Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge ··· Ba í Nóra Ní Mhuirithe máthair Dhonncha agus ba é Pádraig Ó Buachalla, feirmeoir, a athair ··· Cailleadh Pádraig go hóg agus d’fhág cúigear buachaillí agus beirt chailíní ina dhiaidh ··· Deartháir do Dhonncha ba ea Pádraig Ó Buachalla a d’aistrigh Eachtra Phinocchio, 1933, An Baile (La Maison le Henri Bordeaux), c.1936, Idir Croí is Anam (De Toute son Ame le René Bazin), agus Grádh na hÓige, 1948 (El sí de las ninas le Leandro Fernández de Moratín) ··· Maraíodh duine díobh, Mícheál, i gcrith talún 1906.’ Ba iad Seán Ua Súilleabháin agus Dáibhí Ó Cróinín a chóirigh eagrán 2003 agus deir siad go bhfuil sé leasaithe do réir na gceartúchán a rinne Pádraig Ó Buachalla féin ar a chóip féin den leabhar
Le Roux, a d’aistrigh Desmond Ryan ón bhFraincis: Pádraig Mac Piarais (1938), le Séamus Ó Searcaigh [B2]; Pádraic Pearse, a new biography (1966) le Hedley McCay; P.H ··· Pearse (1980) in eagar ag Séamas Ó Buachalla ··· An Dr Ó Buachalla is údarásaí a chuireann síos ar an bPiarsach mar oideachasóir agus ba é a chuir eagar ar A significant Irish educationalist: the educational writings of P.H ··· Pearse (1980) agus a chuir amach in 1979: The literary writings of P.H.Pearse, Scríbhinní liteartha an Phiarsaigh, agus Pádraig Mac Piarais agus Éire lena linn, beathaisnéis phictiúrtha ··· Maidir lena chéad ainm, ‘Pádraig’ nó ‘Pádraic’, áitíonn Eoin C
An phríomhthábhacht a bhaineann leis gur scríobh sé litreacha abhaile ó Mheiriceá, a ndeir Breandán Ó Buachalla fúthu: ‘Is iad na litreacha sin uaidh an t-aon chnuasach mar iad atá againn sa Ghaeilge ··· Deir Séamus Ó Casaide[B2] in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 gur fhoilsigh Pádraig Stúndún[B4] cuid díobh in The Irishman tuairim 1880 ··· Creidtear nár chaith Pádraig aon lá ar scoil agus nach raibh aon Bhéarla aige, ach go raibh sé mór leis na múinteoirí a raibh scoileanna scairte acu sa cheantar ··· Bhí cailín aimsire (15) agus buachaill aimsire (20) fostaithe acu ··· Tá an chuid is inspéise de phrós litreacha Phádraig tugtha i dtreo chaighdeán litrithe na Nua-Ghaeilge ag Ó Buachalla in Go Meiriceá siar
Is mar seo a labhair Pádraig Ó Fiannachta cois uaigh an Chéitinnigh 27 Bealtaine 1984: ‘Chosain sé an tAifreann dár thug ár muintir gean agus mhínigh sé é dá phobal ··· Ba mhór mar a chothaigh sé mórtas ár gcine.’ Thug Dáithí Coimín[B2] eolas ar a bheatha sa réamhrá le heagrán Chumann na Sgríbheann nGaedhilge de Foras Feasa ar Éirinn in 1902 (an Coimíneach a chuir an chéad imleabhar in eagar; Pádraig Ó Duinnín[B3] a chuir eagar ar na trí himleabhair eile 1904–14) ··· Nuair a tugadh athchló amach in 1987 chuir Breandán Ó Buachalla réamhrá leis ··· Sa tsraith ‘Saíocht ár Sean’ d’fhoilsigh Foilseacháin Náisiúnta Teoranta ‘Foras Feasa ar Éirinn’: Athnua (1982–3) ina gcuireann Pádraig de Barra ‘cruth an lae inniu’ ar an saothar sin ··· Pádraig Ó Briain[B3] a chuir eagar ar Eochair-sgiath an Aifrinn (1898)
Is mar seo a labhair Pádraig Ó Fiannachta cois uaigh an Chéitinnigh 27 Bealtaine 1984: ‘Chosain sé an tAifreann dár thug ár muintir gean agus mhínigh sé é dá phobal ··· Ba mhór mar a chothaigh sé mórtas ár gcine.’ Thug Dáithí Coimín[B2] eolas ar a bheatha sa réamhrá le heagrán Chumann na Sgríbheann nGaedhilge de Foras Feasa ar Éirinn in 1902 (an Coimíneach a chuir an chéad imleabhar in eagar; Pádraig Ó Duinnín[B3] a chuir eagar ar na trí himleabhair eile 1904–14) ··· Nuair a tugadh athchló amach in 1987 chuir Breandán Ó Buachalla réamhrá leis ··· Sa tsraith ‘Saíocht ár Sean’ d’fhoilsigh Foilseacháin Náisiúnta Teoranta ‘Foras Feasa ar Éirinn’: Athnua (1982–3) ina gcuireann Pádraig de Barra ‘cruth an lae inniu’ ar an saothar sin ··· Pádraig Ó Briain[B3] a chuir eagar ar Eochair-sgiath an Aifrinn (1898)
