Líon alt a aimsíodh: 36
Chaith sé seacht mbliana ina ollamh in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn, agus tar éis tamaill a chaitheamh i bparóistí éagsúla ceapadh é ina shagart paróiste i gCill Shléibhe ··· Tá tuairisc a bháis ag Tomás Ó Fiaich in Seanchas Ard Mhacha 1975-6
Tháinig Diarmaid féin faoi anáil na mórscoláirí a bhí thuas lena linn: Donnchadh Ó Floinn, Tomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Pádraig Ó Héalaí, Donnchadh Ó Corráin agus a dhuine muinteartha féin Breandán Ó Doibhlin, agus chúitigh sé a saothar leo le líon na scoláirí Gaeilge a spreag sé féin thar na blianta teagaisc ··· Bhí sé i ndán dó a chuid léinn a fháil faoi choimirce Naomh Pádraig: d’fhreastail sé ar bhunscoil Naomh Pádraig ar an Lúb (1947–1953), Coláiste Phádraig, Ard Mhacha (1953–1960), agus Coláiste Phádraig, Maigh Nuad (1960–1963) ··· Múinteoirí léannta cumasacha a bhí ar fhoireann an choláiste ag an tréimhse: Seán Ó Baoill, Diarmuid Ó hIceadha, Pádraig Ó hÁdhmaill, etc ··· Derry 1882–1982 (1982); Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar (i gcomhar le Seán Ó Dufaigh, 1989); Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992); Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin: cnuasach de na sean-amhráin is áille agus is mó clú (1995); Going up the glen: womenfolk of the Glens of Antrim and the Irish language (1996); O’Neill’s own country and its families by Éamon Ó Doibhlin (1998) agus The St ··· D’imir sé don Lúb agus d’fheidhmigh sé mar Chathaoirleach Fhochumann Lúthchleas Gael Naomh Pádraig, an Lúb, agus mar Chathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Chontae Dhoire (1975–76) nuair a bhain siad Craobh Uladh
Thug an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich léacht ina thaobh ag Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair i 1977 (i gcló in Meascra Uladh 2 arna chur in eagar ag Micheál Ó Máirtín) ··· Naonúr leanaí a bhí acu agus ba é Pádraig an dara buachaill ··· I ndiaidh bunoideachais i gCill Riáin d’fhreastail Pádraig ar an Ardscoil i Leitir Ceanainn ··· Deir Tomás Ó Fiaich gur mó ná aon duine eile, b’fhéidir, a chothaigh sé muinín an ghnáthphobail sa Bhord ··· Ba é an chéad leide den easaontas úd le Conradh na GaeilgeNorma Borthwick agus Pádraig Mac Cathmhaoil bheith ag iarraidh feachtas a chur ar bun in 1898 chun Ó Domhnaill a chur in áit an Chraoibhín mar uachtarán (Feasta, Deireadh Fómhair 1988, I
Déanann Ó Fiaich talamh slán de gur mhac leis ba ea an Pádraig, an cláirseoir nótáilte a bhfuair Bunting [B6] foinn uaidh in 1802 ··· Chnuasaigh an tAthair Seosamh Mag Uidhir a bhfuil ar fáil dá dhéantús in Pádraig Mac a Liondain: dánta, 1977 ··· File agus staraí ba ea Siobhán agus deirtí gur uaithi agus óna muintir a fuair Pádraig an fhilíocht ··· Cé gur aithin Tomás Ó Fiaich cuntais Uí Chearnaigh a bheith lán d’áiféis agus d’earráidí shíl sé in Seanchas Ardmhacha 3, 1959 (‘Dánta fá Chléir Ardmhacha’) go raibh bunús éigin leis an méid seo uaidh: ‘It was he [Linden] that kept alive the lingering spirit of poetry and music and it was owing to his example that the Fews, Down and Louth produced so large a number of truly learned bards and musicians at this and at a subsequent period despite the vigilance and exertions of the tory-hunters of that locality ··· le Pádraig Ó Prontaigh, agus le filí eile
Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Ní Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig ··· I ndiaidh a bháis dúirt Máirtín Ó Loideáin ODC [q.v.]: ‘Ariamh ní raibh sé aonraic mar go raibh stair agus seanchas agus filí ina chuideachta i ngach áit dá siúladh sé.’ Tá a bheathaisnéis scríofa: ag Risteárd Ó Glaisne (Tomás Ó Fiaich, 1990); ag Billy Fitzgerald (Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich, 1990) ··· Gan amhras scríobhadh cuid mhór cuntas air tar éis a bháis agus ina measc tá: ‘Fiche bliain faoi bhláth (1969-1989)’ le Tadhg Ó Dúshláine in Feasta, Meitheamh 1990; ‘Bua agus beannaíocht’ le Diarmaid Ó Doibhlin in An tUltach, Meitheamh 1990; ‘Bíonn fir mhaithe gann’ le Proinsias Mac Aonghusa in Feasta, Meitheamh, 1990; ‘An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich’ le Réamonn Ó Muirí in An tUltach, Meitheamh, 1990; in Seanchas Ard Mhacha, 1990; in Creggan: Journal of the Creggan Local History Society, 1991 mar a bhfuil cuimhní pearsanta agus cur síos le daichead dá lucht aitheantais ar ghnéithe dá shaol agus ar eachtraí a bhain dó; an réamhrá a chuir Diarmaid Ó Doibhlin le Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992) ··· Labhair agus scríobh sé go minic ar fhilí an cheantair, Art Mac Cumhaigh [B7], Art Mac Bionaid [B6], Séamus Dall Mac Cuarta [B7] agus Pádraig Mac Gioll’ Fhiondúin ··· Bhain dua mór leis an obair sin; d’fhreastail Ó Fiaich ar timpeall 150 cruinniú den Choimisiún
Ba spéis leis go háirithe leaganacha Nua-Ghaeilge de sheanchlasaicigh a chur ar fáil agus ba é a chóirigh Agallamh na Seanóirí, 1984-86 (2 iml.); Foras Feasa ar Éirinn: Athnua 1 agus 2, 1982-83; Imeacht na nIarlaí, 1972 (i gcomhar le Tomás Ó Fiaich[q.v.]) ··· Leabhar a scríobh sé do dhéagóirí is ea Pádraig Mac Piarais, 1979 ··· Deir Ó Gadhra: ‘Más fíor, mar a dúirt léirmheastóir amháin faoi Dhónall Mac Amhlaigh[q.v.], gurbh é “an tArm a rinne fear de” ba í an tréimhse a chaith Pádraig san Arm leis an Suirbhéireacht Ordanáis a rinne scoláire de
Léiríodh sé ceoldráma sa choláiste gach Nollaig; ba é a chum amhrán na scoile agus nuair a thugadh sé cuairt ar a dhlúthchara in Ard Mhacha, Tomás Ó Fiaich [q.v.], níorbh fholair dó a mhileoidean a thabhairt leis ··· Faoin ainm ‘Pádraig Uiséir’ bhuaigh sé Duais an Mhaolánaigh ar an úrscéal Seans Eile, 1963 ··· Comhtharlú eile gur éag a máithreacha nuair a bhí carachtar an úrscéil agus Pádraig araon thar lear agus gan teacht orthu
Ceapadh ina uachtarán é ar Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn i 1942; ó 1961 go ceann deich mbliana bhí sé ina ardmháistir ar Mheánscoil Naomh Pádraig ann ··· In éineacht le Tomás Ó Fiaich thug sé camchuairt diaspora na nGael i 1986
