Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’ Tá cuntas ar a bheatha in Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975) le Titley agus in De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain (1987) leis an tSr Bosco Costigan, i gcomhar le mac a dheirféar, Seán Ó Curraoin ··· Foilsíodh Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56 (1998), arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh; Criostalú: aistí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), in eagar ag Cathal Ó Háinle agus Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (1999), in eagar ag Ríonach Uí Ógáin ··· Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004) ··· In Traidisiún liteartha na nGael (1979) deir J.E.Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa [B1]: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas: tá daoine ann a rachadh níos faide agus a déarfadh gurb é is tábhachtaí ó thosach na hAthbheochana’ ··· D’fhoilsigh Comhar Teoranta aistí léirmheastóireachta Dhiarmuid Uí Ghráinne, An Dá Mháirtín (1990)
‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993) ··· I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Toisc na seanaithne a bhí ag Mac Conghail air, meastar údarás ar leith a bheith ag baint leis an léacht Dáibhíseach a chraol sé 17 Aibreán 1988 (i gcló faoin teideal ‘Poet of the Bright Thread: the Poetry of Máirtín Ó Direáin’ in Irish University Review, Fómhar 1988) ··· In Comhar, Deireadh Fómhair 1984 tá ‘Máirtín Ó Direáin—Clár Saothair’ le Máire de Grás agus tá teacht ann ar fhoinsí na ndánta nár roghnaigh Ó hAnluain ··· D’iarr mé ar Mháirtín aiste in aghaidh na seachtaine a scríobh don pháipéar, ar a rogha ábhar
B’as ceantar Leitir Móir do Mháirtín Mór ··· Chuir Tomás Máirtín agus a dheartháireacha go Coláiste Choill Chluana Gabhann ··· Ba bheag gné de shaol gnótha na Gaillimhe nach raibh baint ag Máirtín Mór léi ··· ‘But Máirtín slid effortlessly into Nationalist politics and was a Cumann na nGaedheal TD ....’ ··· Bhí píosa ina thaobh in The Observer ag Stephen Gwynn, fear a bhí ina bhall parlaiminte sa chathair uair, agus chuir an Connaught Tribune i gcló é 8 Nollaig 1934: ‘Galway is the most Irish city in Ireland and nothing in Galway was more Irish than the big man who was buried there last week - Martin McDonagh, Máirtín Mór as the whole county and its islands called him ...
Bhí sé ina ghéibheannach sa Churrach agus bhí ar dhuine díobh sin a dhéanadh freastal ar rang Mháirtín Uí Chadhain[B4] ··· Tá litir a scríobh sé faoi mhodhanna múinte Mháirtín i gcló inDe Ghlaschloich an Oileáin..., 1987 agus go gairid i ndiaidh bhás Mháirtín bhí litir i gcló aige in Scéala Éireann 2 Samhain 1970 agus aiste aige air in Feasta, Deireadh Fómhair 1971 ··· Bhí a dheirfiúr Máire pósta ar dhuine de na hiarghéibheannaigh, Máirtín Standún[B8]
