Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Dar le Brian Mac Giolla Phádraig san aiste ar bhunaitheoirí an Chonartha in Feasta, Márta 1956, go mbíodh Pádraig ag cabhrú le Diarmuid Seosamh Mac Suibhne [q.v ··· Dúradh in An Claidheamh Soluis 29 Samhain 1913: ‘Pádraig Ó Briain was about the only publisher in the city who undertook to publish books in Irish at his own expense ··· Le Gaeilge a tógadh Pádraig, is cosúil: tá tagairt aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1891, do amhrán a thug sé leis óna athair ··· faoi MAC SUIBHNE, Pádraig] chun rang Gaeilge in Institiúid na Meicneoirí, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath, a stiúradh uair éigin i ndiaidh 1865 ··· Ba é a chuir Sgéuluidheacht Chúige Mumhan le Pádraig Ó Laoghaire[B1] i gcló agus in 1898 tháinig a eagrán de Eochair-Sgiath an Aifrinn an Chéitinnigh amach
Bhí sé ar scoil i gCill Bhriain agus deirtear go raibh sármhúinteoir aige ansiúd, Pádraig Céitinn ··· In An Linn Bhuí 10, 2006 tá ‘Tír na gCreas is na gCaor: Pádraig Ó Miléadha agus Bailiú an Bhéaloidis’ le Stiofán Ó Cadhla ··· Nuair a d’aistrigh an múinteoir seo go Tuar an Fhíona lean Pádraig é ··· Bhí aithne ag Pádraig Tyers ar Ó Mileadha agus ar a athair agus tá cur síos aige orthu in Sliabh gCua m’Óige, 2003
Deir an Coileánach faoi Bhrian Ó Ceallaigh in Oidhreacht an Bhlascaoid: ‘B’é dhuine ba thábhachtaí díobh Brian Ó Ceallaigh agus iad go léir a thógaint le chéile, mar b’é seo an té ba bhun le Allagar na hinise agus An tOileánach agus n’fheadar cé méid eile de litríocht an Bhlascaoid a scríobh’ ··· Ba é a dúirt Brian Ó Nualláin[q.v.]: ‘I read contemporary literature in five languages ... ··· Tá Léacht Dáibhíseach ‘An t-Oileánach/The Islandman’ ag Pádraig Ó Fiannachta in Islands and authors ··· ‘Scoláire Dhónaill a thugtaí air,/ Nó Tomás Criomhthain—/ D’éalaigh an Mac as a shloinne / Le síon is le haimsir / Is ina ionad tháinig Ó ...’ (sa dán ‘I gcuimhne bhás an Chriomhthanaigh (1937)’ in Iomairí críche (1991) le Pádraig Ua Maoileoin) ··· Ní foláir nó gur éag beirt díobh láithreach i ndiaidh a mbreithe mar ní luann Mac Conghail acht ocht n-ainmneacha: an chéad Seán (a baisteadh 10 Aibreán 1879), Pádraig, Eibhlín, Tomás, Cáit (máthair Phádraig Uí Mhaoileoin, scríbhneoir), Dónall, Muiris, agus an dara Seán [q.v.]
Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets.. ··· (2000) deir John Minahane go bhfuil na dánta neamhfhoilsithe bailithe le chéile ag Pádraig Ó Macháin i dtráchtas dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann ··· Is insuime an cur síos a dhéanann Pádraig A ··· Bhí Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirdhealbhach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa ··· Tá curtha síos ag Pádraig A
Bhí sé againn le ‘spáint do dhaoine a deireadh gur dí-intleachtúil an ghluaiseacht í, go ndéanfadh sí Tibet iargúlta d’Éirinn’, a dúirt Liam Ó Briain [B3] in Comhar, Meán Fómhair 1960 ··· Conas agus cathain a d’fhoghlaim Pádraig an teanga agus cén fáth ··· Ba é Pádraig an dara mac agus ina dhiaidh sin tháinig Muiris (1892–19 Samhain 1979), Seán (1894–5 Iúil 1919), ar scríobh sé a mharbhna, agus Mairéad Bean Mhac an tSaoi, léachtóir sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, (d’éag 7 Meán Fómhair 1976) ··· Cheana féin bhí cuid de scríbhneoirí móra an Bhéarla léite ag Pádraig ··· Dar le Máire Mhac an tSaoi agus le Liam Ó Briain gurbh é uafás na hoidhe a rug ar cheannairí 1916, agus go háirithe ar a chara Seán Mac Diarmada — bhí sé in éineacht leis an dá oíche sular cuireadh chun báis é — a thug air sólás agus suaimhneas a lorg i measc mhuintir Chorca Dhuibhne