Cuireadh síos ar fhoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge ag Pádraig (14) agus ag an deirfiúr ab óige (10) ach nach raibh sí ag an gcailín a bhí 13 bliana d’aois ··· gur ghnách le Pádraig agus é ina thachrán bheith ar cuairt ag seanbhean a bhí ina comharsa béaldorais aige ··· Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Oideachais Naomh Muire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, agus chaith sé an scór bliain deiridh dá shaol oibre ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Ard Mhic Nasca, Co ··· In An tUltach, Meitheamh 1975, tá aiste dar teideal ‘Pádraig Mac Con Midhe agus Coláiste Bhríde’ ag Joseph Ó Searcaigh, agus, ag Dónall (Dhonnchaidh) Ó Dónaill, Rann na Feirste, tá ‘M’eolas-sa ar Phádraig Mac Con Midhe’ ··· In An tUltach, Aibreán 1975, dúirt Anraí Mac Giolla Chomhaill: ‘Do chuid mhór againn b’ionann Pádraig agus An tUltach
Le háireamh i measc a ghearrcach bhí cuid de na scríbhneoirí, eagarthóirí, scoláirí agus díograiseoirí ba cháiliúla sa tír ó 1945 i leith: Ó Fiaich, Ó Háinle, Ó Doibhlin, Ó Muireadhaigh, Ó Fiannachta, Pádraig Uiséir .. ··· ‘Bhí feirm ag muintir an Athar Donnchadh i gCill Barra, baile fearainn i gCill Bhroin’, an tuairisc a thug Pádraig Ó Riain orthu in Seanchas Dúthalla 1978–79 ··· Sagairt ba ea a dheartháir Pádraig (a bhí 7 mbliana d’aois i nDaonáireamh 1901), agus beirt dá uncailí ··· Ba eisean faoi deara Matha, 1966 freisin – d’aistrigh sé ceithre huaire é agus dúirt i litir chuig Pádraig Ó Fiannachta (Feasta, Bealtaine 1969): ‘Níl sé gan locht, ach is é gníomh mo nirt é’ ··· In Feasta Bealtaine 1969, dúirt Pádraig Ó Fiannachta ina thaobh: ‘..
Ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 tá breis eolais chomh maith le liosta de na príomhdhréachtaí ar a bheatha; cuir leo sin cuntas le Pádraig A ··· Ba é an caiticeasma sin an saothar ba thúisce dár scríobhadh i Lováin agus is ionadh le Pádraig A ··· Agus féach go bhfuil liostaithe ag Pádraig A ··· Tá cur síos ag Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’) ar scéim a bhí á forbairt ansiúd agus sa Spáinn chun go ndéanfadh Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill ionradh ar Éirinn: ‘From 1625 on, however, the idea was pressed unceasingly on the Spanish authorities by two groups of Irishmen in the Low Countries, a group of ecclesiastics of whom the most notable was Archbishop Florence Conry of Tuam and a group of Irish officers in the Spanish forces of whom the best known was Major Eugenio O’Neill – Owen Roe.’ Is dóigh le Ó Fiaich gur chun an scéim a chur chun cinn i gcúirt na Spáinne a d’aistrigh an tArdeaspag go Maidrid tuairim Eanáir 1627
Labhair an Déan Seán Ó Coinne, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Mac Conmidhe [B4] agus tá a gcainteanna i gcló in Seanchas Ard Mhacha 1972 ··· Dúirt Ó Fiaich: ‘Sagart gnaíúil cráifeach dúthrachtach a bhí san Athair Éamonn, Gaeilgeoir líofa dícheallach, scríbhneoir cumasach, óráidí spreagúil, tírghráthóir láidir, compánach aoibhinn gealgháireach’
