Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Chnuasaigh an tAthair Seosamh Mag Uidhir a bhfuil ar fáil dá dhéantús in Pádraig Mac a Liondain: dánta, 1977 ··· Oidhre ar Shéamas Mac Cuarta[q.v.] ba ea é sa mhéid gur dó a thiomnaigh an dall a raibh aige (‘Is de Phádraig Mhac Gioll’ Fhiondain in mo thiomna ghním oidhre’) agus gurbh é a chaoin an dall ··· Scríobh Fearghas Mac Bheatha tuireamh air agus dúirt gur dhuine ‘de shaoithe an Fheadha’ é agus gurbh in úrchill an Chreagáin a cuireadh é ··· The bards and musicians with other learned persons held stated meetings or conferences in his house, in imitation of the ancient bards of Ireland, and indeed, Patrick’s house was the place for such resort for whatever he possessed was as free to them as to himself.’ ‘Guaire’ a thug Mac Bheatha air sa tuireamh sin agus ba é Maecenas a linne in Éirinn é, dar le Graham ··· Éarlamh na bhfilí ba ea é, dar le tuireamh Mhic Bheatha
‘Scoláire Dhónaill a thugtaí air,/ Nó Tomás Criomhthain—/ D’éalaigh an Mac as a shloinne / Le síon is le haimsir / Is ina ionad tháinig Ó ...’ (sa dán ‘I gcuimhne bhás an Chriomhthanaigh (1937)’ in Iomairí críche (1991) le Pádraig Ua Maoileoin) ··· Ní foláir nó gur éag beirt díobh láithreach i ndiaidh a mbreithe mar ní luann Mac Conghail acht ocht n-ainmneacha: an chéad Seán (a baisteadh 10 Aibreán 1879), Pádraig, Eibhlín, Tomás, Cáit (máthair Phádraig Uí Mhaoileoin, scríbhneoir), Dónall, Muiris, agus an dara Seán [q.v.] ··· Ba é a dúirt a mhac Seán: ‘Nuair a bhí Fionán Mac Coluim[B1] ar an oileán (bhí sé mar thimire do Chonradh na Gaeilge an tráth san) agus nuair a chonaic sé Tomás agus conas mar a bhí aige do cheap sé Tomás mar cheithearnach na teangan agus thug sé tuarastal deich scillinge gach seachtain dó ··· Agus ba é tuairim Fhlann Mhic an tSaoir in Comhar, Nollaig 1947: ‘Seasóidh An tOileánach a cháil nuair a bheidh an chuid is mó eile de nualitríocht na Gaeilge imithe i díchuimhne’ ··· B’fhéidir gurbh é Muiris Mac Conghail is grinne a rinne staidéar ar mhuintir agus ar chultúr an Oileáin agus tá toradh an taighde sin, mar aon le leabharliosta, in The Blaskets: a Kerry Island library (1987)
Deir Nioclás Mac Craith gurbh as Baile Mhac Cairbre, Co ··· Tá Nioclás Mac Craith (litir dar dáta 28 Márta 1996) in ann a thaispeáint go mba shin-seanaint leis Máire Ní Dhroma (Molly na Páirce), bean Shéamuis Turraoin, a chum an t-amhrán ‘Na Prátaí Dubha’ i mbliain an ocrais 1847 ··· Ba é Pádraig Ó Cuirrín, feirmeoir, a athair agus ba í Cáit Bhreathnach a mháthair ··· Líonadh foirm Dhaonáireamh 1911 i nGaeilge agus is mar seo a bhí an teaghlach: Pádraig Ó Curraín (48 bliana d’aois); a bhean Cáit (51); Micheál (21); Seán (17), scoláire; Eilís (17); Muiris (12) ··· Níor luadh slí bheatha ach amháin i gcás an athar agus Sheáin
In éineacht le Proinsias Mac an Bheatha [q.v.], Ciarán Ó Nualláin [q.v.], Pádraig Ó hUiginn (1924-), a bheadh ina Rúnaí ar Roinn an Taoisigh, agus Séamus Ó Cathasaigh[q.v.], bhí sé ar dhuine den scata beag ar bhain tábhacht leo i bhfíorthosach ghluaiseacht Ghlúin na Buaidhe agus ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin ··· Bhí Pádraig ina bhall gníomhach de Chraobh na hAiséirí roimh dheireadh 1941 agus ar dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe i 1942; i 1943 ba iad Mac an Bheatha, Monica Ní Mhurchú (a phósfadh Mac an Bheatha an bhliain dár gcionn) agus Pádraig Ó Drisceoil baill na hArdChomhairle agus chaith sé suas a phost státseirbhíse i 1944 chun an eagraíocht sin a fhorbairt, ó thaobh na hóg-ghluaiseachta go háirithe ··· Tarlach Ó hUid [q.v.] a scríobh an cuntas iarbháis in Inniu 22 Bealtaine 1970 agus tá cuntais freisin in Cork Examiner 18 Bealtaine 1970, in Irish Independent 18 Bealtaine 1970, agus in Agus, Meitheamh 1970; gheofar tagairtí dó i scríbhinní Mhic an Bheatha, in I dTreo na Gréine, 1987, agus in Téid Focal le Gaoith, 1967 go háirithe ··· Thabharfá leat ó Mhac an Bheatha gurbh é smaointeoir na gluaiseachta é ··· Deir Mac a Bheatha gur de thógáil theaghlaigh Ghaelaigh é
In Téid Focal le Gaoith, 1967 tá cuntas ag Proinsias Mac an Bheatha[q.v.] ar an bpáirtíocht a bhí aige leis 1940–42 ··· Bhí sé misniúil, neamheaglach, tionscnach, samhlaíoch’ (Mac an Bheatha) ··· Mhair cuid acu le chéile in aon árasán beag amháin tráth agus bhíodar ag dul d’obair Chraobh na hAiséirí go lánaimseartha, nach mór’ (Mac Aonghusa); ba iad an Cuinneagánach féin, Ó Liatháin, Ó hUiginn, Éamonn Mac Murchú agus Mac an Bheatha na baill sin: is é a bhí gceist go dtabharfadh gach duine iomlán a thuarastail mar mhalairt ar lóistín agus béilí; prátaí bruite amháin a bhíodh acu dá ndinnéir ··· Bhí cuid mhór de na hoibrithe ba dhíograisí ag éirí amhrasach freisin; nuair a dealaíodh an Chraobh amach ó na hAiltirí agus ón gConradh, le cead agus toil Uí Chuinneagáin, toghadh Mac an Bheatha ina Cheannaire ar an gCraobh 6 Samhain 1942 agus tugadh Glúin na Buaidhe ar an eagraíocht nua a d’eascair aisti ··· Is cuntas ar an tréimhse a chaith sé i gConradh na Gaeilge an aiste atá ag Proinsias Mac Aonghusa, staraí an Chonartha, sa dara himleabhar de Aimsir Óg, 2000 (‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge’); deir sé gurbh é a bhí ann ‘fear a bhí tráth ar an té ba chonspóidí, ba chantalaí agus ba mhó díograis polaitíochta agus creidimh dá raibh sa tír’
Ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 tá breis eolais chomh maith le liosta de na príomhdhréachtaí ar a bheatha; cuir leo sin cuntas le Pádraig A ··· Tá cuntas ar a bheatha ag Tomás Ó Rathile[B2] in Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh, 1941 ··· Bhí a mhuintir le fada ar na teaghlaigh liteartha aitheanta, iad ina n-ollúna ag Síol Muireadhaigh i gConnachta; ba sheanathair dó an scríobhaí cáiliúil Muirgheas mac Páidín Ó Maoil Chonaire ··· Tugadh oiliúint san fhilíocht agus sa seanchas do Fhlaithrí i scoil a mhuintire: bhí Fearghal Óg Mac an Bhaird[q.v.] ann lena linn ··· I mBealtaine 1602 bhí sé ag tacú le gearán Uí Dhomhnaill go raibh reachtaire Choláiste na nÉireannach i Salamanca, an tÍosánach Thomas White, claonta in aghaidh mic léinn Uladh agus Chonnacht agus bhí de thoradh air gur ceapadh Spáinneach ina áit
Sa chuntas atá ag Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) [q.v.] ar Fheis na Mumhan i 1902 tá an abairt seo: ‘The two little children of Peadar Ua Laoidhléis—next to an tAthair Peadar the attraction of the Feis—who lisped Irish all day long, furnish abundant proof of what can be done in the home, if only parents will take heart, and face the problem of making the children Irish’ (idem 20 Meán Fómhair 1902) ··· Sa chuntas báis in Scéala Éireann 6 Nollaig 1938 luadh gur loisceadh a mhac Mathúin ina bheatha nuair a cuireadh tine le Teach an Chustaim i mBealtaine 1921 ··· Bhí beagán de mhearbhall ar Phroinsias Mac an Bheatha faoin eachtra sin agus é ag scríobh An Earnáil agus an Ghaeilge : ‘Bhí mac le hoifigeach eile ar na hÓglaigh a dhóigh Teach an Chustaim an lá sin dar le Seán Ó Ciarghusa[B2] ··· Is mar seo a bhí an teaghlach i Sord i nDaonáireamh 1901: Mary Anne, feirmeoir, baintreach, a rugadh i gContae Bhaile Átha Cliath, Gaeilge agus Béarla aici; Mary Teresa, a hiníon (31), agus Edward Stephen, a mac (24), a raibh Gaeilge ag an mbeirt acu; Brid Rooney (23), oibrí a rugadh i gContae Bhaile Átha Cliath agus Gaeilge aici; Thomas Kerrigan (82), oibrí, baintreach fir, a rugadh i gContae Liatroma, ar Ghaeilge amháin a bhí aige ··· Bhí Proinsias agus Cáit pósta le 14 bliana agus aon duine déag clainne a rugadh dóibh, a raibh deichniúr díobh, seisear mac agus ceathrar iníonacha, beo
In Banba, Márta 1902, scríobhadh: Cé go bhfuil Pádraig os cionn a cheithre fichid tá a lámh chomh cliste agus an mheabhair chomh meanmnach anois is bhíodar tá blianta ó shin nuair a thairg sé fáilte Chlanna Gael do Dhomhnall Mac Cába [q.v.], Gaeilgeoir ón mBántír, tar éis dó téarma a chaitheamh i gcarcar Chorcaí ar son Éireann ··· Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1895, i dtaobh cruinnithe den Chonradh i gCorcaigh a raibh An Craoibhín i láthair aige: ‘Léigh mac mic an Stúndúnaigh scéal as An sgéulaidhe Gaedhealach ··· Bhí 150 sa láthair ach 44 bliain ina dhiaidh sin níor chuimhin leis ach gur ann a casadh dó den chéad uair Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896) [B1] agus Pádraig Stúndún (Mise agus an Connradh, 1937) ··· Sa Churraichín, Baile Mhac Óda, Co ··· Bhí ‘Boston papers copy’ san fhógra báis; sa chathair sin a bhí cónaí ar a mhac Edmund um an taca sin
In aontíos leis bhí: a mhac Patrick (45), fear singil a raibh Béarla agus Gaeilge aige ach nach raibh léamh an Bhéarla aige; Ellen Farrell (32 dá mb’fhíor), iníon Mhuiris, bean phósta a raibh an dá theanga aici; Kate McLearty (32), cailín aimsire (Béarla agus Gaeilge); Terence Farrell (24), cliamhain Mhuiris, oibrí feirme a raibh an dá theanga aige ach nach raibh léamh aige ··· In An Linn Bhuí 10, 2006 tá ‘Tír na gCreas is na gCaor: Pádraig Ó Miléadha agus Bailiú an Bhéaloidis’ le Stiofán Ó Cadhla ··· Bhí sé ar scoil i gCill Bhriain agus deirtear go raibh sármhúinteoir aige ansiúd, Pádraig Céitinn ··· Nuair a d’aistrigh an múinteoir seo go Tuar an Fhíona lean Pádraig é ··· Is é an t-eolas atá sa teastas pósta go mba mhac é le Patrick Millea, ‘agricultural labourer’, go raibh sé 25 bliana d’aois, gur ‘labourer in Nickel Works’ ba ea é agus cónaí air ag 2 Nickel Terrace, Vardre, Rhyndwyclydach
I ndiaidh a bháis bhí idir chuntais ar a bheatha, ailt ómóis, agus tuairiscí, agus aistí ar a thábhacht agus a thionchar: ag Pól Ó Muirí in Irish Times 21 Meitheamh, ag Gabriel Rosenstock in ‘Tuarascáil’ sa pháipéar céanna 22 Meitheamh, agus ar leathanach na marbh sa pháipéar sin (‘Loss to Ireland’s artistic circle’) 25 Meitheamh; ag Siobhán Campbell in Sunday Tribune 26 Meitheamh; ag Breandán Mac Gearailt (‘Dúluachair ar lucht Gaolainne i ndiaidh Davitt’) agus ag Alan Titley in Foinse 26 Meitheamh ··· In Feasta mhí Iúil tá feartlaoi an eagarthóra Pádraig Mac Fhearghusa ··· Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air ··· Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E ··· Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin
Chuir Liam Ó Luaighnigh eagar ar bhreis is tríocha dá dhánta in Dánta Aindréis Mhic Cruitín, [1935] agus thug beagán eolais ar a bheatha ··· ‘Seancha deireanach an tseanghnáthaimh’ a thugann Pádraig A ··· Breatnach ar an bhfile, scríobhaí agus ginealeolaí seo agus é ag tagairt don mharbhna ‘Ní buan brón go bás ollaimh’, a scríobh Aodh Buí Mac Cruitín[q.v.] (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997) ··· Deir Pádraig Ó Fiannachta in Léas eile ar ár litríocht, 1982 go bhfuil 43 dán ar a laghad luaite leis sna lámhscríbhinní ··· Gan amhras, tá tagairtí go leor dó ag Vincent Morley in An Crann os Coill: Aodh Buí Mac Cruitín, c.1680–1755, 1995
In 1893 d’fhoilsigh Pádraig Ó Briain[B3] an dá scéal a scríobh sé, Eachtra Thoirdhealbhaigh mhic Stairn, maille le Eachtraibh a thriuir mhac, do réir mar a sgriobhadh iad le Mícheál Coimín ··· Deir Ó Raghallaigh agus Mac Cruitín gur le drochmheas ar an nGaeilge a mhill a mhac, Éamonn, is dóigh, a lámhscríbhinní i ndiaidh a bháis ··· Ach caitheann Ó hAnluain agus Ó Rócháin amhras air sin; níl sé ag teacht leis an scéal atá ag Seosamh Mac Mathúna ná leis an scéal a thaifid Ó Rócháin i 1972: de réir an leagain áitiúil seo bhí an Coimíneach ina bheatha go fóill agus ba í a bhean chéile a mhill na lámhscríbhinní, chuir sise an milleán ar an mac, níor thug seisean aon toradh ar an gcúiseamh sin ach liostáil i mBríogáid na hÉireann sa Fhrainc ··· Ag Eoghan Ó hAnluain in Comhar, Meán Fómhair 1977 (‘Micheál Coimin: stracfhéachaint ar ghnéithe dá shaol’) agus ag Muiris Ó Rócháin in Dál gCais, 1991 (‘Micheál Coimin: Gaelic poet of Miltown Malbay [c.1688–1760]’) tá eolas ar a bheatha agus a shaothar ··· Scríobh Micheál Ó Raghallaigh[B6] agus Séamas Mac Cruitín[B6] cuntais ghairide sa 19ú haois