B’fhéidir a rá gur chaith Pádraig Feirtéar dhá shaol a bhí difriúil ar fad le chéile ··· Sa Bhaile Uachtarach i bparóiste an Fheirtéaraigh a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1856 ··· Creideadh gur mar gheall ar chabhair a bhí tugtha ag Pádraig in olltoghchán 1885 don iarrthóir Parnailiteach a deineadh an éagóir sin air ··· Tá aiste le Breandán Ó Buachalla ar a shaothar i Meiriceá le fáil in Feasta, Nollaig 1964 ··· Lena linn nochtadh leac ar bhinn an tí inar rugadh é agus seoladh scannán le Breandán Feiritéar, An Síogaí Iniúchtach (ainm cleite a bhí ag Pádraig)
(1996) le Breandán Ó Buachalla, agus ar Poets and Politics: Reaction and Continuity in Irish Poetry, 1558–1625 (1998) le Marc Caball, ach ar mheon an fhile agus ar fheidhmeanna na filíochta i rith na gcéadta bliain ··· Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets.. ··· (2000) deir John Minahane go bhfuil na dánta neamhfhoilsithe bailithe le chéile ag Pádraig Ó Macháin i dtráchtas dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann ··· Is insuime an cur síos a dhéanann Pádraig A ··· Tá curtha síos ag Pádraig A
Ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 tá breis eolais chomh maith le liosta de na príomhdhréachtaí ar a bheatha; cuir leo sin cuntas le Pádraig A ··· Deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 gur dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn: ‘bhí obair níos tábhachtaí le déanamh aige thar lear, is cosúil’ ··· Cuireann Ó Buachalla béim ar a mhéid a bhí Desiderius Uí Mhaoil Chonaire dírithe ar Chaitlicigh na hÉireann agus tarraingíonn aird go háirithe ar an abairt úd aige, ‘gurb iad an pobal a thug do na ríthe nó dá shinsir a bhfuil de chumhachtaí acu anois’, smaoineamh réabhlóideach ag an am ··· ‘Turas liosta leadránach leamh chun Dé’ a thugann Ó Buachalla ar bhuntéama an leabhair ··· Ba é an caiticeasma sin an saothar ba thúisce dár scríobhadh i Lováin agus is ionadh le Pádraig A
Tá aistí ann faoi ghnéithe den Chorcorach ag Gearóid Ó Tuathaigh, Declan Kiberd, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Buachalla agus Colbert Kearney ··· Buachaill aonaránach ba ea é ··· In 1913 fuair sé post i Scoil Naomh Pádraig agus i measc na ndaltaí ansin aige bhí Frank O’Connor, scríbhneoir, agus Séamus Murphy, dealbhóir ··· Sa réamhrá pearsanta atá ag Breandán Ó Buachalla lena aiste in Scríobh 4 deir sé: ‘B’ionadh liom a thanaíocht agus a mhíbhlastacht a bhí an Ghaeilge aige...’ ··· D’éirigh sé as a phost i Scoil Naomh Pádraig in 1921: níor ceapadh ina phríomhoide é agus bhí ráfla ag dul timpeall gurbh i ngeall ar a pholaitíocht nach bhfuair sé an post
Tá cuntas air ag Pádraig Ó Loingsigh in Agus, Eanáir 1973, a deir sé atá bunaithe ar leabhar nótaí a scríobh Donnchadh i mBéarla agus atá anois i seilbh a mhuintire, Muintir Chriodáin, Cúil Iarthach ··· Deir Pádraig Ó Loingsigh go raibh sé ina bhall de Chumann na bhFear Óg i gcathair Chorcaí agus go raibh tionchar ag na Fíníní ar chraobhacha Chorcaí den chumann sin ··· Donncha Ó Buachalla [q.v.] a tháinig ina ionad
Is minic a shamhlaítí a bhás le deireadh thraidisiún liteartha na Gaeilge, á thabhairt le fios gurbh é file mór deireanach an 18ú haois é, peirspictíocht a dtéann Breandán Ó Buachalla i ngleic léi in Nua-Léamha: Gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann.. ··· Ní mór a rá gur beag eile file a bhfuil eolas ag an bpobal ar an oiread céanna dá dhánta: ‘Is fada liom oiche fhírfhliuch’, ‘Vailintín Brún’, ‘Cabhair ní ghoirfead’, ‘Gile na Gile’, ‘Mac an Cheannaí’, ‘Créachta Crích Fódla’, ‘Maidean sul smaoin Titan a chosa do luadhail’, ‘Inis fá réim’, ‘An File i gCaisleán an Tóchair’; níl ansin ach na dánta atá ag Pádraig Ó Canainn [B5] in Filidheacht na nGaedheal, [1940], an díolaim is mó san fhichiú haois a chuaigh i gcion ar lucht foghlamtha na teanga sna meánscoileanna ··· Ag tagairt don éadóchas i gcuid díobh scríobh a eagarthóir, Ó Duinnín: ‘Never perhaps, since Jeremiah sat by the wayside and chanted a mournful dirge over the ruin of Jerusalem, never were a nation’s woes depicted with such vivid anguish and such passionate outbursts of grief.’ Pádraig Ó Duinnín[B3] agus Tadhg Ó Donnchadha[B1] a chuir eagar ar Dánta Aodhagáin Uí Rathaille, The Poems of Egan O’Rahilly.. ··· Tá an aiste ‘Ó Rathaille, na Cárthaigh agus na Brúnaigh’ le Breandán Ó Buachalla i gcló in Studia Hibernica 31, 2000-2001 ··· Mar uimhir a 15 sa tsraith Subsidiary Series d’fhoilsigh Cumann na Sgríbheann nGaedhilge Dánta Aodhagáin Uí Rathaille: Reassessments (2004) le Breandán Ó Buachalla