Fuair Risteard oideachas i meánscoil na deoise, Coláiste Naomh Pádraig, Goulburn, New South Wales ··· Deirtear san aiste seo gur fhreastail Risteard ansin ar Ollscoil Sydney agus gur bhuaigh sé boinn ann ar Laidin, Gréigis, Béarla, Fraincis, agus Gearmáinis ach ní dócha go raibh sé riamh san Ollscoil sin, dar le Brian Maher P.P., staraí na Deoise ··· Dar le Brian Maher go bhfuair sé post múinteora i gColáiste Phádraig nuair a d’fhill sé ón Róimh agus ina dhiaidh sin go raibh poist aige i bparóistí Goulburn, Yass agus Balldale ··· Chuir sé spéis sa Ghaeilge den chéad uair, más fíor don Irish Peasant, nuair a chuala sé Tomás Ó Domhnaill[q.v.] ag óráidíocht i nGaeilge Lá Le Pádraig 1902 ··· Cormac Ua Conaill, úrscéal le Pádraig Ó Duinnín a foilsíodh an bhliain roimhe sin, a bhí á léamh sa rang
Luaitear mar mhúinteoirí aige Micheál Cíosóg[B2], ar dó a scríobh sé an bailéad ‘Ireland’s hurling men’ in aghaidh an choisc a bhí ar an iomáint i bPáirc an Fhionnuisce ar an Domhnach (Pádraig Ó Tuile, Life and times of Brian O’Higgins, [c.1965]), agus Seoirse Mac Raghnaill, an Bleá Cliathach a maraíodh ag Droichead Shráid an Mhóta 1916 ··· Feirmeoir ba ea a athair Pádraig ··· Deir Pádraig Ó Tuile gurbh é a chuir tús le rang Gaeilge ann ··· Bhí Brian i bpríosún i mBirmingham ag an am ··· ‘In March Brian O’Higgins returned from Birmingham jail and this sparked off further rejoicing in the west of the county
B’fhéidir gurbh é An Béal Bocht, 1941 le Brian Ó Nualláin[q.v.], ceann de chlasaicigh na Nua-Ghaeilge, an éacht foilsitheoireachta ba mhó a rinne siad ··· Tá scéal a fhoilsithe ag Breandán Ó Conaire in Myles na Gaeilge: lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin, 1986 ··· Is dóigh go raibh a nduanaire Filidheacht na nGael, c.1940, a d’ullmhaigh Pádraig féin, ar na leabhair Ghaeilge ba mhó díol riamh; bhaintí feidhm as i meánscoileanna na tíre ar feadh scór bliain
An bhfuil an tóraíocht fhada thart?’ Nóta tráchta breise Deir Brian Ó Dálaigh ina aiste, “Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000, in eagar ag Ciarán Ó Murchadha) gurbh é Barún a scríobh ó bhéal Mhichíl Uí Raghallaigh [B6] in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman ··· In Comhar, Deireadh Fómhair, 1997 (‘Ar thóir Philib Bharúin’) tugann Pádraig Ó Cléirigh cuntas ar an gcuardach a rinne seisean siar go 1835 sa chlárlann i dTeach N Catherine, Londain ··· Cuireadh é i reilig pharóiste Naomh Pancras ach níor éirigh le Pádraig Ó Cléirigh teacht ar an uaigh, tharla gur thóg an Midland Railway tollán faoin reilig in 1864, rud a rinne dochar mór ··· Periodically he asked the questions—“when and where did Philip Barron die?” These questions have not yet been answered.’ Tá ceist ag Pádraig Ó Cléirigh freisin: ‘An ionann an Philip F
Dhá chéad bliain i ndiaidh a bhreithe foilsíodh Ómós do Eoghan Ó Comhraí (1995) in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta agus tá aistí ann ar ghnéithe dá shaol agus dá shaothar ag Pádraig de Barra, Pádraig Ó Riain, Eilís Ní Dheá, Breandán Ó Madagáin, Ríonach Uí Ógáin, L.P ··· Tá cuid mhór dá dhéantús filíochta i gcló ag Pádraig Ó Fiannachta in Sages, saints and storytellers (1989) in eagar ag D ··· Tá cuntas breá ag Brian Ó Dálaigh air in North Munster Antiquarian Journal: Irisleabhar Ársaíochta Tuadh-Mhumhan, 44, 2004 (‘Eoghan Ó Comhraí and the Local Perspective’) ··· Tá cur síos ar a sheanathair, Maolsheachlainn, ag Pádraig de Barra ··· Deir Brian Ó Dálaigh: ‘He discovered the long lost Tripartite Life of St Patrick, a vellum written in 1477
Beirt mhac a bhí acu, Pádraig Brian duine acu ··· I litir ag Pádraig Ó Briain in Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh ··· In uimhir Eanáir 1895 tá an abairt seo ag Pádraig Ó Briain i dtaobh an Chliabhraigh féin: “D’fhoghlaim sé a phaidreacha a rá i nGaeilge an tráth a bhí sé an-óg agus as sin amach an fhaid a mhair sé, dob é ard-mhian a chroí an Ghaeilge d’athbheoú.” Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
