Líon alt a aimsíodh: 14
In 1866 phós sé Anna Ní Bheirn, deirfiúr leis an bhfile Pádraig Ó Beirn ··· De ghnáth is mar theachtaí ó Chonradh na Gaeilge Nua-Eabhrac a bhíodh sé féin agus fear eile na gCealla Beaga, Pádraig Ó Beirn [q.v.], deartháir a chéile, ag comhdhálacha agus ardfheiseanna ··· Ba é ba mhó a bhí ag scríobh faoi Ghaeilge Thír Chonaill in Irisleabhar na Gaedhilge ó 1890 amach ··· Nuair a bunaíodh Ardscoil Cholm Cille (nó Coláiste Uladh) bhí sé ar dhuine den cheathrar ba mhó a dhéanadh an obair, é féin, Séamus Ó Searcaigh [q.v.], Úna Ní Fhaircheallaigh[B1], agus Íde Nic Néill ··· Chaith sé tamall ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Adhamhnáin sula ndeachaigh sé i gceannas ar Choláiste na gCeithre Máistrí a luaithe a chuir an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] ar bun é
Ba é an duine ab óige é den naonúr clainne, triúr mac agus seisear iníonacha, a bhí ag Pádraig Mór Ó Beirn agus Máire Nic Fhionnlaoich ··· In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 áiríonn Muiris Ó Droighneáin [B2]Pádraig Ó Beirn agus an Craoibhín mar phríomhfhilí na tréimhse 1882–1892 nó ‘Ré na dtosaitheoirí’, mar a thugann sé uirthi ··· Tá caibidil dar teideal ‘Pádraig Ó Beirn: fear a d’fhill’ i dtaobh a shaoil agus a shaothair ag Breandán Ó Conaire in Go Meiriceá siar: na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979 in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin ··· Phós seisean deirfiúr le Pádraig agus nuair a tugadh scoil i bparóiste na gCealla dósan lean Pádraig ann é ··· In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é
Ba é an mairtíreach ba mhó riamh é ag Conradh na Gaeilge agus chuir siad a bhás, agus aistriú a choirp abhaile ó Mheiriceá, chun lántairbhe do chúis na teanga ··· Bhí curtha ar fáil aige na leabhairíní ba mhó a chabhraigh ní hamháin le foghlaimeoirí ach leis na Gaeilgeoirí a bhí ag iarraidh scríobh agus léamh a fhoghlaim, na Simple Lessons úd ··· Tar éis siléig na gcianta ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach is aige a bhí an post ba mhó sa tír a d’fhéadfadh, mar a mheas daoine, fónamh don teanga, ollúnacht na Gaeilge i Maigh Nuad ··· Tá eolas ina thaobh in Leabhar an Athar Eoghan: the O’Growney memorial volume, [1904] in eagar ag Agnes O’Farrelly [Úna Ní Fhaircheallaigh] [B1], in Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, 1968 le Seán Ó Ceallaigh, in aistí le Donnchadh Ó Floinn, Mairéad Ní Choinmhidhe agus Seán Ó Ceallaigh in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963, in uimhir speisialta de An Sagart in 1963, agus in aiste le Pádraig Ó Fiannachta in ‘Maigh Nuad agus an Ghaeilge’, Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 ··· Bhí ar a laghad beirt chailíní (Molly agus an tSiúr Veronica) agus triúr mac (Críostóir, Pádraig agus Eoghan) acu agus ba é Eoghan an dara duine díobh
Le linn d’Eithne agus dá deirfiúr bheith i nDún na nGall in éineacht le Tomás Bán agus Pádraig Ó Beirn[B3] in 1898 thug siad duaiseanna le bronnadh ag feiseanna ··· Deartháir mór dó an Pádraig Mac Maghnuis a chuaigh ar imirce go dtí an Airgintín, a bhí ina rúnaí ar Chraobh Bhuenos Aires den Chonradh agus a d’fhág airgead le huacht chun go mbaileofaí béaloideas ··· Ag pointe éigin d’aistrigh seisean go dtí teach mór ‘Glencoe’ faoi scáth Bhinn Uamha ar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste ··· Scéal mór ar leathanach tosaigh Scéala Éireann 29 Márta 1937 ba ea a bhás ··· Bhí páirt aici sa dráma Naomh Pádraig i dTeamhair a léiríodh i mBéal Feirste 17 Márta 1899