Níor éirigh sé as an rúnaíocht ar fad gur ceapadh Pádraig Ó Dálaigh[B2] mar rúnaí ar phá in 1902 ··· Má mhol, taispeánann Pádraig Ó Snodaigh (Comhghuaillithe na Réabhlóide..., 1966) nárbh é a chéadmhol ach gur oir go breá don IRB a thráthúlacht a tháinig an aiste sin ó fhear a bhí chomh measúil le Mac Néill ··· Pádraig Mac Artáin agus de Valera ba mhó faoi deara athbhunú Mhic Néill i ndiaidh 1916 ··· Agus é ag scríobh faoin troid i dtaobh ionad na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann in 1908 dúirt Tomás Ó Fiaich: ‘By far the best argued case in favour of the League’s policy on this issue was Eoin Mac Néill’s pamphlet, Irish in the National University of Ireland, and it must have convinced many a waverer who took time to study it’
Bhí Gaeilge ag Pádraig agus Leon ··· Ball de Shinn Féin ba ea an t-athair um an dtaca seo agus is cosúil gur ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916; thug a mhac Pádraig gunnaí leis abhaile ó Bhinn Éadair Iúil 1914 agus ba chuimhin le Leon a bheith ag díol bratacha ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa ··· B’in é an Comhar Drámaíochta agus bhí sé ina chathaoirleach air ina dhiaidh sin; tugann Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail cuntas ar imeachtaí an Chomhair agus ar a mhinicí a léirítí bundrámaí agus aistriúcháin Uí Bhroin ··· Nuair a d’fhág sé post sin an rúnaí thit sé air a bheith ina choimisinéir thar ceann Mhic an tSaoi i gCoimisiún Béaloideasa Éireann; cairde leis ba ea fir mhóra an bhéaloidis, Fionán Mac Coluim [B1] agus Pádraig Ó Siochfhradha[B5], agus air a thit sé téarmaí tagartha an Choimisiúin a dhréachtú ··· Bhí an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich[q.v.] agus tríocha sagart ag comhcheiliúradh a aifrinn éagnairce in Eaglais Naomh Treasa i gCnoc Mhuirfean (Irish Times 1 Márta 1990)
Ba é sáramhránaí Ghaeltacht Thír Chonaill é ar feadh dhá scór bliain, dar leis an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich san aitheasc a thug sé cois na huaighe (i gcló mar aon le hómós Phádraig Uí Ádhmaill [q.v.] in An tUltach, Deireadh Fómhair 1984) ··· Dhealródh sé ó thagairtí a dhéanann Ó Fiaich agus Ó hÁdhmaill go raibh éalang ar lámh nó ar sciathán leis ··· D’fhan cuimhne ag Ó Fiaich ar Aodh ag dul i mbun oibre an chéad lá: ‘Tháinig muid go Coláiste Bhríde sa bhliain chéanna, eisean mar mhúinteoir óg gealgháireach, mise mar ghasúr scoile ··· Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar agus Mánus Ó Baoill a chóirigh an ceol, 2001; tá ann 19 amhrán agus deich laoithe/dánta a bhailigh Aodh Ó Duibheannaigh agus Pádraig Ó Droighneáin—Aodh a bhailigh dosaen de na hamhráin agus sé cinn de na laoithe ··· An Cairdinéal Ó Fiaich a léigh an t-aifreann éagnairce
(1978); Don ábhar saoririseora (1980); Raidió na Gaeltachta (1982); Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael (1988); Tomás Ó Fiaich (1990); To Irish Protestants (1991); Dúbhglas de hÍde (1991-93) (2 iml.); Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992 (1992); Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach (1994); Pádraig Ó Fiannachta (1995); Cosslett Ó Cuinn (1996); Niall Brunicardi (1997); Modhaigh: scéal pobail – scéal eaglaise (1999); Denis Ireland (2000); De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge (2000); Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan (2001); Cearbhall Ó Dálaigh (2001); Coláiste Moibhí (2002); Esperanto: teanga idirnáisiúnta (2004); Eagarthóir (2005) ··· Bhí tionchar nach beag air