D’ainneoin drochshláinte i rith a shaoil ghairid bhí saothar tábhachtach ceannródaíochta déanta ag Pádraig Ó Laoghaire nuair a foilsíodh Sgealaidheacht Chúige Mumhan, 1895 ··· Sampla an Chraoibhín i gConnachta a chuir Pádraig i mbun oibre agus nuair a d’éag sé in aois 25 bliana dó mhol cinnirí ghluaiseacht na hAthbheochana go hard é ··· Feirmeoir ba ea a athair, Pádraig, agus ba í Máire Ní Uallacháin a mháthair ··· Is léir ó litir Phádraig Uí Bhriain[q.v.], foilsitheoir, chuig An Gaodhal (i gcló in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin) gurbh é An Gaodhal a spreag a spéis sa teanga an chéad lá
Bhí de mhí-ádh ar an gCanónach Pádraig Ó Laoghaire gur mhinic a thógtaí in amhlachas an Chanónaigh Peadar Ó Laoghaire (1839–1920) é nó Phádraig Uí Laoghaire (1870–1896) ··· Sna himleabhar eile den chlár ní léir nach é an Pádraig eile atá i gceist ··· Déanann imleabhar a trí d’fhoclóir Brian Cleeve praiseach ar fad de bheathaí na beirte ··· Rugadh an Pádraig seo i gCill Briotáin, Droichead na Bandan, Co ··· Thug an Canónach Pádraig seanmóin na Féile Pádraig uaidh i nGaeilge san Ard-Eaglais cúpla bliain
Deirtear i lámhscríbhinn in Ollscoil na Ríona gur Bhrian a bhí ar a athair ach nuair a bhí an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh[B4] ag téisclim i gcomhair Amhráin Shéumais Mhic Chuarta, 1925 a fhoilsiú d’inis Brian Mac Cuarta, Ó Méith, ginealach an fhile dó, gur Art a bhí ar a athair agus gurbh é an Art sin an chéad duine dá mhuintir a lonnaigh in Ó Méith, Co ··· In Pádraig Ó Conaire agus aistí eile, 1936 scríobh Seosamh Mac Grianna: ‘Tá sé de chlú ar an Dall Mac Cuarta gurbh é an file é ba mhó de chuid Chúige Uladh, ar scor ar bith ó Chionn tSáile anall.’ Áitíonn Aodh De Blacam[B1] orainn in Gaelic Literature surveyed, 1929: ‘He lived most of his life at Omeath, where the persistence of the Gaelic tradition down to our own day possibly is due to the abiding influence of his personality.’ Dá chomhartha sin tá seacht ndán leis in Nua-Dhuanaire II, 1976, trí cinn in An Duanaire.. ··· Caoineann sé beirt deartháireacha leis agus luann deirfiúr sa dán ‘An Chéad Mhairgne’ (‘Mo Bhrian, mo Ruairí, mo Róis’) ··· Tá na filí Pádraig Mac a Liondain [q.v.] agus Niall Óg Mac Murchaidh (– 1714) le háireamh i measc a chairde ··· Is dóigh go bhfaigheadh sé pátrúnacht ó na huaisle sin a mhol nó a chaoin sé: Somhairle Mac Domhnaill a cailleadh in Eachroim, an Cornal Brian Mac Naois, Murcha Crúis, Barún Sláine, Clann Mhic Dhiarmada, agus Tiarna Lú
Deirtear in Ó Ghlúin go Glúin: scéal Chonradh na Gaeilge in Aonach Urmhumhan 1901-1993, 1993 in eagar ag Eibhlín Uí Mhorónaigh: ‘Bhí Pádraig Ó Meára ina mhórphearsa i nginealach an Chonartha anseo ··· Feirmeoir ba ea a athair Pádraig agus ba í Margaret Ní Mheára a mháthair ··· D’fhoilsigh siad freisin leabhair le Seán Ó Mulláin, Máirtín Ó Corrbuí, Conchubhar Ó Ruairc, Seán Mac Fheorais, Séamus Ó Céileachair, chomh maith le Leabhar na Salm leis an Athair Colmcille agus Leabhar Dhainéil leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta ··· I measc na leabhar a scríobh Pádraig é féin tá: I mbaol a dóite (1967) agus Seán agus a pheataí an bhliain chéanna ··· Phós sé Caitlín Ní Bhriain ó Chorcaigh agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu
I mBaile an Ghóilín, trí mhíle siar ón Daingean i gContae Chiarraí agus cois na farraige a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1883 ··· B’fhéidir a rá gur cheantar breac-Ghaeltachta ba ea Baile an Ghóilín agus gur ‘breac-chainteoir’ é Pádraig ··· Chóirigh Pádraig Ua Maoileoin iad in Seoda an tSeabhaic (1974) agus dúirt sa bhrollach: ‘Ba mise féin Jimín Mháire Thaidhg ··· Dúirt Pádraig Ó Fiannachta ag Éigse an tSeabhaic (Feasta, Meitheamh 1975): ‘Bailiúchán de scéalta liteartha bunaithe ar an mbéaloideas atá sa Baile seo againne ··· An Seabhac a threoraigh Brian Ó Ceallaigh [B2] i dtreo Thomáis Uí Chriomhthain [q.v.]
