Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Tá cuntais ar a bheatha is a shaothar in Pádraic Ó Conaire (1947) le hÁine Ní Chnáimhín, Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (dara heagrán 1939) le Seosamh Mac Grianna, Scothscéalta (1956) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978) in eagar ag Gearóid Denvir, Clocha ar a charn (1982) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, Gaillimh agus aistí eile (1983) le Proinsias Mac Aonghusa, in Léachtaí cuimhneacháin (1983) in eagar ag Gearóid Denvir, in aiste in The Irish Times 13 Deireadh Fómhair 1983 ag Nollaig Ó Gadhra agus in Saoirse Anama Uí Chonaire (1984) le Tomás Ó Broin[q.v.] ··· Is é an cuntas is mine go fóill ar a shaol agus a shaothar Pádraic Ó Conaire: deoraí, 1994 de Pádraigín Riggs ··· Foilsíodh beathaisnéis leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, Pádraic ó Conaire: scéal a bheatha, 1995 ··· Bhí beirt deartháireacha ag Pádraic: Micheál a rugadh in 1884 agus Isaac a rugadh in 1886 ··· Bhí Pádraic ar scoil Chlochar na Toirbhirte ar dtús agus ansin ag na Bráithre Phádraig
Ag an am céanna bhí Pádraic Óg in ann áilleacht agus fiántas na gceantar Gaeltachta a chur in iúl le friotal a mothódh an léitheoir boladh an tsáile agus na feamainne ann ··· Pádraic a bhí ar a athair agus ba í Nan Ní Fhéinneadha a mháthair ··· Má bhí gaol aige le Pádraic Ó Conaire (1882–1928) [B2] ba ghaol i bhfad amach é ··· I Ros Muc a fuair Pádraic bunscolaíocht agus bhí sé ar na daltaí ba thúisce a d’fhreastail ar Scoil Éanna, Ráth Fearnáin: chuaigh sé isteach ann 7 Deireadh Fómhair 1908 ··· Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 26 Eanáir 1918: ‘King’s County Independent contains the first instalment of an interesting and well-written novel of present day life in Ireland by Pádraic Óg Ó Conaire, the organiser of Offaly’
I nGaillimh a rugadh é (Pádraic Gearóid) ar 12 Aibreán 1924 ··· Ba é Pádraic an duine ab óige den chúigear clann a bhí acu ··· Bhí Máire Sinéad ag múineadh ar feadh 35 bliana i Scoil Náisiúnta an Chladaigh i gcathair na Gaillimhe agus is ann a bhí Pádraic ar scoil ar dtús; ceantar bocht ba ea é agus thosaíodh an mháthair go luath gach maidin chun go mbeadh an tine coigilte agus cócó te ullamh do na leanaí ocracha ··· Chaith Pádraic tamall i scoil Bhráithre Phádraig agus as sin chuaigh go Coláiste Iognáid ··· Ó 1953 go ceann tamaill bhí sé ag obair le O’Kennedy-Brindley Advertising agus bhí sé i gceannas ar fhógraíocht raidió agus teilifíse ann; bhíothas díreach tar éis Gael Linn a bhunú agus Pádraic a chraoladh beo a gclár urraithe gach Luan
Le Roux, a d’aistrigh Desmond Ryan ón bhFraincis: Pádraig Mac Piarais (1938), le Séamus Ó Searcaigh [B2]; Pádraic Pearse, a new biography (1966) le Hedley McCay; P.H ··· Foilsíodh scríbhinní an Phiarsaigh in Collected works of Pádraic H ··· Foilsíodh An ród seo romham: saol agus saothar Phádraic Mhic Phiarais (2007) le Liam Mac Uistín agus Pádraic Mac Piarais: saol agus oidhreacht (2009) in eagar ag Roisín Higgins agus Regina Uí Chollatáin ··· Maidir lena chéad ainm, ‘Pádraig’ nó ‘Pádraic’, áitíonn Eoin C ··· Bairéad gurbh é ‘Pádraic’ a bhíodh in úsáid ag an bPiarsach féin (‘What was Pearse’s first name?’, Dublin Historical Record, Fómhar/Geimhreadh, 2014)
Tá cuntais uirthi ag Pádraic Ó Raghallaigh[q.v.] agus ag Seán Mac Réamoinn ar chlúdach an cheirnín (CEF 029) a d’eisigh Gael Linn i 1971 ··· Tá taifid a rinne sí le Pádraic Ó Raghallaigh[q.v.], Proinsias Mac Aonghusa, Nollaig McCarthy agus Pádraic Dolan i gCartlann Raidió RTÉ ··· Ba í a léirigh Caitlín na Clúide le Pádraic Ó Conaire sa Taibhdhearc 17 agus 19 Nollaig 1930 (Ó Siadhail)