Tharla gur thug a mháthair cóip de An Macaomh abhaile léi ó Bhaile Átha Cliath lá i 1909 agus chuir sé an dúspéis sa scoil a bhí Pádraig Mac Piarais[B4] a bhunú ··· Nuair a bhí rúnaí Chumann Lúthchleas Gael le ceapadh chuir sé isteach ar an bpost ach ba é Pádraig Ó Caoimh (a d’éag 15 Bealtaine 1964) a ceapadh in ainneoin a ndearna muintir Mhic Phiarais d’iarrachtaí ar son an Bhúrcaigh ··· Pearse, 1980 in eagar ag Séamus Ó Buachalla)
Tá cuntas air ag Risteárd Ó Glaisne in Irisleabhar Mhá Nuad, 1988 (‘An Moinsíneoir Pádraig Eric Mac Fhinn’) ina bhfuil sleachta as na litreacha, a bhfuil eolas beathaisnéiseach i gcuid díobh, a chuir sé chuig Risteárd i gcaitheamh 36 bliain, agus tá cuntas ag a iardhalta Máirtín Ó Flathartaigh in Anois 19 Iúil 1987 ··· Chuir Roibeard spéis sa Ghaeilge agus ba é a roghnaigh Mac Fhinn mar shloinne; is inspéise go raibh scéal i gcló in An Claidheamh Soluis 18 Meitheamh 1910 faoin ainm ‘Eric Mac Féir’ ach faoi 27 Lúnasa na bliana sin gur mar ‘Pádraig Eric Mac Fhinn’ a bhí sé ag scríobh ··· Nuair a bhunaigh Liam Ó Buachalla [B4]Ar Aghaidh i 1931 thosaigh sé ag scríobh ann um Meán Fómhair leis an aiste ‘Mussolini agus an Pápa’
Ba dhuine é den aon bhuachaill déag a bhí ag John Foyle agus Margaret Spearman ··· Maidir leis na comharchumainn i gConamara luaitear é in aon anáil le Pádraig Ó hAoláin, Tarlach de Blacam agus Éamon Ó Cuív ··· I gcomthéacs na turasóireachta cultúrtha tá tagairtí báúla dá shaothar ag John Walsh in Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla, 2006 in eagar ag Aidan Doyle agus Siobhán Ní Laoire (‘Ón bhforbairt thionsclaíoch go dtí an phleanáil teanga: éabhlóidiú Údarás na Gaeltachta’) ··· ‘As current Fine Gael TD for the constituency, Pádraig McCormack, recalls, Ó Foighil challenged Fitzpatrick to 20 press-ups
London 1831’, agus cóip de ‘Agallamh Oisín agus Pádraig’ a rinne Dáibhí Ó Murchadha dó in 1832 ··· The sale-catalogue of the contents of his library, auctioned in Dublin in 1902, listed 21 manuscripts, several of them now in learned institutions here and in England.’ Tá cuntas ar a lámhscríbhinní agus ar a chaidreamh le scríobhaithe agus scoláirí mar Owen Connellan[q.v.] sa réamhrá le List of Irish MSS in Cambridge Library, 1986 le Pádraig de Brún agus Máire Herbert ··· Is léir ar a bhfuil i gcló dá litreacha ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968, go raibh spéis mhór aige sa teanga agus sna lámhscríbhinní
In Dúchas (1986) tá aistí ag Pádraig Ó Fiannachta, Séamus Ó Buachalla agus Máire de Róiste ··· In Dinneen and the dictionary (2005) in eagar ag Pádraigín Riggs, tá an aiste ‘The Lexicographical Contention of Mícheál Ó hIceadha and Pádraig Ó Duinnín’ le Mícheál Briody ··· [q.v.], an tAthair Pádraig Breathnach, C.M ··· Ansin d’iarr Pádraig Ó Brolcháin [q.v.] air teacht i gcabhair ar an gConradh chun an aidhm sin a bhaint amach
‘Seancha deireanach an tseanghnáthaimh’ a thugann Pádraig A ··· Deir Pádraig Ó Fiannachta in Léas eile ar ár litríocht, 1982 go bhfuil 43 dán ar a laghad luaite leis sna lámhscríbhinní ··· Tá cúig véarsa dá aisling ‘Ar mbeith sealad domhsa in aicis mhór cois taoide’ i gcló ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 agus ‘aisling fíorshuimiúil’ a thugann sé uirthi ··· Bhí cáil na fáistine air agus in Aisling Ghéar..., 1996 insíonn Breandán Ó Buachalla scéal ar thairngreacht a rinne sé, tuairim 1735, sa dán dar céadline ‘Go cúig roímh luis dá dtugadh grásaibh Dé’, i dtaobh an Phrionsa Séarlas Óg a theacht go hAlbain i 1745