Nuair a d’fhág sé post sin an rúnaí thit sé air a bheith ina choimisinéir thar ceann Mhic an tSaoi i gCoimisiún Béaloideasa Éireann; cairde leis ba ea fir mhóra an bhéaloidis, Fionán Mac Coluim [B1] agus Pádraig Ó Siochfhradha[B5], agus air a thit sé téarmaí tagartha an Choimisiúin a dhréachtú ··· Ball de Shinn Féin ba ea an t-athair um an dtaca seo agus is cosúil gur ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916; thug a mhac Pádraig gunnaí leis abhaile ó Bhinn Éadair Iúil 1914 agus ba chuimhin le Leon a bheith ag díol bratacha ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa ··· Scríobh a iníon Bláthnaid Mac Ginty a dírbheathaisnéis faoin teideal The Game....The Game is over ··· Ba é an dara mac é ag James P ··· ‘Commercial clerk in corn and potato factors’ an cur síos ar a shlí bheatha
Bhí sé ina bhall de Chraobh Mhic hÉil ina dhiaidh sin agus ba é uachtarán na Craoibhe sin, Micheál Mac Amhalghaidh, a thug mionn Bhráithreachas na Poblachta dó tuairim 1900 ··· Tar éis cúpla mí d’éalaigh sé féin agus an Dr Pádraig Mac Artáin abhaile ··· II: scéal a bheatha ó 1916 go 1923, 1972 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta ··· murach gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, nach mbeinn i m’ Uachtarán ar Éirinn’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T ··· Ní léir ar a dhírbheathaisnéis ná ar irisí an Chonartha anuas go 1915 ná ar stairsheanchas an Chonartha, Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa, gur bhain mórán tábhachta leis in obair na heagraíochta
Toghadh Pádraig Mac Piarais an oíche chéanna ··· ar an múinteoir Gaeilge, Liam Shortall, agus ar a chómhúinteoir tuata, Séamas Mac Cormaic ··· Sármhúinteoirí ba ea an bheirt acu agus tá na céadta fear i mBaile Átha Cliath—nó bhí lá den saol—a d’fhéadfadh an teist sin a thabhairt orthu chomh maith liomsa’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint, 1963 in eagar ag Proinsias Ó Conluain) ··· Bhí sé ina dhiaidh sin ag múineadh i Scoil na mBráithre i Sráid Synge agus thug cabhair don Bhráthair Mac Giolla Phádraig[B4] nuair a bhí Graiméar na Gaeilge, 1901 á scríobh aige; ba é a scríobh an chaibidil ‘Irish phonetics’ ··· In Weekly Nation 30 Deireadh Fómhair 1897 tá an cuntas seo ar oíche sa chraobh: ‘Mr Shortall then read “Páidín Ó Dálaigh”, one of the most difficult as well as one of the most humorous of the stories collected by the late Mr Patrick O’Leary [Pádraig Ó Laoghaire] [B1] and surprised his audience with the fluency with which he read it
“General merchant” an cur síos ar shlí bheatha an athar sa teastas breithe agus deir Tomás Ó Concheanainn (An Stoc, Bealtaine 1930) go raibh gnó mórdhíola síoda aige agus cuid mhór de mhaoin an tsaoil ··· Scríobh Seán Ó Ciarghusa sa Leader (26 Aibreán 1930): “Do bhí poist oibre a dhóthain ag an Dr Mac Énrí i Londain ach chaith sé uaidh iad i ngrá teacht abhaile go dtí Éire ar mhaithe le hÉirinn agus leis an nGaeilge” ··· Bhí beirt iníonacha agus mac acu agus thabharfá leat ó chuntas Thomáis Bháin gur le Gaeilge a thóg siad iad ··· “Ní bhfaighfidh an Dochtúir a cheart mara scríobhthar scéal a bheatha go luath agus go firinneach foscailteach d’ainneoin na gceisteanna achrannacha a bheas le réiteach ag an scríbhneoir ··· Cibé daoine dá raibh sé ag tagairt níl le fail sna haistí atá luaite thuas, ag Pádraic Ó Domhnalláin sa Catholic Bulletin (Bealtaine 1930) agus ag mac léinn in An tIrisleabhar, Ollscoil na Gaillimhe Iml
Ba é Pádraig Mac Piarais an scrúdaitheoir ··· Bhí tosaithe aige ar an scríbhneoireacht cheana féin le ‘Beatha Sheaghain Mhic Éil’, saothar neamhfhoilsithe a ghnóthaigh duais Oireachtais dó i 1902 ··· Ceithre bliana ina dhiaidh sin chlóbhuail Pádraig Ó BriainSgéalta gearra an Iarthair do chruinnigh Mícheál Ó Tiománaidhe agus Domhnall Ó Fotharta ··· Bhí sé ar na chéad mhic léinn a d’fhreastail ar Choláiste Thuar Mhic Éadaigh díreach i ndiaidh a bhunaithe ··· ‘Údar’ an tslí bheatha atá luaite sa teastas báis
Seachas a bhfuil i gcló ina thaobh ag Pádraig Ó Dálaigh in Riobard Bheldon: file an Chomaraigh, 1903 agus ag Robert F.Walsh in Waterford News, 18 Márta 1938 et seq ··· Dúirt seisean ina thaobh sa réamhrá a chuir sé le cnuasach Phádraig Uí Dhálaigh: “Seo fear nár cailleadh pingin riamh lena thabhairt suas, fear nár chaith lá ar scoil ach a chaith a bheatha ag tuilleamh a phá; fear nár chuir síos ar pháipéar focal dá chuid dánta riamh, ná fiú a ainm féin .. ··· Tá amhráin a chum sé le fáil i gcnuasaigh an Athar Pádraig Breathnach (Ár gceol féinig, Ceol ár sinsear, Fuinn na smól, Sídh-cheol) agus i gcnuasach De Chlanndiolúin agus Ní Annagáin (Londubh a’ Chairn) ··· D’éag se ar 8 Meitheamh 1914 san ospidéal i gCoill Mhic Thomáisín tar éis liostachais fhada agus tá sé curtha i gCill Rosanta ··· Foilsíodh Riobard Bheldon: amhráin agus dánta, 1995 in eagar ag Pádraig Ó Macháin