ag iriseoirí Inniu, Ciarán Ó Nualláin[B8], Earnán de Blaghd[B5], Pádraig Ó Drisceoil[B8] agus Tarlach Ó hUid[B8] ··· Ó 1952 ar feadh tamaill bhí baint aige le Cara, eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Síocháin[B8] an bhliain sin chun spéis mhórphobal na hÉireann a mhúscailt sa Ghaeilge; leis an gcuid sin de pholasaí Chara i dtaobh ‘Bun-Ghaeilge’ a bhí Risteárd ag plé leis an eagraíocht agus níorbh fhéidir a rá gur mhó ná sásta a bhí sé leis an mbun-Ghaeilge ba mhian leis an Síochánach a chur chun cinn ··· Tharraing sé dímheas cuid dá chomhchreidmhigh air féin trína bheith i láthair, mar agóidí, b’fhéidir, ag an gcruinniú den Language Freedom Movement i dTeach an Ard-Mhaoir 22 Meán Fómhair 1966; ar chuireadh ó Dhónall Ó Móráin [B8] bhí sé ar dhuine de na cainteoirí a labhair ar son na Gaeilge ón ardán an oíche sin (tá cuntas maith aige ar an oíche úd in Tomás Ó Fiaich, 1990)
In 1966 ceapadh ina rúnaí é ar an gcoiste a bhí le Tiomna Nua a sholáthar, agus cé nár theastaigh uaidh bheith ina eagarthóir ar an mBíobla iomlán, bhí gach leabhar foilsithe aige faoi 1978, agus nuair a bronnadh seic ar an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich ar seisean le Pádraig, ‘Tóg agus déan.’ Ar na gradaim a bronnadh ar Phádraig Ó Fiannachta tá: Duais Dhubhghlas de hÍde don Litríocht (1969); Uachtarán an Oireachtais (1982); Uachtarán Dhámhscoil na Mumhan, Moinsíneoir ón Pápa Eoin Pól II (1998); Compánach d’Ord na gClann (2013); Duais Chultúrtha an Chumainn Staire Ghaeil-Mheiriceánaigh (2015) ··· Ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta an teach foilsitheoireachta An Sagart, agus ina dhiaidh sin, mar shagart paróiste an Daingin, bhunaigh sé institiúid diagachta agus léinn dúchais, An Díseart ··· B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne ··· Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh ··· Ceithre bliana déag a bhí Pádraig ag an am, bliain i ndiaidh bhás a dhaideo Eoghan
Bhíodh ardchlú ar Choláiste Bhríde sna blianta sin – bhaist an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich ‘Ollscoil na Gaeltachta’ uirthi ··· Mar a scríobh a sheanchara Pádraig Ó Baoighill faoi i ndiaidh a bháis, bhí: …aithne leitheadach air, ní hamháin ar fud Chúige Uladh ach ar fud na hÉireann ··· Ailt Ó Baoighill, Pádraig (2014) ‘Seán (John Ghráinne) Ó Duibheannaigh’ [ar líne]
Bhí sé féin agus a dheartháir Pádraig sna Fianna ar dtús agus ansin i mBráithreachas na Poblachta ··· Bhí Pádraig ina O/C ar an gCéad Chathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath ··· Sna 1940idí a d’éirigh sé cairdiúil le Tomás Ó Fiaich ··· ‘An cara is dlúithe a bhí aige i gcaitheamh a shaoil’ an tagairt atá ag Diarmaid Ó Doibhlin dó in ‘Tomás Ó Fiaich—saol agus saothar i Maigh Nuad’ (Maigh Nuad: Saothrú na Gaeilge 1795–1995, 1995 in eagar ag Etaín Ó Síocháin) ··· An tAthair Tomás Ó Fiaich a thug an t-aitheasc os cionn na huaighe
