Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Deir Ó Súilleabháin agus Ó Conaill gur chaith Micheál cuid mhaith ama ina oibrí feirme ag Micheál Ó hIarlaithe sa Doire Liath, gur aistrigh sé ag pointe éigin go dtí Baile Uí Ghibealláin in aice Cheann Toirc agus ansin gur chaith sé an chuid eile dá shaol i dteannta Thomáis Uí Chorcora i mBarr an tSeana-Chnoic ··· Gur léigh Seán Ua Súilleabháin agus Donncha Ó Conaill páipéar ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar 2 Nollaig 1995 níorbh fhéidir a rá go soiléir cérbh é féin ··· I mBaile Mhic Íre in Eanáir 1996, sheol an Dr Seán Ua Súilleabháin fístéip ar a shaothar agus a shaol ··· Bhí a fhios go raibh gaol ag Micheál le Conchubhar Ó Deasumhna[B4] agus rinne Seán amach go mba dheirfiúracha iad máithreacha na beirte ··· Bhí a fhios ón eolas atá tugtha i nDaonáireamh 1901 go raibh Micheál 24 bliana d’aois agus a mháthair Ellen 72
Ba iad Séamus Ó Súilleabháin, feirmeoir a raibh feirm bheag de thalamh sléibhe aige, agus Bridget Ní Shúilleabháin a thuismitheoirí; leis na Súilleabhánaigh Liatha a bhain an bheirt acu ··· Gaeltacht ba ea an ceantar nuair a rugadh Micheál ··· Ansin fuair sé post i gColáiste Naomh Micheál i Lios Tuathail thart ar 1914/15
Do Micheál Eoin Ó Súilleabháin, bunaitheoir agus reachtaire Éigse Éireann ag fágaint Baile Átha Cliath dó, Nollaig 1943’ (‘Agus seo mo dhuine beag soineanta séimh in ár gclúid / Ar tí an imeachta tá ag bogadh ár mbraonta súl’) ··· Mason ach ba é Micheál Ó Súilleabháin (1887-1961) [q.v.] a d’aistrigh ··· D’aimsigh an Dr Ó Mathúna freisin taifid na beirte deartháir agus a dheirféar, agus tá siad sin, chomh maith le hainm baiste na máthar, ag réiteach leis an eolas i nDaonáireamh 1911 agus in uacht Mhichíl, ach amháin deartháir amháin a d’éag roimh 1911, mar is léir ón Daonáireamh ··· ‘File atá i Micheál agus is iomdha giota breá filíochta a chum sé ó am go h-am i mBéarla agus i nGaeilge’, a deirtear sa phortráid úd agus luaitear freisin ann go raibh spéis mhór aige sa drámaíocht agus gur léirigh Cumann na Fraincise i mBaile Átha Cliath dhá dhráma dá chuid: Écoutez bien agus Le Palais de bonheur ··· Bhí 16 dán le Micheál le bheith ann, chomh maith le haiste bheathaisnéise
In alt dar teideal ‘Carmanaigh agus an Ghaeilge’ (An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1911) tá cur síos ar a shaothar: ‘Ba é Micheál Ó Súilleabháin, togha cuireadóra aneas ó Chorcaigh [sic], an fear a chuir an síol ··· Bhí Micheál gníomhach i gConradh na Gaeilge i Londain ó bunaíodh é ··· Géigéir ab ea Micheál Bán agus is in Inis Córthaidh a bhí cónaí air ··· Máirt na hInide 1903 bhí fleá ar siúl ag Craobh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, agus thar ceann Banba bhronn Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B3] dealbh de Eoghan Ó Gramhnaigh[q.v.] mar chomhartha pósta ar Mhicheál agus a bhean Bríd ··· Thagair sé don dosaen éigin bliain a bhí caite ag Micheál ag obair ar son na teanga
Foilsíodh ‘Micheál Chormaic Ó Súilleabháin’ le Eugene Daly in Skibbereen and District Historical Society Journal Imleabhar 1, 2005 ··· I measc na bhfoinsí a luann Eugene Daly tá ‘Aiste ar Bheatha Mhichíl Chormaic Ó Súilleabháin’, ‘written by Cáit Ní Chiarúcháin (Carey) from Derrylugga, who taught in the Abbey School, Skibbereen, joined the Mercy Order about 1912 and died in the Flu of 1918 ··· Ba iad Cormac Ó Súilleabháin, feirmeoir, agus Cáit (nó Máire mar a thugtar uirthi uaireanta) Ní Iarlaithe ó Dhoire a’ Loga a thuismitheoirí ··· Cailleadh an mháthair go hóg, díshealbhaíodh an teaghlach agus cuireadh Micheál chuig muintir a mháthar i nDoire a’ Loga nuair a bhí sé fiche bliain d’aois ··· Is beag scolaíocht a cuireadh ar Mhicheál