Ba é seo Tadhg Ó Buachalla, duine de na múinteoirí náisiúnta úd a bhí ag teagasc Gaeilge ina scoileanna i bhfad roimh Chonradh na Gaeilge; d’éag se Lá Nollag 1906 i nDoire na Cathrach, cé gurbh i dTóchar a bhí cónaí air, agus bhí aiste ina thaobh in The Leader ag Pádraig Ó Duinnín[B3] 19 Eanáir 1907 ··· In éineacht le Risteárd Ó Maoilbhréanainn[B1] agus Pádraig Archer[B3] bhí sé ar na daoine ba mhinice a dhéanadh moltóireacht ar rince ag feiseanna agus ag an Oireachtas ··· Sa chuntas atá ag Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) [q.v.] ar Fheis na Mumhan i 1902 tá an abairt seo: ‘The two little children of Peadar Ua Laoidhléis—next to an tAthair Peadar the attraction of the Feis—who lisped Irish all day long, furnish abundant proof of what can be done in the home, if only parents will take heart, and face the problem of making the children Irish’ (idem 20 Meán Fómhair 1902) ··· Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta, dar le Pádraig Ó Snodaigh (Comhghuaillithe na Réabhlóide, 1966)
Toisc go raibh baint ag Scoil Éanna leis an gcraobh sin bhí aithne ag Pádraig Mac Piarais ar A.J ··· Nicolls (féach litir 246 ag Séamus Ó Buachalla in The Letters of Padraic Pearse, 1979) ··· Tháinig Pádraig Ó Cearnaigh ar an trá ansin agus shábháil sé Cáit ··· Roimh dheireadh na míosa cuireadh coiste ar bun chun airgead a bhailiú ‘le haghaidh mhuintir an bhuachaill chróga a thug a anam ag iarraidh Eibhlín a shábháil’
Deartháir é le Micheál agus Pádraig Ó Máille[q.v.] ··· In éineacht le Piaras Mac Canna[B2], a dheartháir Pádraig, Eoin Mac Néill agus Pádraic Ó Conaire[B2] chuir sé gairm scoile amach faoin bpáipéar sin seachtain roimh Éirí Amach 1916 ··· Dúirt Liam Ó Buachalla faoi in Ar Aghaidh, Feabhra 1938: ‘Bhí aithne agus eolas faoi leith ar bhochta na Gaillimhe aige agus is fial flaithiúil a chuidigh sé leo uair ar bith a raibh a fhios aige go raibh siad ina chall’
Feirmeoir ba ea a athair Pádraig ··· Ní raibh go fóill ach an t-aon mhac amháin acu, Pádraig, a bhí dhá bhliain d’aois
Tá léirithe ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar (1996), sa scagadh a dhéanann sé ar an ábhar ilghnéitheach atá sna 25 lámhscríbhinn dá shaothar sa Leabharlann Náisiúnta, san Acadamh Ríoga agus i gColáiste na Tríonóide, go raibh spéis mhór aige sa pholaitíocht chomhaimseartha agus gur Sheacaibíteach láidir é; tá i gcló aige go leor de na haistriúcháin ar ghiotaí i nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus roinnt dá ráitis inspéise in Eólas ar an domhan i bhfuirm chomhráidh idir Sheán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg ··· Deir Ó Buachalla: ‘Is móide tábhacht an ábhair sin gur i nGaeilge, i gcomhthéacs urbánach intleachtúil, a rinneadh é.’ Agus deir sé freisin: ‘Níorbh aon oileánach iargúlta é Ó Neachtain ach polmat de chuid na haoise agus na cathrach ar mhair sé, a raibh suim an duine literartha aige i gcúrsaí comhaimseartha a linne féin ··· Is í an chéad cheist atá aige ann: ‘A Athair ionúin, a ndeir tú liom gur mó don domhan talmhaí atá faoi ain-Chríostaithe ná faoi Chríostaithe?’ Chuir Pádraig Ó Súilleabháin[B5] eagar ar Beatha Naoimh Antoine ó Phadua (1957), aistriúchán a rinne sé ··· Bhunaigh sé téarmaí ar na nuafhocail bhotúnacha úd ‘dialann’ agus ‘crinlín’: ‘dialannacht, keeping of a day book or diary’ agus ‘crinlíneachánacht, the making of desks.’ Bhain Pádraig Ó Duinnín[B3] leas as an obair (Comhar, Aibreán 1983: ‘Aisling an Duinnínigh’ le Tomás de Bhaldraithe)
Aistí a luann an t-údar sin go minic is ea: ‘Ó Cadhain, Ó Céileachair, Ó Flaithearta’ in Comhar, Bealtaine 1967 le Breandán Ó Buachalla; ‘Liam O’Flaherty—Translator (?)’ in Éire-Ireland, samhradh 1968 agus ‘Ó Flaitheartaigh agus Léirmheastóirí eile’ in Irish Times 22 Samhain 1984 le Tomás de Bhaldraithe[q.v.]; ‘A Writer who bolstered the Irish Revival’ in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984 le hEoghan Ó hAnluain; ‘Liam Ó Flaithearta agus a Dhúchas’ in Willie the Plain Pint—agus an Pápa (1977) le Breandán Ó hEithir[q.v.] ··· Léirigh an Comhar Drámaíochta dráma leis in Amharclann na Mainistreach ar 1 Márta 1926 agus deir Pádraig Ó Siadhail ina thaobh (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘An bundráma ba chonspóidí dár léirigh an Comhar sna blianta luatha seo Dorchadas (1926), traigéide chumasach dhuairc suite ar Oileán Árann le Liam Ó Flaithearta ··· D'athfhoilsigh Nuascéalta Teo The house of gold, le réamhrá ag Tomás Mac Síomóin, agus sheol an tAthair Pádraig Standún an leabhar i Leabharlann Cathrach na Gaillimhe ar 13 Meitheamh 2013