Bhí aintín Mháirtín, Bríd Ní Fhlathartaigh, pósta le Seán Ó Conchubhair, príomhoide Scoil na hAirde i gCarna; ní raibh aon chlann orthu agus thug siad Máirtín chun cónaithe leo ar an Aird ··· Ba é a thoradh sin ar fad, toradh ár mbeartais, go mbíodh an-chuid Gaeilge le cloisteáil faoi áirse an Choláiste agus i hallaí cruinnithe, rud a d’fhág a rian ar roinnt mhaith de chéimithe óga na linne sin.’ Chuir Séamus Mac Mathúna, Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tuairisc seo ar réim Mháirtín sa Choláiste Ollscoile chuig Donla Uí Bhraonáin, iníon le Máirtín, 15 Samhain 2006: ‘Tháinig sé isteach i 1931 agus ceann de Scoláireachtaí na Gaeltachta ón Roinn Oideachais aige - mar a bhí aige gach bliain suas go dtí deireadh 1936-7 ··· Deirtear gurbh amhlaidh a d’aithin de Valera cáilíochtaí Mháirtín ón uair a bhí sé féin ina Aire le Gnóthaí Eachtracha agus Máirtín mar dhuine dá fhoireann ··· Ní raibh Máirtín ach seacht mbliana d’aois nuair a cailleadh a athair den fhliú mór i 1919 ··· Chuaigh an muirín ar fad, seachas Máirtín agus a dheartháir Vail, ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá
Chorcaí, d’athair Mháirtín, foraoiseoir ar tharla dó a bheith ag obair tamall de bhlianta i gceantar Phort Lách ··· Aistríodh go Mala é tuairim 1953 ach chaitheadh Máirtín óg laethanta saoire i dteach a uncail Mick Hickey, iománaí iomráiteach, a raibh feirm aige in aice le Port Lách ··· Ach is i gcathair Chorcaí a bhí an teaghlach lonnaithe agus cuireadh meánoideachas ar Mháirtín i gColáiste na Toirbhearta ann ··· Ba é Pádraig Ó Cíobháin, múinteoir agus scríbhneoir de bhunadh na Gráige, a chéadmhúin Gaeilge na dúiche sin do Mháirtín ··· In 1996 d’fhoilsigh Coiscéim Gort Broc: scéalta agus seanchas ó Bhéarra bailithe ó Phádraig Ó Murchú, é cóirithe agus curtha in eagar ag Máirtín
Ba leasdeartháir do mháthair Mháirtín Mhic Dhonnchadha é agus scríobh Máirtín nóta faoina bheatha agus, in éineacht le Seán Ó Morónaigh, chuir eagar ar a shaothar in Eachtraí Mhuintir Tam, 1988 ··· ‘Bunús úrscéil’ a thugann Máirtín Mac Donnchadha ar a bhfuil sa leabhrán sin ··· Chuir sé aithne ar Mháirtín Ó Cadhain [B4] sa Charn Mór
Bhí ‘Trian Bán’ ar cheann dá ainmneacha pinn in éineacht le ‘Tóchar Mháirtín’ agus ‘Clais an Aifrinn’ ··· Ní luann sé ina dhírbheathaisnéis an iris liteartha An Treallán ar foilsíodh an chéad uimhir de i 1952 agus ar measadh gurbh é Micheál faoi deara é; dhamnaigh Máirtín Ó Cadhain[B4] é le barr tarcaisne in Comhar, Meitheamh 1952, é ag tagairt go háirithe do sheanaimsearacht na scríbhneoireachta, agus b’in deireadh leis an iris sin ··· Ó 1923 ar aghaidh bhíodh aistí agus scéalta i gcló aige faoin ainm ‘Tóchar Mháirtín’ in Fáinne an Lae, Misneach, Ar Aghaidh, Humanitas
Measann an tOllamh Máirtín Ó Murchú gur fhill sé ansin ar Bonn ··· Go bhfios do Mháirtín Ó Murchú, is ar leagan atá le lua le Michél Ó Cléirigh [q.v.] a bhíodh Rolf ag obair ··· Tar éis do Mháirtín Ó Murchú tosú ina Stiúrthóir sa bhliain 1987, mhol Rolf dó go bhfoilseoidís nuachtlitir ··· Bhí aithne aige ar Mháirtín Ó Cadhain [q.v.] agus tá aiste aige dar teideal ‘An Cadhnach agus speach na ciclipéide’ in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha ··· In Scoil an Léinn Cheiltigh: Tuarascáil Leathchéad blian 1940–1990 Fiftieth anniversary report 1940–1990 (1991) deir Máirtín Ó Murchú: Rolf Baumgarten has given a full account of the School of Irish Learning in Newsletter of the School of Celtic Studies 3, (1989) 30–36, and to him must go the credit for making his contemporaries aware again of the significance of the School of Irish Learning’s contribution in training competent staff for the new University departments of Irish in Ireland
