Líon alt a aimsíodh: 44
I mBaile Átha Cliath a rugadh í ar 5 Meán Fómhair 1906 ··· B’as Cluain Meala dá hathair Tomás Ó Muiríosa ··· Múinteoir matamaitice a bhí ann i dtús a shaoil - bhí sé ag múineadh an ábhair sin d’Éamonn de Valera i gColáiste na Carraige Duibhe ··· Bhí sé ina iontaobhaí ag Coláiste Laighean agus ina uachtarán ar Chuallacht Mhuire agus Lorcáin Uí Thuathail in eaglais Shráid Gardner, Baile Átha Cliath ··· Mary Golden ab ainm di agus b’as Áth na Sceire, Co
Is dóigh gurbh é an fear ba mhó tábhacht é den triúr darbh ainm Pádraig Ó Séaghdha ··· D’éirigh le Pádraig bheith ina mhonatóir sa scoil áitiúil agus an máistir ansin a spreag é chun an scrúdú d’oifigigh chustaim agus máil a dhéanamh ··· Phós sé Nora James, náisiúnaí Breatnach arbh as Éirinn dá máthair ··· ‘Conán Maol’ an t-ainm cleite a roghnaigh sé tharla é a bheith maol ó bhí sé tríocha bliain d’aois ··· Dúirt an Piarsach faoi i 1905: ‘Conán Maol, the most deliberately literary of our writers, has produced the most finished and artistic short stories that have been written in the Irish language’ (An Claidheamh Soluis, 7 Deireadh Fómhair 1905)
Moladh ar a saothar is mó atá in A New Introduction by Pádraig A ··· Molann Pádraig Ó Macháin a saothar in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach, 1994 (‘Tadhg Dall Ó hUiginn: Foinse dá shaothar’) ··· Deirtear in DIB gurbh ar 18 Samhain 1886 a rugadh Philippa Marie Eleanor Knott ··· Ach in Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm Cille xxxv 2005, tá aiste chuimsitheach uirthi ag an Dr Eoin Mac Cárthaigh agus deir seisean gur rugadh í ar 18 Samhain 1887 de réir thaifead an bhaiste; ach oiread linn féin níor éirigh leis taifead beireatais a aimsiú ··· De réir Daonáireamh 1911 b’iníon í le John Freeman Knott, máinlia agus dochtúir, agus go raibh sí 24 bliana d’aois ar a breithlá deireanach
Tionóladh comhdháil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ina chuimhne agus thug an Dr Garret Fitzgerald, Seansailéir Ollscoil na hÉireann, agus an tOllamh Pádraig A ··· Mhuineacháin, a rugadh Henry Gerard Murphy ar 2 Bealtaine 1901 ··· Aturnae ab ea a athair Henry Murphy agus ba í Mary Travers (née Donnelly) a mháthair ··· Bhí sé ar scoil i Mount Saint Benedict, coláiste cáiliúil an Athar John F ··· Francis Ormsby an múinteoir Gaeilge a bhí aige ann
XIII, 1996, in eagar ag Pádraig Ó Macháin agus Nessa Ní Shéaghdha, tá cur síos ar chuid dá bhfuil ina lámhscríbhinní ··· Tháinig an buachaill isteach go Tuaim agus bhreatnaigh an tArdeaspag go grinn é ··· Mac Héil agus de Búrca[B1] an bheirt eile, ar ndóigh ··· Tá cuntas air ag William Mahon (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní i nGaillimh 1700-1900’) in Galway: History and Society, 1996 in eagar ag Gerard Moran agus Raymond Gillespie ··· I Móinin an Chumair, Béal Átha Glúinín, Co
Luaitear mar mhúinteoirí aige Micheál Cíosóg[B2], ar dó a scríobh sé an bailéad ‘Ireland’s hurling men’ in aghaidh an choisc a bhí ar an iomáint i bPáirc an Fhionnuisce ar an Domhnach (Pádraig Ó Tuile, Life and times of Brian O’Higgins, [c.1965]), agus Seoirse Mac Raghnaill, an Bleá Cliathach a maraíodh ag Droichead Shráid an Mhóta 1916 ··· Deir Pádraig Ó Tuile gurbh é an fáth ar fhág sé an páirtí i 1933 nár aontaigh sé lena mbreithiúnas nárbh oiriúnach mar uachtarán orthu fear a raibh post aige faoin Saorstát ··· Is le stíl agus dearcadh na hirise sin is mó a bhaineann aiste Phádraig Uí Shnodaigh in Feasta, Iúil 1982, eisiúint speisialta ómóis céad bliain i ndiaidh a bhreithe, a bhfuil aistí inti freisin ag Seán Mac Stiofáin, an Gabha Gaelach, Deasún Breatnach agus A ··· Thuill sé clú náisiúnta mar gheall ar na hamhráin a chum sé, a chuid cártaí Nollag, an poblachtánachas, agus a shaothar ar son na Gaeilge ··· na Mí, a rugadh é [Bernard O’Higgins an leagan Béarla dá ainm sa leagan Béarla dá theastas pósta] 1 Iúil 1882
