risteárd Ó Glaisne in Niall Brunicardi, 1997 (bhí nia le Pádraig pósta ar iníon le Brunicardi) agus tá cuntas iarbháis ag Brunicardi in Agus, Eanáir 1996 ··· Chuidigh Liam De Noraidh[B3] leis chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge: ‘Bhí doicheall ar chuid de na daoine roimh cheartúcháin Liam ar a gcuid Gaeilge ach is amhlaidh a bhíodh Pádraig buíoch de ··· Sna 1970idí chuidigh sé le Niall Brunicardi chun Éigse na Mainistreach, comhlacht foilsitheoireachta, a bhúnú; Liam de Noraidh, Cill Uird, 1980, in eagar ag Pádraig, a gcéad leabhar ··· D’fhoilsigh siad An Dá Shaol: Mainistir Fhear Maí, 1983 le Pádraig
Tá cuntas fada ag Pádraig Ó Macháin air in Decies 53, 1997 (‘Patrick Carmody, Irish Scholar’) ··· Waterford.’ I gcás Uí Chearmada tá sin léirithe aige le cur síos ar: a chaidreamh le Seán Pléimeann [B1], Muiris Ó Faoláin [B1], Riobard Bheldon [B2] agus a theagmhálacha le Micheál Ó Foghludha [B2; 105], Domhnall Ó Fearchair[B3], Pádraig Mac Piarais [B4], Dubhghlas de hÍde [B4]; a mhéid a rinne sé chun dánta Bheldon a bhailiú agus a fhoilsiú; na hamhráin agus na lámhscríbhinní a bhailigh sé; a obair mar scríobhaí agus a bhfuil foilsithe aige in Irisleabhar na Gaedhilge ··· Phós Pádraig Catherine Cox i dteampall Eaglais na hÉireann i gCill Fhiarach, Cill Chaoi, 2 Aibreán 1856; máistir scoile i gCill Bhaile Eoghain, atá gar do Cheann Léime, ba ea é ag an am ··· Phort Láirge, agus bhí post ag Pádraig i scoil Eaglais na hÉireann i nDroichead Machan ··· Chuir sé cóip de Eochair-sgiath an Aifrinn an Chéitinnigh chuig Pádraig Ó Briain[B3] nuair a bhí eagrán 1898 á úllmhú ag an bhfoilsitheoir sin agus is dóigh le Ó Macháin gurb é sin an ls sa Leabharlann Náisiúnta darb uimhir NLI MS G315; tá ainm Uí Chearmada leis agus an dáta 1891
In Butte a tholg an t-athair an eitinn go bhfuair bás sa Ghort Broc in aois a 47 dó nuair a bhí Pádraig féin ina gharsún óg ··· D’fhág an bhruitíneach go raibh radharc na súl chomh dona sin ag Pádraig gur tugadh pinsean na ndall dó; an chaochaíl sin a d’fhág nach raibh léamh ná scríobh aige ··· An bhfuil aon tuiscint againn ar an éifeacht a bhíonn ag a leithéid de thubaist chultúrtha ar aigne an duine – go mórmhór aigne an duine go bhfuil intleacht chomhachtach, ghéarchúiseach, braiteach aige, fé mar a bhí ag Pádraig ··· Dá mairfeadh an cultúr sin ní fios cad é an stádas a bheadh ag Pádraig ina phobal féin ··· agus an lá gur cailleadh Pádraig Ó Murchú agus é ina sheanduine..