Beirt mhac a bhí acu, Pádraig Brian duine acu ··· In uimhir Eanáir 1895 tá an abairt seo ag Pádraig Ó Briain i dtaobh an Chliabhraigh féin: “D’fhoghlaim sé a phaidreacha a rá i nGaeilge an tráth a bhí sé an-óg agus as sin amach an fhaid a mhair sé, dob é ard-mhian a chroí an Ghaeilge d’athbheoú.” Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ » ··· Dúirt Eoin Mac Néill gur mhó a d’éirigh leis a dhéanamh ná suim iomlán, nó geall leis, na n-iarrachtaí a rinne daoine eile lena linn ··· Tá mionstaidéar ar a bheatha déanta ag Máirín Ní Mhuiríosa in Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893 (1968) ··· Phós a aintín Caroline, iníon leis an Euseby Cleaver a bhí ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath, James William King, an cúigiú mac ag an dara hIarla Kingston, ar 28 Samhain 1815
Mhaigh Eo, 23 Iúil 1868, a rugadh Pádraig Mac an Fhailghe nó Patrick James Nally ··· I gcuntas ar an bpíobaire dall Máirtín Ó Raghallaigh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1903, deir ‘Craobh Rua’: ‘Ní raibh aon trácht ar Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeachaigh Pádraig Mac an Fhailghe ar lorg na bpíobairí timpeall is a hocht nó naoi de bhlianta ó shin ··· Bhí eolas cruinn aige ar rince, ar scéalta fiannaíochta agus ar bheatha na ndaoine ··· Mhúineadh sé rang i gCraobh an Ardeaspaig Mhic Héil freisín ··· Pádraig had studied French and German from an Alsation whose child spoke both languages
Ba é Diarmuid Seosamh Mac Suibhne (Jeremiah Joseph MacSweeney) a athair ··· ‘Leabharlannaí cúnta’ a thugtar mar shlí bheatha dó i dteastas beireatais Phádraig ··· Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamain Thuaidh agus ansin sa tsean-Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ba é an duine ab óige é den naonúr clainne, triúr mac agus seisear iníonacha, a bhí ag Pádraig Mór Ó Beirn agus Máire Nic Fhionnlaoich ··· In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 áiríonn Muiris Ó Droighneáin [B2]Pádraig Ó Beirn agus an Craoibhín mar phríomhfhilí na tréimhse 1882–1892 nó ‘Ré na dtosaitheoirí’, mar a thugann sé uirthi ··· D’fhreastail sé ar an scoil áitiúil mar a raibh Seán Mac a Bhaird[q.v.] ina mháistir ··· Phós seisean deirfiúr le Pádraig agus nuair a tugadh scoil i bparóiste na gCealla dósan lean Pádraig ann é ··· In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é
Ba mhac le Pádraig Ó Súilleabháin, Dhá Dhroim, Béarra, é dar le Séamus Ó Casaide [B2] in Irish Book Lover, Iml ··· Agus is é Peaits amháin a bhí lánchinnte de gurbh é mac Phaidí Sylvie an Pádraig seo a d’éag i mBéal Feirste i 1918 ··· Múinteoir an cur síos ar shlí bheatha an athar, Pádraig, sa teastas breithe, agus Abigail Ní Shúilleabháin ab ainm don mháthair ··· Dúirt Patrick nó Peaits O’Sullivan (Jimmy), Dhá Dhroim, fear a bhí 88 bliana d’aois, le húdair an chuntais (Meán Fómhair 1992) seo gurbh é Paddy Sylvie Ó Súilleabháin, mac le Sylvester Ó Súilleabháin, Carraig an Phréacháin, Dhá Dhroim, a athair agus gurbh í Abby Ní Shúilleabháin a mháthair ··· Níl puinn amhrais ach gurb é an Pádraig Ó Súilleabháin a rugadh i mBuaile Phádraig i gceantar Bhéal an Átha (i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Shligigh) ar 26 Samhain 1874 an fear s’againne
Obair ar na bóithre an tslí bheatha a bhí ag a athair, Pádraig ··· Ag tagairt do Dhonncha scríobh Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 ‘Ach faoin am a d’fhág sé Cúil Aodha bhí Pádraig Mac Suibhne, duine dá mhacaibh léinn, agus a dheirfiúr Cáit ullamh ar chúram na scoile a thógaint orthu féin, i dtreo is gur leanadh den dea-obair a bhí ar siúl ann roimis sin, mar go deimhin níor mhó grá an oide a bhí ann don Ghaeilge ná grá an té a lean é’ ··· Thug Scoláireacht an Rí Pádraig go dtí Coláiste Oiliúna De La Salle, Port Láirge ··· Is í a iníon Máire Mhic Ghearailt atá anois (1995) ina príomhoide i Scoil Chúil Aodha ··· Deir Pádraig Ó Tuathaigh (Filí an tSuláin, 1993) gurbh óna sheanmháthair ar thaobh a athar a fuair sé an fhilíocht
I nDaonáireamh 1901 i mBaile Uí Chearnacháin bhí: James O’Sullivan (54), feirmeoir; a bhean Abby (52); Mary (23), iníon feirmeora; James (19), ‘rural letter carrier’; Patrick (17), mac feirmeora; Abbie (15), scoláire ··· Deir Ó Droighneáin go raibh sé ina mhac léinn faoi De Hinderberg[B2] i 1912-14 agus dhealródh an scéal gur ghnóthaigh sé céim BA—tá pictiúr ag a mhuintir a thaispeánann clárchaipín ollscoile agus gúna á chaitheamh aige ··· Cairde móra leis i mBaile Átha Cliath ba ea Pádraig Ó Dálaigh[B2] agus Richard Fleming[q.v.] ··· Bhí ainéaras air ó rugadh é agus b’in an fáth, b’fhéidir, gur ina phostmháistir san áit sin a bhí sé ag tuilleamh a bheatha as sin amach ··· I gcomhar le Pádraig Ó Dálaigh scríobh sé Blátha na Gaeilge, [1924]
D’éirigh sé cairdiúil le Pádraig Mac Piarais[q.v.] i Scoil na mBráithre i Rae an Iarthair ··· Phós sé Anna, iníon le Seán Mac Muilneora, Teach Ráth an Bhagóidigh, Dumhach Thrá, ar 5 Meitheamh 1905 ··· ‘Gentleman’ an cur síos ar a shlí bheatha sa teastas pósta ach i nDaonáireamh 1911 deirtear gur státseirbhíseach sa Roinn Talmhaíochta é ··· Deir Philip O’Leary in Irish Literary Supplement, earrach 1996: ‘The latter was written by “Conán Maol” (Pádraig Ó Séaghdha) and deals with the exploits in Ireland of Hugh O’Neill, Earl of Tyrone; the former ··· Deir Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993: ‘Ba é Na Díbeartaigh le hÉamonn Ó Néill an chéad dráma bolscaireachta stairiúil’
I measc na bhfoinsí a luann Eugene Daly tá ‘Aiste ar Bheatha Mhichíl Chormaic Ó Súilleabháin’, ‘written by Cáit Ní Chiarúcháin (Carey) from Derrylugga, who taught in the Abbey School, Skibbereen, joined the Mercy Order about 1912 and died in the Flu of 1918 ··· Bhí mac eile acu agus iníon ··· D’éirigh le mac leis a bheith ina mháistir scoile i gcathair Chorcaí ach d’imigh sé ar imirce go Meiriceá, rud a rinne a iníon freisin ··· Cailleadh an mac eile i Sasana ··· Tá dealramh air go raibh lámhscríbhinní i seilbh mhuintir a mháthar agus ag comharsa leis darbh ainm Pádraig Breac Ó Conghaile, fear a raibh cáil mar bhreacairí (scríobhaithe) ar a mhuintir, dar le Eugene Daly