Tá cuntas ag Micheál Ó Domhnaill (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear Coláiste na Rinne: gearr-stair, 1987) ar an gcaoi a ndeachaigh Pádraig Ó Cadhla[B2] i ndáil comhairle leis um Cháisc 1905 chun tús a chur le coláiste Gaeilge sa Rinn ··· Ba dhóigh le Pádraig Ó Cadhla nach róshásta a bhí sé le roinnt rudaí ann tar éis dó dul níos doimhne sa Ghaeilge, agus nár cheadaigh sé an dara cur amach a thabhairt dó ··· Breathnach and Ní Mhurchú list one of these active collaborations, Árthach an óir, as if it were a collection of stories told by Pádraig Ó Doghair and merely collected by Sheehan’ ··· Is mar seo a mhínigh Ó Síocháin an scéal i mbrollach an leabhair: ‘Pádraig Ó Doghair ón Rinn a thug dom na scéalta seo .. ··· Pádraig Ó Cadhla a thug an t-aitheasc cois na huaighe
Chuir an Seabhac eagar ar léitheoir a scríobh sé faoin teideal Pádraig Mhichíl Mhóir ··· Sa Pháirc (an áit arbh as Máire Ní Dhroma a chum ‘Na Prátaí Dubha’) ar Chnocán an Phaoraigh i bparóiste na Rinne, Co ··· Phort Láirge, a rugadh é ar 26 Feabhra 1887 ··· Ba é Micheál an t-aon duine amháin clainne acu ··· Ní raibh Béarla ar bith aige go ndeachaigh sé ar scoil
Tá aiste ina thaobh ag Úna Breatnach in An Linn Bhuí 3, 1999 ··· I gcló ag Úna Breatnach tá caoineadh a cheap sé air féin; ar leaba a bháis thug sé do Labhrás Ó Cadhla[B3] é agus d’iarr air ceol a chur leis ··· Ba é seo an t-aon duine amháin de ‘mhairtírigh’ óga Chonradh na Gaeilge arbh as Gaeltacht Phort Láirge dó ··· Tá cuntas air ag Nioclás Mac Craith in Iolscoil na Mumhan, 2005 agus an dáta breithe seo ann: 17 Eanáir 1884 ··· Bríd Haicéad ab ainm dá mháthair
Pádraig Turraoin dob ainm dósan agus bhíodh sé ag ceapadh rann agus mion-fhilíochta.’ In An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimhir 2, 1998 tá eolas ag Nioclás Mac Craith faoi Mháire Ní Dhroma: go raibh sí pósta ar Shéamas Turraoin agus go raibh cónaí orthu sa Pháirc ar Bharra na Faille; gur ‘Molly na nAmhrán’ a thugtaí uirthi agus gur de Phaoraigh Bhaile na nGall, Paoraigh na nGaibhne, a máthair ··· I gcuntas ar Mhicheál in Ar bóthar dom (1998) le Nioclás Breatnach[q.v.] deir Nioclás Mac Craith gur chúig dhuine déag clainne a bhí aige agus tugann sé a n-ainmneacha ··· Breatnach[q.v.] ar a dhírbheathaisnéis in Comhar, Bealtaine 1957 dúirt sé gur dheacair a dhéanamh amach, in ainneoin an insint ar fad a bheith sa chéad phearsa, cé mhéid a chuir Ó Cionnfhaolaidh leis an méid a fuair sé ó Mhike Dhá, ach go raibh ‘saothar liteartha agus saothar seanchais an-luachmhar sa leabhar.’ Tá cuntas ag Proinsias Ó Drisceoil in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 5, 2001 ar chomhad an Ghúim sa Chartlann Náisiúnta i dtaobh Beatha Mhichíl Turraoin, 1956 ··· ‘His death is a great loss to us as we regarded him as one of the foremost speakers of Irish, a repository of the traditions of the Decies and a walking encyclopaedia who could answer every question in the most impeccable Irish which was a delight to listen to,’ a scríobh Séamus Ó Duilearga[q.v.] faoi in Munster Express 18 Deireadh Fómhair 1963 ··· Scríobh a chomharsa Micheál Ó Cionnfhaolaidh[B4] síos uaidh Beatha Mhichíl Turraoin maille le scéalta agus seanchas (1956) agus is í an chéad abairt ann: ‘Rugadh mise san mbliain 1878 i gCnocán an Phaoraigh íochtarach, i bparóiste na Rinne
Tá aistí eile ar a shaol agus a shaothar ag Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 5, 1965, agus in Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995), in UCC Record 40, 1965 ag Riobárd Breatnach, agus in Capuchin Annual, 1967 ··· D’éirigh sé as a phost i Scoil Naomh Pádraig in 1921: níor ceapadh ina phríomhoide é agus bhí ráfla ag dul timpeall gurbh i ngeall ar a pholaitíocht nach bhfuair sé an post ··· Eachtra chonspóideach eile ina shaol ba ea an comhfhreagras le Pádraig de Brún[B4] in Humanitas ó Mhárta 1930 amach ··· ‘I mbliain chomórtha an Phiarsaigh ní miste a mheabhrú gurb é an Corcorach an t-intleachtóir ba chumasaí díobh siúd ar fad a chreid i bhfís fhorógra na Cásca agus a thug bonn agus seasamh d’aisling an Chraoibhín agus Chonradh na Gaeilge ··· Thug sé aghaidh ar cheisteanna móra cultúrtha—litríocht agus náisiúnachas, an Ghaeilge sa stát nua, an Renaissance i leith na haigne Clasaicí—agus thug breith oscailte mhisniúil de bharr a chumas éirime agus an iontaoibh intleachtúil a bhí aige as féin’, a dúirt Seán Ó Mórdha sa réamhrá a chuir sé le Scríobh 4, 1979 a foilsíodh in ómós don Chorcorach