Ar 21 Eanáir 1922 tháinig Pádraig Ó Brolcháin i láthair Choimisinéirí an Oideachais Náisiúnta ··· Dhún na nGall a rugadh Pádraig ar 21 Aibreán 1876 ··· Bhain Pádraig dioplóma amach i dteagasc na Gaeilge agus ard-dioplóma i léann na Gaeilge i 1907 ··· Ní bhfuair Pádraig, státseirbhíseach meánaosta a raibh lán tí de mhuirín aige, aon deis chun a raidhfil a úsáid ··· Céadaoin Sheachtain na Cásca thaisteal Pádraig an timpeall ar a rothar ó Ghlas Naíon go dtí sléibhte Bhaile Átha Cliath mar a raibh Eoin Mac Néill féachaint arbh fhéidir a áitiú air na hÓglaigh ar fud Éireann a thabhairt i gcabhair ar na fir a bhí faoi léigear sa chathair
Do choimeád Pádraig lena chéile iad sa gCumann Liteartha úd agus do bhain obair astu, gach duine acu de réir a ghustail ··· Bhíodh rud éigin ag Pádraig inti gach mí’ ··· Ba iad Pádraig agus Seán Ó Catháin [B1] na rúnaithe ··· D’fhág a chairde in An Stad slán leis: ‘The address to Pádraig Archer by his Gaelic friends on his departure from Dublin may be seen at Mr McGarvey’s, North Frederick Street ··· The crossed camáns and the liathróid are well in evidence betokening the interest Pádraig always took in the national game’ (An Claidheamh Soluis 31 Lúnasa 1901)
Le Gaeilge a tógadh Pádraig, is cosúil: tá tagairt aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1891, do amhrán a thug sé leis óna athair ··· Dar le Brian Mac Giolla Phádraig san aiste ar bhunaitheoirí an Chonartha in Feasta, Márta 1956, go mbíodh Pádraig ag cabhrú le Diarmuid Seosamh Mac Suibhne [q.v ··· faoi MAC SUIBHNE, Pádraig] chun rang Gaeilge in Institiúid na Meicneoirí, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath, a stiúradh uair éigin i ndiaidh 1865 ··· Ba é a chuir Sgéuluidheacht Chúige Mumhan le Pádraig Ó Laoghaire[B1] i gcló agus in 1898 tháinig a eagrán de Eochair-Sgiath an Aifrinn an Chéitinnigh amach ··· Dúradh in An Claidheamh Soluis 29 Samhain 1913: ‘Pádraig Ó Briain was about the only publisher in the city who undertook to publish books in Irish at his own expense
Cé gurbh i 1906 a scríobh Pádraig Ó hÉigeartaigh ‘Ochón ··· I 1911 nuair a bhí an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Fionán Mac Coluim [B1] ag bailiú airgid don Chonradh sna Stáit d’iarr Pádraig orthu fear a roghnú chun feiseanna a eagrú i mórchathracha an chósta thoir agus is ar an gcuma sin a chaith Micheál Ó Conchubhair ó Thrá Lí cúpla bliain ann ··· Bhí baint an-mhór ag Pádraig le saol na nÉireannach thall, é ina bhall den AOH agus ar dhuine de bhunaitheoirí an John Boyle O’Reilly Club (club a d’fhág sé toisc nach raibh sé ag réiteach le hólachán), ina eagraí ag aonad Springfield de Arm na Poblachta, ina oibrí le haghaidh bhannaí na hÉireann agus ina uachtarán i Massachussetts ar The American Association for the Recognition of the Irish Republic ··· D’fhoilsigh Pádraig Mac Piarais an caoineadh a chum sé ar a mhac in An Claidheamh Soluis ··· Roghnaíodh do dhuanairí eile é: Cuisle na hÉigse, 1920, in eagar ag Éamonn Cuirtéis [B2]; Filidheacht na nGaedheal, 1940, in eagar ag Pádraig Ó Canainn