Deirtear go raibh sé ag tochailt an óir tamall, ach ag iompar olla ina hualaí móra trí na coillte iargúil is a chaith sé a shaol san Astráil ··· D’éirigh leis bheith ina mhonatóir sa scoil náisiúnta sula bhfuair sé post i mBéal an Átha le siopadóir darbh ainm Ó Beirn ··· In Aibreán 1903 bhí sé ar thrí dhuine déag a chuaigh faoi scrúdú Gaeilge do mhúinteoirí sa Ghort Mór, Ros Muc ··· Ba é Pádraig Mac Piarais an scrúdaitheoir ··· Ceithre bliana ina dhiaidh sin chlóbhuail Pádraig Ó BriainSgéalta gearra an Iarthair do chruinnigh Mícheál Ó Tiománaidhe agus Domhnall Ó Fotharta
I gcuntas iarbháis in Foinse, 27 Eanáir 2002 i dtaobh an bhéaloideasaí seo scríobh Lillis Ó Laoire: ‘Is leacht é a bhailiúchán, an ceann is dá ndearna aon bhailitheoir aonair a d’oibir don Choimisiún, do thréimhse áirithe i saol an réigiúin, do na daoine a ghlac páirt ann (1,400 acu), do na glúnta Conallach agus Éireannach go deimhin, nach dtáinig chun tsaoil go fóill, agus i ndeireadh báire dó féin.’ In Oidhreacht Ghleann Cholm Cille, 1989 in eagar ag Seosamh Watson tá an t-alt ‘Printíseacht Phroifisiúnta Sheáin Uí Eochaidh Lúnasa 1935-Eanáir 1936’ ag Séamas Ó Catháin agus in Béaloideas, 2002 tá cuntas iarbháis ag an scoláire céanna (san uimhir sin freisin tá ‘Adhmholadh an Athar Sheáin Uí Ghallchóir ··· a chraol TG4 Lá Fhéile Pádraig 2002 ··· Nuair a fuair an t-athair bás, agus gan ach naoi mbliana d’aois ag Seán, chuaigh sé chun cónaithe lena sheanathair ar dtús sula ndearna Pádraig Mac Seáin (1895-1981) [B5], múinteoir scoile agus cigire ina dhiaidh sin, cúram de, nuair a bhí sé aon bhlian déag d’aois, agus de bheirt eile de na páistí ··· Chuaigh sé chun tairbhe dó gurbh údar ar Ghaeilge agus ar sheanchas Theilinn ba ea an Pádraig seo agus thosaigh sé ar sheanscéalta a scríobh síos chomh luath le 1923 ··· D’éirigh leis na heachtraí atá in Rotha Mór an tSaoil a thaifeadadh
Bhí baint mhór aici ar feadh na mblianta le Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, agus tá cuntas uirthi in Coláiste Chonnacht: na blianta tosaigh i dTuar Mhic Éadaigh, 2005 a d’fhoilsigh Coiste Oidhreachta Thuar Mhic Éadaigh ··· Duine de mhuintir Uí Mháille Chill Mhaolacháin (feicÓ Máille, Tomás, [B3]) ba ea Sabina, rud a fhágann go raibh gaol aici freisin le Séamus Ó Beirn[B1] ··· Tamall ina dhiaidh sin fuair sí an dara post mar ghníomhaire talún ag muintir Pluincéid i Leitir Móir ··· Col seisear le Máire ba ea Pádraig Ó Conaire (1882-1928) [B3] ··· Bhí post aici tamall mar oifigeach fóirithinte i gceantar Uachtar Ard agus bhí sí ina gníomhaire talún in Eanach Mheáin agus Leitir Móir go dtí 1916
In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge luann Muiris Ó Droighneáin[B2] in aon anáil leis an gCraoibhín agus Pádraig Ó Beirn[B3] é mar dhuine de phríomhfhilí 'Ré na dTosaitheoirí' ··· Bhí sé ina theachta ón Ard-Chraobh chun mórchomhdháil an Chonartha i 1900 agus bhí baint mhór aige le Feis Laighean agus Mí an bhliain dár gcionn
Feirmeoir a athair Pádraic Ó Beirn (Byrne) ··· ‘An Dochtúir, Dr O’Beirn’s own propagandist play was put into rehearsal; and so for one wild week the handy Connacht man was doctor, health lecturer, language propagandist, playright, stage manager and actor—all the parts together, inextricably blended’ (Stephen Gwynn, A Holiday in Connemara, 1909) ··· I ndiaidh cúrsaí i Leitir Móir agus Leitir Mealláin d’fhógair sé go mbeadh sé sásta an obair chéanna a dhéanamh ar fud Chonamara dá mb’fhéidir íoc as locum ar feadh ráithe ··· B’í an chéad iarracht mhór í ar theacht roimh an eitinn ··· Níor dhuine láidir Séamus Ó Beirn