Bhailigh Pádraig Ó Fiannachta a dhéantús fileata agus chuir cuid bheag de i gcló in Folia Gadelica: aistí ó iardhaltaí leis a bronnadh ar R.A ··· Breatnach..., 1983 in eagar ag P ··· Tá cuntas aige ar chuid de bheatha an fhile ann agus cuntas níos iomláine in Léas ar ár Litríocht, 1974 ··· In Feasta, Meán Fómhair 1972 bhí an aiste ‘Séamus Mac Cruitín’ i gcló ag Ó Fiannachta ··· In Dal gCais 2 tá cuntas ag Muiris Ó Rócháin, ‘James McCurtin: Last of the Bards’
250 an Chéad Tuarascáil ó Choimisinéirí Oideachais na hÉireann).’ Tá na difríochtaí idir an Irish Society agus an London Hibernian Society for Establishing Schools and Circulating the Holy Scriptures (a bunaíodh in 1806) pléite ag Pádraig de Brún in Folia Gadelica: essays presented to Prof ··· Tá sé le háireamh ar cheannairí na gluaiseachta a d’fhéach le heolas ar na Scrioptúir agus le hoideachas reiligiúnach, mar a shíl siad féin, a leathadh i measc phobal na Gaeilge ··· Leifteanantchoirnéal a athair Henry agus iníon leis an daonchara mór Bartholomew Mosse, bunaitheoir Ospidéal an Rotunda, ba ea a mháthair Jane ··· Cuireadh oideachas air i gCúil an tSúdaire agus i gColáiste na Tríonóide ··· Rinne abhcóide de in 1800 ach níor chleacht an cheird riamh
Essays to mark the Centenary ...,1998, edited by Pádraig Ó Riain) gurbh é seo an chéad tagairt do chumann den ainm sin a bhunú ··· ‘Is it too much to hope for the establishment of an Irish Text (sic) Society?’ (abairt i léirmheas le Powell in Manchester Guardian 9 Aibreán 1895) ··· Dúradh i ndiaidh a bhunaithe gurbh é moladh úd Powell a spreag daoine chun oibre; ba é Powell a bhí ina chathaoirleach ar chruinniú tionscnaimh Chumann na Scríbheann Gaeilge in 1898 agus ina chathaoirleach ar choiste gnó an Chumainn ··· In Bloomsbury, Londain, a rugadh é ar 14 Eanáir 1853 ··· Is mar Bhreatnach a d’fhéach sé air féin
Tá eolas freisin ag Máirtín Ó Briain in Sages, Saints and Storytellers: Celtic studies in honour of Professor James Carney, 1989, in eagar ag Ó Corrain, Breatnach agus McCone (‘Some material on Oisín in the Land of Youth’) ··· In 1893 d’fhoilsigh Pádraig Ó Briain[B3] an dá scéal a scríobh sé, Eachtra Thoirdhealbhaigh mhic Stairn, maille le Eachtraibh a thriuir mhac, do réir mar a sgriobhadh iad le Mícheál Coimín ··· Seo é an file a leagtar ‘Laoi Oisín ar Thír na nÓg’ air ··· Ag Eoghan Ó hAnluain in Comhar, Meán Fómhair 1977 (‘Micheál Coimin: stracfhéachaint ar ghnéithe dá shaol’) agus ag Muiris Ó Rócháin in Dál gCais, 1991 (‘Micheál Coimin: Gaelic poet of Miltown Malbay [c.1688–1760]’) tá eolas ar a bheatha agus a shaothar ··· Tá aiste chuimsitheach ag Brian Ó Dálaigh faoi in Studia Hibernica 34
Breatnach in Éigse XXXI, 1999 (’An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward and the Louvain Hagiographical Enterprise’) is grinne a rinne staidéar ar an ról ceannasach a bhí aige i scéim staire agus naomhsheanchais Lováin ··· Gheofar tagairtí do sheanfhoinsí sa chuntas sin agus tá liosta de thagairtí go nuige seo gan amhras ag Breatnach ··· Cuireann Breatnach thar amhras gur Eoghan a bhí ar a athair agus gurbh í Máire Ní Chléirigh a mháthair (cáipéis i gcló ag D.J ··· Cuireadh oideachas ar Aodh i gConnachta mar a raibh Thadeus Higgen ar dhuine dá mháistrí; is dóigh le Breatnach gurbh é sin Tadhg Óg Ó hUiginn, mac le Tadhg Dall [q.v.] ··· I dtús na bliana dár gcionn a casadh air an Froinsiasach Pádraig Pléimeann [q.v.] a bhí ar a bhealach chun na Róimhe mar chompánach ag Aodh Mac Aingil [q.v.]