Ón am a bunaíodh an chraobh i 1900, agus Pádraig ina rúnaí air, ba é ceannasaí an Chonartha é sa taobh sin tíre ··· Ba é ba mhó faoi deara feis a chur ar siúl sa bhaile: ‘Would there have been a Feis Cholmáin without Pádraig Mac Suibhne...?’ (idem 9 Iúil 1904) ··· Scríobh Donnchadh Ó Laoghaire[B1] faoi in aiste dar teideal ‘Gluaiseacht na Gaeilge i Mainistir Fhear Maí’ (An Claidheamh Soluis 20 Nollaig 1902): ‘Is é Pádraig Mac Suibhne an “Réalt Eoluis” atá acu, agus is dócha, mura mbeadh é sin, go mbeadh sé thiar orthu ··· Tuairiscíodh in Sinn Féin 3 Samhain 1906 gur shroich ‘An Déiseach’ (Pádraig Mac Suibhne) Cúirt Uachtarach Chomhaltas an Phléimionnaigh ··· Chum Pádraig Ó Cruadhlaoich (‘Gael na nGael’) [B1] caoineadh air
Chnuasaigh an tAthair Seosamh Mag Uidhir a bhfuil ar fáil dá dhéantús in Pádraig Mac a Liondain: dánta, 1977 ··· File agus staraí ba ea Siobhán agus deirtí gur uaithi agus óna muintir a fuair Pádraig an fhilíocht ··· le Pádraig Ó Prontaigh, agus le filí eile ··· Dá mb’fhíor don Chearnach agus do Graham is é ainm a thugtaí air ‘Pádraig na gCláirseach’ ··· Bhí cúpla dán le Mac Cuarta agus Pádraig Ó Prontaigh acu á mholadh mar chruitire ach is dóigh le Mag Uidhir gurbh iad féin a chum
D’aistrigh an t-athair go dtí an Mhodhscoil Láir, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, nuair a bhí Pádraig an-óg ··· Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamainn (Scoil Uí Chonaill) agus fuair an chéad áit in Éirinn sa Ghrád Sóisearach ··· D’éirigh le Pádraig bheith ina Chláraitheoir i gCúirt na Seansaireachta agus i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ina Chláraitheoir san Ard-Chúirt ··· Bhí Pádraig ar dhuine den deichniúr a chuir Conradh na Gaeilge ar bun 31 Iúil 1893
Bhí sé i gceist go mbeadh Pádraig ina mhúinteoir náisiúnta ach d’imigh sé go Meiriceá go hóg agus chuaigh isteach sa chabhlach ··· Phós sé Ailsa Ní Ruairc, deirfiúr le banchéile Bulfin agus an iníon ab óige le Pádraig Ó Ruairc, Baile an Chorraigh, an Iarmhí, i dTeampall Bhanríon na mBua, Buenos Aires, ar 11 Meán Fómhair 1907 (An Claidheamh Soluis 26 Meán Fómhair 1907) ··· Deir Helen Meehan go raibh sé ina eagarthóir ar an iris Fianna san Airgintín: Lá ’le Pádraig 1910 a foilsíodh an chéad uimhir ··· Cailleadh Ailsa san Hotel Metropole i bPáras ar 20 Eanáir agus cailleadh Pádraig ocht lá ina diaidh
Ag 34 Garrán Ghort na Fuiseoige, Camaí, Baile Átha Cliath, a rugadh Pádraig ar 22 Feabhra 1937 ··· Ní raibh fuascailt na ceiste ag aon duine gur aimsigh Pádraig agus a dheartháir Kieran teastas báis i Londain a thugann an dáta 10 Meán Fómhair 1844 (feic 1782-1881 Beathaisnéis, 1999, lch 17) ··· Bhí spéis léirithe ag Pádraig i saol an Bharúnaigh i bhfad roimhe sin ··· Níor phós Pádraig agus d’éag sé ar 19 Nollaig 2005