Amhránaí maith ba ea Pádraig agus col ceathrair leis ba ea an t-amhránaí Colm Ó Caoidheáin[B4]; deir Mac Con Iomaire: ‘Ceantar an-saibhir go deo é ceantar Charna ó thaobh amhráin, scéalta agus béaloideas go ginearálta agus tá cáil ar leith ar na hAirdeanna, an Aird Thoir agus an Aird Thiar' ··· Níl amhras ar Mhac Con Iomaire ach go ndearnadh éagóir mhór air: ‘Ba mhór an feall é go gcaithfeadh fear óg meabhrach mar é an scoláireacht a chaitheamh in aer agus a shlí bheatha a shaothrú feasta le hallas a chnámh’ ··· Tá an buneolas ar fad ina thaobh le fáil in Comhar, Nollaig 1994 ag Liam Mac Con Iomaire (‘Ar Maos le hAmhráin: Seosamh Ó hÉanaí 1919-1984’) agus ag an údar céanna in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely ··· Foilsíodh beathaisnéis le Liam Mac Con Iomaire: Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche, 2007 ··· Ba é an cúigiú duine clainne é den cheathrar buachaillí agus triúr cailíní a bhí ag Pádraig Ó hÉinniú agus Béib Ní Mhaoilchiaráin (Béib Sheáin Mhichíl Shéamuis)
In Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna, maille le beatha an fhile is foclóir, 1902 tá an beagán dá bhfuil againn dá dhánta in eagar ag Pádraig Ó Duinnín[B3] ··· Chiarraí, a bhí cónaí ar a mhuintir le fada; tá fothrach a gcaisleáin le feiceáil ann (tá pictiúr de ag Pádraig A ··· In Burke’s The Landed Gentry of Ireland tá tagairt do ‘Geffrey O’Donoghue, O’Donoghue of the Glen’, mac le Tadhg (d’éag 1655), a phós Alice Coppinger agus a raibh triúr mac aige (Domhnall, Fionán, Séafraidh), agus a rinne uacht 19 Eanáir 1677 (promhadh é 22 Márta (1678) ··· Ba dhóigh le Eoghan Ó Comhraí[B6] freisin go raibh sé ina bheatha go fóill i 1685 ··· Bhí ainm na féile air agus scríobh Maoldomhnaigh Ó Muirgheasáin, Albanach, dán ar a chuairt ar Ghleann Fleisce tuairim 1642; sa dán sin tugann sé ‘mac Eibhilín’ ar Shéafraidh agus is dóigh gurbh í Eibhilín Ní Chrualaoich a mháthair
Chaith Pól Breathnach[B2] dua lena thaispeáint gur Diarmaid a bhí ar a athair agus nár mhac é le Lughaidh Ó Cléirigh[q.v.], údar Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, mar a scríobh Seán Ó Donnabháin[B6] sa réamhrá a chuir sé lena eagrán de Annála Ríoghachta Éireann ; ní raibh an bhunchóip i gColáiste San Isadóir sa Róimh feicthe ag an scoláire sin ··· He composed a poem in the year mentioned on the death of Mary, sister of Red Hugh O’Donnell: Cuchoigcriche O Cleirigh mac Diarmada do rinne so ag eccaoine imtheachta chloinne Aodha mic Maghnusa agus go hairidhe Maire duine as deidhionaigh do ecc don chloinn sin.’ Tá an chuid den dán a liostaíonn deartháireacha agus deirfiúracha Uí Dhomhnaill i gcló ag Breathnach in The Irish Book Lover ··· Is é a dúirt na hannálaithe féin gurbh é mac Diarmada é ··· Is beag má tá aon eolas ar a bheatha seachas a bhfuil ag Breathnach, Colm Ó Lochlainn agus Anthony B ··· Thug an Seán seo leis ó Chontae Mhaigh Eo go Baile Átha Cliath lámhscríbhinní mar an ‘Leabhar Gabhála’, ‘Leabhar Ginealaigh Uí Chléirigh’, ‘Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill’, agus dánta dinnseanchais Sheáin Mhóir Uí Dhubhagáin agus Ghiolla na Naomh Uí Uidhrín
In Léachtaí Cholm Cille XV: Ár Naomhsheanchas (1985) tá aiste ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Betha Choluimb Chille’); molann an t-údar sin aiste Bradshaw ach deir faoi leabhar Mhaghnais: ‘B’fhéidir go dtéann Brendan Bradshaw rófhada leis an scéal nuair a deir sé gur saothar faoi inspioráid na hAthbheochana í an bheatha agus go bhfuil aidhm leasaithe léi ··· D’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath macasamhail den eagrán sin in 1994, agus in 1981 chuir Anraí Mac Giolla Chomhaill eagar ar Beatha Cholm Cille, sleachta as Betha Colaim Chille i litriú an lae inniu ··· ‘Maghnus, mac Aodha, mhic Aodha Rua, mhic Néill Ghairbh, mhic Toirealaigh an Fhíona Uí Dhomhnaill’ a thug sé air féin in Betha Colaim Chille ··· Faoi Eileanóir Mhic Chárthaigh deir Breatnach: ‘This union is ignored by the Four Masters whose notice of Margaret MacDonnell’s death in 1544 expressly states that she followed Siubhán daughter of Conn Ó Néill as Ó Domhnaill’s wife’; d’éag an Mairghréag seo, arbh iníon í le hAonghus Mac Domhnaill Íligh, 19 Nollaig 1544 ··· Anthony St Leger, in 1541 ar a fheisteas: ‘A coat of crimson velvet with aglets of gold, twenty or thirty pair, over that a great double cloak of right crimson satin, girded with black velvet [and] a bonnet with a feather, set full of aglets of gold.’ Tá fairsingiú, idir am agus ábhar, déanta ag Darren Mac Eiteagáin ar théis Bradshaw in Donegal: history and society (1995) in eagar ag Nolan, Ronayne agus Dunlevy (‘The Renaissance and the late medieval lordship of Tír Chonaill 1461–1555’), go háirithe maidir le taidhleoireacht, saibhreas, taisteal, ról na bhFroinsiasach, na chéad ghunnaí móra ag Gaeil, agus leathnú chumhacht na gConallach
Chuir Eoin Mac Fhir Léinn[B3] eagar ar thrí imleabhar dá dhánta in Duanaire Dhaibhidh Uí Bhruadair (1910–16); baineann leathchéad leathanach dá réamhrá le cibé eolas ar a bheatha atá le fáil sna dánta ··· Is i Laidín a scríobh an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin[q.v.] an t-aon tuireamh amháin (‘In mortem Davidis Broder, Poetac clarissimi Elegia’) a scríobhadh ar an mórfhile seo agus tá sé in eagar, maille le nótaí, ag Pádraig de Brún in Éigse, geimhreadh 1968 (‘Tuireamh Laidne ar Dháibhí Ó Bruadair’); is aisteach leis an mBrúnach nár scríobh aon duine de na filí atá luaite ag an gCairteánach – Diarmuid Mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh[q.v.], Conchubhar Ó Briain[q.v.], Domhnall Ó Colmáin[q.v.] – tuireamh ··· Déanann Mac Fhir Léinn áireamh ar na naisc leis an dúiche sin: an caidreamh a bhí aige le Diarmaid mac Sheáin Bhuí, agus le Mac Cairteáin; na caointe a chum sé ar Bharraigh agus ar dhaoine eile i mBarrachaibh; gur fháiltigh sé abhaile ó Shasana roimh Shéamus Mac Coitir [q.v.]; gur mhaígh sé anseo is ansiúd sna dánta gurbh ón dúiche sin é; gurbh ann a bheadh cónaí ar a mhac ar ball; gurbh iad scríobhaithe Chorcaí is mó a thug slán a dhéantús fileata ··· 3,000 acra a bhí ag Sir Éamonn Mac Gearailt (d’éag 1666) agus thall in Nantes na Fraince a bhí a mhac ar scoil ··· ‘Ó Bruadair was a giant, an artist and craftsman of great power and of long and sustained output’ (Seán Mac Réamoinn in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982)