Breatnach in Éigse XXXI, 1999 (‘An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward and the Louvain Hagiographical Enterprise’) thar amhras gurbh Eoghan a bhí ar athair Aoidh Mhic an Bhaird[q.v.] agus gurbh í Máire Ní Chléirigh a mháthair (cáipéis i gcló ag D.J ··· Chuir Tomás Ó Raghallaigh[B2] eagar ar Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, 1930 ··· Bhí ar a laghad cúigear filí den ainm agus den sloinne sin ··· San aiste ‘Duanta Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach, 1994 deir Damien Ó Muirí faoi leabhar Uí Raghallaigh: ‘Tá 21 dán sa chnuasach sin, ach tá deacracht amháin againn sa mhéad go nglacann an t-eagarthóir leis gur Eoghan Ruadh mac Gofraidh a chum iad, ach fuair seisean bás sa bhliain 1609 agus aois mhór aige ··· Bhí, ar ndóiche, Eoghan Ruadh mac Uilliam Óig ann.’ Is dóigh leis gurbh é an fear seo againne a chum cibé dánta i gcnuasach Uí Raghallaigh ar féidir dátaí níos deireanaí ná 1609 a lua leo
Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets.. ··· (2000) deir John Minahane go bhfuil na dánta neamhfhoilsithe bailithe le chéile ag Pádraig Ó Macháin i dtráchtas dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann ··· Is insuime an cur síos a dhéanann Pádraig A ··· Breatnach (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997) ar a sheanaois i Lováin; tá sé le tuiscint ó dhán a scríobh sé timpeall an ama sin do Fhlaithrí Ó Maoilchonaire[q.v.], ‘Éist rem éagnach, a fhir ghráidh’, go raibh siad beirt ar scoil le chéile ··· Tá curtha síos ag Pádraig A
Ba é seo an sagart a dheonaigh a chuid airgid chun go mbeadh clólann Ghaeilge i Lováin ··· Scríobh an tAthair Felim Ó Briain cuntas air (’Robert Chamberlain, O.F.M.’) in Irish Ecclesiastical Record XL, Meán Fómhair, 1932 agus tá cuntas air in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 in eagar ag Cuthbert Mhág Craith ··· Tuairimítear gurbh Arthur ainm a athar agus gurbh in é an fáth ar ghlac sé le Mac Artúir mar shloinne ··· Tháinig sé ar ais go hÉirinn i 1599 agus bhí ina a anamchara ag Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain ··· De réir tuairiscí Iarla Essex ba é a thioncharsan a d’fhág nach raibh Ó Néill sásta teacht chun réitigh leis an mBanríon Eilís
Breatnach (‘An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward and the Louvain Hagiographical Enterprise’ in Éigse XXXI, 1999), agus Richard Sharpe (Medieval Irish Saints’ Lives: an Introduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991) léargas ar an ngluaiseacht idirnáisiúnta seo ··· Ba iad Aodh Mac an Bhaird[q.v.] agus Pádraig Pléimeann[q.v.] a chuir tús leis an obair i 1623 agus ba é Michél Ó Cléirigh[q.v.] a bhailigh cuid mhór den ábhar ··· Foilsíodh eagrán teoranta i 1996, le réamhrá an Ollaimh Pádraig Ó Riain ··· Dhún na nGall, a rugadh an naomhsheanchaí iomráiteach seo ··· Deirtí gur i ngeall ar líon mór na sagart de bhunadh na háite a baisteadh Priestown air, ach deir Cainneach Ó Maonaigh[q.v.] gurbh fhéidir gur ‘Baile na Sagart’ nó ‘Baile an tSagairt’ a bhí air sa tseanaimsir
‘Seancha deireanach an tseanghnáthaimh’ a thugann Pádraig A ··· Breatnach ar an bhfile, scríobhaí agus ginealeolaí seo agus é ag tagairt don mharbhna ‘Ní buan brón go bás ollaimh’, a scríobh Aodh Buí Mac Cruitín[q.v.] (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997) ··· Deir Pádraig Ó Fiannachta in Léas eile ar ár litríocht, 1982 go bhfuil 43 dán ar a laghad luaite leis sna lámhscríbhinní ··· Bhí sé ar dhuine de na filí is deireanaí a chleacht an dán díreach agus bhí sé freisin ar dhuine díobh sin a chum na haislingí is luaithe ··· Chuir Liam Ó Luaighnigh eagar ar bhreis is tríocha dá dhánta in Dánta Aindréis Mhic Cruitín, [1935] agus thug beagán eolais ar a bheatha
In Field Day Anthology of Irish Writing IV (2002), sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha, deir Pádraig A ··· D’fhoilsigh an file seo graiméar agus stair i mBéarla agus thug an oiread sin cúnaimh do Chonchubhar Ó Beaglaoich[q.v.] i bPáras agus é ag scríobh The English Irish dictionary: an foclóir Bearla Gaoidheilge (1732) gur meas comhúdair a bhíonn air de ghnáth ··· Vincent Morley is grinne a rinne staidéar ar a bheatha agus a shaothar in An crann os coill: Aodh Buí Mac Cruitín c.1680–1755 (1995) ··· Deir sé i mbrollach an leabhair: ‘Ní beathaisnéis é seo... ··· Is baolach nach bhféadfaí a leithéid a scríobh agus na foinsí chomh tearc is atá siad.’ Tugann sé mar shampla air sin nach bhfuil ainm a mhná ná líon a mhuirín ar eolas
Tá cuntais ar Uilliam Nuinseann: in Dictionary of National Biography; ag Pádraig Ó Fágáin in Éigse na hIarmhí; ag Éamonn Ó Tuathail[B2] in Éigse, earrach 1940 (‘Nugentiana’); ag Gearóid Ó Murchú[B2] in Éigse, geimhreadh 1948 (Poems of exile by Uilliam Nuinseann Mac Barúin Dealbhna) agus ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 ··· Chum Giolla Brighde Ó hEodhasa[q.v.] dán do Janet Marwood nuair a d’éag a mac Richard, ‘Deacair suan ar chneidh gcarad’; agus is d’Uilliam a chum sé ‘A sgríbhionn luigheas tar lear’ Irish Bardic Poetry, 1970 le Osborn Bergin) a ndeir Pádraig A ··· Breatnach faoi ‘gurb é an déantús is cliste agus is ealaíonta’ i measc dánta pearsanta Uí Eodhasa é (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997) ··· ‘Rebel’ an cur síos air in DNB ··· Mar is léir ar an gcuntas ar a dheartháir Criostóir [q.v.], bhí spéis ag a athair sa Ghaeilge agus d’fhéach sé chuige go mbeadh sí ag a bheirt mhac