In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Ag tús Lúnasa, trí seachtaine roimh oscailt na hamharclainne, tharraing bean Thomáis Mhic Enrí siar as an dráma—más fíor a reictear, níor thaitin sé lena fear céile go mbeadh uirthi fear eile—Mac Liammóir!—a phógadh is ba í Máire Ní Scolaí a tugadh isteach i bpáirt Ghráinne ina hionad.’ In All for Hecuba, 1946 tá seo ag Mac Liammóir: ‘I was playing Diarmuid myself, Liam [Ó Briain][B3] was Fionn, and Máire Ní Scolaidhe, a lovely dark girl with astonishing golden eyes, was Gráinne ··· Phós sí Liam Ó Buachalla[B4], léachtóir le heacnamaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, in Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, 9 Meán Fómhair 1931 ··· Tugann Ó Raghallaigh cuntas ar na deiseanna foghlama a bhí aici ansiúd: bhí Eric Mac Fhinn [q.v.], Tomás Ó Raghallaigh [B2], Pádraig Ó Finneadha [q.v.] agus Máirtín Ó Flatharta, príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh, ar an bhfoireann teagaisc ··· D’fhág sí airgead le huacht ag Ollscoil na Gaillimhe le duaiseanna i gcuimhne Liam Uí Bhuachalla a mhaoiniú
Pearsa phoiblí ba ea an Buachallach, dar le Declan Kiberd (Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010): “Unlike many scholars, he made a point of writing regularly for a wide audience in newspapers and magazines, often taking strong positions in public debates.’ Samplaí fánacha is ea: a pháirt sa troid, in éineacht le staraithe nótáilte sna 1970idí, ar mhaithe leis Cé an Adhmaid agus oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath a chaomhnú; a throid in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin, Co ··· In Gaelscéal 28 Bealtaine 2010, agus é ag tagairt do shaothair iomadúla Uí Bhuachalla, tugann Nollaig Ó Muraíle sampla suimiúil dá urraim don Ghaeilge mar theanga scolártha: An chéad cheann acu is gá a lua, ba pháipéar é dar teideal “Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn: Cing Séamas” (1983) ··· Ba é Breandán an ceathrú duine den seachtar leanaí acu, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní ··· A leabhair ar Pheadar Ó Doirnín [q.v.] agus ar Chathal Buí Mac Giolla Gunna[q.v.], b’fhéidir, a ghin an scata leabhar sin ar fhilí agus scríobhaithe Uladh a d’fhoilsigh An Clóchomhar: Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh, Pádraig Mac a Liondain, Aodh Mac Domhnaill, agus Nioclás Ó Cearnaigh ··· Cuireann Liam Mac Con Iomaire síos ar thoradh eile a bhí ar an saothar sin: Ba mhinic Ó Buachalla faoi agallamh ar Féach [clár nótáilte teilifise] faoi stair Ghluaiseacht na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge agus chuir sé féin agus [Breandán] Ó hEithir aithne mhaith ar a chéile
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 22 Bealtaine 1954, tugadh an t-eolas seo: ‘Nuair a saolaíodh é i gceantar Eochaille bhí ní amháin a bhaile dúchas ach barúntacht Uí Mac Coille go léir soir go cathair Chorcaí ina Ghaeltacht.’ Ba é an duine ba shine é de sheachtar cailíní agus cúigear buachaillí ··· Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952) ··· Dúirt Breandán Ó Buachalla faoi litreacha Phádraig Phiarais Cúndún: ‘Ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuair Fiachra Éilgeach bunchóip na litreacha anois’ (Go Meiriceá siar, 1979)
