Líon alt a aimsíodh: 22
Deartháir é le Risteard Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) [B1] ··· Ar 7 Nollaig 1877 a rugadh Micheál ··· Caithfidh sé gurbh é athair Mhichíl é ··· Thall i Manchain a chaith Micheál agus Seán seal dá saol, ach bhídís ag gach Ard-Fheis agus gnó acu ann ... ··· Saothraí iontach sa ghluaiseacht is ea Micheál mar is eol dóibh seo a chaitheann aon tamall in Áth Cliath
Scríobh a chomharsa Micheál Ó Cionnfhaolaidh[B4] síos uaidh Beatha Mhichíl Turraoin maille le scéalta agus seanchas (1956) agus is í an chéad abairt ann: ‘Rugadh mise san mbliain 1878 i gCnocán an Phaoraigh íochtarach, i bparóiste na Rinne ··· B’amhlaidh a rug an máistir scoile, Micheál Ó Foghludha (féach Áine Ní Fhoghludha) air ag ól tobac faoi scáth sceiche ··· Ba iad Dáibhidh Turraoin, iascaire, agus Siobhán Ní Mhuirighthe tuismitheoirí Mhichíl ··· D’éag an mháthair nuair nach raibh ach mí ag an té ab óige agus níor chuimhin le Micheál í a fheiceáil riamh ··· Thug sé a leithéid sin de ghreadadh do Mhicheál gur ghlan sé amach as an scoil an tráthnóna sin ‘agus ní fhaca fia ná fiolar istigh inti arís é’
Micheál Ua Foghludha timthire na n-Déise do chuir in eagar [g.d.] ··· Bhí ceathrar den ainm seo a raibh cáil orthu: Micheál, múinteoir na Rinne (faoi NÍ FHOGHLÚDHA, Áine [B2]); Micheál, uachtarán Chraobh an Chéitinnigh, ba dheartháir do Fhiachra Éilgeach; Micheál a bhí ina rúnaí ag ‘ceardchumann’ na múinteoirí taistil, agus Micheál seo thuas, an timire a scríobhadh faoin ainm ‘Déaglán’ ··· Nuair a tháinig fás an-mhór ar líon na mball iarradh ar Mhicheál craobh eile a bhunú, Craobh na nIománaithe ··· Nuair a cuireadh drámaí Gaeilge ar an stáitse i nGlaschú den chéad uair riamh dúradh in An Claidheamh Soluis 31 Márta 1906: ‘The remarkable success of the venture is in a large measure due to the energy, organising ability and popularity of the Craobh chairman, Micheál Ó Foghlú’ ··· Deir Cáit Ní Leighin in Ardmore Journal, Uimhir 4 1987 gur thall i nGlaschú a d’fhoghlaim Micheál an phíob mhór agus gurbh é a bhunaigh an banna sin
Daoine eile mór le rá ar chuir sé aithne orthu agus é ina mhac léinn go fóill ba ea Seán Pléimeann [B1], an tAthair Donncha Ó Murchú [B1] agus Micheál Ó Foghludha sa Rinn [feic faoi Ó FOGHLUDHA, Áine] ··· 25 Lúnasa a dúirt Micheál Ó hIceadha[B1], Laurence Brannick, Eoghan Ó Neachtain[B3] agus Úna Ní Fhaircheallaigh in Leabhar an Athar Eoghan ··· Bhí sé in éineacht le de hÍde agus Micheál Cíosóg [B2] i nGaillimh 25 Eanáir 1894 chun an chéad chraobh den Chonradh a bhunú ann ··· Dúirt Micheál Ó hIceadha [B1] i dtaobh na gceachtanna sin in 1899: ‘Their publication, on the whole, was probably the greatest individual service ever rendered to the Irish language movement...