Deir Pádraig Breatnach in Éigse XXXI, 1998 go raibh sé ar dhuine de na staraithe a spreag Thomas Messingham[q.v.] chun saothair ··· Luaitear é i gcomhluadar Chéitinn[q.v.], John Lynch[q.v.], Uí Shúilleabháin Béarra[q.v.] agus na staraithe eile a bhréagnaigh na cuntais a thug Giraldus Cambrensis ar Éirinn ··· In Waterford Archeological Journal III, 1897 (‘Worthies of Waterford and Tipperary: Life of Father Stephen White S.J., Theologian-Polyhister’) deir Éamonn Ó hÓgáin [B1] gur ródhóigh go raibh sé i measc na gcéad mhac léinn i gColáiste na Tríonóide ach gur tharraing a thuismitheoirí amach é sularbh éigean dó an Mionn Ardcheannais a ghlacadh; is deimhin go raibh ‘Stephen White’ i measc ainmneacha na gcéad scoláirí sa choláiste ··· Deir an tÓgánach: ‘Stephen White, of Clonmel, was one of the three or four most learned men that Ireland has ever produced ··· Cuireadh oideachas sagairt air i gColáiste na nGael in Salamanca, áit ar ceapadh é ina ‘léitheoir’ fealsúnachta
Leabhair eile ar na hAnnála is ea The annals of the Four Masters (2010) le Bernadette Cunningham agus The Four Masters and their manuscripts (2013) le Pádraig A ··· Tá sé gan amhras ar na pearsana is mó i ndomhan na Gaeilge agus i saothrú na staire sa 17ú haois ··· Gheofar eolas air in: Michael O Cleirigh, chief of the Four Masters, and his associates (1936) le Brendan Jennings; aiste (‘Irish scholars at Louvain’) le Pól Breathnach[B2] i gcló in Irish men of learning (1947) ··· Annála Ríoghachta Éireann : ní mór aiste thathagach Bhreandáin Uí Bhuachalla in Studia Hibernica 11/13, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha’) agus a bhfuil aige in Aisling ghéar.. ··· Breatnach
In Léachtaí Cholm Cille XV: Ár Naomhsheanchas (1985) tá aiste ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Betha Choluimb Chille’); molann an t-údar sin aiste Bradshaw ach deir faoi leabhar Mhaghnais: ‘B’fhéidir go dtéann Brendan Bradshaw rófhada leis an scéal nuair a deir sé gur saothar faoi inspioráid na hAthbheochana í an bheatha agus go bhfuil aidhm leasaithe léi ··· Faoi Eileanóir Mhic Chárthaigh deir Breatnach: ‘This union is ignored by the Four Masters whose notice of Margaret MacDonnell’s death in 1544 expressly states that she followed Siubhán daughter of Conn Ó Néill as Ó Domhnaill’s wife’; d’éag an Mairghréag seo, arbh iníon í le hAonghus Mac Domhnaill Íligh, 19 Nollaig 1544 ··· Scríobh an staraí Brendan Bradshaw aiste dar teideal ‘Manus “The Magnificent”: O’Donnell as Renaissance Prince’ (in Studies in Irish history presented to R ··· Dudley Edwards, 1979 in eagar ag Art Cosgrove agus Donal McCartney) le taispeáint nach fior do staraithe a déarfadh nach raibh éifeacht ar bith ag Athbheochan an Léinn ar Éirinn ··· Castiglione’s prince-aesthete, all of these, in varying degrees, was Manus O’Donnell.’ Is sa chomhthéacs sin a rianaíonn Bradshaw cúrsaí uile a shaoil, idir chogaí, pholaitíocht, thaidhleoireacht, an caisleán a thóg sé, chleamhnais, dhánta grá agus eile, agus leabhar Mhaghnais, Betha Colaim Chille
In Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna, maille le beatha an fhile is foclóir, 1902 tá an beagán dá bhfuil againn dá dhánta in eagar ag Pádraig Ó Duinnín[B3] ··· Chiarraí, a bhí cónaí ar a mhuintir le fada; tá fothrach a gcaisleáin le feiceáil ann (tá pictiúr de ag Pádraig A ··· Tá véarsaí as dán eile ar fhéile Uí Dhonnchadha i gcló ag Pádraig A ··· Tá sé ar dhuine de na filí aitheanta is lú a bhfuil eolas orthu ··· Breatnach in Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997)
Tá cuntas ar a bheatha agus liosta d’fhoinsí i gcló ag Pádraig A ··· Níor tugadh a dhéantus le chéile go fóill: tá naoi gcinn de dhíolaimí, ina bhfuil cuid dá dhánta i gcló, liostaithe ag Breatnach ··· I 1603 scríobh sé an dán ‘Ionmholta malairt bhisigh’, ‘a poem in loose metre in which the merits of freer verse forms are extolled’ (Breatnach) ··· In ‘Short Annals of Fir Manach 1566–1625’, in eagar ag Pól Breathnach [B2] in Irish Book Lover XXIII, 1935, dúradh: ‘Ó hEóghusa darbh ainm Eochaidh ardollamh oirdheirc a ndán agus a bhfoghluim agus a ngérinntleacht na healadhna Gaoidheilge agus biatach maith agus fear tighe aoidheach go comhchoitchionn duine mór-ainmneach ag Gaoidhealaibh agus ag Gallaibh dég’ (i gcló ag Breatnach) ··· Breatnach in Éigse XXVII, 1993
Chum sé filíocht a thugann pléisíúr agus taitneamh fós ceithre chéad bliain tar éis a ceaptha lena grástúlacht agus a hornáideacht, le líofacht agus foirfeacht na teanga inti.’ Deir Pádraig Ó Macháin in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach (1994) (‘Tadhg Dall Ó hUiginn: Foinse dá shaothar’): ‘Ceann de ghaiscí móra na haoise seo i saothrú na Gaeilge is ea an t-eagrán a dhein Eleanor Knott d’fhilíocht Thaidhg Dhaill Í Uiginn ... ··· Tá na dánta nach bhfuil ag Knott liostaithe ag Breatnach ··· Tá eolas ar a bheatha ag Eleanor Knott[B2] in A bhfuil aguinn dár chum Tadhg Dall Ó Huiginn (1550–1591) idir mholadh agus marbhnadh, aoir agus ábhacht, iomarbháigh agus iomchasaoid .. ··· Cuireadh athchló amach in 1996 agus scríobh Pádraig A ··· Breatnach réamhrá agus deir: ‘The publication by the Irish Texts Society of the two-volume editio princeps by Eleanor Knott ..
Ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 tá breis eolais chomh maith le liosta de na príomhdhréachtaí ar a bheatha; cuir leo sin cuntas le Pádraig A ··· Breatnach in Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997 (‘Scríbhneoirí Gaeilge i Lobháin’) mar a bhfuil aguisín i dtaobh scríbhinní Uí Mhaoil Chonaire nach raibh eolas ag an Rathileach orthu ··· Breatnach leis an mbarúil sin sa léirmheas in Éigse IV, Cuid a I, 1943: ‘The effect of the entire work, then, is that of a long-winded, ponderous, learned sermon’ ··· Breatnach freisin faoi deara ar an stíl agus deir: ‘For students of Irish, however, the value of Desiderius as an example of a particular style will yield place to its importance as a repository of vocabulary, idiom and grammar.’ D’aistrigh sé caiticeasma ón Spáinnis i 1593 ach níor cuireadh cló air gur fhoilsigh Brian Ó Cuív é in Celtica I, 1950 (‘Flaithrí Ó Maolchonaire’s Catechism of Christian Doctrine’) ··· Ba é an caiticeasma sin an saothar ba thúisce dár scríobhadh i Lováin agus is ionadh le Pádraig A
Tá cibé eolas atá le fáil i lámhscríbhinní, i ndánta, i gcáipéisi, sa bhéaloideas, agus i gcló, idir nuachtáín, irisí agus leabhair, bailithe ag Roibeárd Ó hÚrdail in Saoi na hÉigse..., 2000 in eagar ag Riggs, Ó Conchúir agus Ó Coileáin (‘An Plaintéir agus an Gael díshealbhaithe’) agus ag Pádraig A ··· Tugadh a chorp ar muin capaill go Baile Chaisleáin Bhéarra agus dúradh: ‘So fine a tall man was he that his hair touched the ground at one side of the horse, while his feet trailed it at the other’ (i gcló ag Breatnach) ··· an fhilíocht a cumadh ar phríomhphearsana na n-eachtraí i gcló ag Breatnach agus tá leaganacha breise i gcló ag Ó hÚrdail ··· Saighdiúir, smuigléir, gníomhaire liostála, laoch a raibh bá an phobail leis, ba ea Murtaí Óg ··· Breatnach in Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997 (‘Muircheartach Óg Ó Súilleabháin: Stair, Traidisiúin agus Marbhnaí’)
Breatnach); Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Samhain 1989 (Fergus Kelly) ··· Is léir ar liosta a shaothair ag Rolf Baumgarten in Peritia 5, 1986 go raibh eolas scolártha aige ar réimse leathan den stair, den teanga agus den pholaitíocht; ba é a sholáthair, mar shampla, an t-alt ar Naomh Pádraig in Encyclopaedia Britannica (1970) ··· Bhí sé ar dhuine de mhórscoláirí Gaeilge an fichiú haois agus luann Brian Ó Nualláin[B5] é in aon anáil le Osborn Bergin[B2] agus R.I ··· Bhí aturnaithe den sloinne thuas faoin 19ú haois ach ní go dtí tús an 20ú haois a bhain aon Bhínseach cáil náisiúnta amach i gcúrsaí dlí ··· Bhí siopa agus teach tábhairne ag athair Daniel, William Patrick Binchy, ag 80, an tSráid Mhór, an Ráth, Co
Deir Seán Ó Coileáin (Éigse XXXIII, 2002): ‘Risteard Breatnach’s particular contribution to scholarship in Irish derives from three separate but interrelated sources: a knowledge of the history of the Irish language that rivalled that of Bergin[B2], O’Rahilly B2, Murphy B2] and Greene[B3], and that is scarcely approached by any present-day scholar; a familiarity with the modern dialects, extending to Scottish Gaelic and Manx, such as few others have possessed (one thinks of O’Rahilly and Wagner[q.v.]); an intellectual rigour and a keen linguistic sense informed by the best international theory and practice.’ Tá cuntas air in Irish Times 19 Bealtaine 2001 agus deirtear ann: ‘The former Professor of Irish Language and Literature at University College Cork built up a very important school of Irish at UCC, and many of his students went on to occupy university chairs of Irish and Celtic Studies elsewhere in Ireland and in the US.’ Bronnadh féilscríbhinn air, Folia Gadelica: aistí ó iardhaltaí leis a bronnadh ar R.A ··· ‘Chaitheadh an tOllamh Breatnach agus a líon tí tréimhsí saoire i nDún Chaoin agus bhí spéis nach beag aige i muintir an Bhlascaoid agus is minic a thugadh sé cuairt orthu i rith na mblianta deireanacha a raibh daoine ina gcónaí ar an oileán sin’ (Micheál de Mórdha in Foinse 13 Bealtaine 2001) ··· Breatnach, Eagarthóir Comhairlitheach na sraithe, cuireadh ar fáil na téacsleabhair filíochta Gaeilge ab údarásaí agus ba mhó cruinneas dár foilsíodh den chineál sin ··· Bhí a chéad aiste léannta i gcló in Éigse, geimhreadh 1939, ‘Carraig Seac’, arb é atá ann cúlra stairiúil amhrán sin na ndeachúna, téacs an amhráin, leaganacha de véarsa a scríobh sé síos go foghrúil ó Shéamus Breatnach i Sliabh Rua in 1938 agus ó Mhaitiú Ó Broin in aice le Caisleán an Chomair, a aistriúchán Béarla den amhrán, agus nótaí ar an gcanúint agus ar logainmneacha ··· On being presented by Seán Ó Ríordáin (Ríoghbhardáin) with a copy of a record of the poet reading some of his compositions Professor Breatnach responded with the following stanza: ‘As an récord don Ríobhard is buíoch atáim / Is gur fíorbhreá (is óm chroí ráim) an síneadh láimhe / Ach ó shín Seán uaidh faí a bhrád chun daoi re dán / Is díobháil sin, ní f’láir, d’ealaín na mbard.’ Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí ollscolaíochta agus bhí sé ina bhall de bhord stiúrtha Choláiste Ollscoile Chorcaí idir 1954 agus 1971 agus de Sheanad Ollscoil na hÉireann idir 1964 agus 1977