Tá cuntas maith air ag Ole Munch-Pedersen in Scéalta Mháirtín Neile: Bailíúchán scéalta ó Árainn ··· Léigh sé scéal amach as leabhar do Mháirtín lá agus ba shuim leis gur inis seisean do scata daoine é, an sagart paróiste ina measc
Tá cuntas cuimsitheach air ag Ole Munch-Pedersen sa réamhrá le Scéalta Mháirtín Neile: bailiúchán scéalta ó Árainn (1994) ··· Chaith sé an tréimhse 31 Lúnasa 1895 go 11 Eanáir 1896 ag foghlaim Gaeilge ón seanchaí Máirtín Ó Conghaile i mBaile na Creige in Árainn ··· Bhí an bailiúchán sa Leabharlann Ríoga i gCóbanhávan agus foilsíodh é faoin teideal Scéalta Mháirtín Neile: bailiúchán scéalta ó Árainn (1994)
In De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 tá cur síos ag an tSr Bosco Costigan ar an gcaoi ar briseadh Máirtín as a phost agus tá le tuiscint as gur ag comhlíonadh ordaithe an easpaig a bhí an Móránach, gur thairg sé post oide do Mháirtín nuair a scaoileadh amach as an gCurrach é agus gur labhair sé thar a cheann chun post a fháil dó i Rannóg an Aistriúcháin ··· Bhí Máirtín Ó Cadhain[q.v.] ina mhúinteoir sa pharóiste agus is ar an sagart a thit sé é a bhriseadh as a phost mar gheall ar bhallraíocht san IRA
Ach chuir sé an t-am chun tairbhe ag cur barr slachta i rang Mháirtín Uí Chadhain[B4] ar cibé Gaeilge a bhí foghlamtha aige ··· I 1947 bhí sé ar dhuine de chairde Mháirtín Uí Chadhain a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin ..., 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin)
I rith an ama seo agus anuas go 1965 bhí comhfhreagras seasta aige lena chara Máirtín Ó Cadhain; tá 32 de litreacha Mháirtín i dtaisce ag muintir Eoghain ··· Níorbh annamh Máirtín ina theach agus chuireadh sé comhairle ar Mháirtín agus ar Ghael Linn maidir le scéimeanna oideachais agus fostaíochta ab fhéidir a chur ar bun sa Ghaeltacht ··· Thacaigh sé le feachtas Mhuintir na Gaeltachta sna 1950idí agus go háirithe leis an bhfeachtas a bhí ar bun i Maigh Eo ag cisteoir na heagraíochta sin, Harry Ó Corrduibh[B5]; bhí sé ar an ardán i dTeach an Ard-Mhaoir i mBaile Átha Cliath 6 Deireadh Fómhair 1956 in éineacht le Máirtín Ó Cadhain[B4], Dónall Ó Móráin[q.v.], an tAthair Éamonn Ó Doibhlin[B5], Tomás Ó Muircheartaigh[B1] agus Ó Corrduibh ··· In Western People 22 Aibreán 1987 tugann Liam Mac Lochlainn, a bhí ina bhainisteoir contae le linn Eoghain, tuairisc ar ar éirigh leis a chur i gcrích agus deir sé faoin gcás a rinne sé i dtaobh éagothroime na rátaí: ‘In other words, it could be said to have been the first step towards what eventually led to the removal of the rates from the land and on the homes of the people as a whole.’ Tugann Máirtín Ó Cadhain sliocht as an alt sin in An Ghaeilge Bheo—Destined to Pass, 2002 in eagar ag Seán Ó Laighin
Ba é Diarmaid an dara duine ab óige de sheachtar clainne, ceathrar mac (Pádraig, Stiofán, Diarmaid, Máirtín) agus triúr iníonacha (Máire, Nuala, Sorcha), a bhí ag a thuismitheoirí – Diarmaid (Dairbe) Ó Gráinne, feirmeoir beag as Aill an Phréacháin agus ag a bhean, Siobhán (Júidín Steif) Breathnach as an mBaile Ard ar an Spidéal ··· Saothar léirmheastóireachta ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain (1906–1970) a bhí sa chéad leabhar a tháinig uaidh, An Dá Mháirtín (1990)