D’fhreastail sé ar an meánscoil ansin, mar a raibh Seán Ó Súilleabháin[q.v.] mar mhúinteoir aige ··· Gabhann sé buíochas sa leabhar le Pádraig, le Micheál Turraoin (‘Maidhc Dháith) [B5] agus le Micheál Ó Cionnfhaolaidh[B4] ··· I léirmheas ar an dara heagrán de Sean-Chaint na nDéise, le Micheál Ó Síocháin[B3] deir sé: ‘Its publication may well lead us to hope that another and an even more important book, representing the greater part of Dr ··· From numerous footnotes the reader may be able to form some idea of what has been lost in fifty years.’ Ba é Nioclás Barún, nia leis an Ardeaspag Micheál Ó Síocháin, a bhronn na nótaí ar Choláiste na Rinne ··· I gcomhar le Seán Ó Súilleabháin, a sheanmhúinteoir, chuir sé ‘Focail ó pharóiste Thuaith Ó Siosta’ ar fáil in Éigse 4, Cuid 1,1943
Distinguished lecturers and musicians, drawn from Micheál’s immense circle of friends, were always ready to help him, so that in the old school in Knockavilla one might hear Gearóid Ó Tuathaigh lecturing on Pearse, or hear music from na Caisidigh, or Micheál Ó Súilleabháin or Nóirín Ní Riain.’ B’fhéidir gurbh ina cheantar féin is fearr a chruthaigh sé mar cheannaire ··· Toghadh é ina Uachtarán ar an gConradh Domhnach Cásca 1959 i gCorcaigh; bhí athrú mór ag teacht ar an tír le linn dó a bheith sa phost agus is ar Mhicheál agus ar Dhonncha Ó Súilleabháin[q.v.] a thit sé polasaí i dtaobh na teilifíse a dhréachtadh agus a bhrú chun cinn ··· Tugann Donnchadh Ó Duibhir cuntas ar ‘an bhfiallach breá fir’ seo sa bhrollach a chuir sé le leabhar Mhichíl ar Chnoc an Bhile, A Tipperary Parish, 1985 ··· Cuireadh tábhacht mhór leis an nGaeilge i gCnoc an Bhile ón uair a tháinig an tAthair Mathúin Ó Riain[B1] mar shagart paróiste ann in 1897; ba é Edmund Cussen[B5], an fear a d’adhain spéis Uí Riain sa teanga, a bhí mar mhúinteoir ag Micheál i Scoil Chnoc an Bhile ··· Is inspéise gur scríobh Micheál aiste ar an Athair Mathúin in An Glór 11 Meán Fómhair 1943
Fear inspéise a huncail, an Micheál Ó Súilleabháin (c.1843-1914) sin ··· ‘In the death of Micheál Ó Súilleabháin Ireland has lost a patriotic and spirited citizen who by the force of his pluck and perseverance made many hoary companies throw open their appointments for public competition ··· Le linn Dhaonáireamh 1901 bhí sí ag fanacht i dteach a huncail Micheál, ‘Belclare’, Temple Gardens, Ráth Maonais ··· Seo é an t-eolas a tugadh: Michael (50) a rugadh i gContae an Chláir, cigire bunscoile nach raibh aon Ghaeilge aige; a bhean Alice (38), a rugadh i gContae Thír Eoghain agus a bhí gan Ghaeilge; Mary Sullivan (17), neacht Mhichíl, Gaeilge aici; Florence Sullivan (14), neacht, a bhí gan Ghaeilge ··· ‘Fear éirimiúil ba ea Micheál, fear ba ea é nár thug cúl a láimhe le comhairle na hEaglaise is nár thug a aghaidh ar Choláiste na Tríonóide; fear ba ea é, dá mbeadh cothrom oideachais is oiliúna ag Caitlicigh na hÉireann, a bheadh ina bhreitheamh nó ina fhear mór stáit’ (The Leader 20 Meitheamh 1914)
Bhailigh Seán Ó Súilleabháin ábhar uaidh agus scríobh cuntas air in Béaloideas 4, 1933/4
Ba é Micheál Ó Súilleabháin, feirmeoir as Loch Oighinn, a athair agus ba í Maighréad Nic Chárthaigh ó Chúil na nGarrán a mháthair ··· Tar éis an Éirí Amach chaith sé tamaill i ngéibheann i mBeairic Risteamain, i Wandsworth, mar a raibh sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge, agus in Frongoch mar ar chabhraigh sé le Micheál Ó Coileáin chun cimí a earcú i mBráithreachas na Poblachta ··· Is gnách le beathaisnéisithe Mhichíl Uí Choileáin a rá gurbh iad Gearóid, Diarmuid Ó hÉigeartaigh[q.v.] agus Joe O’Reilly na cairde ba dhlúithe dá raibh aige ··· II, 1972): ‘B’ait an scéal é gurbh é Bráithreas na Poblachta faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin, Risteáird Uí Mhaolchatha, Sheáin Uí Mhuirthile[q.v.] agus Ghearóid Uí Shúilleabháin, a chinntigh an tromlach don Chonradh sa Dáil’ ··· Ba dheirfiúr í leis an Kitty Kiernan a bhí in áirithe le Micheál Ó Coileáin