Tá cuntas ar an scoláire seo ag Aoibheann Nic Dhonnchadha in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 2, 1998 (‘Risteard Breasalach Breatnach 1914-1992’) ··· D’fhreastail sé ar rang oíche Labhráis Uí Chadhla[B3] i Sliabh Rua; uaireanta is i dteach na mBreatnach a bhí sin ar siúl agus bhí de thoradh air go bhfuair sé scoláireacht chun cúrsa samhraidh i gColáiste na Rinne ··· Feirmeoir a athair Michéal ar bhaintreach fir le hiníon amháin é nuair a phós sé Eilís Ní Bhreasail, Déiseach ··· Deir Nic Dhonnchadha ‘gur dá sloinne an Breasalach a thaithigh sé ina chomhainm’ ··· Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu agus ba é Risteard an dara duine clainne
Lambert; Studia Celtica 26/27, 1991-2 sa Bhreatnais ag Ian Hughes; Celtica XXIII, 1999 (‘Essays in honour of James Patrick Carney’ ag Terence McCaughey agus Birgit Bramsbäck); an réamhrá le Sages, saints and storytellers: Celtic Studies in honour of Professor James Carney, 1989 in eagar ag Donnchadh Ó Corráin, Liam Breatnach, Kim McCone ··· Jim received this encomium with his customary urbanity.’ B’údar é ar Naomh Pádraig agus scríobh The problem of St ··· ‘Níl amhras ar bith ach go ndearna an Ceithearnach athrach agus claochlú bunúsach ar an tuiscint atá againn do sheanlitríocht na Gaeilge’ (Proinsias Mac Cana sa chuntas ar bheatha an Cheithearnaigh in Anois, 16 Iúil 1989) ··· Tá cuntais eile ar an scoláire seo in: Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Samhain 1989 ag Proinsias Mac Cana; Éigse XXIV, 1990 ag Nessa Ní Shéaghdha [q.v.]; Études Celtiques XXVIII, 1991 ag P.-Y ··· Fuair an t-athair bás nuair a bhí James an-óg
In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Ag tús Lúnasa, trí seachtaine roimh oscailt na hamharclainne, tharraing bean Thomáis Mhic Enrí siar as an dráma—más fíor a reictear, níor thaitin sé lena fear céile go mbeadh uirthi fear eile—Mac Liammóir!—a phógadh is ba í Máire Ní Scolaí a tugadh isteach i bpáirt Ghráinne ina hionad.’ In All for Hecuba, 1946 tá seo ag Mac Liammóir: ‘I was playing Diarmuid myself, Liam [Ó Briain][B3] was Fionn, and Máire Ní Scolaidhe, a lovely dark girl with astonishing golden eyes, was Gráinne ··· Tugann Ó Raghallaigh cuntas ar na deiseanna foghlama a bhí aici ansiúd: bhí Eric Mac Fhinn [q.v.], Tomás Ó Raghallaigh [B2], Pádraig Ó Finneadha [q.v.] agus Máirtín Ó Flatharta, príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh, ar an bhfoireann teagaisc ··· Ba iad ceirníní an amhránaí seo is túisce a tharraing aird phobal na hÉireann ar chaoinbhinneas amhráin ghrá Chúige Connacht agus is túisce, b’fhéidir, a thug dóibh tuiscint éigin do stíl thraidisiúnta amhránaíochta na Gaeltachta ··· Tá cuntais uirthi ag Pádraic Ó Raghallaigh[q.v.] agus ag Seán Mac Réamoinn ar chlúdach an cheirnín (CEF 029) a d’eisigh Gael Linn i 1971 ··· Tá iontráil ina taobh ag Henry Boylan in A dictionary of Irish biography, 3ú heagrán, 1998 agus ceann ag Kit agus Cyril Ó Céirín in Women of Ireland, 1996
Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air ··· In Feasta mhí Iúil tá feartlaoi an eagarthóra Pádraig Mac Fhearghusa ··· Níorbh fhada sa Choláiste dhom gur tháinig Pádraig chugam ag lorg dánta don Síol agus choinnibh ar mo thóir nó gur thugas ocht gcinn acu uaim ··· Bhí slua mór daoine ag an aifreann éagnairce i Séipéal Naomh Pádraig, Bóthar Ghleann Maghair, Corcaigh, agus ina dhiaidh sin i gCrematorium Chrois an Fhearainn Nua, Baile Átha Cliath ··· Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin
A bhfuil de bhéaloideas in Memories in Time: Folklore of Beithe 1800-2000(2003) le Caoilte Breatnach tá sé bunaithe, den chuid is mó de, ar ar bhailigh sé agus tá cuid mhaith tagairtí dó sa leabhar sin ··· Scríobh Pádraig Ó Baoill cuntas gairid air in Glórtha Ár Sinsear: Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe (2005) curtha in eagar ag Pádraig Ó Baoill agus Feargal Ó Béarra (i gcomhar le Loughrea History Project) ··· Tá i gcló in Béaloideas, Meitheamh 1935 scéal ar Naomh Pádraig a bhailigh sé ··· Bhailigh sé béaloideas in oirthear na Gaillimhe agus ar an teorainn idir Gaillimh agus an Clár i rith 1937-40 nuair a bhí cainteoirí dúchais Gaeilge beo go fóill sna dúthaí sin ··· Sna Cairthíní Beaga i bparóiste Sheaneaglais in aice leis an nGort, Co
In Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002, sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha, tá amhrán Seacaibíteach a chum an file seo tuairim 1745, ‘Stadaidh bhur ngéarghol, a ghasra chaomhdha’, é in eagar ag Pádraig A ··· Breatnach maille le haistriúchán; síltear go mba as Cathair Druinge in aice le Baile Mhistéala di ··· Deir Breatnach faoin amhrán: ‘It survives in more than twenty copies, an indication that it was remarkably popular ··· These name the author as either Eibhlín Ní Choillte or Eibhlín Ní Eachiarainn ··· As the former appears in a more diverse cross-section of manuscripts, it seems deserving of greater credence
Tá cúpla dán dá déantús ar marthain agus tá ceann acu, ‘An Peacach’, i gcló ag Pádraig A ··· Breatnach in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002, sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ atá in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha ··· Bhí an banfhile seo comhaimsearach le Donnchadh Rua Mac Conmara[B6] ··· B’as ceantar Shliabh gCua, Co ··· Sa réamhrá leis an dán sa lámhscríbhinn deirtear: ‘Máire Ní Dhonnagáin cecinit ag admháil a peacaí do Dhia an tan do dhiúltaigh an Eaglais a glacadh chum faoistine.’ Chum sí caoineadh ar bhás a dearthár
Tá léargas ar an bhfiontar sin tugtha ag Pádraig A ··· Breatnach ('An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward [Aodh Mac an Bhairdq.v.] and the Louvain Hagiographical Enterprise' in Éigse XXXI, 1999), agus ag Richard Sharpe (Medieval Irish Saints' Lives: an lntroduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991) ··· I bPáras dóibh d'éirigh Pádraig cairdiúil le hAodh Mac an Bhaird[q.v.] ··· Tá sé ar dhuine den bhuíon bheag san Eoraip a rinne a ndícheall chun go mbeadh cuntas ar naoimh na hÉireann le léamh ar fud an domhain ··· Lú, a rugadh é ar 17 Aibreán 1599
(1994) ‘Fear an Leabhair: Pádraig Ó Fiannachta’ in Breatnach, L ··· Ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta an teach foilsitheoireachta An Sagart, agus ina dhiaidh sin, mar shagart paróiste an Daingin, bhunaigh sé institiúid diagachta agus léinn dúchais, An Díseart ··· B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne ··· Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh ··· Ceithre bliana déag a bhí Pádraig ag an am, bliain i ndiaidh bhás a dhaideo Eoghan
I measc na bhfonnadóirí agus na gceoltóirí aitheanta a bhí páirteach, bhí Seán Garvey, Mairéad Bn Mhic Dhonncha, Treasa Ní Cheannabháin, Róisín Elsafty, Pádraig Ó Cearbhaill, Peadar Ó Ceannabháin, Saileog Ní Cheannabháin, Tadhg Mac Dhonnagáin, Fionnuala Ó Siochrú, Rónán Ó Snodaigh, Brian Ó Domhnaill, Áine Ní Dhroighneáin, Toner Quinn, Máire Breatnach, Marcus Mac Conghail agus go leor eile ··· Toradh amháin ar an obair a thug an-sásamh di, an dlúthdhiosca leis an amhránaí Pádraig Ó Cearbhaill a thug an Béal Binn amach i mí Aibreáin 2006, Amhráin na séad/Jewels and pathways, a bhfuil seanamhráin mhóra ó na Déise air, mar aon le cúpla bailéad Béarla ··· Múinteoir in Éirinn agus sa Bhruiséil ab ea Nuala Nic Con Iomaire, cigire iarbhunscoile agus stiúrthóir ar an mBéal Binn, a chuir na healaíona béil chun cinn i mBré, Co ··· Nuair a d’aistrigh Nuala siar go dtí an Cheathrú Rua, Co ··· na Gaillimhe, chuir sí seisiún ceoil agus amhránaíochta ar bun ansin
Chaith sé dhá bhliain i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar a raibh Pádraig Ó Fiannachta agus Tomás Ó Fiaich ar na léachtóirí a bhí aige, sa tSean-Ghaeilge agus sa stair ··· In aiste a scríobh sé in 1962 ar Naomh Pádraig, thaobhaigh sé leis an Ollamh Binchy, agus ba é tuairim Dhonnchadha nach raibh na hÍosánaigh sásta leis agus, cé nach bhféadfaidís céadonóracha a dhiúltú dó sa chéim, gur diúltaíodh an scoláireacht taistil dó ··· Ollamh le Stair na Meánaoiseanna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ab ea Donnchadh Ó Corráin, mórscoláire a raibh aithne idirnáisiúnta air mar shaineolaí ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna, ar dhlí, ginealaigh, croinicí agus lámhscríbhinní bíobalta, agus na teangacha ar fad ar a thoil aige a bhí riachtanach le staidéar a dhéanamh ar stair ár n-oileánrach ··· Léachtóir ardéirimiúil géarintinneach spreagúil ab ea é a rinne athléamh radacach ar leasú na heaglaise in Éirinn sa dara haois déag ··· Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar mhic léinn agus bhí an-tóir air mar phríomhchainteoir ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus ag Scoil Merriman agus Scoil Dlí na Boirne