Bhí sé ar na daoine ba luaithe a thug freagra criticiúil ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin, Mháirtín Uí Dhireáin agus Máirtín Uí Chadhain, mar shampla ··· Phós sé Sadhbh Máire de Róiste ó Bhaile Mháirtín, Co
Ba iad a thuismitheoirí Máire Ní Thuathail (Máire Choilm Mháirtín) ó Chnoc na hAille agus Pádraig Learaí Ó Fínneadha, an file a scríobh Bóithríní an Locháin agus amhráin eile, 1994; ba é Learaí an seachtú mac acu
Ba iad a thuismitheoirí Peats Mac Síthigh, feirmeoir, agus Siobhán Ní Mháirtín ó na Gorta Dubha
Máirtín an t-aon duine sa teaghlach a d’fhreastail ar mheánscoil ··· Múinteoir i scoil náisiúnta na Gráinsí, fear de mhuintir Dhíomsaigh a raibh Gaeilge aige, a mhisnigh Máirtín chun cur isteach ar scoláireacht le dul go Coláiste Cholmáin ··· Den 16 sa rang bhí 15 ag dul le sagartacht ach Máirtín a bhuaigh Duais an Easpaig sa teagasc críostaí gach bliain ··· Ar feadh i bhfad bhí imeachtaí drámaíochta na craoibhe faoi chúram Mháirtín
Ba é an duine ba shine é den naonúr clainne a bhí ag Máirtín Ó Caoidheáin, Glinsce, Co ··· ‘Colm Mháirtín Thomáis’ a thugtaí air
Gheofar cuntas air sin i leabhar Mháirtín Uí Mhurchú faoin eagraíocht sin a fhoilseofar go luath
Ba é Peait Liaimín Mac Donnchdha as Béal an Daingin a athair agus ba í Mairéad Ní Chonaola, nó Meaig Pheadair Mháirtín, as Caladh Chúlaim, Leitir Mealláin, a mháthair ··· Is maith freisin a bhí sé in ann an meáchan a chaitheamh agus ba é chomhairligh Máirtín Ó Droighneáin [q.v.] i dtaobh an leathchéad a chaitheamh le breis éifeachta ··· Dhíol sé an teach ósta le Máirtín Ó Droighneáin i 1944 agus d’imigh go Sasana
Bhíodh caidreamh aige le Gaeilgeoirí mar Shéamus Mac An Iomaire [B4] agus Seosamh Daibhéid [q.v.] agus scríobhadh sé chuig údair mar Mháirtín Ó Cadhain [B4] agus Liam Ó Beirn[B1]
An léann nach raibh le fáil ar scoil bhí sé le fáil ar leic an teallaigh i dteach Mháirtín Bhreathnaigh, fíodóir sa Lochán Beag
San alt ‘Cloichín ar Charn’, Comhar, Bealtaine 1988 cuireann sé síos ar an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Direáin[q.v.] ó bhí sé ina ghasúr in Árainn
Seo iad na scéalta de chuid Tom atá ar an gcaiséad: ‘An t-am a raibh Fionn Mac Cumhaill ina pháiste’, ‘An Gobán’, ‘An craiceann agus a luach’, ‘Ruaidhrí Caoir Ó Flatharta’, ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus, an scéal ab ansa leis féin, ‘Donnchadha Mór,’ an ceann a d’aithris sé do Mháirtín Tom Sheáinín ar an gclár Comhrá ar TG4 in Aibreán na bliana 2007
D’eachtraigh sí scéal a saoil do Mháirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ar an gclár Comhrá ar TG4 in 2006
Ba mhór a shuim i bhfilíocht na Gaeilge chomh maith, agus in éineacht le Tomás Mac Síomóin, d’aistrigh sé filíocht Mháirtín Uí Dhireáin go Béarla sa leabhar Tacar dánta (1984)
Bhí Gaeilge mhaith scoile ag Liam, ach tháinig splanc léargais chuige nuair a thosaigh a pháistí ag freastal ar Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus go raibh an chéad bheirt ag teacht abhaile le scéalta beaga agus dánta acu ó Bhean Uí Chadhain, bean chéile Mháirtín ··· Mar seo a labhair ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Ó Máirtín faoi tar éis a bháis: He made an enormous contribution to Irish culture, heritage and the Irish language..