Fiú i 1918 bhí Seán Ó hÓgáin[B2] ag cur na ceiste ‘An file is fearr: an é “Pádraic” é?’ (Fáinne an Lae 9 Feabhra 1918) ··· Pádraic’ an t-ainm cleite a bhí aige ar feadh i bhfad
Deir Pádraic óg Ó Conaire[q.v.] (Liam Ó Maolruanaidh, 1975) go raibh eagla ar bhaill roimh a chuid polaitíochta ··· Thug Pádraic óg Ó Conaire samplaí dá phrós Gaeilge le chéile sa leabhrán thuasluaite ··· Shíl Pádraic Colum go raibh an eitinn air ach luaitear fiabhras inchinne freisin ··· Dúirt Pádraic Colum: ‘Those who did not know William Rooney personally find it hard to understand Griffith’s idealization of him
Bhí sraith alt i gcló aige in An Claidheamh Soluis, “Turas faoi Thír-Fhiachrach i gCondae Shligigh”, ag tosú ar 2 Lúnasa 1902, agus cur síos iontu ar na cruinnithe agus na feiseanna ar thug sé cabhair don timire Pádraic Ó Máille lena n-eagrú ··· An Canónach Pádraic S ··· Cibé daoine dá raibh sé ag tagairt níl le fail sna haistí atá luaite thuas, ag Pádraic Ó Domhnalláin sa Catholic Bulletin (Bealtaine 1930) agus ag mac léinn in An tIrisleabhar, Ollscoil na Gaillimhe Iml
D’aistrigh sé cúig leabhar: Muintir Chois Locha, 1934 (The Loughsiders le Shan Bullock); Mac-Gníomhartha Fhinn Uí Dhomhnaill, 1934 (A boy in Eirinn le Pádraic Colum); Eadar muir is tír, 1935 (Lost on Du-Corrig le Standish O’Grady); Croidhe na cruinne, 1937 (The heart of the world le Henry Ryder Haggard); Caisleán na smachta, 1939 (Castle conquer le Pádraic Colum)
Chuir Proinsias Mac Aonghusa eagar ar Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997); chomh maith le haistí ann lena dheirfiúr Caitlín, lena chliamhain Máirtín Ó Flathartaigh, a iníon Clíona agus a mhac Pádraic, tá cuntais ann ag Liam de Paor[q.v.], Proinsias Mac Aonghusa, Proinsias Mac Cana, Seán Mac Réamoinn, Eilís Ní Bhrádaigh, Anraí Ó Baoighealláin, Art Ó Beoláin[q.v.], Tomás Ó Concheanainn, Brian Ó Cuív[q.v.], Stiofán Ó hAnnracháin, Éamonn Ó hÓgáin, Máirtín Ó Murchú, Úna Uí Bheirn, agus Seosamh Watson, chomh maith lena ndúirt Micheál Mac Craith OFM ag Aifreann éagnairce Thomáis agus le leabharliosta cuimsitheach le Marion Gunn ··· Chuir sé eagar freisin ar: Nuascéalaíocht 1940-1950 (1952); Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire (1956); Seacht mbua an Éirí Amach (1967) le Pádraic Ó Conaire; Cín lae Amhlaoibh (1970); Seanchas Thomáis Laighléis (1977); Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1985) le Tomás Ó Cléirigh[B4]
Ach bhí go dearfa triúr againn—Pádraic Ó Conaire, an Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna— a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith.’ Gheofar eolas air in: A flight from shadow: the life and work of Seosamh Mac Grianna (1999) le Pól Ó Muiri; Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile (1970) le Proinsias Mac an Bheatha[q.v.]; Rí-éigeas na nGael: léachtaí cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna (1994) in eagar ag Nollaig Mac Congáil ··· Deirtear gurbh i ndiaidh dó An chéad chloch le Pádraic Ó Conaire [B2] a léamh a chuir sé roimhe scríobh i nGaeilge ··· Is iad na leabhair bhunaidh a scríobh sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa: Dochartach Dhuibhlionna agus sgéaltaí eile (1925) (eagrán nua ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in 1976); Filí gan iomrádh (1926) (cuntas ar Dhálaigh Rann na Feirste sa tseanaimsir); An grádh agus an ghruaim (1929) (gearrscéalta); Eoghan Ruadh Ó Néill (1931) (úrscéal stairiúil); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936) (eagrán nua 1986); An Bhreatain Bheag (1937); Na Lochlannaigh (1938); Mo bhealach féin agus Dá mbíodh ruball ar an éan (1940) (an dá leabhar faoin aon chlúdach); An droma mór (1969)