Tá cuntas ar an aistritheoir seo ag Uinsionn Ó Domhnaill in Donegal Democrat 2 Samhain 1995 agus ceann in An tUltach, Samhain/Nollaig 1995 ag Pádraig Ó Baoighill ··· Is mar seo a ghabh Uinsionn Ó Domhnaill a ghinealach: ‘Ba é an mac ab óige agus an duine deireanach beo de theaghlach Johnnie Shéimisín Tharlaigh Bhig Phádraig Néil Mhóir Uí Dhómhnaill (as Inis Sáile) a bhí pósta ar Anna Bhriain Sheáinín Phádraig (Jaighnear) Phádraig Dhuibh Uí Dhómhnaill (as na hOileáin) a bhí pósta ar Róise Sheáin ’ac Grianna ··· Ba dheartháireacha iad Pádraig agus Seán ‘ac Grianna agus b’iad d’réir an tseanchais an chéad bheirt a rinne cónaí ar bhaile Rann na Feirsde.’ Is mar seo a tuairiscíodh ar an teaghlach i nDaonáireamh 1911: John O’Donnell (48), feirmeoir a raibh Gaeilge agus Béarla aige; a bhanchéile Anne, Gaeilge agus Béarla aici freisin
Fear tábhachtach i bpolaitíocht a linne ba ea an Daniel seo, é ina bhall parlaiminte 1901-18, ina eagarthóir ar Réalt an Deiscirt tráth, ina rúnaí ar an All For Ireland League, páirtí Liam Uí Bhriain (1852-1928), é ina abhcóide ... ··· D’éag sé i 1948 i mBaile Átha Cliath; is ag an bpointe sin a d’iompaigh Pádraig ar an sloinne Gaeilge ··· Tar éis tamaill ghairid ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh (Inniu 29 Márta 1963) chaith Pádraig tréimhsí i gColáiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh agus i gColáiste Fhearann Phiarais i gcathair Chorcaí agus an tsagartacht ar intinn aige ··· D’aistrigh Pádraig Ó Maoileoin[q.v.] péire dá théacsleabhair: Dlí na fianaise in Éirinn, 1962 agus Dlí coiriúil na hÉireann, 1964
In Béaloideas 73, 2005 ag Pádraig Ó hÉalaí atá an cuntas is faide ··· Ceann de na tréithe is suntasaí ina shaothar an chaoi a dtarraingíodh sé go heolgaiseach ar fhoinsí neamhfhoilsithe as traidisiún na lámhscríbhinní in Éirinn agus in Albain.’ In Beaumont, Baile Átha Cliath, a rugadh é, Nioclás Máirtín Ó Briain, ar 3 Márta 1953 ··· Ba iad a thuismitheoirí Mícheál Ó Briain [B8], aisteoir gairmiúil arbh as an gCoilleach, An Spidéal, Co ··· É féin agus Pádraig Ó Héalaí a chuir Téada Dúchais, 2002, féilscríbhinn Bhreandáin Uí Mhadagáin, in eagar
Ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 tá breis eolais chomh maith le liosta de na príomhdhréachtaí ar a bheatha; cuir leo sin cuntas le Pádraig A ··· Deir Brian Ó Cuív in A new history of Ireland Vol.III: early modern Ireland (1534–1691), 1976 gurb é an foilseachán Froinsiasach is mó é de chinn na tréimhse 1611–21 a gcuirfidh an staraí spéis ann ··· Breatnach freisin faoi deara ar an stíl agus deir: ‘For students of Irish, however, the value of Desiderius as an example of a particular style will yield place to its importance as a repository of vocabulary, idiom and grammar.’ D’aistrigh sé caiticeasma ón Spáinnis i 1593 ach níor cuireadh cló air gur fhoilsigh Brian Ó Cuív é in Celtica I, 1950 (‘Flaithrí Ó Maolchonaire’s Catechism of Christian Doctrine’) ··· Ba é an caiticeasma sin an saothar ba thúisce dár scríobhadh i Lováin agus is ionadh le Pádraig A ··· Agus féach go bhfuil liostaithe ag Pádraig A
Ba dhóigh le Pádraig Ó Fiannachta go bhfuair sé oideachas cléiriciúil agus go raibh sé ag dul le sagartacht (Léas eile ar ár Litríocht, 1982) ··· Bhí aithne aige ar an Easpag Seán Ó Briain (d’éag 1769), a scríobh an foclóir Gaeilge a cuireadh i gcló i bPáras i 1768 ··· Níor cuireadh na dánta eile leis i gcló gur chuir Pádraig Ó Duinnín eagar ar chuid díobh i 1903
Ba é Pádraig Mac Piarais an scrúdaitheoir ··· Gaelic Songs of the West agus Targaireacht Bhriain Ruaidh Uí Chearbáin agus stair-sheanchas le cois, an chéad chuid i 1906 ··· Ceithre bliana ina dhiaidh sin chlóbhuail Pádraig Ó BriainSgéalta gearra an Iarthair do chruinnigh Mícheál Ó Tiománaidhe agus Domhnall Ó Fotharta
D’aistrigh an t-athair go dtí an Mhodhscoil Láir, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, nuair a bhí Pádraig an-óg ··· Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamainn (Scoil Uí Chonaill) agus fuair an chéad áit in Éirinn sa Ghrád Sóisearach ··· D’éirigh le Pádraig bheith ina Chláraitheoir i gCúirt na Seansaireachta agus i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ina Chláraitheoir san Ard-Chúirt ··· Bhí Pádraig ar dhuine den deichniúr a chuir Conradh na Gaeilge ar bun 31 Iúil 1893 ··· Áiríonn Brian Mac Giolla Phádraig é (Feasta, Márta 1956) i measc na mbunaitheoirí nach raibh aon Ghaeilge acu
San iris chéanna, 21 Márta 1903, tuairiscíodh gurbh é Pádraig, mac le sean-Fhionán Ó Loingsigh, a bhain duais Sir Thomas Lipton, £50, le haiste ar Bhrian Bórumha ··· Ba é an chéad aire oideachais sa stát dúchais é agus is air a thit a ordú go gcaithfeadh múinteoirí náisiúnta uair a chloig gach lá ó Lá ’le Pádraig 1922 amach le múineadh na Gaeilge ··· Eibhlín a líon isteach foirm Dhaonáireamh 1911 agus sa teach an oíche sin bhí: Pádraig (28), oide scoile; Eibhlín (24), oide scoile; Bríghid, scoláire ··· Scríobh Pádraig Ó Sé (1880–1921) [B1] faoi (ibid 28 Meán Fómhair 1912): ‘Níor casadh orm riamh sagart níba dúthrachtaí ná é i gcúis na Gaeilge ..
