Líon alt a aimsíodh: 1
D’éag Ruairí sa Róimh 12 Lúnasa 1608 agus cuireadh an iníon, Mary Stuart Dhomhnaill, faoi choimirce an Rí ··· Is é an chaoi a dtagann Brighid agus a hiníon isteach sa scéal a insíonn Ó Fiaich gur chuid de phlean Fhlaithrí Uí Mhaoil Chonaire [B7] chun Éire a ionradh go bpósfaí Mary Stuart ar Iarla Thír Eoghain; chabhródh an cleamhnas chun cairdeas a shnaidhmeadh idir cheannairí míleata na sluaíochta, Ó Domhnaill agus Ó Néill ··· Deir Ó Fiaich: ‘But Mary Stuart O’Donnell had no ambition to play the role of a Countess Markievicz in the first Irish Republic, and she was not going to be swept off her feet by an O’Neill any more than by an English nobleman.’ Deir sé freisin go raibh aird na hEorpa uirthi i ngeall ar eachtrúlacht an turais a rinne sí agus gur foilsíodh a beathaisnéis sa Spáinnis agus sa Fhraincis ··· Tá cuntas ar an bhfile seo agus an dán a deirtear a chum sí, ‘A Mhacaoimh dhealbhas an dán’, in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002 sa chaibidil (‘Courts and Coteries II’) in eagar ag Máirín Dhonnchadha ··· Is é an cheathrú dheiridh sa dán aici: ‘Mo shloinneadh chluinfe cách / uaimse go dtile an lá inné; / atá mh’ainm, cibé lerb áil, / ar mhnaoi de mhnáibh fhlaithis Dé.’ Deir Tomás Ó Fiaich[q.v.] in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism’) gurb é atá sa dán freagra ar dhán a scríobh Cúchonnacht Ó Cléirigh, ‘Neimhthinn an galar é an grádh’, atá in eagar ag T.F