Luann Ó Foghludha a gharmhac Micheál, abhcóide a rinne ‘cion fir ar son na Gaeilge’, a bheith in aon uaigh leis ··· Thug Risteárd Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) [B1] cuntas air in Amhráin Phiarais Mhic Gearailt, an té ba Cheann Comhairle ar Chúirt na mBúrdún, maille le cunntas éigin ar a bheathaidh agus foclóir, 1905 ··· Rianaigh sé sinsir a athar, Micheál, agus a mháthar, Máire Paor, Gearaltaigh Bhaile Uí Chríonáin i gContae Chorcaí agus Paoraigh Chnoc an Leathara i gContae Phort Láirge, siar na céadta blian ··· Fuair an bheirt bás i 1753, Micheál sa Spáinn agus Gearóid in Éirinn; ní raibh muinín ag an athair as an mac ba shine ar fad, Réamonn a d’éag i 1722 ··· Deir Ó Foghludha: ‘Ar a shon san, ba bhréagach an diúltú a thug sé féin agus na céadta eile don eaglais agus ba neamhchroíúil an t-aontú a thugadar do chreideamh na nGall.’ Nuair a chas Tomás de Barra i gCluain Meala an beart sin leis d’fhreagair Piaras é: ‘Is doilbh liom ceangal le Calvin is Luther claon, / Ach golfhairt mo leanbh ’s a gcreachadh gan triúch, gan tréad / Thug sruthanna óm’ dhearcaibh ’na gcaisibh, is túirlingt déar’
Micheál Ó Foghludha, máistir scoile na Rinne, a hathair agus ba í Eibhlín de Bron ón Seanphobal, múinteoir sa scoil chéanna, a máthair ··· I mBaile an Róid, Dún Garbhán, a rugadh Micheál Ó Foghludha in 1846 ··· Tá cuntas ar a shaothar ag Micheál Ó Domhnaill in Coláiste na Rinne: gearr-stair (1988)
Bhí a fhios go raibh gaol ag Micheál le Conchubhar Ó Deasumhna[B4] agus rinne Seán amach go mba dheirfiúracha iad máithreacha na beirte ··· Bhí a fhios ón eolas atá tugtha i nDaonáireamh 1901 go raibh Micheál 24 bliana d’aois agus a mháthair Ellen 72 ··· Leis an eolas sin ar ainm agus ar shloinne na máthar agus ar bhliain bhreithe Mhichíl bhíothas in ann an teastas breithe a aimsiú ··· Fuair Donncha bás sular saolaíodh Micheál agus cá bhfios nárbh é sin a chuir tús leis an ráfla ··· Ní hamháin go raibh Ellen 48 bliana d’aois nuair a rugadh Micheál ach bhí ochtó bliain d’aois ag a dheartháir Mathúin Ó Tuama, dar le Seán Ó Cróinín, in Eanáir 1941
Nuair nach dtabharfadh na húdaráis cead a tógála caitheadh an t-airgead a bhí bailithe ar Cúirt an Mheánoiche in eagar ag Risteárd Ó Foghludha a thabhairt amach i 1949 ··· Feirmeoir ba ea a athair Micheál agus ba í Brigid Kennedy ó Thulach a mháthair ··· Bhíodh dídean le fáil ag Micheál Ó Coileáin ina theach, Teach Colepark, Bóthar Le Fanu, Baile Formaid
Tá eolas i dtaobh a mhuintire in Beatha dhuine a thoil (1950) a scríobh a uncail Gearóid Ó Nualláin agus tá cuntas ar a athair, Micheál, san iontráil i dtaobh Ghearóid ··· Ba iad Aigneas Ní Ghoirmligh, iníon siopadóra sa bhaile sin, agus Micheál Ó Nualláin, oifigeach Custaim is Máil, a thuismitheoirí ··· Is mar seo a cuireadh síos ar an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Micheál Ó Nualláin (35), oifigeach cánach a rugadh i gContae Thír Eoghain; a bhean Aighneas (sic) (24); Sinéad Uí Nualláin, a mháthair (64) ; Gearóid (2); Ciarán (1) ··· Bhí Gaeilge acu go léir, máthair Mhichíl san áireamh ··· Ní fhoilseodh Brún agus Ó Nualláin é nuair nach raibh a léitheoir, Risteárd Ó Foghludha[B1], sásta leis ach d’fhoilsigh an Press Náisiúnta é 3 Nollaig 1941
Thugadh an sagart cuairt go minic ar Gothic Lodge, 42 Bóthar na Cabraí, mar a raibh cónaí ar Risteard in aontíos lena dheartháir Micheál agus a bheirt deirfiúracha ··· Bhí a dheartháir Micheál ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a d’éag sé ar 17 Meitheamh 1961 ··· Bhí an Micheál sin agus a dheirfiúracha Cáit agus Bríd páirteach in Éirí Amach 1916 ··· D’éag Risteard Ó Foghludha i mBaile Átha Cliath ar 20 Lúnasa 1957