Tá léargas ar a thábhachtaí a bhí sé sa Taibhdhearc agus ar a chaidreamh ar Liam Ó Briain [B3] in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail ··· Ach deir Pádraig Ó Siadhail: ‘B’iad Ó Briain agus Dermody a choinnigh Taibhdhearc na Gaillimhe ar a bonnaí idir 1931 agus 1938’ ··· Ó Briain a mhol um Shamhain 1929 go gcuirfí é go Baile Átha Cliath chun oiliúint a fháil agus, le cabhair Earnáin de Blaghd [q.v.], rinneadh sin i 1930 ··· Ní i gcónaí a bhí sé ag réiteach le Liam Ó Briain ··· Chuir sé beatha nua inti agus cheangail sé an sean agus an nua inti—rinne sé cairdeas leis na mór-aisteoirí a bhí fós inti agus chuir sé leo ainmneacha aisteoirí óga a thuill clú dóibh féin ina dhiaidh sin, mar atá Siobhán Nic Cionnaith, Ciarán Moore, Brian O’Higgins
B’fhiú leis an Athair Pádraig Breathnach [B3] ceann díobh a chur in Ár gceol féinig ··· ‘Chuala gurbh é Micheál Ó Briain [q.v.], máistir scoile, a scríobhadh na haistí do Chonchubhar, ach deireadh Micheál nárbh fhíor san ··· Col ceathar dó an file Micheál Ó Tuama (‘George Curtin’) dar le Pádraig Ó Tuathaigh (Filí an tSuláin, 1993)
I gcomhpháirt le Pádraig Ó Dálaigh[B2] scríobh sé The educational pronouncing dictionary of the Irish language, 1922 ··· Tá cúpla amhrán a chum sé i gcló ag Pádraig Ó Murchadha in An Ceoltóirín, 1936 ··· Phós sé Caitlín Ní Bhriain, múinteoir, 26 Iúil 1904 i gCarn na gCloch
Lean sé den obair go páirtaimseartha go dtí gur fhéad Donnchadh Ó Briain [B2] dul i mbun chúraimí an phoist
Tá sé luaite ag an Ollamh Brian Ó Cuív i measc na gcainteoirí a cheistigh sé le linn dó a bheith ag déanamh eagarthóireachta ar Cnósach focal ó Bhaile Bhúirne ··· D’fhoilsigh Gael Linn ceirnín, Scéalta Aneas, a raibh dhá scéal á n-insint aige air, ‘An Pota Pádraig’ agus ‘An Déan Swift agus Seán Bocht’ ··· D’inis Pádraig Ó Loingsigh (1907-86) don scoláire Seán Ua Súilleabháin ar 18 Lúnasa 1981 go ndeachaigh Diarmuid go dtí an seanchaí, Pádraig Ó Liatháin, Doire an Aonaigh, i bparóiste Inse Geimhleach, chun ‘an ch’luith-a-chuir-ar-ghaiscíg’ a fhoghlaim ··· Chum ‘An Suibhneach Meann’ [Pádraig Mac Suibhne] [q.v.] an caoineadh, ‘Ar Bhás don Mhúscraíoch Lághach Diarmuid ’ac Coitir’
In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 áiríonn Muiris Ó Droighneáin [B2]Pádraig Ó Beirn agus an Craoibhín mar phríomhfhilí na tréimhse 1882–1892 nó ‘Ré na dtosaitheoirí’, mar a thugann sé uirthi ··· Ba é an duine ab óige é den naonúr clainne, triúr mac agus seisear iníonacha, a bhí ag Pádraig Mór Ó Beirn agus Máire Nic Fhionnlaoich ··· Phós seisean deirfiúr le Pádraig agus nuair a tugadh scoil i bparóiste na gCealla dósan lean Pádraig ann é ··· Is dealrach gurbh é seo an Déiseach, Dáibhí Brian Ó Maolchatha, sagart paróiste Mhaigh Airgid, ball de chomhairle Aontacht na Gaeilge, a d’éag 21 Deireadh Fómhair 1897 ··· In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é
Byrne, tá 22 leathanach de chlár a shaothair, chomh maith le scata aistí ina thaobh (ag Brian Ó Cuív, Julius Pokorny, F.J ··· Martin, Brian Farrell, Geoffrey Hand, R ··· Binchy; aiste ag Brian Ó Cuív in Feasta, Aibreán 1993 ··· Níor éirigh sé as an rúnaíocht ar fad gur ceapadh Pádraig Ó Dálaigh[B2] mar rúnaí ar phá in 1902 ··· Má mhol, taispeánann Pádraig Ó Snodaigh (Comhghuaillithe na Réabhlóide..., 1966) nárbh é a chéadmhol ach gur oir go breá don IRB a thráthúlacht a tháinig an aiste sin ó fhear a bhí chomh measúil le Mac Néill
Bhí Brian Mac Giolla Phádraig mar chúntóir ag Pádraig i Scoil Chaoimhín agus ba é a fuair an scoil sin go luath i ndiaidh bhás Phádraig ··· Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus baint mhór aige le heagrú an taispeántais d’earraí na hÉireann gach Lá Fhéile Pádraig ··· Phós Pádraig Mary Bede, múinteoir ón mBóthar Buí, Co ··· Bhí spéis an-mhór ag Pádraig i modhanna múinte teanga agus dá chomhartha sin bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann na Múinteoirí a cuireadh ar bun d’aon úim chun múinteoirí gairmiúla a spreagadh chun eolas a chur ar na modhanna ab fhearr ··· Bhí an Philip Barron Memorial Prize buaite ag Pádraig féin 1908