Bhí sé cairdiúil le Pádraic Ó Conaire[B2] agus roghnaigh Tomás de Bhaldraithe cuntas ar a chaidreamh ar an mórscríbhneoir le cur ina chnuasach Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982
I gConradh na Gaeilge thall dhéanadh sé freastal ar na ranganna agus d’éirigh sé cairdiúil le Micheál Breathnach [B2] agus Pádraic Ó Conaire[B2] ··· Tá cuid dá chuimhní ar Phádraic i gcló ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn (1982)
Bhí post státseirbhíse aige i Londain agus thaithíodh sé imeachtaí Chonradh na Gaeilge sa chathair sin, mar is léir ar aiste a bhí i gcló aige in Times Pictorial ar dtús agus ansin ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982 ··· Bhí spéis ar leith aige sa tseoltóireacht agus nuair a bhí cónaí air i mBinn Éadair thugadh sé Pádraic Ó Conaire[B2] amach ar an bhfarraige
Chuir sé spéis ar leith in Pádraic Ó Conaire[B2] agus deir Pádraigín Riggs (Pádraic Ó Conaire: Deoraí, 1994) gurb ina leabhar Saoirse Anama Uí Chonaire, 1984 atá an chéad staidéar cuimsitheach ar na pearsana in Deoraíocht
Is i Londain a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus bhí Pádraic Ó Conaire[B2] ar dhuine dá mhúinteoirí ··· Bhí sé ina chogadh faoin nGaeilge in Ollscoil na hÉireann an bhliain dár gcionn agus d'áirigh Pádraic Mac Piarais[q.v.] Gwynn mar dhuine de na Gaeilgeoirí i Seanad nuacheaptha na hOllscoile
Bhí caidreamh aige le Pádraic Ó Conaire[B2] timpeall an ama seo (‘Ag casadh le Pádraic Ó Conaire’ in Comhar, Aibreán 1953)
Scríobh sí saothar a bhí ceannródaíoch ag am a fhoilsithe, Pádraic Ó Conaire, 1947
Pádraic Mac Piarais a fuair an dara háit
In 1877 d’fhoilsigh sé Irish Grammar Rules in Prose and Verse, Lessons in Gaelic for the use of Schools and Self-Instruction, sraith leabhrán, in 1880–1, An Casán go Flaitheamhnas, leabhar urnaí, in 1882 agus Leabhar-Urnuighe Naoimh Pádraic, ar cuireadh cuid mhaith eagrán de amach, tuairim 1894
Is é traidisiún na háite go dtugadh Pádraic Ó Conaire cuairt ar a theach ann go minic
Mac leis is ea an craoltóir Pádraic Ó Raghallaigh
Mac leis is ea Pádraic Ó Catháin, craoltóir agus amhránaí
Dúirt Pádraic Óg faoi: ‘Duine gleoite spórtúil é, ar an lúthnaire is dea-chumtha dá bhfaca riamh’
Chabhraigh a bhean chéile, Eibhlín Ní Neachtain, múinteoir, leis sa ghnó seo; cainteoir maith Gaeilge ba ea an iníon seo le Pádraic Ó Neachtain, múinteoir náisiúnta sa Chladach, Gaillimh
Deir Proinsias Mac an Bheatha go mba dhlúthchara ag Pádraic Ó Conaire [B2] é ach níl tagairt dó ag beathaisnéisithe an údair sin; deirtear freisin gur aistrigh sé scéalta de chuid Uí Chonaire agus go raibh baint aige le tógáil na deilbhe ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe
Roghnaigh Tomás de Bhaldraithe an aiste sin le cur i gcló in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982
Chuir sé aithne ar an bhfile Pádraic Learaí Ó Finneadha agus scríobh a chuid amhrán uaidh
Shíl Seosamh Mac Grianna (Pádraic Ó Conaire agus aistí eile, 1936) ‘An Bonnán Buí’ a bheith inchomórtais le ‘The Rubaiyat of Omar Khayyam’
Deir Breathnach: ‘Over a period of about thirty years we find a trace of a Curnán or Cornán Óg, who is also called Father Pádraic Ó Coirnín...