I mBaile an Ghóilín, trí mhíle siar ón Daingean i gContae Chiarraí agus cois na farraige a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1883 ··· B’fhéidir a rá gur cheantar breac-Ghaeltachta ba ea Baile an Ghóilín agus gur ‘breac-chainteoir’ é Pádraig ··· Chóirigh Pádraig Ua Maoileoin iad in Seoda an tSeabhaic (1974) agus dúirt sa bhrollach: ‘Ba mise féin Jimín Mháire Thaidhg ··· Dúirt Pádraig Ó Fiannachta ag Éigse an tSeabhaic (Feasta, Meitheamh 1975): ‘Bailiúchán de scéalta liteartha bunaithe ar an mbéaloideas atá sa Baile seo againne ··· Deir Philip O’Leary in The prose literature of the Gaelic revival 1881-1921 (1994): ‘Gaeltacht writers like [Peadar] Ua Laoghaire[B2], Pádraig Ó Siochfhradha, and Séamus Ó Dubhghaill[B2] believed that the ideal “readership” for their work would be illiterate native speakers to whom it would be read aloud’ agus tarraingíonn sé as alt an tSeabhaic in An Claidheamh Soluis 11 Nollaig 1909 (‘Scríobhtar Finnscéalta dúinn’) chun an aidhm spreagthach sin a léiriú
Ag Breandán Ó Buachalla in Studia Hibernica 22/3, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an Comhthéacs Comhaimseartha’) tá i gcló, as lámhscríbhinn i gColáiste na Tríonóide, cuid den tiolacadh a scríobh na Ceithre Máistrí don fhear s’againne tar éis dóibh pátrúnacht a fháil uaidh chun ‘an tseanchroinic darb ainm Leabhar Gábhála a ghlanadh, a cheartú agus a scríobh’ i gcoinbhint Lios Gabháil, Fear Manach, i 1631 ··· Chaith siad dhá mhí ina theach agus croinicí Mhag Uidhir, Giolla Pádraig Ó Luinín, ag cabhrú leo
Is é a dúirt Pádraig Ó Fiannachta faoi in Léachtaí Cholm Cille XIII: Éire Banba Fódla, 1982: ‘Tá a shaolsan agus cás na tíre lena linn fite mar dhlúth is inneach ina chéile ··· Is i Laidín a scríobh an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin[q.v.] an t-aon tuireamh amháin (‘In mortem Davidis Broder, Poetac clarissimi Elegia’) a scríobhadh ar an mórfhile seo agus tá sé in eagar, maille le nótaí, ag Pádraig de Brún in Éigse, geimhreadh 1968 (‘Tuireamh Laidne ar Dháibhí Ó Bruadair’); is aisteach leis an mBrúnach nár scríobh aon duine de na filí atá luaite ag an gCairteánach – Diarmuid Mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh[q.v.], Conchubhar Ó Briain[q.v.], Domhnall Ó Colmáin[q.v.] – tuireamh ··· ‘Léiriú eile é saothar Uí Bhruadair ar an iomlat ó éadóchas go dóchas atá feicthe cheana againn, iomlat anonn is anall de réir mar a bhí “na bearta sin do mhalartaigh an saoghal clis”, mar a thug sé féin orthu, á n-oibriú féin amach’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996)
Pádraig a bhí ar a athair, dlíodóir Seacaibíteach, agus meastar gurbh as an dúiche sin idir Mala agus Mainistir Fhear Maí dó ··· In Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn 1603–1788 (1996), cuireann Breandán Ó Buachalla tábhacht lena bhfuil de léargais aige ina dhánta ar imeachtaí an Stíobhartaigh óig i 1745 ··· Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ » Leabhair Ó Buachalla, B
Bhí Heinrich Wagner ann freisin agus bhí Breandán Ó Buachalla ann ar feadh tamaill agus mise ansin ··· Orthu sin bhí rólanna na n-oifigeach ar fad, stiúrthóir agus urra ar scéimeanna fostaíochta pobail, eagarthóir na nuachtlitreach, páirt ghníomhach i bhfochoistí Lá ’le Pádraig agus an fhéile bhliantúil
Ach tuairimíonn Breandán Ó Buachalla (nóta in Aisling Ghéar, 1996) nárbh é ioncam an Choláiste faoi deara nár mhór an meas a bhí ag an aos léinn air ··· Chuartaigh Pádraig Ó Conchubhair, an Leabharlann Náisiúnta, liostaí an airm ach níor aimsigh taifead iontu gur tugadh coimisiún dó (Éigse, geimhreadh 1943) ··· ‘Aoir nimhneach’ é, dar le Breandán Ó Buachalla agus deir sé: ‘Bíodh go leagtar an dán seo ar Chathal Ó Luinín i bhfoinse amháin, is dóichí gur mar mhagadh a rinneadh sin.’ Scríobh sé dán do John Hall, Leas-Phropast Choláiste na Tríonóide (i gcló ag Quin), agus is dóigh gur ag iarraidh déirce nó pátrúnachta a bhí sé leis an dán adhmholtach a chum sé do Lord St
As on the occasion in 1979 in Galway when NUI awarded him a doctorate and Professor Breandán Ó Buachalla, in his citation, said that Studies would mark the “pre-Carney and post-Carney” period in the genesis of Irish literature ··· Jim received this encomium with his customary urbanity.’ B’údar é ar Naomh Pádraig agus scríobh The problem of St