Tá aistí cuimsitheacha i dtaobh beatha agus saothair Uí Riain ag Risteard Ó Glaisne in Ceannródaithe, 1974, agus ag Brian Inglis in The Shaping of Modern Ireland, 1960 (in eagar ag Conor Cruise O’Brien)
In Dinneen and the dictionary (2005) in eagar ag Pádraigín Riggs, tá an aiste ‘The Lexicographical Contention of Mícheál Ó hIceadha and Pádraig Ó Duinnín’ le Mícheál Briody ··· In Dúchas (1986) tá aistí ag Pádraig Ó Fiannachta, Séamus Ó Buachalla agus Máire de Róiste ··· Fuair sise bás agus gan ach dhá bhliain agus ráithe ag Mícheál agus ba í a aintín, Máire Bean Uí Bhriain, deirfiúr a athar, a thóg é ··· [q.v.], an tAthair Pádraig Breathnach, C.M ··· Ansin d’iarr Pádraig Ó Brolcháin [q.v.] air teacht i gcabhair ar an gConradh chun an aidhm sin a bhaint amach
Naomh Pádraig gné amháin díobh ··· In Seven centuries of Irish learning, 1961, in eagar ag Brian Ó Cuív, tá a léacht Dáibhiseach ‘Irish medical men and philosophers’ agus in What’s past is prologue, 1952 tá ‘Medicine in Ireland in medieval times’ ··· Pléann Pádraig Ó Snodaigh, staraí, aiste Shaw in Two godfathers of revisionism: 1916 in the revisionist canon, 1992, agus in Comhar, Eanáir 1989
Ba iad na pátrúin a bhí aige Samhairle Mac Domhnaill, Cill Chaoi, a bhean Sibéal Ní Bhriain, agus Éadbhard Ó Briain in Inis Díomáin ··· ‘Seancha deireanach an tseanghnáthaimh’ a thugann Pádraig A ··· Deir Pádraig Ó Fiannachta in Léas eile ar ár litríocht, 1982 go bhfuil 43 dán ar a laghad luaite leis sna lámhscríbhinní
In Irisleabhar Muighe Nuadhat, 1957 (‘Aistriúcháin ar an Leabhar Aifrinn’) tugann Pádraig Ó Súilleabháin O.F.M ··· D’aistrigh sé an Leabhar Aifrinn go Gaeilge dó féin agus nuair a chonaic Séamus Ó Meára, éadaitheoir sa tSráid Mhór i gCluain Meala, é thug sé roinnt píosaí dó le hathscríobh agus chuir in aithne é don Athair Pádraig de Bhál, sagart paróiste na Carraige Bige ··· Ina dhiaidh sin chaith sé fiche bliain i gColáiste Eoin,Port Láirge, faoi choimirce an Uachtaráin, an Dr Doiminic Ó Briain (1798-1873) ··· Rinne Pádraig de Paor (Patrick Power [B5]) cur síos in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1904 ar aghaidh, ar a bhfuil díobh i gColáiste Eoin, Port Láirge
Ag Brian Mac Giolla Fhinnéin in Seanchas Ard Mhacha, 1993 atá an cuntas is cuimsithí ar an ‘scoláire bocht’ seo ··· an Dúin, agus is ar Chnoc an Locha i mbaile fearainn Eanach Dorn sa pharóiste sin a rugadh Pádraig ··· Deir Pádraig de Brún agus Máire Herbert in List of Irish MSS in Cambridge Library, 1986 gur chuir sé a ainm le huacht in 1777, rud a thabharfadh tuairim éigin faoina aois ··· Faoi 1794 bhí Pádraig ag múineadh Gaeilge san Belfast Academy agus i dtithe príobháideacha ··· Cairde ba ea iad i gceann tamaill agus an Ruiséalach a chuir Pádraig in aithne do Whitley Stokes[q.v.] in 1796 nuair a bhí an dochtúir sin ag ullmhú eagráin Ghaeilge de shoiscéal Naomh Lúcás agus de Ghníomhartha na nAspal
Bhí Micheál Ó Briain [B4] agus Paddy Collins i measc a mhúinteoirí i Scoil Náisiúnta Bhaile Bhuirne ··· Deir an tAthair Pádraig Ó Tuathaigh in Filí an tSuláin: ‘B’é Proinsias an duine deireannach gur bhronn “Gael na nGael” [Pádraig Ó Crualaíoch B1] an “Pas Filíochta” air’ ··· Bhuaigh sé cuid mhaith duaiseanna liteartha ag an Oireachtas idir 1939 agus 1954 agus tá a dhéantús le fáil i nduanairí mar Nua-Fhilí (1942-52) agus Nua-Fhilí 2 (1953-1963) le Séamus Ó Céileachair agus i leabhrán duaisiarrachtaí Oireachtas 1944 in eagar ag Pádraig Ó Siochfhradha[q.v.]