Sa chéad uimhir de Seanchas Ard Mhacha (1954) bhí aiste shubstaintiúil i dtaobh a shaothair staire ag Tomás Ó Fiaich agus tá an abairt seo aige sa chéad alt: 'Bíodh an aiste seo a leanas, mar sin, ina chéad chomhartha ómóis ó Sheanchas Ard Mhacha don té a bhí ina oibrí aonair sa ghort céanna ar feadh daichead bliain' ··· Ba dhóigh le Tomás Ó Fiaich go ndeachaigh a chomh-mhac léinn Pól Breathnach[B2] agus aistí Eoin Mhic Néill[q.v.] ar an seanstair in Irish Review i gcion air go mór ··· Dúirt Tomás Ó Fiaich in An tUltach, Bealtaine 1976: 'Bhí an tAthair Lorcán agus an tEaspag Ireland an-mhór le chéile go dtí gur bhris an chéad chogadh domhanda amach in 1914 ··· Buaileadh síos le stróc é Lá Fhéile Pádraig 1941 agus d'éag sé 25 Meitheamh na bliana sin ··· Is é dúirt Tomás Ó Fiaich ina thaobh: 'Ní mar staraí náisiúnta a chuimhneofar air dalla an Niallaigh [Eoin Mac Néill]
In Léachtaí Cholm Cille XV: Ár Naomhsheanchas (1985) tá aiste ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Betha Choluimb Chille’); molann an t-údar sin aiste Bradshaw ach deir faoi leabhar Mhaghnais: ‘B’fhéidir go dtéann Brendan Bradshaw rófhada leis an scéal nuair a deir sé gur saothar faoi inspioráid na hAthbheochana í an bheatha agus go bhfuil aidhm leasaithe léi ··· I have no hesitation in saying that the real situation is reversed in this paragraph; the nobleman is made to play the part of principal, while the translators and the delvers among ancient authorities remain nameless behind the scenes.’ In Gaelic literature surveyed deir Aodh de Blacam [B1]: ‘The result is a vivid and fascinating book, written in language that the Gaelic speaker of today can read with but little difficulty, since it is not the artificial Gaelic of the professional historians, but the very speech of the people, that has changed comparatively little since the days in which the book was written.’ Sa tulrá i leabhar Mhic Giolla Chomhaill deir Tomás Ó Fiaich: ‘Seo an saothar litríochta ón 16ú haois is cosúla le “caint na ndaoine” ··· In Celtica XVI, 1984 (‘In Praise of Maghnas Ó Domhnaill’) deir Pádraig A
D’fhoilsigh Pádraig Ó Moghráin[B4] cuntas ar a bheatha in Béaloideas XV, 1945 [1946] agus scríobh Tomás Ó Fiaich cuntas in Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aisti ..., 1992 in eagar ag Diarmaid Ó Doibhlin ··· Ní léir go raibh aiste Uí Mhoghráin léite ag Ó Fiaich ach tá an dá chuntas ag réiteach le chéile sna príomhphoncanna ··· Is é an t-eolas a d’aimsigh Ó Fiaich i gCartlann Choláiste na nGael sa Róimh ina thaobh go ndearna sé staidéar ar an litríocht agus ar an reitric in Éirinn, gur chaith sé trí mhí déag i gColáiste Seville ach, ar mhaithe lena shláinte, gur aistrigh sé go dtí an Róimh ··· Deir Ó Fiaich go ndearna an Diúc rud air ··· (Tá cur síos an-mhaith Henry Jones[q.v.], Easpag na Mí, ar rang agus sheanmóirí Uí Uiginn i gcló ag Ó Fiaich)
In 1977, Tomás Ó Fiaich[B8] gave much of it on permanent loan to Maynooth College Library.’ D’fhoilsigh sé ábhar ceoil agus eile in Co
Pádraig a bhí ar a athair agus ba í Margaret Williams a mháthair ··· Tá an méid seo le rá ag Tomás Ó Fiaich i dtaobh a dhéantúis fhileata: ‘His pieces are far more natural in language and rhythm than those of his predecessors; they avoid the pedantry which so many nineteenth century scribes indulged in