Ní raibh a fhios ag Pádraig riamh cén fáth gurbh ar Thuar an Fhíona i gceantar Shliabh gCua a thug siad a n-aghaidh ··· D’éirigh go maith le Pádraig i scoil Thuar an Fhíona agus thaithíodh sé ranganna breise a thugadh Pádraig Ó Milleadha [q.v.] sa scoil sin ··· Ba é Pádraig faoi deara freisin bunú Dhún Chíomháin, iostas ar mhaithe le mic léinn agus le foireann an Choláiste a bhí i mbun staidéir ar an teanga
Sin é an fáth ar roghnaigh sé ‘Pádraig na Léime’ mar ainm cleite ··· Tógadh Pádraig le Gaeilge
Faoin ainm ‘Pádraig Uiséir’ bhuaigh sé Duais an Mhaolánaigh ar an úrscéal Seans Eile, 1963 ··· Comhtharlú eile gur éag a máithreacha nuair a bhí carachtar an úrscéil agus Pádraig araon thar lear agus gan teacht orthu
Tá cuntas cuimsitheach air ag Mainchín Seoighe in An Linn Bhuí 4, 2000 agus deir seisean: ‘Bheadh sé fíor a rá gur chaith Pádraig Ó hIceadha an chuid eile dá shaol ó d’fhág sé an bhunscoil ag obair ar son na Gaeilge.’ Seoladh leabhrán in ómós dó ag Daonscoil na Mumhan i gColáiste na Rinne: Fear le Ceann Rí air: Cuimhní Cinn ar Phádraig Ó hIceadha, 2002 ··· Bhí sé ar dhuine den cheathrar a bhunaigh an scoil (le Liam Ó Lideadha, Micheál Mac Carthaigh [q.v.], Pádraig Ó Meára [B5]) agus é ina Stiúrthóir ar feadh 46 bliain ··· ‘Ba chloch choirnéil den daonscoil é Pádraig, agus stiúraigh sé í le díograis agus le tuiscint, agus le greann’ (Mainchín Seoighe)
In Feasta mhí Iúil tá feartlaoi an eagarthóra Pádraig Mac Fhearghusa ··· Cuireadh bunoideachas air i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ··· Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air ··· Níorbh fhada sa Choláiste dhom gur tháinig Pádraig chugam ag lorg dánta don Síol agus choinnibh ar mo thóir nó gur thugas ocht gcinn acu uaim ··· Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E
Tá cuntas iarbháis ag Pádraig Ó Moghráin [B4] san uimhir chéanna de Béaloideas ··· Faoi scéim Wilhelm Doegen [q.v.] rinne Pádraig Mac Meanaman dhá scéal a thaifeadadh i 1930 ··· Is uaidh a fuair Pádraig cuid mhór dá sheanchas
Tar éis a bháis scríobh Pádraig Mac Conmidhe[B4] faoi in An tUltach go raibh sé ar na daoine ba fhearr a raibh labhairt na Gaeilge acu lasmuigh den Ghaeltacht ··· Bhailigh Pádraig amhráin, paidreacha agus scéalta i nDún na nGall agus bhailigh ábhar Gaeilge freisin sa Chabhán agus ar theorainn Ard Mhacha agus Lú ··· Iníon eile le Pádraig is ea Íde a scríobh an saothar scolártha Exempla Gaeilge: an cnuasach exempla Gaeilge sa ls
Ba mhac le Pádraig Ó Súilleabháin, Dhá Dhroim, Béarra, é dar le Séamus Ó Casaide [B2] in Irish Book Lover, Iml ··· Agus is é Peaits amháin a bhí lánchinnte de gurbh é mac Phaidí Sylvie an Pádraig seo a d’éag i mBéal Feirste i 1918 ··· Níl puinn amhrais ach gurb é an Pádraig Ó Súilleabháin a rugadh i mBuaile Phádraig i gceantar Bhéal an Átha (i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Shligigh) ar 26 Samhain 1874 an fear s’againne ··· Múinteoir an cur síos ar shlí bheatha an athar, Pádraig, sa teastas breithe, agus Abigail Ní Shúilleabháin ab ainm don mháthair ··· Bhí teampall Protastúnach i Rinn an Bháid, Dhá Dhroim, mar aon le scoil náisiúnta agus ní móide go bhfuair Pádraig aon mheánscolaíocht