Tá trí dhán fichead a leagtaí air in eagar ag Pádraig Ó Duinnín[B3] in Dánta Phiarais Feiritéir: maille le réamh-rádh agus nótaí (1934); tá caibidil aige ann dar teideal ‘Piaras Feiritéar san Bhéaloideas’ agus deir sé: ‘Táim buíoch ó chroí de sheanchaithe binne cruinne Dhún Chaoin a thug eolas dom ar imeachta Phiarais de réir an bhéaloidis.’ Is ar shaothar an Duinnínigh atá Dánta Phiarais Feiritéir: poems translated by Pat Muldowney (1999) bunaithe ··· Tá aiste fhada ar a shaol is a shaothar ag Art Ó Beoláin in Merriman agus filí eile (1985) agus ag Pádraig Ó hÉaluithe tá an t-alt ‘Piaras Feiritéar – laoch agus file’ in Irisleabhar Muighe Nuadhat (1960) ··· In Nua-Dhuanaire I (1971) tá ceithre cinn dá dhánta chomh maith le gearrchuntas ar a bheatha; deirtear ann gur cosúil ‘go raibh lámhscribhinn thábhachtach staire agus filíochta ar a dtugtaí “Duanaire Phiarais Feiritéir” ag imeacht san 18ú haois’ ach nach bhfuil a thuairisc le fáil inniu ··· Leabhair a bhfuil trácht iontu ar a dhánta grá is ea: Lorg na hiasachta ar na dánta grá (1989) le Micheál Mac Craith agus An grá i bhfilíocht na n-uaisle (1988) le Seán Ó Tuama ··· Foilsíodh A bhean óg ón … (2001) le Máire Mhac an tSaoi
Bhailigh Tomás Ó Máille[B3] naoi gcinn díobh agus cibé eolas a bhí le fáil ar a bheatha in Micheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe, 1934 ··· Deir an Máilleach: ‘Ní cheapfainn go raibh Raiftearaí, an lá ab fhearr a bhí sé in ann duine a mholadh chomh maith is mhol Mac Suibhne Máirín Seoighe san amhrán sin.’ Bhí tóir ar ‘Amhrán an Phúca’ i measc an phobail agus deirtear gur d’iníon Riocaird Máirtín i mBaile na hInse a chum sé leagan de ‘Múirnín na Grúaige Báine’ ··· D’inis Pádraig a Búrca scéal an amhráin don Mháilleach ··· Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Tuairimíonn sí go raibh dámhscoil sa cheantar le linn Thomáis agus go raibh filí mar Mhicheál Mac Cárthaigh, Pádraig Ó Callanáin, Éamonn Cáplas, Liam Ó Loingsigh, agus Harry Mac Amhlaoibh bainteach léi ··· Tá a dhéantús filíochta in eagar maille le cuntas ar a bheatha ag Eibhlín Ní Dhonnchadha in Tomás Ó Conchubhair agus a chuid filidheachta, 1953 ··· Pádraig a bhí ar a athair ··· Scríobhaí ba ea a dheartháir Pádraig (d’éag 1832) agus bhí ar a laghad deartháir amháin eile aige agus deirfiúr
Waterford.’ I gcás Uí Chearmada tá sin léirithe aige le cur síos ar: a chaidreamh le Seán Pléimeann [B1], Muiris Ó Faoláin [B1], Riobard Bheldon [B2] agus a theagmhálacha le Micheál Ó Foghludha [B2; 105], Domhnall Ó Fearchair[B3], Pádraig Mac Piarais [B4], Dubhghlas de hÍde [B4]; a mhéid a rinne sé chun dánta Bheldon a bhailiú agus a fhoilsiú; na hamhráin agus na lámhscríbhinní a bhailigh sé; a obair mar scríobhaí agus a bhfuil foilsithe aige in Irisleabhar na Gaedhilge ··· Bhí Eoin Mac Néill [B4] sa láthair chomh maith leis an Athair Micheál Ó hIceadha [B1], Pádraig Mac Suibhne (1891-1936) [B5], Ó Fearchair agus Ó Foghludha ··· Tá cuntas fada ag Pádraig Ó Macháin air in Decies 53, 1997 (‘Patrick Carmody, Irish Scholar’) ··· Ní léir cé acu an t-athair nó an mac a d’iompaigh ina Phrotastúnach ··· Phós Pádraig Catherine Cox i dteampall Eaglais na hÉireann i gCill Fhiarach, Cill Chaoi, 2 Aibreán 1856; máistir scoile i gCill Bhaile Eoghain, atá gar do Cheann Léime, ba ea é ag an am
Ach bhí go dearfa triúr againn—Pádraic Ó Conaire, an Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna— a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith.’ Gheofar eolas air in: A flight from shadow: the life and work of Seosamh Mac Grianna (1999) le Pól Ó Muiri; Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile (1970) le Proinsias Mac an Bheatha[q.v.]; Rí-éigeas na nGael: léachtaí cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna (1994) in eagar ag Nollaig Mac Congáil ··· Scríbhneoir a ndeachaigh a shaothar i gcion go mór air is ea Séamus Mac Annaidh; tá cuntas aigesean ar an gcuairt a thug sé ar Mhac Grianna in Ospidéal Naomh Conall i gcló in Rubble na Mickies (1990) ··· D’fhoilsigh An Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: an mhéin rúin (2002) le Fionntán de Brún a ndeir Pól Ó Muirí in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 23 Aibreán 2003) faoi gurb é atá ann ‘an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta’; is é a deir an t-údar féin: ‘I dtaca leis an leabhar seo agam féin, saothar critice atá ann agus, mar sin de, tugtar eolas faoi shaol Mhic Grianna de réir mar a bhaineann sé le hábhar na tráchtaireachta.’ Deireadh sé féin gurbh i Lúnasa 1900 a rugadh é ach is é 15 Eanáir 1901 atá sa teastas beireatais a fuair Liam Ó Dochartaigh ón gcláraitheoir i Srath an Urláir (‘Mo Bhealach Féin: saothar nualitríochta’ in Scríobh 5, 1981); níor cláraíodh an bhreith go dtí 9 Feabhra 1901 agus is inspéise gur tharla mórán an rud céanna i gcás lá breithe a dhearthár Séamus Ó Grianna [B2] ··· Deir Niall Ó Dónaill gurbh é Peadar O’Donnell a roghnaigh Seosamh chun leabhar dá chuid a aistriú ‘nuair a bhí a shláinte ag briseadh air agus é fágtha ar bheagán saothraithe’; chreid Mac an Bheatha gur faoi dheireadh 1936 a thosaigh sé ar Adrigoole Uí Dhomhnaill a aistriú ··· Deir Gréagóir Ó Dúill in Comhar, Iúil 1990: ‘Seasann leabhair dár aistrigh sé mar chuid de litríocht na Gaeilge—Eadarbhaile ar Adrigoole le Peadar O’Donnell agus Séideán bruithne ar Typhoon le Joseph Conrad le dhá shampla a lua.’ Gheofar cuntas beacht ar thuairimí Mhic Grianna i dtaobh an Ghúim agus na sclábhaíochta a bhain leis na haistriúcháin in Feasta, Aibreán 2002 (‘Scríbhneoirí Gaeilge Dhún na nGall agus scéim Aistriúcháin an Ghúim’ le Nollaig Mac Congáil)