In aiste ar Phól Ó Huiginn (in Ón Chreagán go Ceann Dubhrann, 1992) deir Tomás Ó Fiaich go raibh ar Sall, de réir Narcissus Marsh[q.v.], sleachta a aistriú as an nua ··· Ní raibh coinne le bás Sall ar 6 Aibreán 1682; tá sé curtha in Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath
Cuireadh i gcló é in Imeacht na nIarlaí (1972), in eagar, agus an téacs curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu, ag Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich, agus roimhe sin in The flight of the Earls (1916) in eagar ag Pól Breathnach[B2] agus in Turas na dtaoiseach nUltach as Éirinn: from Ráth Maoláin to Rome (2007) le Nollaig Ó Muraíle ··· Mo chreach Aodh!’ Bhain Tadhg le teaghlach léannta a bhí ina gcroinicithe ag Mag Uidhir Fhear Manach le cúpla céad bliain; tugann Ó Fiaich liosta dá shinsir ar shaoithe agus sheanchaithe iad a d’éag 1373–1537 ··· Is maith an rud nár cloíodh leis an socrú sin in earrach 1608, nuair a bhí siad ar tí imeacht chun na Róimhe, nó ní bheadh an saothar seo againn inniu’ (Ó Fiaich) ··· Tá an tuairim chéanna ag Ó Fiaich agus deir sé: ‘Chonaic sé gach duine agus gach rud ina dhubh agus ina bhán, agus is léir gur slat tomhais an chreidimh an ceann is láidre a bhí aige.’ Ag tagairt don uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ag naimhde na nIarlaí deir Pól Breathnach: ‘On these various moves on the part of the enemies of the Irish Ó Cianáin has nothing to say, and we can only conclude that he was not one of those who helped to arrange their plans, or shared all their confidences.’ Is annamh aon léargas ar a phearsantacht féin sa chuntas ··· Bhí gaol ag Iarla Thuamhumhan lena bhean agus d’éirigh leis sin an cúiteamh sin a fháil di ‘in consideration that the said earl alleged that the said Teig sent him intelligence of importance from beyond the seas.’ Deir Ó Fiaich gur ródhóigh nach raibh sa scéal sin ach seift ag an Iarla: scríobhadh Tadhg abhaile chuig a bhean ceart go leor ach bhain an tIarla an úsáid áirithe sin as na litreacha
‘An t-oidhre deiridh ar fhilí Oirghialla’ a thug Tomás Ó Fiaich agus Liam Ó Caithnia, eagarthóirí Art Mac Bionaid: dánta (1979) air ··· Bhí an sloinne McBennett coitianta go maith sa cheantar uair agus tuairimíonn Ó Fiaich agus Ó Caithnia gurbh as an ainm baiste Maol Beannachta a d’fhréamhaigh an sloinne, rud a dhealódh amach ón sloinne Normanach é ··· Bhí sé caillte ar feadh céad bliain agus ar chuma éigin tharla i seilbh duine i nDún Pádraig é
In Léachtaí Cholm Cille 1972 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta deir Tomás Ó Fiaich: ‘Just beside his home, according to local tradition, Mac Cooey’s dead body had been found on Sunday morning by people on the way to Mass; hence it was to be expected that he would interest himself in writing down the songs of Mac Cooey and perhaps, if he had the talent, in adding his own share ··· .’, a deir Ó Duibhginn, agus tuairimíonn sé gurbh ‘ar éigean a tharlódh sé nach dtosódh fear a mbeadh bua na scríbhneoireachta aige ag cumadh go dtí go mbeadh sé ar tháirseach an bháis.’ I léirmheas in Inniu 15 Meán Fómhair 1972 nocht Tomás Ó Fiaich an tuairim gurbh ‘ar éigean a scríobh Séamas Mac Giolla Choille oiread agus líne amháin filíochta ina shaothar ar fad’