Nuair a ghlac an Saorstát seilbh ar cheanncheathrú Arm na Breataine in Éirinn bhí sé ar dhuine den chúigear Céitinneach (Risteárd Ó Maolchatha[q.v.], Seán Ó Murthuile[B4], Gearóid Ó Súilleabháin[B4] agus Micheál Ó Coileáin) a bhí sa láthair thar ceann na hÉireann ··· In Réalt an Deiscirt 29 Márta 1958 dúirt Peadar Ó hAnnracháin [B1] gur chompánach scoile é ag Gearóid Ó Súilleabháin [B4] i Scoil Chlasaiceach Dhomhnaill Uí Dhubhgáin sa Sciobairín ··· In Micheál Ó Coileáin, 1985 deir Pádraig Ó Braoin: ‘I Mí Lúnasa 1916 bhí cruinniú san Óstán Minerva ar Chearnóg Parnell chun atheagrú a dhéanamh ar an IRB ··· Bhí ról tábhachtach aige i mBráithreachas na Poblachta agus ba dhuine de dhlúthchairde Mhichíl Uí Choileáin é ··· Ar 27 Aibreán 1922 phós sé Claire Archer, deirfiúr leis an nGinearál Liam Archer, duine dá chomrádaithe i gComplacht F de na hÓglaigh i 1916; Micheál Ó Coileáin a sheas leis
Chiarraí, a rugadh é ar 21 Feabhra 1917; ba dhuine é den seisear clainne a bhí ag Séamus Ó Súilleabháin agus Máire Feiritéar
Deireadh Micheál nach raibh scríobh an Bhéarla ag a athair ach gurbh fhearr de scoláire Laidne é ná é féin ··· Sórt Breac-Ghaeltachta ba ea an ceantar agus deirtear gur líofa a bhí Gaeilge ná Béarla ag Micheál ··· D’fhreastail sé ar scoil i gCluain Bainbh a dtugtaí ‘The Don School’ uirthi; ba é Ó Conchubhair Donn a chuir ar bun í bliain sula ndeachaigh Micheál isteach ann ··· Thug an tAthair Micheál agus na paróisteánaigh a ndúshlán nuair a chuaigh siad a bhaint móna ··· Bhuaigh siad an cath ach aistríodh Micheál amach as an bparóiste go Crosná i 1915
Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla acu go léir ach bhí buachaill aimsire acu, Micheál Ó Súilleabháin (18), nach raibh aige ach Gaeilge amháin ··· Deartháir é le Micheál agus Tomás Ó Máille[q.v.] ··· De réir Dhaonáireamh 1901 bhí sé ina chónaí ar an bhfeirm i Muintir Eoghain in éineacht lena athair Micheál (71 bliana), a mháthair Sorcha (56), arbh as Co ··· Ceithre dhuine déag a rugadh do shean-Mhicheál Ó Máille (d’éag Samhain 1918) ach níor mhair ach naonúr díobh ··· ‘Having taken a deep interest in the revival movement since the League was founded, I was acquainted with its history, its progress, and its difficulties, and since it began an active campaign in the country, I watched each development’ (i gcló in Na timirí ..., 1990 le Donncha Ó Súilleabháin)
Bhí Micheál agus Susan ag múineadh i scoil náisiúnta an Sciobairín; agus Micheál ina phríomhoide ann ··· Bhí Micheál ar dhuine den chéad dream a bhain teastais amach de bharr scrúdaithe i gColáiste Múinteoireachta na Mumhan i mBeal Átha an Ghaorthaidh 1906 ··· Tá i gcló ansiúd ‘Iarghnó Mhichíl Uí Chuileanáin’, a leithscéal faoi nár fhéad sé freastal ar scoil 1942 toisc easpa peitril ··· Thug Domhnall Ó Ceocháin, an Suibhneach Meann, Seán Eoin Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Mulláin freagraí air ··· D’éag Susan 21 Deireadh Fómhair 1946 agus cailleadh Micheál 12 Nollaig 1961
‘Is ar Eibhlín Ní Éigeartaigh a bhí cúram eagrú seilgí an tsamhraidh’ a deirtear i dtaobh na bliana 1917 in Conradh na Gaeilge i Londain le Donncha Ó Súilleabháin ··· Bhí sí ar dhuine den bheirt mhúinteoirí is mó a mhúin Gaeilge do Mhicheál Mac Liammóir [B4] ··· I scoil Ré na nDoirí bhí Seán Ó Súilleabháin mar mhúinteoir aige agus chuir seisean craobh den Chonradh ar bun chun léamh na Gaeilge a mhúineadh do na buachaillí agus do na cailíní fásta
I gcomhpháirt le Micheál Ó Súilleabháin [B4] bhunaigh sé Feis Charman i 1902 ··· Tá an tagairt seo dó ag William Bulfin [q.v.]: ‘He gave great assistance to Micheál Ó Súilleabháin when that unforgettable Irishman raised the standard of Irish-Ireland in Enniscorthy a few years ago’