D’aistrigh Pádraig The green cockade le Mrs Pender (An cnota glas, 1941) ··· Nuair a foilsíodh An cnota glas is é a shíl cúpla nuachtán i nDún na nGall féin gurbh é Pádraig (1895-1981) an t-aistritheoir ach níor chuir sin isteach beag ná mór ar an bPádraig sinsearach, rud a chabhraigh, is dóigh, chun an botún a chur i bhfad
Mhaigh Eo, 23 Iúil 1868, a rugadh Pádraig Mac an Fhailghe nó Patrick James Nally ··· Pádraig had studied French and German from an Alsation whose child spoke both languages ··· I gcuntas ar an bpíobaire dall Máirtín Ó Raghallaigh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1903, deir ‘Craobh Rua’: ‘Ní raibh aon trácht ar Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeachaigh Pádraig Mac an Fhailghe ar lorg na bpíobairí timpeall is a hocht nó naoi de bhlianta ó shin ··· Ní tuisce chuala Pádraig é ná bhí fhios aige gurbh iontach an píobaire a bhí ann’
Le háireamh i measc a ghearrcach bhí cuid de na scríbhneoirí, eagarthóirí, scoláirí agus díograiseoirí ba cháiliúla sa tír ó 1945 i leith: Ó Fiaich, Ó Háinle, Ó Doibhlin, Ó Muireadhaigh, Ó Fiannachta, Pádraig Uiséir .. ··· ‘Bhí feirm ag muintir an Athar Donnchadh i gCill Barra, baile fearainn i gCill Bhroin’, an tuairisc a thug Pádraig Ó Riain orthu in Seanchas Dúthalla 1978–79 ··· Sagairt ba ea a dheartháir Pádraig (a bhí 7 mbliana d’aois i nDaonáireamh 1901), agus beirt dá uncailí ··· Ba eisean faoi deara Matha, 1966 freisin – d’aistrigh sé ceithre huaire é agus dúirt i litir chuig Pádraig Ó Fiannachta (Feasta, Bealtaine 1969): ‘Níl sé gan locht, ach is é gníomh mo nirt é’ ··· In Feasta Bealtaine 1969, dúirt Pádraig Ó Fiannachta ina thaobh: ‘..
In An Linn Bhuí 10, 2006 tá ‘Tír na gCreas is na gCaor: Pádraig Ó Miléadha agus Bailiú an Bhéaloidis’ le Stiofán Ó Cadhla ··· Bhí sé ar scoil i gCill Bhriain agus deirtear go raibh sármhúinteoir aige ansiúd, Pádraig Céitinn ··· Nuair a d’aistrigh an múinteoir seo go Tuar an Fhíona lean Pádraig é ··· Bhí aithne ag Pádraig Tyers ar Ó Mileadha agus ar a athair agus tá cur síos aige orthu in Sliabh gCua m’Óige, 2003
Deirtear in Ó Ghlúin go Glúin: scéal Chonradh na Gaeilge in Aonach Urmhumhan 1901-1993, 1993 in eagar ag Eibhlín Uí Mhorónaigh: ‘Bhí Pádraig Ó Meára ina mhórphearsa i nginealach an Chonartha anseo ··· Feirmeoir ba ea a athair Pádraig agus ba í Margaret Ní Mheára a mháthair ··· D’fhoilsigh siad freisin leabhair le Seán Ó Mulláin, Máirtín Ó Corrbuí, Conchubhar Ó Ruairc, Seán Mac Fheorais, Séamus Ó Céileachair, chomh maith le Leabhar na Salm leis an Athair Colmcille agus Leabhar Dhainéil leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta ··· I measc na leabhar a scríobh Pádraig é féin tá: I mbaol a dóite (1967) agus Seán agus a pheataí an bhliain chéanna