Líon alt a aimsíodh: 1
Bhí baint ag Ada le Corcaigh trína máthair, Mary Anne Martha Henry, agus sin é an t-aon ghaol amháin a bhí ag muintir Tharlach le hÉirinn ··· Is iníon leis an deirfiúr ba shine ag Tarlach, Anne Simmonds, bean a bhfuil taighde déanta aici ar a muintir, a sholáthair an t-eolas thuas d’údair an chuntais seo ··· Agus sin uilig ráite caithfear aitheantas a thabhairt do Tharlach Ó hUid mar go raibh sé ar thús cadhnaíochta ar scríbhneoirí eile ina iarrachtaí cuntas ionraic mar a chonaic sé féin é a thabhairt ar an saol agus ar an timpeallacht inar mhair sé.…Réitigh Tarlach Ó hUid an bealach don ghlúin úr.’ Nochtann sé an tuairim nárbh aon chabhair sa saothar cruthaitheach an sclábhaíocht a chaitheadh sé a dhéanamh chun Inniu a thabhairt amach, ach in Faoi Ghlas tugann Tarlach le fios gur ag síorfhoghlaim deismireachtaí na teanga a bhíodh sé agus é ag obair le Ciarán Ó Nualláin ··· Deir Ó Glaisne: ‘Tá Gaeilge curtha aige ar leathdhosaen éigin leabhar gairid le Mary Purcell ar chúrsaí creidimh do mhuintir Gill le blianta beaga anuas’; is cosúil gur ar mhaithe leis an eagraíocht Na Teaghlaigh Gaelacha, a raibh sé ar dhuine dá bhunaitheoirí, a rinne sé an saothar áirithe sin