Dá mic léinn é dáiríre ach léirigh Micheál Mac Liammóir é sa Gheata ··· D’aistrigh sí Peter Pan (Tír na Deo); Micheál, 1933 (Michael; scéal le Tolstoi a chuir Myles Malleson in oiriúint don stáitse) agus An Udhacht, 1935 (bunaithe ar Gianni Schichi le Puccini) ··· Bhí sí ina heagarthóir ag de Brún agus Ó Nualláin i gcomharbacht ar Risteard Ó Foghludha ach, d’ainneoin gur le téacsanna a chaithfeadh sí bheith ag déileáil feasta mar shlí bheatha, is beag má rinne aon drámadóir eile an oiread céanna ar son na drámaíochta Gaeilge
Is gnách é a lua i gcomhluadar an triúir eile: Shán Ó Cuiv[B2], Risteárd Ó Foghludha[B1] agus Tadhg Ó Donnchadha[B1] ··· Toghadh é féin agus Ó Foghludha mar chomhrúnaithe i mBealtaine 1901 ··· Dúirt an Dr Micheál Ó hIceadha[B1], Leas-Uachtarán an Chonartha, i litir in Freeman’s Journal 25 Márta 1903 go gcuirfeadh iompar na gCéitinneach náire ar ‘footpads or South Sea islanders’ ··· B’fhéidir gur chun díoltas a agairt ar a chomharba sa Freeman, Tomás Ó Máille[q.v.], a scríobh Sceilg léirmheas an-ghéar in Irish People, Aibreán 1906, ar Amhráin Chlainne Gaedheal (1905) arbh iad Tomás agus a dheartháir Micheál[q.v.] a chruinnigh agus a chuir síos iad ··· Ba iad an tAthair Micheál Ó Flannagáin [q.v.] agus Sceilg ba mhó a chabhraigh leis an gCunta Pluincéad chun an suíochán i Ros Comáin Thuaidh a bhuachan 5 Feabhra 1917, an chéad cheann de ceithre fhothoghchán 1917 a léirigh bá an phobail le lucht an Éirí Amach
M.P.Hickey [Micheál Ó hIceadha] [B1], ..., Messrs P ··· Foley, Ring (faoi Ó FOGHLUDHA, Áine[B2]); Thomas McCarthy, Town Clerk; Daniel Fraher [Domhnall Ó Fearachair] [B3]; Patrick Sweeney, James Daly, all of them representative local men, good Irish speakers and noted supporters of the movement’ (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Meitheamh 1895) ··· Bhí Micheál Ó hIceadha[B1] ag tacú leis toisc go mba chainteoir dúchais é
Ó Micheál Ó Foghludha (1846-1905) (féach Áine Ní Fhoghludha), máistir scoile na Rinne, a fuair Seán scolaíocht ar dtús ··· Líonadh foirm Dhaonáireamh 1911 i nGaeilge agus is mar seo a bhí an teaghlach: Pádraig Ó Curraín (48 bliana d’aois); a bhean Cáit (51); Micheál (21); Seán (17), scoláire; Eilís (17); Muiris (12)
Waterford.’ I gcás Uí Chearmada tá sin léirithe aige le cur síos ar: a chaidreamh le Seán Pléimeann [B1], Muiris Ó Faoláin [B1], Riobard Bheldon [B2] agus a theagmhálacha le Micheál Ó Foghludha [B2; 105], Domhnall Ó Fearchair[B3], Pádraig Mac Piarais [B4], Dubhghlas de hÍde [B4]; a mhéid a rinne sé chun dánta Bheldon a bhailiú agus a fhoilsiú; na hamhráin agus na lámhscríbhinní a bhailigh sé; a obair mar scríobhaí agus a bhfuil foilsithe aige in Irisleabhar na Gaedhilge ··· Bhí Eoin Mac Néill [B4] sa láthair chomh maith leis an Athair Micheál Ó hIceadha [B1], Pádraig Mac Suibhne (1891-1936) [B5], Ó Fearchair agus Ó Foghludha
Sa pháipéar céanna 8 Bealtaine 1909 dúradh go bhfuair sé féin onóracha i ngrád ‘Halla na Léitheoirí’ sa Chomhaltas agus gurbh é Micheál Ó Luasa a mhúinteoir ··· (1952) in eagar ag Risteárd Ó Foghludha[B1] ··· Dúirt Micheál Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha 1959-65: ‘Ní raibh éinne eile, ó thosach blianta na haiséirí, ach an Piarsach amháin, ar tháinig oiread daoine faoina anáil ...