Deir Donncha Ó Súilleabháin in An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986 go raibh sé ina Uachtarán ar an gCumann ó 1934 go 1938 ··· In Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 deir Aindrias Ó Muimhneacháin gur shochraigh Mac Giolla Bhríde[B2] nach rachadh sé ar aghaidh mar uachtarán ar an gConradh i 1933 ‘toisc é bheith ar mhalairt tuairime le formhór an Choiste Gnótha an uair úd i dtaobh Feiseanna áirithe, dála Fheis an Athar Maitiú i mBaile Átha Cliath, a bhíodh á dtionól ar neamhchead do Chonradh na Gaeilge.’ (Ba iad Cú Uladh [Peadar Mac Fhionnlaoich] [B1], a bhí an uair úd ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge, agus an tAthair Micheál, OFM Cap., Uachtarán Fheis Mhaitiú, na príomhagóidithe san iomarbhá úd) ··· Ba é an tAthair Micheál a chuidigh le rún Chormaic Bhreathnaigh[B1] ag Ard-Fheis 1928 go dtoghfaí Mac Giolla Bhríde ina uachtarán
Turas é a rinne sé go minic i rith a shaoil agus chuir sé aithne ar dhaoine mar Mhuircheartach óg Ó Súilleabháin (d’éag 1754), Cathal Ó Conchubhair[q.v.], Conchubhar Ó Domhnaill, Caitliceach a raibh eastát aige i Liatroim agus a bhí i dteideal a bheith ina iarla ar Thír Chonaill, dar lena mhuintir, agus ar Iarla Chinn Mara ··· Chaith sé dhá bhliain ina oide i dteach Mhichíl Rua Mhic Dhomhnaill i nGleann Aireamh, Co
Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952) ··· Thugadh an sagart cuairt go minic ar Gothic Lodge, 42 Bóthar na Cabraí, mar a raibh cónaí ar Risteard in aontíos lena dheartháir Micheál agus a bheirt deirfiúracha ··· Bhí iasacht ag Piaras Béaslaí de chóip Risteaird d’eagrán an Duinnínigh d’Eoghan Rua Ó Súilleabháin ··· Bhí a dheartháir Micheál ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a d’éag sé ar 17 Meitheamh 1961 ··· Bhí an Micheál sin agus a dheirfiúracha Cáit agus Bríd páirteach in Éirí Amach 1916
Bhí múinteoirí den scoth ann, Micheál Ó Conchubhair go háirithe, agus an teanga á múineadh ann chomh luath le 1890 ··· Is spéisiúil go dtiocfadh Micheál Ághas, file, nia Phádraig, mar chomharba ar ball ··· Fuair athair Eibhlín, Pádraig Ó Súilleabháin, bás 24 Meán Fómhair 1918
Tá cur síos ag Florrie O’Donoghue ar ar bhain do Mhicheál Déardaoin Sheachtain na Cásca: “Armed with a revolver Micheál Ó Cuill left Cork that evening, travelled by train to Limerick Junction and from there to Tipperary where he had heard fighting was taking place ··· Tá cuntas ag Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha (1944) ar an eachtra sin agus ar eachtraí eile a bhain do Mhicheál ··· In Eanáir 1920 toghadh Micheál ina bhall de Bhardas Chorcaí agus ba é a mhol go mbeadh Tomás Mac Curtáin ina Ard-Mhéara, Traolach Mac Suibhne ag cuidiú leis an moladh ··· Bhí baint mhór ag Micheál le cúrsaí Choláiste na Mumhan ar feadh tamaill ··· Tá cuntas cuimsitheach air ag Seán Ua Súilleabháin in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, in eagar ag Pat Kelleher agus Michael O’Connell
B’as ceantar na Fairche i dtuaisceart Chonamara do sheanathair athartha Mhichíl, fear ar scríobh Tomás Ó Colmáin [B5] síos uaidh ceann de na hamhráin a thug sé do Eileen Costello [B2] ··· Cuireadh oideachas ar Mhicheál i scoil náisiúnta an Spidéil agus sa scoil ghairmoideachais ann ··· Bhíodh a ghlór soiléir le cloisteáil go minic ó Radio Éireann agus bhí sé rannpháirteach sa tsraith a scríobh Eoin Ó Súilleabháin—Colm i Sasana, Colm sa Bhaile ..., a n-éisteadh muintir na Gaeltachta go haireach leo
Dúirt an tEaspag Diarmaid Ó Súilleabháin faoi sa réamhrá (‘Focal Fáilte’) in Cnoc an Fhómhair, 1988: ‘Ní hamháin gur chaith an tAthair Micheál díograis agus dúthracht lena chúram sagartachta, rinne sé staidéar grinn ar Ghaoluinn Chorca Dhuibhne ó bhéal agus ó pheann; chuir sé spéis agus chothaigh sé suim i ngach gné d’oidhreacht shaibhir na dúiche sin… ··· Foilsíodh ‘Seanmóir ar bhás an Athar Ó Ciosáin’ le Micheál Ó Mainín in An Sagart, geimhreadh 1991 ··· Micheál Ó Ciosáin’ ··· Tar éis bunoideachais i Lios Eiltín chaith sé tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, agus i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, roimh dhul go Maigh Nuad dó mar ar oirníodh é i 1946; i Maigh Nuad chuir sé suim ar leith i stair na heaglaise agus i léann na Gaeilge agus bhain BA amach sa léann Ceilteach ··· Má tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne beo bríomhar ag saothrú a hoidhreachta inniu, tá cuid mhaith dá bhuíochas ag dul don Athair Micheál