Ina theach ag 26 Cearnóg Muirfean a thagadh na baill le chéile agus ina measc bhí Séamus Ó Beirn [B1], Seán Mac Énrí [B2] agus Pádraig Mac Piarais ··· Ba thábhachtach le gluaiseacht na teanga riamh tacaíocht a fháil ó dhaoine mór le rá ··· (1835-1924), an era of initiative in Irish education, 1983) I gCill Mhór, Co ··· Chaith sé an chuid is dá shaol gairmiúil ag obair in Ospidéal Naomh Uinsionn i mBaile Átha Cliath agus in St Vincent’s Hospital, Dublin: a century of service tá cuntas ar a shaothar ann ··· I 1907 bhí sé ina bhall den choiste a bunaíodh chun dul i ngleic le fadhb mhór na heitinne i gConamara
Ba í Cáit Ní Bheirn ó Cheann Mucrois a mháthair ··· Bhí baint aige leis na hIbeirnigh agus chabhraíodh sé leis an Easpag Pádraig Ó Domhnaill [B2] i gcúrsaí teanga sa deoise ··· Bailiú fiacha ó dhaoine bochta is a bhíodh ar siúl aige, obair nár thaitin leis
Chuir sé eagar ar léitheoir scoile Shéamuis Uí Bheirn, Páistidheacht, g.d ··· Is í an tuairisc a bhí in Misneach 25 Feabhra 1922: ‘Rinneadh cigirí scoile de cheathrar timirí Gaeilge a bhí ag obair le blianta faoin mbord náisiúnta dhá lá ó shin, Domhnall Ó Duibhne, Pádraig Mac Suibhne, Tomás Ó Colmáin agus Micheál Ó Dochartaigh[B1]’ ··· Bhí sé ar chomhaois nach mór le fear eile Ráth Maoláin, Cathal Mac Garbhaigh [B2]
D’iarr Séamus de Chlanndiolúin[B1] uirthi amhráin a chraoladh ar 2RN nuabhunaithe agus chabhraigh léi go mór ··· In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Ag tús Lúnasa, trí seachtaine roimh oscailt na hamharclainne, tharraing bean Thomáis Mhic Enrí siar as an dráma—más fíor a reictear, níor thaitin sé lena fear céile go mbeadh uirthi fear eile—Mac Liammóir!—a phógadh is ba í Máire Ní Scolaí a tugadh isteach i bpáirt Ghráinne ina hionad.’ In All for Hecuba, 1946 tá seo ag Mac Liammóir: ‘I was playing Diarmuid myself, Liam [Ó Briain][B3] was Fionn, and Máire Ní Scolaidhe, a lovely dark girl with astonishing golden eyes, was Gráinne ··· Tugann Ó Raghallaigh cuntas ar na deiseanna foghlama a bhí aici ansiúd: bhí Eric Mac Fhinn [q.v.], Tomás Ó Raghallaigh [B2], Pádraig Ó Finneadha [q.v.] agus Máirtín Ó Flatharta, príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh, ar an bhfoireann teagaisc ··· Pearsa a raibh aithne mhaith aici air sna luath-thríochaidí ba ea an tAthair Liam Ó Beirn [B1]; thug sí d’údair an chuntais seo na litreacha a scríobh sé chuici (tugadh do Thomás de Bhaldraithe [q.v.] iad lena gcur ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann)
Tá eolas cuimsitheach ina thaobh ag Pádraig Ó Macháin agus Thomas Overlander in Decies: The Journal of the Waterford Archaeological and Historical Society 56, 2000 (‘Michael Cavanagh of Cappoquin, 1822-1900’) ··· Feachtais Dhomhnaill Uí Chonaill, an Gorta Mór, agus daoine a bheith á gcur as seilbh sa cheantar ag muintir Ussher a spreag é chun tacú le gluaiseacht na nÉireannach Óga agus chun a bheith ina bhall den Confederate Club a bunaíodh i gCeapach Choinn in 1847 ··· In Decies 56, 2000 (‘Michael Cavanagh of Cappoquin, 1822-1900’) deir Pádraig Ó Macháin agus Thomas Overlander faoina bhfuil aige faoi eachtraí úd 1848 agus 1849 sna Memoirs: ‘He is… critical, scathing indeed, of the deliberate absence of any code of secrecy within the Young Ireland movement, and of the absurdity of many aspects of the campaign once the leadership had been forced to leave Dublin.’ Ba léir dó freisin gur bheag cur amach a bhí ag na ceannairí ar chúrsaí míleata ··· I mBéarla ar fad a scríobhadh sé ach d’aistríodh sé dánta Gaeilge, go háirithe filíocht Dhubhghlas de hÍde[B4] agus Phádraig Uí Bheirn[B3]