Bhí sé ar dhuine de na scríobhaithe ba mhó sa 19ú haois agus gheofar eolas ar ar fhág sé de lámhscríbhinní ina dhiaidh ag Ciarán Dawson in Peadar Ó Gealacáin, scríobhaí, 1992 (An Clóchomhar) agus ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 (An Clóchomhar) ··· Tá éiginnteacht i dtaobh dháta a bhreithe; glacann Ó Buachalla le Lá Fhéile Peadar 1792 ··· Pádraig a bhí ar a athair agus ba í Margaret Williams a mháthair ··· Tugann Ó Buachalla gearrchuntas orthu freisin agus deir: ‘Is fearr a insíonn na lámhscríbhinní sin dúinn conas a bhí i dtuaisceart na Mí sa chéad leath den 19ú céad ná aon tuairisc staire dá bhfuil againn agus is fearr an léargas a thugaid dúinn ar Pheadar féin, ná aon bheathaisnéis a fhéadfaí a scríobh air.’ Mhol a chara Aodh Mac Domhnaill [q.v.] mar scríobhaí é do Roibeard Mac Ádhaimh [B3] in 1844 agus chaith sé ceithre mhí ag obair i mBéal Feirste
Tá fianaise éigin ann gurbh é Flaithrí Ó Maoil Chonaire a chum cibé filíocht a leagtar air (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997 le Pádraig A ··· Tá léirithe ag Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 an tábhacht áirithe chomhaimseartha a bhain leis na dánta sin a leagtar air
‘B’í sin an chéad iarracht ar chaomhnadh na Gaeilge thall agus is uaidh a d’eascair obair na Gaeilge trí chéile i Meiriceá’, a deir Breandán Ó Buachalla in Go Meiriceá siar .. ··· Breandán Ó Buachalla agus Liam Ó Dochartaigh ··· Tá aiste ina thaobh ag Pádraig Ó Cléirigh in Rosc, Iúil-Lúnasa 1973
Ba bhall é den choiste a rinne obair chun amharclann Ghaeilge a bhunú ach d’éirigh sé as mar gheall ar easaontas le Liam Ó Briain[B3], mar a thaispeánann Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 ··· Dhealródh sé gurbh eisean an Liam Ó Buachalla a d’aistrigh dráma J.H
Tá sé i gcló freisin ag Breandán Ó Buachalla (Studia Hibernica 10 [1970]) agus tuairimíonn sé gurbh é Nioclás Ó Cearnaigh[q.v.] a scríobh síos an óráid mar atá sí i lámhscríbhinn san Acadamh Ríoga ··· Deir Pádraig Ó Fiannachta (Léachtaí Cholm Chille 1972): ‘Tá óráid King go seolta maorga, agus anamúil go maith ach boladh an íle thall is abhus uaithi.’ Bhí sé ar dhuine den fhoireann nuair a osclaíodh Coláiste Naomh Columba i Stigh Colláin
Tá cuntas air freisin ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain (1968) agus chuir Séamus P ··· Phós sé roimh 1830 agus rugadh beirt bhuachaillí agus ceathrar cailíní dó ··· You will please excuse me for being a little dilatory in sending any writings.’ Leis an tréimhse sin freisin a bhaineann an t-easaontas le hAodh Mac Domhnaill[q.v.] ar ceann dá thorthaí an aoir aitheanta a scríobh Art, ‘An tOllamh Úr’, a raibh de theidil air aige féin ‘Aoir ar Aodh Mac Domhnaill or reflections upon Hugh MacDonnell’s conduct for assuming the name of poet’ agus ‘Hugh McDonnell’s insolence, incapacity and folly in attempting to compose Irish verses censured by Art Bennett’ (i gcló maille leis an dán in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 le Breandán Ó Buachalla) ··· Bhí sé caillte ar feadh céad bliain agus ar chuma éigin tharla i seilbh duine i nDún Pádraig é
Is cuntas maith cuimsitheach ar a shaothar agus a thréithre an leath tosaigh de I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 le Breandán Ó Buachalla ··· I gcomhpháirt le Bunting bhunaigh sé an Irish Harp Society Lá Féile Pádraig 1808 agus ba é a toghadh ina leasuachtarán
D’fhreastail sé ar Scoil Bhaile Bhuirne agus ba iad Micheál Ó Briain [B4] agus Donnchadh Ó Buachalla [q.v.] na hoidí scoile a bhí aige ansin ··· ‘B’é Donnchadh Ó Buachalla an tArd-Mhaistir a bhí ar Scoil Bhaile Mhúirne le linn do Sheán bheith ag dul chúithe agus d’fhéadfa a rá go raibh Gaoluinn spártha aige siúd.. ··· Timpeall an ama seo d’éirigh sé an-chairdiúil lena chomharsa Pádraig Ó Cruadhlaoich [B1] ··· I measc na mbailiúchán a foilsíodh tá: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971); Seanchas an táilliúra (1978) (ábhar a bhailigh sé ó Thadhg Ó Buachalla [B4] in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin); Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (1980); Seanachas Phádraig Í Chrualaoi (1982); Seanachas ó Chairbre 1 (1985) (ábhar a bhailigh sé ó Sheán Ó hAo [q.v.])