Chuir Brian Ó Cuív bailiúchán Uí Bhriain in eagar (Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne) agus luann seisean Ó Buachalla mar fhaisnéisneoir ··· Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge ··· Ba í Nóra Ní Mhuirithe máthair Dhonncha agus ba é Pádraig Ó Buachalla, feirmeoir, a athair ··· Cailleadh Pádraig go hóg agus d’fhág cúigear buachaillí agus beirt chailíní ina dhiaidh ··· Bhí sé ar dhuine de na faisnéiseoirí a bhí ag Micheál Ó Briain[B4], fear a rinne bailiúcháin focal i Múscraí
Fuair sé scolaíocht i gColáiste Naomh Pádraig i nDurlas agus i gColáiste na Croise Naoa i mBaile Átha Cliath ··· D’eagraíodh sé seirbhísí eaglasta i nGaeilge ina pharóiste agus is ansin a canadh don chéad uair leagan Thomáis Uí hlannghaile[B1] den iomann ‘Dóchas linn Naomh Pádraig ··· I gcomhar le Tadhg Mac Suibhne[q.v.] réitigh sé Leabhar na féile le haghaidh Lá ’le Pádraig 1902 ··· Ag Ard-fheis 1904 mhol sé éin agus Art Ó Briain[B2] go mbunófaí scéim le leabhair agus páipéir Ghaeilge a chur ar díol ar fud na hÉireann ··· Ba é a d’eagraigh an tseirbhís i nGaeilge ann Lá ’le Pádraig 1905
Is cé gallda a ainm is aithnid gur Gaelach Liam’, gurbh é Inglis a scríobh an t-amhrán ‘Ag tarraing ar Aonach na gCoirríní’, go raibh an file mór le muintir Bhriain ó Imleach, agus gur sa dúiche sin is líonmhaire atá an sloinne English ··· In Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967, in eagar ag Cuthbert Mhág Craith[q.v.], deirtear gurbh é an tAthair Pádraig Ó Broin (An Bráthair Bocht) nó an tAthair Uilliam Inglis a chum agus tar éis na foinsí a phlé in Dán na mBráthar II, 1980 ní rabhthas cinnte go fóill cé acu a chum ··· In éineacht leis an leabhar tá dlúth-dhiosca ar a bhfuil scór d’amhráin Inglis á rá ag Pádraig Ó Cearbhaill a bhí ina eagarthóir cúnta ar Canfar an Dán
Bhí scoth na Gaeilge aige a bhí sé i ndiaidh a thógáil ó sheanbhunadh na háite sul a bhfuair sí bás ina mbéal.’ Cuireadh oideachas air i gColáiste Naomh Pádraig, Ard Mhacha, agus sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath ··· Bhí sé ina eolaí ar Naomh Pádraig agus ba é a scríobh an cuntas in Encyclopaedia Britannica ··· D’fhoilsigh an Gúm Naomh Pádraig: scéal a bheatha óna bhéal féin, 1984 sa tsraith de mhonagraif staire agus cultúir, agus tá ‘Saint Patrick: The Enigma’ i gcló aige in Seanchas Ard Mhacha, 1989 ··· His contribution to Irish life was a reflective, constructive one.’ In ‘Tuarascáil’ san Irish Times 9 Eanáir 1985 dúirt an t-eagarthóir Eibhlín Ní Bhriain[q.v.]: ‘Ba iontach díograiseach an t-oibrí é ariamh agus nuair a d’éirigh sé as a chúrsa fada fónaimh i saol an oideachais, ní raibh ach gur chuaigh sé i mbun réim nua beatha
Duine dá mhúinteoirí ar feadh tamaill ba ea Pádraig Ó Luineacháin, athair Bhriain Uí Luineacháin, agus nuair a casadh ar a chéile arís iad i mBaile Átha Luain ba é siúd a mhol do Ghearóid tamall fada a chaitheamh sa Ghaeltacht má bhí faoi Gaeilge a fhoghlaim i gceart ··· Daoine a bhainfeadh cáil amach ba ea cuid nach beag de na baill luatha: Donncha Ó Súilleabháin[q.v.], Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim[B4], Aogán Brioscú [q.v.], Breandán Ó Cearbhaill[q.v.], Pádraig Ó Drisceoil[q.v.], Séamus Ó Cathasaigh[q.v.], Annraoi Ó Liatháin[B1], Seán Ó hÉigeartaigh[B5], Ciarán Ó Nualláin [q.v.], Stiofán Ó Cearnaigh, a bheadh ina Rúnaí sa Roinn Chosanta, Liam Ó Laoghaire (1910–92), a bheadh ina chartlannaí scannán, Proinsias Ó Conluain, a bheadh ina chraoltóir cumasach, Pádraig Ó hUiginn, a bheadh ina Rúnaí i Roinn an Taoisigh ...