In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) [B5] agus chum Seán amhrán ina onóirsean
Aistriúchán a rinne sé ar Tír na n-iongantas le Pádraic Ó Conaire [B2] is ea The land of wonders, 1919
Bhí an t-athair ag obair mar pheidléir sna Stáit Aontaithe ó 1867 go 1876 agus tá cuntas air in Micheál óg 1884-1958 ó’n a pheann féin agus cuid dá dhánta, (1983) in eagar ag Pádraic Mac Seáin S.P
Pádraic Mac Piarais[B4] a fuair an post, rud a thug ar Ó hIceadha éirí as a bheith ina Leasuachtarán ar Chonradh na Gaeilge
B’fhéidir a áireamh i measc a chairde James Connolly, Pádraic Ó Conaire [B2], P.S
Chuir sé eagar ar roinnt téacsanna: ‘Tochmarc Fhearbhlaidhe’ in Ériu, 1904; Céadtach Mac Fhinn as Éirinn (1907); ‘Tóraíocht Fhiacail Rí Gréag’ i gcomhpháirt le Pádraic Mac Piarais, in An Claidheamh Soluis, 1904; Stair Éamuinn Uí Chléire do réir Sheáin Uí Neachtain (1918); Torolbh Mac Stairn le Micheál Coimín (1923)
Tar éis bunscolaíochta chuaigh sé isteach i gColáiste na Carraige Duibhe; bhí sé ann ag an am céanna le de Valera, lena chol seisir Pádraic Ó Conaire[B2], agus le John Francis D’Alton a bheadh ina chairdinéal
In An Irish Journey, 1940 chuir Seán Ó Faoláin Máirtín i gcomparáid lena fhear gaoil Pádraic Ó Conaire[B2]: ‘Martin McDonagh is an equally polar contrast: the son of a poor man who got a foothold in business and left Martin with a chance to make good
Feirmeoir a athair Pádraic Ó Beirn (Byrne)
Sholáthair sé na haistriúcháin Clann Odin (1936) (Pádraic Colum) agus Na géacha fiadhaine (1935) (Stanley Weyman)
É ina mháistir ar an nGaeilge dhúchasach, bua iontach focal aige, agus é in ann prós bríomhar a scríobh’ (The Bell, Meitheamh 1944—aistrithe ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982)
Bhí Tomás ar a shuaimhneas ann fad is a mhair sé - ar feadh 25 bliana” (Feasta Iúil 1973 “Tomás Bairéad: spléachadh ar an bhfear agus ar a shaothar”, le Pádraic Breathnach)
Pádraic Pearse is talking earnestly to Norma Borthwick”
Dúirt Pádraic Ó Domhnalláin faoi An Troid agus an tUaigneas: ‘Dréachta cumasacha feallsúna atá ag borradh le an-lear eolais maille le céadscoth urlabhra’
D’fhoilsigh Tomás de Bhaldraithe comhfhreagras in Clocha ar a charn, 1982, a thaispeánann go ndearna an sagart gearán ar leabhair le Pádraic Ó Conaire, go raibh siad graosta
Maíodh gurbh é Cormac Mac Airt (1927) an chéad leabhar dár fhoilsigh An Gúm, ach is é a thabharfá leat ón liosta in Foilseacháin an Ghúim 1926-2003 (2003) gur túisce ná é a foilsíodh Beagnach Fíor (1927) le Pádraic Ó Conaire agus Lorgaireacht (1927) le Micheál Ó Gríobhtha
Nuair a ceapadh Peadar Ó hAnnracháin agus Pádraic Ó Máille ina dtimirí bhí post an Ard-Timire ag Tomás
D’iarr Pádraic Mac Piarais air i 1908 bheith ina chomhfhreagróir i gConnachta ag An Claidheamh Soluis