Líon alt a aimsíodh: 15
Tá cuntas ar an aistritheoir seo ag Uinsionn Ó Domhnaill in Donegal Democrat 2 Samhain 1995 agus ceann in An tUltach, Samhain/Nollaig 1995 ag Pádraig Ó Baoighill ··· Ba é an scéalaí cáiliúil Johnny Shéimisín Ó Domhnaill [Seán Ó Domhnaill B1] a athair agus ba í Áine Ní Dhoirnín as Cró Bheithe a mháthair ··· Is mar seo a ghabh Uinsionn Ó Domhnaill a ghinealach: ‘Ba é an mac ab óige agus an duine deireanach beo de theaghlach Johnnie Shéimisín Tharlaigh Bhig Phádraig Néil Mhóir Uí Dhómhnaill (as Inis Sáile) a bhí pósta ar Anna Bhriain Sheáinín Phádraig (Jaighnear) Phádraig Dhuibh Uí Dhómhnaill (as na hOileáin) a bhí pósta ar Róise Sheáin ’ac Grianna
Chuir Niall Ó Domhnaill eagar ar scór scéal dá chuid in Scéalta Johnny Shéimisín a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh i 1948 ··· Ó Shéamas Ó Domhnaill a scríobh ‘An chéad Mháirt den Fhómhar’ a shíolraigh sé ··· Óna athair agus a mháthair a chloiseadh sé bunáite a scéalta ach bhíodh sé ag éisteacht freisin le Niall Ó Baoill, an scéalaí ab fhearr dár chuala sé riamh, dar leis féin ··· Fuair an mac ab óige aige, Niall Johnny, bás ar 13 Deireadh Fómhair 1995 ··· D’aistrigh sé Muintir Chois Locha, 1934, Mac-Ghníomhartha Fhinn Uí Dhomhnaill, 1934, Eadar Muir is Tír, 1935, Croí na Cruinne, 1937, Caisleán na Smachta, 1937.Tá cuntas air ag Vincie Shíle (Uinsionn Ó Domhnaill) in Donegal Democrat 2 Samhain 1995
Mac ba ea é le Niall Ó Domhnaill agus a bhean Honoria Joyce, an Mhala Raithní, Co ··· Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa Mhala Raithní 10 Iúil 1899 tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis gur toghadh Niall Ó Domhnaill ina leasuachtarán agus Mártan Ó Domhnaill ina chomhrúnaí ··· Bhí siopa agus talamh ag Niall (1838–1927) ··· Bhí a dheartháir Pádraig Ó Domhnaill, Baile Uí Fhiacháin, ina bhall de choiste a fhoilsithe
Mac ba ea é le Conall Ó Domhnaill, Tiarna Leifteanant Chontae Dhún na nGall le linn Shéamuis II, agus Gráinne Ní Dhomhnaill, iníon leis an Ruairí Ó Domhnaill sin ar gharmhac é le Niall Garbh Ó Domhnall (1569–1626) ··· Ó Mhaghnas Ó Domhnaill [q.v.] a shíolraigh sé agus ba é a chuir Séamus Maguídhir, scríobhaí, a thiomsú na ndánta a bhain lena mhuintir, 113 díobh, le haghaidh Duanaire Uí Dhomhnaill, lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta
Foilsíodh Foclóir Béarla agus Gaedhilge: English-Irish Dictionary (1935) agus bhí seo le rá ag Mac Cionnaith sa réamhrá: ‘The Editor was fortunate in securing the services of three well-educated native speakers, Póilín Bhreathnach, B.A., Siobhán Ní Mhainín, B.Comm., and Niall Ó Domhnaill ··· Tá eolas ar shaol agus ar shaothar an fhoclóirí mhóir seo: in Inniu 17 Samhain 1950 sa tsraith ‘Comhaimsirigh’; in Amárach 18 Nollaig 1981 ag Séamus Mac an Rí; in agallamh le Liam Ó Muirthile in Comhar, Aibreán 1989; ag Dónall Ó Baoill in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil; ag Éamonn Ó hÓgáin (‘Niall Ó Dónaill 1908-1995’) agus ag Risteárd Ó Glaisne (‘Niall Ó Dónaill: cuimhní pearsanta’) in Anois 18-19 Feabhra 1995; in ‘Tuarascáil’ in Irish Times na Céadaoine i ndiaidh a bháis ··· Chaitheadh Tarlach ó Mheitheamh go Samhain ag obair le feirmeoir in Albain agus fuair bás nuair a bhí Niall 13 bliana d’aois agus ba é an chuimhne a d’fhan ag an mbuachaill óg air: ‘É ina éadaí Domhnaigh agus mála aige ag dul anonn an pháirc