Tá cuntas cuimsitheach ar an sagart seo agus a shaothar ag Diarmaid Ó Muirithe in Maigh Nuad agus an Ghaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta ··· Deir Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille 1972: ‘The language in his later poems becomes stilted and includes many literary words no longer current in ordinary speech
Ba mhaith lena bheathaisnéisí, Seán Ó Dufaigh, go n-áireofaí é ar dhuine d’fhilí Oirialla—Art Mac Cumhaigh, Peadar Ó Doirnín, Pádraig Mac Giolla Fhiondáin, agus Séamas Dall Mac Cuarta ··· An dá dhán a scríobh sé, “Thar Sáile anonn” agus “Cumha na Máthara” [“Triamhain na máthara fón leanbh”]—beidh eolas orthu a fhad agus a mhairfidh an Ghaeilge agus gnóthóidh siad áit dó i nduanairí agus i gcúrsaí léinn.’ Agus deir Tomás Ó Fiaich faoin dara dán sin nach foláir nó go bhfuil sé ar cheann de na dánta is breátha dár cumadh i nGaeilge nó i mBéarla in Éirinn sa 19ú céad (Léachtaí Cholm Cille 1972); bheadh an t-údar sin sásta a éileamh gurbh é an file Ultach ab fhearr é dá raibh ag scríobh i nGaeilge sa chéad sin
In Léachtaí Cholm Cille 1974 scríobh Tomás Ó Fiaich: “Dá dtigeadh an lá choíche a chaillfi gach foinse staire ó Rinn na Feirste i ndeireadh an 19ú haois .. ··· D’éag sé i mí an Mhárta 1979 agus tá cuntas ar a bheatha ag Pádraig Ó Baoighill ar Inniu 23 Márta 1979
Cuireann Pádraig A ··· Chuaigh sé as sin go dtí an Róimh agus thug Rí na Spáinne pinsean 25 choróin dó i 1612 agus ‘cuireadh dualgas éigin air a bhain le hArm na Spáinne’ (de Barra agus Ó Fiaich)
Tá achoimrí úsáideacha ar a dhearcadh is a theoiricí ag Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’) agus ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 ··· Such student trouble was endemic where Irish and English were educated in close proximity.’ Maitheadh dó agus Lá ‘le Pádraig 1621 chuaigh sé isteach i nóibhíseacht na nÍosánach i Liospóin: ‘Cornelio Mahuno’ a ainm sa Spáinn ach sa Phortaingéil is ‘Cornelio de San Patricio’ a thugtaí air ··· Is é a thugann Ó Fiaich ar an leabhar ‘the most fortright exposition of the separatist viewpoint in the 1640s’
Chaith Pádraig Mac Síomóin (c.1695-1769) naoi mbliana déag i bparóiste Naomh Michin, mar a raibh Lána Naomh Muire, agus seans gur ann a chuir Muiris aithne air gur scríobh an dán dá dtagraíonn Ó Fiaich ··· Mar seo a chuir Tomás Ó Fiaich síos air in Reportorium Novum, Iml
I measc na scríbhneoirí aige bhí Séamus Ó Néill [B3], Anraoi Ó Liatháin [B1], Pádraig Mac Giolla Ceara [B3] agus Proinsias Mac an Bheatha agus ó thús sholáthraíodh sé féin ábhar ··· In uimhir chomórtha 40 bliain de Inniu 18 Márta 1983 dúirt Tomás Ó Fiaich [q.v.]: ‘Nach léanmhar gur cailleadh ceannaire na foirne i mbéal an chuain
Mar gheall ar an spéis a léirigh Whitaker in Tuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge (1963) faoi chathaoirleacht an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich, aistríodh cúram an pháipéir bháin go dtí an Roinn Airgeadais agus d’oibrigh sé le Séamus Ó Ciosáin ar Athbheochan na Gaeilge (1965) ··· Bhí Seán Ó Loingsigh agus Pádraig Ó hIrghile orthu siúd a dtéadh sé amach leo