In eagrán 1962 de Lucerna Fidelium tugann Pádraig Ó Súilleabháin[B5] eolas ar bheatha an údair ··· Sa chuid d’Uíbh Fhailí atá i ndeoise na Mí a rugadh é, i mbarúntacht Bhaile Mhic Abhain, is cosúil; ‘Tír na Maolmhuaidheach’ a thugann Mac Aodhagáin ar an gceantar sin agus léigh sé i dteastas amháin sa Róimh ‘gur tháinig sé de shliocht na n-uasal (“E nato di Nobil famiglia”)’ ··· Tá beagán sa bhreis air sin ag Parthalán Mac Aodhagáin OFM in The Franciscan College Annual, 1947 (‘An tAthair Froinsias Ó Maolmhuaidh, O.F.M.’) ··· Ach is i dtosach an 20ú haois a tógadh an leacht agus deir Pádraig Ó Súilleabháin gur ródhóigh nach bhfuil sa dáta ach buille faoi thuairim agus tá sé in amhras an raibh sé ina ghairdian riamh: bhí tamall de 1671 caite aige mar praeses nó uachtarán ··· I hope to have before long the precise date and place of his death.’ Ní cosúil gur deimhníodh an t-eolas sin ó shin ach bhí Mac Aodhagain ar aon intinn leis an Ógánach
Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Aindrias Mac Craith – an Mangaire Súgach, 1952 le Risteárd Ó Foghludha, tá tuairim 44 píosa filíochta dá dhéantús, chomh maith le cuntas ar a bheatha ··· Ba iad Aindrias Mac Craith[B6] agus an Tuamach seo an bheirt ab aitheanta d’fhilí na Máighe ··· Bhí cúrsaí na beirte fite fuaite ina chéile agus tá eolas ar an Tuamach in An mangaire súgach: beatha agus saothar, 1996 le Máire Comer Bruen agus Dáithí Ó hÓgáin ··· Ach d’éirigh sé as an múinteoireacht de dheasca eachtra éigin nuair a d’éagóirigh Pádraig Máistir (Masterson) é; scríobh an Mangaire ‘Aor ar Phádraig Máistir trí Sheán Ó Tuama a éagóradh ag coinneáil scoile dhóibh i gCromadh an tSubhachais’ ··· Is cosúil gurbh i lár na 1730idí a thosaigh an chúirt éigse sa tábhairne agus gur ghairm chun na héigse is ea dán Sheáin ‘Aonach Chromaidh an tSubhachais’; is é an cheathrú dheiridh: ‘A chairde cléibh do shaothraigh scoth na n-údar / ’S dár tháil na béithe an léann ’na sruthaibh úra, / Ná fágaidh mési i gcéin gan chothram cúnta / Ag trácht ar Aonach Chromaidh an tSubhachais.’ Bhí Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.] sa láthair tuairim 1735 agus an tAthair Nioclás Ó Domhnaill [q.v.] ina bhreitheamh ar an gCúirt; tuairim ceithre bliana ina dhiaidh sin chum Seán dán, a dtugann Ó Foghludha ‘beochaoineadh’ air, nuair a shíl sé Mac Domhnaill a bheith imithe thar sáile
Foilsíodh é faoin teideal Naomh Pádraig: a bheatha agus a aimsir in 1854 ··· Tá cuid dá ghinealas agus beagán i dtaobh a shaoil ag Pádraig Ó Maidín in Iris Muintir Mhathghamhna: The O’Mahony Journal Vol ··· Mac le Cornelius O’Mahony agus Elizabeth Aherne ba ea Thaddeus ··· Phós sé Annabella Geoghegan agus bhí beirt mhac agus cúigear iníonacha acu
Ba é Cathal Mac Garbhaigh[B2] a bhí i mbun a léirithe san áit chéanna ar 6 Feabhra 1907 ··· Gill é i 1908; Féidhlim Pataruisge an t-údar agus deirtear ar an leathanach teidil gurbh é Pádhraic Ó Domhnalláin ‘do chuir an Ghaedhilg air dhó’, (Ba í Máirín Ní Dhomhnalláin, iníon le Pádraig Ó Domhnalláin, a sholáthair an t-eolas sin) ··· Mac ba ea Felix le Benjamin Partridge agus a bhean Ellen Hall ··· ‘Mercantile clerk’ an cur síos ar a shlí bheatha ··· Is cosúil gurbh é Pádraig Ó Maoilchiaráin[q.v.] an timire dá dtagraíonn de hÍde
An bhliain chéanna sin scríobh sí féin agus Pádraig Mac Piarais [B4] tuarascáil mholtach ar Scoil Eoin ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin in Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988: ‘Réitigh Pádraig Mac Piarais agus Máire Ní Chillín cláir shamplacha le haghaidh mhúineadh na Gaeilge mar ábhar breise agus d’fhoilsigh an Conradh iad faoin teideal Irish as an extra subject—specimen programmes mar chabhair agus mar threoir do bhainisteoirí agus do mhúinteoirí chun clár a ullmhú le cur faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta’ ··· I nDaonáireamh 1911 iarthaistealaí tráchtála an cur síos ar shlí bheatha Sheáin ··· Bhí fear díobh i bPittsburgh agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 18 Márta 1911 go raibh sé ar dhuine den dream a d’fháiltigh go fial ann roimh Mhicheál Ó Flannagáin [B4] agus Fionáin Mac Coluim [B1] ··· In éineacht le Breandán Mac Ruaidhrí [q.v.] rinne sí moltóireacht ar chomórtas córacha na bpáistí ag Feis Laighean i 1901 (idem 30 Márta 1901)
In éineacht ann le scríbhinní dá chuid tá cuntas ar a bheatha leis an Athair Pádraig Ó Croiligh ··· Toisc é a bheith sa phost ar feadh 22 bliana agus toisc cion ar leith a bheith ag na mic léinn air ba mhó, b’fhéidir, ná aon ollamh Gaeilge dá raibh i Maigh Nuad roimhe a chuaigh sé i gcion ar ghlún iomlán d’ábhair sagart ann ··· Le háireamh i measc a ghearrcach bhí cuid de na scríbhneoirí, eagarthóirí, scoláirí agus díograiseoirí ba cháiliúla sa tír ó 1945 i leith: Ó Fiaich, Ó Háinle, Ó Doibhlin, Ó Muireadhaigh, Ó Fiannachta, Pádraig Uiséir .. ··· ‘Bhí feirm ag muintir an Athar Donnchadh i gCill Barra, baile fearainn i gCill Bhroin’, an tuairisc a thug Pádraig Ó Riain orthu in Seanchas Dúthalla 1978–79 ··· Sagairt ba ea a dheartháir Pádraig (a bhí 7 mbliana d’aois i nDaonáireamh 1901), agus beirt dá uncailí