ar a bhealach go hAlbain ··· In Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997) cuireann Eilís Ní Bhrádaigh síos ar an gcaoi ar athshnaidhmeadh cairdeas eatarthu in 1959: dúirt Niall leis an Muirthileach go raibh deich mbliana, tar éis do Forbairt na Gaeilge a theacht amach, nuair nár labhair Séamus leis ar chor ar bith; i ndiaidh bhás Shéamuis chuir sé eagar ar chnuasach dá ghearrscéalta, Cora cinniúna 1 (1993) agus Cora cinniúna 2 (1993) ··· Shíl Niall féin gur chuir obair an aistriúcháin seacht mbliana ar gcúl é mar scríbhneoir
Cara leis ba ea Niall Ó Dónaill[q.v.] agus tá a chuntas-san in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil ··· Deirfiúr leis an scéalaí cáiliúil Johnny Shéamaisín Ó Domhnaill ba ea a mháthair, Máire; is é a dúirt Séamus faoin muintir a tháinig roimpisean go ndearna siad amhráin agus dánta chomh maith is rinneadh in Éirinn lena linn ··· Deir Niall Ó Dónaill gurbh é Peadar O’Donnell a roghnaigh Seosamh chun leabhar dá chuid a aistriú ‘nuair a bhí a shláinte ag briseadh air agus é fágtha ar bheagán saothraithe’; chreid Mac an Bheatha gur faoi dheireadh 1936 a thosaigh sé ar Adrigoole Uí Dhomhnaill a aistriú ··· Deir Niall Ó Dónaill: ‘Tháinig an cosc, cuid mhaith, as na gearáin phoiblí a rinne scríbhneoirí mar Sheosamh é féin ar chóras aistriúcháin an Ghúim.’ Is dóigh le Ó Muirí go raibh teacht isteach réasúnta aige ón obair ach nárbh é an sórt duine é a n-oirfeadh an córas íocaíochta dó, is é sin an t-airgead a bheith ag teacht ina chnapanna anois is arís ··· Níltear cinnte nach pósta léi a bhí sé; bhí sise pósta roimhe sin ar mhairnéalach dar sloinne Ó Domhnaill agus tuairimítear gur beannacht na heaglaise Caitlicí amháin a bhí ar an bpósadh le Seosamh, má bhí pósadh ann
Scéalaí freisin ba ea athair Mhicí Seán Néill, mangaire eallaigh (d’éag ar 24 Eanáir 1936) agus is óna athairsean, Niall, a fuair Johnny Shéimisín [Seán] Ó Domhnaill [B1] an chuid is mó dá scéalta
Scríobh Niall Ó Domhnaill in Scéala Éireann ina thaobh: “Father Canice was a great scholar and a gentle friendly man who was modest about his work
Dúirt timire Chonradh na Gaeilge, Aodh Ó Dubhthaigh [faoi Ó DUBHTHAIGH, Niall B1], in An Claidheamh 7 Samhain 1914; ‘Ní féidir do aoinneach a insint go deo an méid oibre a rinne sé ar son chúis na Gaeilge’ ··· Chaith sé tamall ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Adhamhnáin sula ndeachaigh sé i gceannas ar Choláiste na gCeithre Máistrí a luaithe a chuir an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] ar bun é
De réir na teistíochta a rinne Niall Garbh Ó Domhnaill ar 7 Lúnasa 1606 bhí Mac Artúir gníomhach i Sasana (’That one Robert McArthur, a Jesuit, is now in England, in the habit of a captain, and doth from thence advertise the Earls of all occurences’)
An bheirt scríobhaí, Niall Gruamdha Ó Catháin agus Aodh Ó Dochartaigh, a rinne ‘Duanaire Finn’ a chóipeáil agus críochnaíodh an obair in imeacht 365 lá ··· Ba gharmhac é leis an taoiseach cáiliúil Somhairle Buí Mac Domhnaill (c.1505–90), agus bhí gaol aige le príomhtheaghlaigh Uladh dá réir sin; ba iníon le Conn Ó Néill, céad Iarla Thír Eoghain, a sheanmháthair ··· Ba é Sir Séamus Mac Domhnaill, comharba Shomhairle Bhuí mar thaoiseach ar Dhomhnallaigh an Rúta agus Ghlinnte Aontroma, a athair ··· This gallant officer, the patron of our country’s belles lettres, adds variety and charm in his gay Spanish uniform to the brown-clad figures of Ward, Fleming, Colgan, and the rest.’ Bhí mac Shomhairle, Séamus, ina leascheann feadhna ag a chol seisir, Alasdar mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill [q.v.]; ní raibh an mac seo i gCath Chnoc na nOs agus d’imigh ar deoraíocht c.1648