Tá cnuasach de laoithe Fiannaíochta, a chóipeáil sé féin agus beirt eile in 1843, i leabharlann an Choláiste Ollscoile i gCorcaigh agus deir Ní Dheá faoi: ‘Maireann an lámhscríbhinn seo mar fhianaise againn ar chiorcal beag scríobhaithe a bhí ag saothrú leo i gceanntar Chill Rois i dtús agus i lár an chéid seo caite, mar a bhí, Micheál Ó hAnnracháin, Pádraig Ó Conchubhair agus Micheál Ó Súilleabháin.’ Dealraíonn ó nóta a chuir sé le lámhscríbinn amháin gur chaith sé seal in Albain ··· Tá cuntas ag Éilis Ní Dheá ar an scríobhaí seo agus ar a dhéantús in Old Limerick Journal, 1993 (Micheál Ó hAnnracháin agus a Chomhscríobhaithe i gCill Ruis’) ··· Tá cuntas in Irish Intelligence 5, 1852 ar ionsaí a rinneadh ar Mhicheál: ‘While passing the streets of Kilrush
I measc na n-iardhaltaí aige ansiúd agus i Mala a bhain cáil náisiúnta amach tá Seán Ó Síocháin [q.v.], Diarmaid Ó Súilleabháin [q.v.], Micheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire ar chluichí, agus an t-amhránaí Seán Ó Sé ··· Ba iad Micheál Ó Loingsigh agus Caitríona Ní Chreimín a thuismitheoirí ··· Ba chainteoirí dúchais Gaeilge Micheál agus Caitríona agus bhí Gaeilge aige féin ó thús: ‘Nuair a tháinig seisean ar an saol bheadh an teanga ag “cúpla céad—nó b’fhéidir ceithre nó cúig chéad” san oileán’ (Ó Glaisne)
Bhí staidéar agus taighde déanta aige ar na seanfhilí agus ar a saothar: Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, Riocard Bairéad, Art Mac Cumhaigh agus Micheál Mac Suibhne, a dtagraíodh sé go minic dóibh go poiblí, agus bhí saothar scríbhneoirí móra agus filí an Bhéarla léite freisin aige
Chill Dara, dá athair William Armstrong Clandillon a bhí ina phríomhoide i gcomharbacht ar Mhicheál Cíosóg i Scoil Náisiúnta Loch Cútra ó 1871 amach ··· Scríobh Domhnall Ó Súilleabháin léirmheas binbeach ar an Irish Statesman
Ba é Eoin Mac Néill a mhol rún ag cruinniú den Choiste Gnó go gceapfaí é, Micheál Ó hIceadha [B1] ag cuidiú leis, ach deirtear gurbh é Seosamh Laoide [B1] ba mhó ba chúis lena cheapadh ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin in An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (1981): ‘Is cosúil go raibh míshástacht éigin ann faoi An Claidheamh Soluis mar cuireadh fochoiste ar bun ag cruinniú den Choiste Gnó 5 Eanáir 1903 chun an scéal a fhiosrú agus tuairisc a thabhairt chuig an gcéad chruinniú eile’ ··· Chuir sé eagar ar roinnt téacsanna: ‘Tochmarc Fhearbhlaidhe’ in Ériu, 1904; Céadtach Mac Fhinn as Éirinn (1907); ‘Tóraíocht Fhiacail Rí Gréag’ i gcomhpháirt le Pádraic Mac Piarais, in An Claidheamh Soluis, 1904; Stair Éamuinn Uí Chléire do réir Sheáin Uí Neachtain (1918); Torolbh Mac Stairn le Micheál Coimín (1923) ··· In 1901 bhuaigh sé an chéad duais do phrós ag an Oireachtas le haiste ar bheatha Mhichíl Uí Chléirigh
Dúirt an Dr Micheál Ó hIceadha[B1], Leas-Uachtarán an Chonartha, i litir in Freeman’s Journal 25 Márta 1903 go gcuirfeadh iompar na gCéitinneach náire ar ‘footpads or South Sea islanders’ ··· B’fhéidir gur chun díoltas a agairt ar a chomharba sa Freeman, Tomás Ó Máille[q.v.], a scríobh Sceilg léirmheas an-ghéar in Irish People, Aibreán 1906, ar Amhráin Chlainne Gaedheal (1905) arbh iad Tomás agus a dheartháir Micheál[q.v.] a chruinnigh agus a chuir síos iad ··· Ba iad an tAthair Micheál Ó Flannagáin [q.v.] agus Sceilg ba mhó a chabhraigh leis an gCunta Pluincéad chun an suíochán i Ros Comáin Thuaidh a bhuachan 5 Feabhra 1917, an chéad cheann de ceithre fhothoghchán 1917 a léirigh bá an phobail le lucht an Éirí Amach ··· Bhí deartháir Nóra, an tAthair Tadhg Ó Súilleabháin [q.v.], ina leasuachtarán i gCraobh Londan den Chonradh ··· Tá léiriú maith ar scóp a chuid scríbhneoireachta sna duaiseanna Oireachtais a bhain sé ó 1901 amach (liostaithe ag Donncha Ó Súilleabháin in Scéal an Oireachtais, 1984)