- agus sa chuntas ar an gcaidreamh a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4] ··· Bhí baint fhada aige le Conradh na Gaeilge, rud is léir ar litir Mháirtín Uí Chadhain dar dáta 24 Márta 1937 i gcló ag an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin in De Ghlaschloich an Oileáin..., 1987
B’fhéidir a rá gurbh é a chuir tús in 1970 leis na cuairteanna a thugadh filí na hAlban ar Éirinn, daoine mar Shomhairle MacGill-Eain agus Ruairidh MacThòmais, agus leithéidí Mháirtín Uí Dhireáin a théadh go hAlbain
Tá aiste ann ar an gcairdeas sin le Máirtín Ó Cadhain ··· Níor mhiste riamh le Tomás comhairle a leasa a chur ar Mháirtín i dtaobh stíle nó i dtaobh chúrsaí a shaoil ··· Nuair a gabhadh Máirtín le géibheann a chur air ba é Tomás a chuir an nuacht sin ar an Evening Herald ··· Ba é freisin faoi deara gur saoradh Máirtín ón gCurrach ar deireadh ··· Ní raibh Máirtín buíoch de ach lean an cairdeas agus thugadh Máirtín cuairteanna ar Thomás i Maigh Cuilinn
Bhí a athair Máirtín ag obair mar chléireach i siopa guail agus mine ann ··· Phort Láirge, do Mháirtín (sin é an seoladh, dar lena mhac Tommy)
I gcuntas ar an bpíobaire dall Máirtín Ó Raghallaigh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1903, deir ‘Craobh Rua’: ‘Ní raibh aon trácht ar Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeachaigh Pádraig Mac an Fhailghe ar lorg na bpíobairí timpeall is a hocht nó naoi de bhlianta ó shin ··· Casadh isteach i dteach beag i nGaillimh é agus is ann a fuair sé mo phíobaire bocht Máirtín
D’éag an t-athair nuair a bhí Máirtín faoi bhun dhá bhliain d’aois agus b’éigean dá mháthair dul amach ag obair ··· Thosaigh Máirtín féin ag tuilleamh scilling sa tseachtain le fear bainne nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois ··· Le linn dó a bheith sa Churrach thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i mbunrang Sheáin Óig Uí Thuama[B2] ach is ó Mháirtín Ó Cadhain[B4] is mó a d’fhoghlaim sé an teanga ··· I think it was very stupid: the lads were down to serious study and it caused them untold harm.’ Is amhlaidh a labhair Máirtín le fear ón taobh eile i mbothán na Gaeilge agus cuireadh iachall air aistriú go bothán eile ··· Dúirt sé le Uinseann Mac Eoin: ‘I was not for one side or the other; my sole interest was in the Irish language; but as a result I was to lose an entire year without Máirtín Ó Cadhain, as he remained on the Leddy side
Sa réamhrá mínítear go bhfuil an saothar bunaithe cuid mhaith ar Gramadach na Gaeilge; An Caighdeán Oifigiúil ach deirtear freisin: ‘An chuid sin den chomhréir atá taobh amuigh de chúram an leabhair sin tá sí bunaithe ar litríocht na Nua-Ghaeilge, agus go háirithe ar scríbhinní Pheadair Uí Laoghaire[B2], Shéamuis Uí Ghrianna [B2] agus Mháirtín Uí Chadhain [B4]’
Ní raibh ach leithead an bhóthair idir teach mhuintir Mháirtín Uí Dhireáin [q.v.] agus teach mhuintir Fhlannagáin, an ‘Residence’ ··· Bhí seisean agus beirt dá dhlúthchairde, Seáinín Tom Ó Direáin agus Jamesy Ó Flaitheartaigh (seanathair an chraoltóra Máirtín Jamesy), a raibh an-chion ag páistí Sheosaimh orthu, ag filleadh i gcurrach tar éis turas na Cruaiche