Micheál Ó Foghludha[B3] a thug cuireadh dó chuig cúrsa oiliúna do mhúinteoirí taistil i gColáiste Dhéagláin san Aird Mhór, Co
Bhí Cú Uladh, Diarmuid Ó Foghludha agus Micheál Ó Gríofa ann tuairim an ama chéanna agus bhí Seán ar dhuine de na Muimhnigh úd a bhíodh ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Chomhghaill ann
Comhghleacaithe sa tseirbhís sa chathair ag an am sin Pádraig Ó Sé, Micheál V
Filidheacht Éamuinn de bhFál ó Dhún Guairne, 1946 in eagar ag Risteard Ó Foghludha[B1] tá eolas ar an bhfear agus ar a shaothar ··· Luann Ó Foghludha seacht nduine déag d’fhilí a raibh cónaí orthu sa cheantar le linn Éamoinn ··· Is iad na daoine ar chum sé tuirimh orthu: Micheál, athair Phiarais Mhic Gearailt[B6]: Conchubhar Ó Briain (‘Carn Tighearnaigh’) [q.v.]; Liam Rua Mac Coitir [q.v.]; Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.] ··· Shíl Ó Foghludha go bhfuair sé bás 1755, bliain i ndiaidh Sheáin ··· Scríobh sé tuireamh ar a shagart paróiste, an tAthair Diarmuid Ó Rócháin agus is i 1759 a d’éag seisean agus ní tuairim 1737 mar a shíl Ó Foghludha, a deir Liam Ó Buachalla agus Richard Henchion in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, LIX, 1964 (‘Gravestones of Historical Interest’)
Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Aindrias Mac Craith – an Mangaire Súgach, 1952 le Risteard Ó Foghludha[B1], ina bhfuil trí dhán leis; in Cois Máighe na gCaor, 1965 le Mainchín Seoighe ··· Na dátaí céanna atá ag Ó Foghludha; ní foláir nó rinne seisean teagmháil leis na Froinsiasaigh ··· Deir Ó Foghludha: ‘Níl aon amhras ach gur dhuine den cheantar san Chois Máighe an tAthair Nioclás Ó Domhnaill O.F.M., Gairdian Mhainistir Áth Dara ··· ‘Is suntasach an ní é sin, mar gur féidir a léamh as go raibh an Gairdian Froinsiasach úd ina cheann ar aos léinn na dúiche agus go raibh ciorcal léinn á bhunú d’aon ghnó aige’ (Bruen agus Ó hÓgáin); tá an dán fáiltithe, ‘Fáilte dár nArd-fhlaith dár ndíon’ i gcló ag Ó Foghludha ··· Sa véarsa deiridh thug sé, shílfeá, dúshlán a chomhfhilí Cois Máighe: ‘I mbliana táim i bpráinn i bpeannaid ’s i bpudhair / Im iarsma ar chách ó ráinig Preabaire in úir; / Níl cliar ná dáimh im dháil le dainid mé dubhach / I gcian ó táid na Seáin ’s an Mangaire Subhach.’ Thug Seán Ó Tuama [q.v.], Aindrias Mac Craith [q.v.], Micheál Coimín [q.v.] agus Tomás Ó Glíosáin freagraí fileata air
Thiomnaigh Risteárd Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) [B1]Donnchadh Ruadh Mac Conmara 1715-1810, 1933 (ar eagrán é de leabhar a cuireadh amach i 1908) don Pléimeannach agus, in ainneoin a ghiorracht a bhí an Pléimeannach d’aimsir an fhile, b’éigean dó, shíl sé, beagní a dhéanamh de roinnt dár bhreac an seanúdar ··· Táthar ar aon fhocal gur cosúil gur sa Chreatalach i gContae an Chláir a rugadh é—aithníonn Ó Foghludha ar fhoghraíocht na ndánta gur Chláiríneach é—agus nach bhfuil a fhios cá bhfuair sé a chuid léinn ··· Deir Ó Foghludha: ‘Is amhlaidh atá an scéal, táimid gan cruinneolas ar bith um shaol Dhonncha ó bhliain 1746 go dtí bliain a 1755.’ Má chaith sé tamall i dTalamh an Éisc is i rith na tréimhse sin é ··· Deir Ó Foghludha nach bhfuil aon amhras gur iompaigh sé ar ais ar a sheanchreideamh ··· An tArdeaspag Micheál Ó Síocháin[B3] a chum an inscríbhinn Laidine