Pearse, 1980 in eagar ag Séamas Ó Buachalla gur leag sé os comhair an Ardeaspaig Breathnach i 1906 plean le haghaidh scoile a mbeadh sé féin mar bhainisteoir agus mar phríomhoide inti agus ina mbeadh an Piarsach mar leas-phríomhoide ··· Níor chualathas dada eile faoi agus síleann Ó Buachalla gurbh ar éigean a thuillfeadh an tréimhse fhada a bhí sé sna hÍosánaigh beannacht an ardeaspaig ar a phlean ··· Scríobh Pádraig Ó Duinnín [B3] in The Leader 27 Samhain 1913: ‘Is léan liom le hinsint gur cailleadh Tomás Ó Nualláin an lá faoi dheireadh agus is mór an méala agus is mór an dochar don Ghaeilge a bhás ··· Ach ina dhiaidh san nuair a bhí sé ina bhuachaill óg fásta do chaith sé uaidh iad san agus thug aghaidh ar an nGaeilge is ar Ghaelachas
Ba mhaith lena bheathaisnéisí, Seán Ó Dufaigh, go n-áireofaí é ar dhuine d’fhilí Oirialla—Art Mac Cumhaigh, Peadar Ó Doirnín, Pádraig Mac Giolla Fhiondáin, agus Séamas Dall Mac Cuarta ··· Roghnaigh Breandán Ó Buachalla péire dán leis le cur in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 agus molann Diarmaid Ó Doibhlin iad: ‘Braithim fuinneamh mór go minic ina chuid línte, agus neart
Scríobh go leor daoine cuntais air i rith na 17–19ú haoiseanna, ina measc Pádraig Pléimeann, nach bhfuil aon tuairisc ar a chuntas (1626) anois, Lúcás Wadding[q.v.], John Lynch[q.v.], Sir James Ware, Éadbhard Ó Raghallaigh, agus Laurence Renehan[B6] ··· For us he takes his place beside Ó hEódhusa, Ó Maolchonaire, Keating and others of his time, as an exponent of what we may call classical Irish prose.’ Scríobh Caoimhín Ó Góilí an méid seo in Comhar, Bealtaine 1949 sa tsraith ‘Stílithe Gaeilge’: ‘Má’s mian linn, mar sin, tréithe stíl an mhórúdair seo a chur síos go hachumair, is é shílim nárbh fhéidir dúinn iad a shuimiú níos fearr ná a rá gur chum sé nua-Ghaeilge den chéad scoth, Gaeilge atá saor ó ghéibheannaibh na scol, agus ó gach rian den ghalántacht agus den tseandacht: agus mara bhfuil uaisleacht na sárGhaeilge inti go bhfuil uaisleacht na simplíochta inti.’ In Aisling ghéar: na Stiobhartaigh agus an tAos léinn (1996) fiafraíonn Breandán Ó Buachalla cén fáth ar éirigh leis an bhFrithreifirméisean in Éirinn ··· 1567–1724 (1986): ‘Is dócha gurb iad Cogadh an Dá Aodh agus iarrachtaí na bhFroinsiasach ag tús an seachtú haois déag ba mhó a chabhraigh leis an seanchreideamh a chur in uachtar i saol na Gaeilge arís.’ Tugann Ó Buachalla faoi deara go gcáineann Gaeil Lováin an bhunaíocht ar fad ach nach bhfuil aon cháineadh acu ar Rí Séamus
Cuireann Pádraig A ··· Agus é ag tagairt d’ionsaí ar Éirinn a bhí á bheartú 1625–27 deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is ar an ócáid sin, ceapaim, agus Aodh Ó Dónaill ag ullmhú chun tabhairt faoi Éirinn a scríobh Eoghan Rua Mac an Bhaird ..
Agus é ag cur ina n-aghaidhsean a d’achtódh orainn glacadh leis gur tháinig deireadh le traidisiún na litríochta le bás Aogáin Uí Rathaille scríobh Breandán Ó Buachalla in Nua-léamha (1996) in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha (‘Canóin na Creille: an file ar leaba a bháis’): ‘Ach tuigtear dúinn freisin nach as traidisiún liteartha a bhí ag fáil bháis a fáisceadh Cúirt an Mheon-Oíche, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nó Cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin ··· Bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta a chuntas in Glór na féile (1979) agus an t-eolas beathaisnéiseach in Léas eile ar ár litríocht (1982) ar an taighde sin
Tá cuntais air: ag Breandán Ó Buachalla in Ulster Local Studies vii, 2, 1982 (‘Arthur Brownlow: a gentleman more curious than ordinary’); agus ag Bernadette Cunningham agus Raymond Gillespie in Éigse XXI, 1986 (‘An Ulster Settler and his Irish manuscripts’) ··· Rinne an scríobhaí Pádraig Mac Óghanain cóip de Cath Muighe Léana dó agus scríobh air: ‘Arna sgriobhadh do laimh Phatraic Mhic Oghannan do thríath ro-dhearsgnaithe .i ··· Tá sé i gcló ag Ó Buachalla ··· Deir Michael Cronin faoi (Translating Ireland: translation, languages, cultures, 1996): ‘Thus, translation offered the possibility of an encounter with the other religion, language and culture that would have been unthinkable in other contexts.’ Sa chomthéacs seo a chuireann Ó Buachalla Brownlow: ‘Towards the end of the seventeenth century the centre of gravity of Irish literary activity moved from West to East Ulster to the area lying between Lough Neagh and the Boyne
Annála Ríoghachta Éireann : ní mór aiste thathagach Bhreandáin Uí Bhuachalla in Studia Hibernica 11/13, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha’) agus a bhfuil aige in Aisling ghéar.. ··· Leabhair eile ar na hAnnála is ea The annals of the Four Masters (2010) le Bernadette Cunningham agus The Four Masters and their manuscripts (2013) le Pádraig A ··· But the Annals themselves do not really deserve the high reputation they have attained in the mind of the layman.’ Deir Ó Buachalla gurbh é J.F
Tá cuntas ar a bheatha agus liosta d’fhoinsí i gcló ag Pádraig A ··· Is é an chéad dán é ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) mar fhianaise ar aigne an aos léinn i leith na Stíobhartaigh a bheith ina ríthe ar Éirinn
Ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 (1996) tá cuntas ar dhearcadh Seacaibíteach Uí Neachtain mar is léir ar a dhánta is a scéalta é ··· Tá an dán caointe a chum Seán roghnaithe ag Breandán Ó Buachalla in Nua-Dhuanaire II (1976) ··· Seacaibíteach ba ea é agus scríobh sé in aghaidh na sagart a shéan na Stíobhartaigh in aibiúráisean 1709 (‘Dhá fhear déag is Píobaire’ in eagar ag Pádraig Ó Fágáin in Éigse na hIarmhí, 1985) agus in aghaidh na Banríona Áine agus Rí Seoirse I a theacht i gcoróin