Ach ar a shon sin, bhí teanntás gairmiúil inti mar scoláire: bhí sí deimhnitheach i gcónaí dá cuspóir, feasach faoi chaighdeáin, agus ar a soiléireacht faoina réimse cumais.’ Tá cuntas uirthi: ag Pádraig Ó Fiannachta in Éigse, XXVII 1993; ag Máirtín Ó Murchú in Scoil an Léinn Cheiltigh 6, Bealtaine 1993 ··· Scríobh ‘M.’ cuntas ómósach uirthi in Irish Times tamall i ndiaidh a báis agus deir ann: ‘Nessa was a charismatic and powerful personality, a constant and solicitous force in the lives of her family, friends and colleagues.’ Is é a thabharfadh duine go láidir leis as an aiste ina taobh ag Pádraig Ó Macháin (‘Nessa Ní Shéaghdha’) in Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm Cille xxxv, 2005 gurbh í an scoláire iomráiteach Gaeilge í is measa ar chaith institiúid stáit léi ··· Ba iníon í le Seán Pádraig Ó Séaghdha[B5], fear a mbeadh tábhacht ag baint leis i saol tionsclaíoch agus náisiúnaíoch na hÉireann, agus a bhean Kitty Nic Caochlaoich ··· Deir Ó Murchú, sa réamhrá leis an tuarascáil: ‘Ní nach ionadh, táim fíorbhuíoch chomh maith de Nessa Ní Shéaghdha, a thoiligh a cuimhní pearsanta ar sheanscoláirí Scoil an Léinn Cheiltigh a bhreacadh dúinn.’ Ar éigean a luann sí an Rathaileach [Tomás Ó Rathile] agus is mó den ghreann ná den searbhas atá ina bhfuil le rá aici i dtaobh Myles Dillon, Dan Binchy agus Mhichíl Uí Bhriain ··· In Éigse XXVIII, 1993 deir Pádraig Ó Fiannachta: ‘Bhí an-spéis aici san obair a bhí á dhéanamh agam féin ar lámhscríbhinní Mhaigh Nuad ag an am
Ba iad Brian Ó Mórdha, príomhoide i scoil náisiúnta, agus Bríd Ní Luineacháin, a bhí ina bunmhúinteoir cáilithe, a thuismitheoirí; in Butte, Montana, a rugadh Bríd, mar a raibh a hathair Pádraig, cainteoir dúchais Gaeilge as Bun Machan, Co
An chéad ghníomh de Macbeth a bhí le haistriú agus ghnóthaigh Seán an dara háit (Pádraig Ó Domhnaill[B1] a bhuaigh an comórtas) ··· Ba mhinic roimhe sin, ní foláir, nach raibh a fhios ag bailitheoirí cad iad na ceisteanna ba chóir a chur ar sheanchaithe; tá an tagairt seo ag an Duileargach in Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948): ‘Dá mbeadh Láimhleabhar béaloideasa Sheáin Uí Shúilleabháin agam, ní i dturtaoibh le leabhar amháin a bheinn, ach do bheadh trí cinn do leabhair mar seo agam.’ Bhí mórán an ruda chéanna le rá ag Liam Mac Coisdeala[q.v.] agus é ag tagairt dá chaidreamh ar an seanchaí Éamon a Búrc (Béaloideas 64-5, 1996-97: ‘Liam Mac Coisdeala 1908-1996’ le Pádraig Ó Héalaí) ··· Richmond; ‘Irish oral tradition’ in A view of the Irish language (1969) in eagar ag Brian Ó Cuív[q.v.]; ‘Etiological stories’ in Medieval literature and folklore studies, 1970 in eagar ag J
Is insuime gurbh iad a shínigh an teastas sin Brian Ó Críocháin (q.v.), Seághan P ··· Deir a iníon Nóirín: Bhuail sé le Pádraig Ó Riagáin, scéalaí, ag Feis Mhór Bhealach a’ Doirín, a d’eagraigh sé féin ar feadh na mblianta ··· D’inis Pádraig seanscéalta dó, a thaifead Peadar, agus tá siad ann i gcónaí anois ··· Ceann acu, ‘Táilliúir Ros Comáin,’ atá an-bharúil agus cinn eile nach é a léiríonn canúint Chill Mhobhí nach bhfuil ann a thuilleadh, mar gurbh é Pádraig an cainteoir deireanach
Ar feadh fiche éigin bliain ba é Bo a bhí ina eagarthóir ar iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, Béaloideas, i bpáirt le Pádraig Ó Héalaí ··· I gcomhar le Pádraig Ó Héalaí chuir sé amach cnuasach de na taifeadtaí fuaime a tógadh ó Pheig Sayers (1873–1958), Labharfad le cách (2009) ··· Foilsíodh alt leis ar bhéaloideas na hÍoslainne agus nóta báis faoin iarthaidhleoir agus scoláire Brian Earls in Béaloideas 81 (2013)
Deir Brian Ó Cuív faoi seo: ‘Volume 50 contains four stories derived fron Munster traditions of the pre-historic period and transmitted in late Old Irish or early Middle Irish, edited in exemplary fashion by Máirín O Daly’ (‘Development of Irish Language scholarship’ in The Irish Texts Society: The First Hundred Years, 1998, in eagar ag Pádraig Ó Riain) ··· in Anois 29-30 Eanáir 1994 agus in Irish Times 8 Feabhra 1994, agus ag Pádraig Ó Fiannachta in An Sagart, samhradh, 1996 (‘Leabharlann Mháirín Uí Dhálaigh ar Ionad an Bhlascaoid’) ··· Quin [q.v.], Máire Ní Mhuirgheasa [q.v.] agus Pádraig Ó Fiannachta mar chomhghleacaithe aici san obair sin ··· Bhronn Pádraig Ó Fiannachta leabharlann Mháirín, cúpla míle leabhar, ar Ionad an Bhlascaoid i gcuimhne uirthi féin agus ar Chearbhall: ‘Toisc gur luaigh sí mise ina huacht, bheartaíos an múrphictiúr le Bob Cathail atá anois ar fhalla cúil shéipéal Fionntrá a choimisiúnú agus a thíolacadh ina cuimhne