Timpeall 1901 bhí sé ina mhúinteoir taistil i gceantar Chaisleán an Bharraigh (Micheál Ó Maoláin[q.v.] in Irish Independent 11 Nollaig 1938) agus d’fhan ann gur ceapadh ina thimire é i mBealtaine 1906 ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin (Na timirí i ré tosaigh un Chonartha 1893–1927, 1990) gurbh i gContae Shligigh is mó a bhí sé ag obair ··· ‘Is iomaí oíche fhuar fhliuch a chaith sé amuigh ar bhóithre na hÉireann—an seanrothar agus na troscaí go rímhinic, gan mórán tairbhe ná buntáiste ...’, a dúirt Micheál Ó Maoláin
D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh an samhradh sin agus d’fhill ar Bhaile an Fheirtéaraigh ar 12 Lúnasa agus chaith coicís sa Bhlascaod gur chuir aithne ar Thomás Ó Criomhthain [B5], ar Pheig Sayers [B5], ar Mhicheál Ó Gaoithín [B5] agus ar scéalaithe eile ··· Bhí sé ina oide múinte freisin ag daoine mar Sheán Ó Súilleabháin (d’éag 1996), Máire Nic Néill (d’éag 1987) agus Áine Ní Chróinín (d’éag 1984)
Rianaigh sé sinsir a athar, Micheál, agus a mháthar, Máire Paor, Gearaltaigh Bhaile Uí Chríonáin i gContae Chorcaí agus Paoraigh Chnoc an Leathara i gContae Phort Láirge, siar na céadta blian ··· Fuair an bheirt bás i 1753, Micheál sa Spáinn agus Gearóid in Éirinn; ní raibh muinín ag an athair as an mac ba shine ar fad, Réamonn a d’éag i 1722 ··· Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin[q.v.], Donnchadh Rua Mac Conmara [q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791 ··· Luann Ó Foghludha a gharmhac Micheál, abhcóide a rinne ‘cion fir ar son na Gaeilge’, a bheith in aon uaigh leis
Ar 7 Nollaig 1877 a rugadh Micheál ··· Caithfidh sé gurbh é athair Mhichíl é ··· Thall i Manchain a chaith Micheál agus Seán seal dá saol, ach bhídís ag gach Ard-Fheis agus gnó acu ann ... ··· Saothraí iontach sa ghluaiseacht is ea Micheál mar is eol dóibh seo a chaitheann aon tamall in Áth Cliath ··· Mhaíodh Micheál gurbh i gCraobh Oisín, Manchain, a d’fhoghlaim sé Gaeilge ach b’fhéidir gur léamh agus scríobh na teanga a bhí i gceist
Deir Donncha Ó Súilleabháin san aiste ‘An chéad choláiste samhraidh’ (Feasta, Meán Fómhair 1972) gur fhreastail sé ar Choláiste na Mumhan i 1905 ··· Ba é a bhailigh an t-ábhar ó Mhicheál Ó Muirgheasa [q.v.] atá in Sgéalta Mhicil, 1923
Seo é an chaoi a rianaíonn an Dr Seán Ua Súilleabháin (litir dar dáta 9 Bealtaine 1996) an gaol sin: ‘Ní foláir nó mac mic ba ea Diarmaid do Dhiarmaid Ó Laoghaire agus Siobhán Ní Thuathaigh, driotháir do Pheadair (seanathair an Ath ··· Tá cuntas ar a mhuintir ag Seán Ua Súilleabháin (‘The O’Learys of Liscarrigane’) in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, edited by Pat Kelleher and Michael O’Connell ··· Tá léargas ar an gcaidreamh a bhí aige leis an bhfile Micheál Ó Tuama [q.v.] i 1901-3 le fáil san iris St Patrick’s; Diarmuid a sholáthair roinnt amhrán dá dhéantús ann ··· In ainneoin gur chara agus gaol leis an Athair Peadar é bhí sé sásta síntiús a thabhairt nuair a bhí comhartha measa á bhronnadh ar Mhicheál Ó hIceadha [B1] (An Claidheamh Soluis 14 Lúnasa 1909)
Is dóigh gurbh é an t-eagarthóir Pádraig Mac Piarais [B4] a scríobh an abairt seo ina thaobh in An Claidheamh Soluis 31 Deireadh Fómhair 1908: ‘Micheál Smidic, mathematical professor at Scoil Éanna and auditor of the Law Students’ Debating Society ··· Chaith sé tamall fada ar choiste na mórfhéile sin agus in Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 luann Donncha Ó Súilleabháin i gcomhluadar suaitheanta é ··· Ó Riain [B1], Tomás Ághas [B1], Micheál Smidic, Seán T ··· Bhí ar a laghad triúr gasúr acu : Feargal, Micheál agus Máirín
Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan: ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987] gur ‘thug sé an Ghaedhealuinn leis ó ucht a mháthar’ agus go raibh sí gan cháim aige, gur thosaigh sé ar an nGaeilge a mhúineadh i gCoill Mhic Thomáisín i 1905 ··· Deir Micheál freisin go raibh sé ar fhoireann Choláiste na Rinne ar Bhóthar na Sop ··· In Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927 deir Donncha Ó Súilleabháin: ‘Ceapadh Diarmaid Stóice ó Dhún Garbhán, múinteoir taistil eile, mar thimire sealadach i dtosach Mheán Fómhair 1908 ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin: ‘Cuireann Fionán Mac Coluim[B1] síos mar seo a leanas air ina thuairisc d’Ard-Fheis 1910: “Do dhein Diarmaid Stóice an timire a bhí againn sa chontae sin ardobair ar son na Gaeilge ó thosaigh sé ag saothar ann
Bhí fear díobh i bPittsburgh agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 18 Márta 1911 go raibh sé ar dhuine den dream a d’fháiltigh go fial ann roimh Mhicheál Ó Flannagáin [B4] agus Fionáin Mac Coluim [B1] ··· Bhí sí ar an gcoiste a ceapadh ar 26 Samhain 1901 chun na réitithe a dhéanamh le haghaidh Oireachtas 1902 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984, le Donncha Ó Súilleabháin) agus bhí sí ar an gCoiste Ceoil agus Ealaíne le haghaidh Oireachtas 1903 ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin in Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988: ‘Réitigh Pádraig Mac Piarais agus Máire Ní Chillín cláir shamplacha le haghaidh mhúineadh na Gaeilge mar ábhar breise agus d’fhoilsigh an Conradh iad faoin teideal Irish as an extra subject—specimen programmes mar chabhair agus mar threoir do bhainisteoirí agus do mhúinteoirí chun clár a ullmhú le cur faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta’
Bhuaigh sé an chéad duais agus Corn Mhichíl Bhreathnaigh [B2] ag Oireachtas 1914 sa chomórtas ‘An Modh múinteoireachta’ ··· Bhí sé ar dhuine de na faisnéiseoirí a bhí ag Micheál Ó Briain[B4], fear a rinne bailiúcháin focal i Múscraí ··· Maraíodh duine díobh, Mícheál, i gcrith talún 1906.’ Ba iad Seán Ua Súilleabháin agus Dáibhí Ó Cróinín a chóirigh eagrán 2003 agus deir siad go bhfuil sé leasaithe do réir na gceartúchán a rinne Pádraig Ó Buachalla féin ar a chóip féin den leabhar
Mac Énrí[B2], Micheál Breathnach[B2], Liam P ··· Ó Riain[B1], Pádraic Ó Conaire[B2], Muiris Ó Dubhda, Art Ó Caoimh, An tAthair Micheál Ó Maoldomhnaigh, Art Ó Briain[B2], Seán Ó Catháin[B1], Eibhlín Costello [B2], agus Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] bhí sé ag Mór-Chomhdháil Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath thar ceann Londan i 1902 ··· ‘Bheadh sé deacair i dtráth ar bith de shaol an Chonartha dream chomh hildánach leo a thabhairt ar aon láthair’, a deir Donncha Ó Súilleabháin in Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989
Bhí cuid mhaith de na Céitinnigh ann, Gearóid Ó Súilleabháin, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Micheál Ó Coileáin ina measc ··· Ach cé gur thuig Piaras nár chainteoir dúchais Colm chreid sé ar feadh na mblianta gur Chiarraíoch é go dtí gur inis Micheál Ó Coileáin dó gur Bhaile Átha Cliathach é
Tar éis cúrsa bliana (1881–82) sa Mhodhscoil i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, bhí poist aige i gCill Mhichíl i gContae an Chláir agus i gCill Fhionáin, Co ··· I measc an 23 eile a fuair an teastas in éineacht leis bhí Tomás Ó hAodha [B2], Peadar Ó Gráinne, Eoghan Ó Súilleabháin, Michéal Ó Dochartaigh [B1], Domhnall Ó Duibhne, Pádraig Ó Laoghaire [B1], agus Eibhlín Ní Dhonnabháin, comhluadar suaitheanta ··· Mac le seanchomharsa i gCluain Coirbthe ba ea an Mgr Micheál Ó Riordáin, Reachtaire Choláiste na nGael sa Róimh, agus deirtear gurbh eisean a ghríosaigh Seán chun scéalta agus seanchas a bhreacadh ar eagla a gcaillte
Ba í Johanna O’Hickey, nia leis an Dr Micheál Ó hIceadha [q.v.], a mháthair ··· Ba iad Tadhg Ó Murchú [q.v.], Seán Ó Súilleabháin [q.v.] agus Diarmaid Ó hUallacháin bailitheoirí an ábhair sin ··· Bhí cóiriú á dhéanamh aige ar an stór mór de bhéaloideas agus de sheanchas na Rinne a bhí bailithe acu sin, agus ag bailitheoiri éagsúla eile, ó Micheál Turraoin [q.v.] agus bhí i gceist aige sin a bheith ina ábhar tráchtais dochtúra aige i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh
Ba é an chéad duine clainne é ag Dónall Ó Súilleabháin agus Mairéad Ní Chonchúir ··· Bhuaigh sé duais Mhichíl Uí Longáin[B6] ar ghearrscéal sa chéad bhliain dó ach d’fhág an coláiste gan céim a bhaint amach ··· Deir Proinsias Mac Aonghusa: ‘Bhí Donncha Ó Súilleabháin ina measc siúd a d’éirigh imníoch faoin gCeannaire [Ó Cuinneagáin q.v.] agus a d’imigh’ (‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge’ in An Aimsir Óg, 2000)
In Béaloideas 64-5 1966-7 deir Bo Almqvist: ‘The achievements of Seán Ó Súilleabháin are exceptionally varied and of great magnitude.’ Tá cuntas cuimsitheach ar a shaol, ar a mhuintir, ar ar chuir sé i gcrích, mar aon le leabharliosta, ag Patricia Lysaght in Western Folklore 57, earrach agus samhradh 1998 (iris chumann béaloidis California) ··· Tá scríofa ann: ‘In ómós do Sheán Ó Súilleabháin, Éarlamh an Chumainn le Béaloideas Éireann ar a 90ú lá breithe 6.11.1993’ ··· Anois níl oiread is aon chainteoir dúchais amháin fágtha ann: cailleadh an bhean deireanach tuairim is ceithre bliain ó shin’ (‘Seán Ó Súilleabháin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 17 Márta 1972) ··· Aistí a mbíonn tagairtí dóibh is ea: ‘Ainmneacha méaranna na láimhe’ in Measgra Mhichíl Uí Chléirigh
Tá cuntas ar a shaol: ag Bo Almqvist in Béaloideas, 1992-93; in Abair Leat Seosamh Ó Dálaigh ag caint le Pádraig Tyers, 1999; ag Micheál Ó Dubhshláine in An Baol Dom Tú ··· Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin go 1927, agus chaith bliain ina dhiaidh sin i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré, agus bliain eile in Beaufield (tá cuntas ag Patricia Lysaght ar an scoil ullmhúcháin sin in Western Folklore 57, earrach agus samhradh 1998, iris chumann béaloidis California; is ann a bhí Seán Ó Súilleabháin[q.v.] tamall freisin) i gContae Mhaigh Eo, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge in 1932; b’éigean dó cuid mhór de 1930 a chaitheamh sa bhaile de dheasca breoiteachta ··· Sna Déise bhí sé ar lóistín i gColáiste na Rinne agus thaifid ábhar ó Mhicheál Turraoin[B5] (Maidhc Dhá) agus a dheartháir Dixon
Bhí sé pósta ar Maura O’Sullivan, iníon le Micheál Ó Súilleabháin [B5] agus bhí iníon agus beirt mhac acu
Casadh ar Mhicheál Ó Lócháin[q.v.] é in 1882 ··· Tá cuntais in Réamhchonraitheoiri agus in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal (1990) le Fionnuala Uí Fhlannagáin ar an aighneas seo ··· Síleadh gur chuir an Lóchánach in aghaidh an Ruiséalaigh ar deireadh gur spiaire Sasanach a bhí ann, ach in 1890 mhínigh an Gaillmheach gurbh é a bhí i gceist aige obair an spiaire bheith á déanamh ag an Ruiséalach nuair a rinne sé díspeagadh ar Mhac Héil, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, an Donnabhánach, Uileog de Búrca[B1], Seán Pléimeann[B1] ...
Bhí a uncail Micheál Ó Donnchadha ina phríomhoide ann ··· In Eanáir 1899 bhí an chéad phíosa i nGaeilge i gcló aige in New Ireland Review agus in Fáinne an Lae an dán ‘Ó Súilleabháin ag fágáil na sléibhte’ ··· An scoláire ba mhó a fuair locht ar an bhfoclóir sin an Dr Micheál Ó hIceadha[B1] (in Irish Ecclesiastical Record, Iúil 1904 agus Eanáir 1905) agus b’fhurasta don Duinníneach spior spear a dhéanamh dá argóintí ··· Is iad na haistí sa leabhar: ‘Dineen in the Gaelic League: Trouble and Strife’ (Diarmuid Breathnach); ‘The Lexicographical Contention of Mícheál Ó hIceadha and Pádraig Ó Duinnín’ (Mícheál Briody); ‘Key Witness to the Irish Song Tradition’ (Breandán Ó Madagáin); ‘Dinneen’s Dictionaries of 1904 and 1927: ‘Background, use of Historical Dictionaries and of Contemporary Informants’ (Seán Ua Súilleabháin); ‘Dinneen and Ó Dónaill’ (Máirtín Ó Murchú); ‘Dinneen’s Legacy: The Present State of Irish Lexicography’ Bhí baint mhór ag an Duinníneach le Conradh na Gaeilge sa tréimhse 1900–1909, é ina bhall den Choiste Gnó agus de na fochoistí a raibh cúraimí an litrithe, an oideachais, na timireachta agus na bhfoilseachán orthu