Drámadóir, file agus liriceoir ab ea Aodh Ó Domhnaill a chaith a shaol oibre i mBanc Ceannais na hÉireann; scríbhneoir go smior ó na 1970idí nuair a chum sé amhráin don bhanna ceoil Na hUaisle, trí na 1980idí agus 1990idí nuair a foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, agus go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin ··· I mBaile Átha Cliath a rugadh Aodh ar an 19 Meán Fómhair 1947, an tríú duine clainne ag Anton Ó Domhnaill, príomhoide scoile ó Mhín Beannaid, na Rosa, Co ··· In 1971 phós sé Mairéad Ní Chinnéide ó Chiarraí agus bhí beirt chlainne acu, Nóirín agus Niall ··· Nuair a comóradh leathchéad bliain Aisteoirí Bulfin ar eagrán Mhárta 2017 de Comhar, grianghraf d’Aodh a bhí ar an gclúdach, agus in alt ag Mícheál Ó Gruagáin, duine de bhunaitheoirí an chompántais, tugadh aitheantas ar leith d’Aodh: Ní bheadh Aisteoirí Bulfin in ann drámaíocht den chéad scoth agus saibhreas clár drámaíochta a bhaint amach murach go raibh an t-ádh dearg linn go raibh beirt de na drámadóirí Gaeilge is cumasaí sásta a saothar a roinnt go fial linn – Pádraig Ó Giollagáin ar feadh 30 bliain ó 1973 agus Aodh Ó Domhnaill go dtí an lá atá inniu ann ··· Aon dráma is tríocha ar fad a scríobh Aodh Ó Domhnaill, 25 don stáitse ar léirigh Aisteoirí Bulfin (AB) 16 acu: Fuílleach (AB, 1980idí); Caifé-ar-ais (AB, 1987); Oíche le Pádraig (AB, 1988); Muirc (AB, 1990); Loic ar leac (AB, 1994); Bean ar tí léime (AB, 1995); Lá breá (AB, 1996); Republica (Aisling Ghéar, 1996); Luaithrín (1997); Bertie Bush agus Mamó an Diabhail (AB, 2004); Mac a’ Stanley (AB, 2006); Cillín Shaddaim (2007); Raic (2008); An campa (AB, 2008); Biffó béar (AB, 2009); Ar deireadh (2009); Na leabhra (2010); Idir an dá shúil (An Taibhdhearc, TíAitreo sa Phéacóg, 2010;) Gur eile (AB, 2011); LaraeDó (AB, 2013); Dúnmharú (2012); Tuile (2014); 1915 (AB, 2015); Lón Leningrad (AB, 2016); Dearmad na fola (AB, 2018)
Tá na filí Pádraig Mac a Liondain [q.v.] agus Niall Óg Mac Murchaidh (– 1714) le háireamh i measc a chairde ··· Is dóigh go bhfaigheadh sé pátrúnacht ó na huaisle sin a mhol nó a chaoin sé: Somhairle Mac Domhnaill a cailleadh in Eachroim, an Cornal Brian Mac Naois, Murcha Crúis, Barún Sláine, Clann Mhic Dhiarmada, agus Tiarna Lú ··· Fuair a chara Niall óg Mac Murchaidh bás i 1714 agus a bheirt deartháireacha i 1717
Bhí muintir Uiginn in ann, dar leo féin, a nginealach a rianú siar go dtí Niall Naoighiallach ··· Ní gá ach an t-eagrán [Knott] a bhreithniú chun an réimse mór pátrún a thuiscint: Clann Dálaigh, Í Néill, Clann Uidhir, Í Chonchubhair Sligigh, Clann Uilliam Íochtair, Clann Suibhne, Clann Domhnaill, Ó Dochartaigh, Ó Ruairc, Ó Broin, agus dar ndóigh, Í Eadhra.’ Cuireann Ó Macháin Mathghamhain Ó Briain leis an liosta sin
Ba iad Niall Mac Giolla Bhríde [B1] in 1905 agus Domhnall Ó Buachalla [B3] in 1908 na cosantóirí sa dá chás ··· Ag an gcruinniú sin freisin bhí: Micheál Ó Rathghaille, Stiofán Mac Enna, Brian Ó hUiginn, Tomás Mac Domhnaill, Seoirse agus Anraí Mac Niocaill, agus Seán Mac Giollarnáth