Thoirbhir sé a leabhar Carn Tighearnaigh (1938) ‘do Mháirtín Ó Buadhacháin in Eochaill, don té do chéad-thug teagasc dam i léigheamh agus i scríobhadh ár dteangadh dúthchais’
Rinne Máirtín Ó Cadhain [B4] ionsaí géar, róghéar, b’fhéidir, air in Feasta, Iúil 1960: ‘Aon deilín tuirsiúil amháin ar thóir an Ghaelachais—a dhúchas—é an leabhar ó thús go deireadh.’ Ba é a thuairim nár thug Ó hUid cuntas cruinn ar Chonradh na Gaeilge Londan ná ar fheachtas míleata an IRA ach is léir freisin nach bhféadfadh sé a mhaitheamh d’iar-Óglach gur iompaigh sé a chóta: ‘Tá a chuid léinteacha, eaglaisí agus polaitíocht athraithe sách minic faoi seo aige le fios a bheith aige nach bhfuil campa ná comhthionól gan a leagan féin ar an “bhfírinne”.’ Shíl Tarlach féin gurbh é a chuir olc ar Mháirtín gur iompaigh sé ina Chaitliceach, gurbh é a theastaigh ó Phoblachtaigh go mbeadh ‘peata Protastúnach acu’
Rud mór i stair na hirise an tacaíocht a tugadh don Dr Nollaig de Brún i mBealtaine 1951 nuair a d’éirigh sé as an Aireacht Sláinte agus is ar an Móránach a thit sé an iris a chosaint; arís tharraing léirmheas Mháirtín Uí Chadhain ar iris na Roinne Oideachais An Treallán i Meitheamh 1952 faobhar na Roinne orthu ··· Géilltear gurbh é an príomhbhunaitheoir é agus ó thús bhí sé ina Stiúrthóir Oinigh agus ina chathaoirleach ar Bhord na gCaomhnóirí (Seán Ó Síocháin[q.v.], Máirtín Ó Cadhain[B4], Máire Bhreathnach, Aodhagán Brioscú[q.v.]) ··· ‘Ní beag agus ní bog an léirmheas a rinne sé san alt sin agus ní rabhamar ró-chairdiúil ar feadh scathaimh dá bharr; níos déanaí thuigeamar dá chéile agus sa tréimhse dheireanach dá shaol is beag nach raibh oifig Ghael Linn ina cheannáras aige.’ I bhfad roimhe sin, nuair a fuair Máirtín bás i 1970, dúirt sé faoi: ‘Dala an dúthracht a chaitheadh sé leis an scríbhneoireacht bhí Máirtín sásta am agus fuinneamh a chaitheamh ag pleanáil aon bheartas Athbheochana a bhí tábhachtach, dar leis.’ I 1955 toghadh é ina Chathaoirleach ar Chomhghairm Ollscoil na hÉireann, post a bhí aige ar feadh i bhfad; bhronn an ollscoil dochtúireacht oinigh air i 1975
Tugann Ó Raghallaigh cuntas ar na deiseanna foghlama a bhí aici ansiúd: bhí Eric Mac Fhinn [q.v.], Tomás Ó Raghallaigh [B2], Pádraig Ó Finneadha [q.v.] agus Máirtín Ó Flatharta, príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh, ar an bhfoireann teagaisc ··· agus ó cheoltóirí eile ar nós Mháirtín Uí Fhatharta, Mhaidhc Ging nó Mhaitiú Uí Chúláin ...’
Is lena linn sin a bhí sé ag foghlaim Gaeilge ó Mháirtín Ó Cadhain[B4] mar mhalairt ar cheachtanna Breatnaise ··· Indeed, several Irish scholars including the late Professors Máirtín Ó Cadhain and David Greene[B3] suggested that it should be translated into Irish and eventually it was published in that language with additional material by the author and Máirín Ní Mhuiríosa ...
Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4], Seán Ó Ríordáin [B3], Tomás Ó Fiaich [q.v.].. ··· Thugadh sé codanna den lámhscríbhinn le léamh do Mháirtín Ó Cadhain, d’Aindrias Ó Muimhneacháin[q.v.] agus do Sheán Mac Fhionnlaoich[B4] ··· Ar feadh tamaill i 1971 bhí sé á bheartú ag Sáirséal agus Dill a aistriúcháin ar scéalta An tSraith dhá Tógáil le Máirtín Ó Cadhain a fhoilsiú
I ndiaidh a bháis dúirt Máirtín Ó Loideáin ODC [q.v.]: ‘Ariamh ní raibh sé aonraic mar go raibh stair agus seanchas agus filí ina chuideachta i ngach áit dá siúladh sé.’ Tá a bheathaisnéis scríofa: ag Risteárd Ó Glaisne (Tomás Ó Fiaich, 1990); ag Billy Fitzgerald (Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich, 1990) ··· D’ainmnigh an rialtas é mar bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge in 1958, agus nuair a d’éirigh an tAthair Máirtín Ó Braonáin as a bheith ina chathaoirleach in 1959 ba é Tomás a ceapadh ina áit ··· Thiteadh cúraimí éagsúla air ó lá go lá; is é a chuir an ola dhéanach ar Mháirtín Ó Cadhain[B4] agus is é a thug an t-aitheasc ag aifreann éagnairce de Valera
Is inspéise gurbh é Máirtín freisin a labhair ag uaigh chliamhain Shéamais, Seán Ó hÉigeartaigh, agus gurbh é garmhac Shéamais, Cian Ó hÉigeartaigh, a labhair ag uaigh Mháirtín féin ··· Máirtín Ó Cadhain a labhair cois na huaighe i nGráinseach an Déin
Deir Éamon faoi Mháirtín Ó Cadhain go mba nós leis a rá ‘gur spreag giotaí le Micheál Ó Maoláin as Árainn san iris sin [Honesty ] é féin chun machnaimh, agus gur chuir siad i mbun pinn é’
Nuair a fuair a athair bás ar 28 Aibreán 1910 is ag 26 Sráid Mháirtín, sa cheantar céanna den chathair, a bhí cónaí ar an teaghlach agus ag pointe éigin ina dhiaidh sin d’aistrigh siad go 12 Sráid Heytesbury
Chuir Proinsias Mac Aonghusa eagar ar Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997); chomh maith le haistí ann lena dheirfiúr Caitlín, lena chliamhain Máirtín Ó Flathartaigh, a iníon Clíona agus a mhac Pádraic, tá cuntais ann ag Liam de Paor[q.v.], Proinsias Mac Aonghusa, Proinsias Mac Cana, Seán Mac Réamoinn, Eilís Ní Bhrádaigh, Anraí Ó Baoighealláin, Art Ó Beoláin[q.v.], Tomás Ó Concheanainn, Brian Ó Cuív[q.v.], Stiofán Ó hAnnracháin, Éamonn Ó hÓgáin, Máirtín Ó Murchú, Úna Uí Bheirn, agus Seosamh Watson, chomh maith lena ndúirt Micheál Mac Craith OFM ag Aifreann éagnairce Thomáis agus le leabharliosta cuimsitheach le Marion Gunn ··· In Anois 27-28 Aibreán 1996 tá cuimhní agus eolas ag Máirtín Ó Murchú ··· In 1933 d’fhreastail sé ar chúrsa in Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i gCois Fharraige; i rang Mháirtín Uí Fhlathartaigh a bhí sé, fear a bpósfaí a dheirfiúr Máire leis ar ball ··· Sa chuntas úd in Anois deir Máirtín Ó Murchú: ‘Ar phobal na Gaeltachta go speisialta a bhí a mheas i gcónaí; ba dhóibh ba sheasmhaí riamh a chion
Deirtear in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 leis an tSiúr Bosco Costigan, go raibh baint aige le fearais scríbhneoireachta a chur ar fáil don Chadhnach nuair a bhí sé i ngéibheann
Tugann an scoláire béaloidis seo beagán buneolais phearsanta in I mBéal na farraige: scéalta agus seanchas faoi chúrsaí feamainne ó bhéal na ndaoine (1997) agus chuir Máirtín Ó Briain (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) go mór leis an eolas sin ar mhaithe leis an gcuntas seo ··· Thugadh sé seónna aonair faoin ainm stáitse Van Heinz in amharclann an Queens, an sábh á sheinm agus amhráin á gcasadh aige (gearrthóg ón Evening Herald 11 Bealtaine 1948 i seilbh Mháirtín Uí Bhriain)