Cé go raibh amhráin Choilm agus scéalta faoi i mbéal an phobail ar fud Chonamara is cosúil nárbh eol an file bheith fós ina bheatha gur nochtadh in Celtica i nDeireadh Fómhair 1902 go raibh sé i dTeach na mBocht in Uachtar Ard ··· Phós sé faoi dhó agus bhí aon mhac amháin aige, Tomás, lena chéad bhanchéile, Siobhán Frainc Ní Lochlainn, ach fuair seisean bás in aois bliain is fiche dó ··· Tá aiste fhada ina thaobh ag Gearóid Denvir in Léachtaí Cholm Cille XXII: Oidhreacht na nOileán, 1992 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta ··· Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Leabhair eile leis agus leabhair a bhfuil a ainm luaite leo is ea: Sean-amhráin na Mumhan cuid a haon [g.d]; Bolg an tsoláthair (1904); Smóilín na rann (1908); Caismirt na gcearc: [B5] (1910); Duanaireacht do leanbhaibh (1914); Cosa buidhe arda cuid a haon (1922) in eagar ag Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn; Cosa buidhe arda cuid a dó (1923); Amhráin na nGleann, cuid a haon (1939); Laethanta geala: cunntaisí cinn lae do scríobh beirt chailíní scoile [i.e ··· In 1926, casadh Pádraig Mac Mánais air agus é ar chuairt a bhaile ón Airgintín ··· Aontroma an seoladh a bhí ag a mhuintir ag am a bhreithe agus ceannaí [‘merchant’] an cur síos atá ar shlí bheatha an athar ··· Seoladh Fionán siar go dtí a uncail, Fionán Ó Loinsigh, i gCill Mhic Iarainn in aice Chathair Saidhbhín ··· Tar éis dul i gcomhairle leis an Dochtúir Marcas Ó Roighin, d’iarr Fionán ar Phroinsias Ó Fathaigh agus ar an Dochtúir Seán Mac Énrí cabhrú leis chun ranganna Gaeilge a chur ar siúl
Ainneoin go raibh sé glúin níos óige ná iad, bhí aithne mhaith aige ar na scríbhneoirí iomráiteacha Séamus agus Seosamh Mac Grianna, clann Fheidhlimí (Dhomhnaill Phroinsias) Mhic Grianna, agus go háirithe ar Sheán Bhán, an mac ab óige sa teaghlach ··· Ba ghnách leis tosú lena gharmhac féin agus dul siar deich gcinn de ghlúine go dtí an chéad duine a chuir faoi i Rann na Feirste: John Ghráinne John Phadaí Hiúdaí Phadaí Eibhlín Aoidh Róise Sheáin Mhic Grianna ··· Chaith sé sé mhí le Micí Mac Con Midhe agus a bhean Ann i nGleann Mac Cathbhairr, míle taobh amuigh den Ghoirtín i gContae Thír Eoghain, agus mhaígh sé nár fhulaing sé riamh cruatan mar a d’fhulaing go leor ag an am ··· Mar a scríobh a sheanchara Pádraig Ó Baoighill faoi i ndiaidh a bháis, bhí: …aithne leitheadach air, ní hamháin ar fud Chúige Uladh ach ar fud na hÉireann ··· Sna 1970idí agus sna 1980idí ba ghnách le Micheál Ailf Ó Murchú, léachtóir le Gaeilge san ollscoil, cuid mhac léinn Ollscoil Uladh a thabhairt chuig John le héisteacht le saibhreas cainte nach raibh a leithéid ag mórán eile
D’fhoilsigh an Gúm Naomh Pádraig: scéal a bheatha óna bhéal féin, 1984 sa tsraith de mhonagraif staire agus cultúir, agus tá ‘Saint Patrick: The Enigma’ i gcló aige in Seanchas Ard Mhacha, 1989 ··· Bhí a athair James ina phríomhoide scoile agus phós sé Sarah Brannigan, múinteoir scoile ó Eanach Mhic Eoin, in 1901 ··· In aiste in Comhar, Aibreán 1966 (‘An Ghaeilge agus an t-oideachas’) tagraíonn Tarlach don scolaíocht a fuair sé: ‘Ach ba é ba mhó a chuir Gaeilge inár gceann sagart a bhí againn darbh ainm Short [an tAthair Conn Mhac an Ghirr a d’éag 1925], agus is air a tharraing mé mo scéal ··· Bhí scoth na Gaeilge aige a bhí sé i ndiaidh a thógáil ó sheanbhunadh na háite sul a bhfuair sí bás ina mbéal.’ Cuireadh oideachas air i gColáiste Naomh Pádraig, Ard Mhacha, agus sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath ··· Luann Nollaig Ó Muraíle an obair seo in The celebrated antiquary Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671) ..., 1996
Ba mhór mar a chothaigh sé mórtas ár gcine.’ Thug Dáithí Coimín[B2] eolas ar a bheatha sa réamhrá le heagrán Chumann na Sgríbheann nGaedhilge de Foras Feasa ar Éirinn in 1902 (an Coimíneach a chuir an chéad imleabhar in eagar; Pádraig Ó Duinnín[B3] a chuir eagar ar na trí himleabhair eile 1904–14) ··· Is mar seo a labhair Pádraig Ó Fiannachta cois uaigh an Chéitinnigh 27 Bealtaine 1984: ‘Chosain sé an tAifreann dár thug ár muintir gean agus mhínigh sé é dá phobal ··· Sa tsraith ‘Saíocht ár Sean’ d’fhoilsigh Foilseacháin Náisiúnta Teoranta ‘Foras Feasa ar Éirinn’: Athnua (1982–3) ina gcuireann Pádraig de Barra ‘cruth an lae inniu’ ar an saothar sin ··· Pádraig Ó Briain[B3] a chuir eagar ar Eochair-sgiath an Aifrinn (1898) ··· Leabhar a chuireann béim ar fheabhas a scéalaíochta, agus leabhar ar cabhair í ag mic léinn chun dul i dtaithí a phróis, is ea Sgéalaigheacht Chéitinn: stories from Keating’s history of Ireland edited, with introduction, notes, and vocabulary (1909) le Osborn Bergin
I measc na scríbhneoirí a sholáthair ailt ina onóir ann tá Proinsias Mac Cana, J ··· Caerwyn Williams [q.v.], Calvert Watkins, Joseph Falaky Nagy, agus tá cuntas ar a bheatha ann ag Robert Treacy ··· D’éag sé in California 16 Márta 1991 ach ba é Lá Fhéile Pádraig in Éirinn é agus roghnaíodh sin mar dháta báis ··· Phós sé trí huaire; scar sé leis an gcéad bhean, Irene Flynn, go luath sa phósadh; phós sé Diana Farnham Fiske i 1957 agus bhí mac acu; phós sé Laura Morland i 1987
Tá léirmheas moltach (‘Eachtra na nArgonátach: Donnchadh Pléimeann; his thoughts and his works’) ag Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) [B5] in An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1904 ··· Sa teastas beireatais deirtear gur rugadh Denis Fleming, mac le Thomas Fleming, ‘siúinéir tí’ agus Julia Carroll, 15 Sráid Thomáis, Corcaigh, ar 6 Feabhra 1868 ··· Faoi 1911, ba é Patrick ceann an teaghlaigh; bhí sé pósta agus bhí mac acu a bhí bliain d’aois ··· Ag siúinéireacht a bhí sé ag tuilleamh a bheatha, tharla obair ghreanadóireachta agus ealaíne bheith gann