Líon alt a aimsíodh: 12
Tá de dhifríocht idir sin agus tuairisc Dhaonáireamh 1911 go raibh deartháir eile, John (18), sa teach, nach raibh William ann, agus gur tuairiscíodh nach raibh Gaeilge ach ag an athair agus ag Sarah agus Mary ··· Dúirt siad leis gur rugadh Fionán in 1886 in Achadh Loiste in aice le Bealach an Doirín, go bhfuair sé scolaíocht i gColáiste Naithí i mBealach an Doirín, gur chaith sé 1911–13 ag fáil oiliúna sa Mhodhscoil i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, go bhfuair sé post san Ómaigh i 1913, i Scoil na mBráithre Críostaí ann, b’fhéidir, agus faoi 1917 go raibh sé ag múineadh i Sheffield tamall, agus tamall eile i Londain ··· I nDaonáireamh 1901 bhí 50 bliain d’aois ag an athair agus 49 ag an mháthair, agus bhí an chlann seo in aontíos leo: Annie (19), William (15), Denis (13), Martin (11), Sarah (8), Mary (3) ··· I 1924 phós sé Margaret O’Reilly, múinteoir a rugadh san Astráil tuairim 1893 ··· D’fhoilsigh Pádhraic Ó Domhnalláin [B2] dán leis, ‘Róisín Dubh an Ghleanna’, in Tacar amhrán, [1925] agus chuir an nóta beathaisnéise seo ann: ‘Oide scoile atá ag teagasc i Sasana
Mary [sic] O’Reilly, who lived with her, was unhinged, and died in a lunatic asylum’ ··· Is lena thaispeáint nach raibh an Piarsach in ann, más fíor, caidreamh a dhéanamh le gnáthbhean dá aois féin a luann Edwards Mairéad ··· Ba é William Reilly, ceannchonstábla i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, an t-athair, agus ba í Mary Anne Coakley an mháthair ··· B’fhéidir gur phost neamhbhunaithe a bhí ann ··· Is dóigh gurbh ann a casadh P.J
‘Seán Ó Donnabháin’ (72 leathanach) le Nollaig Ó Muraíle in Scoláirí Gaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXVII (1997) in eagar ag Ruairí Ó hUiginn an cuntas fada is iontaofa; tá ann leabharliosta agus léirmheas ar ar foilsíodh d’aistí agus de bheathaisnéisí anuas go 1997, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe ··· Dhéanadh sé obair do chara leis, Myles John O’Reilly[q.v.], agus is ina theachsan i bPort Laoise a chaith sé tamall de 1830 tar éis gur bhris ar a shláinte ··· Ann a chuala sé tuairisc bháis Éadbhaird Uí Raghallaigh[q.v.] a raibh tamall gairid caite aige ag ceartú agus ag deimhniú litriú ainmneacha na mbailte fearainn sa tSuirbhéireacht Ordanáis ··· Ar 18 Eanáir 1840 phós sé Mary Anne Broughton, deirfiúr le bean Eoghain Uí Chomhraí, agus bhí siad ar feadh píosa ag cur fúthu i dteach Uí Chomhraí ag 32 Ascaill Radharc an Chuain, an Trá Thuaidh ··· Ceapadh é ina Ollamh le teangacha agus litríocht na gCeilteach i gColáiste na Banríona, Béal Feirste, in 1849; dála ar tharla sna coláistí eile, ar éigean mic léinn ar bith aige riamh ann
Sin é an dáta atá ar a theastas baiste agus ‘Hegarty’ an leagan Béarla den sloinne atá ann ··· Patrick Hagerty, oibrí nó ‘labourer’ a athair, agus ba í Mary Lynch a mháthair ··· I Springfield a chaith sé an chuid eile dá shaol agus ann a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as Poets and poetry of Munster ··· I 1911 nuair a bhí an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Fionán Mac Coluim [B1] ag bailiú airgid don Chonradh sna Stáit d’iarr Pádraig orthu fear a roghnú chun feiseanna a eagrú i mórchathracha an chósta thoir agus is ar an gcuma sin a chaith Micheál Ó Conchubhair ó Thrá Lí cúpla bliain ann ··· Bhí baint an-mhór ag Pádraig le saol na nÉireannach thall, é ina bhall den AOH agus ar dhuine de bhunaitheoirí an John Boyle O’Reilly Club (club a d’fhág sé toisc nach raibh sé ag réiteach le hólachán), ina eagraí ag aonad Springfield de Arm na Poblachta, ina oibrí le haghaidh bhannaí na hÉireann agus ina uachtarán i Massachussetts ar The American Association for the Recognition of the Irish Republic
Tá cuntais air: in Dictionary of National Biography; in The History of Breifne O’Reilly, 1976 le J.J ··· O’Reilly; in I bPrionta i Leabhar.. ··· I rith éirí amach 1641 d’éirigh leis fanacht cairdiúil le Gaeil agus Gaill agus bhí in ann ar an gcuma sin cabhair a thabhairt do Shasanaigh a bhí i gcruachás ··· Deir Williams: ‘Bhí an Sioradánach cairdiúil leis an easpag Caitliceach, agus bhí sé in ann roinnt de leabhair agus páipéir Bhedell a shábháil as teach an easpaig ··· Ba gharmhac le Alicia an t-úrscéalaí Joseph Sheridan Le Fanu agus ba ghariníon le Richard Brinsley an Bantiarna Dufferin (Helena Selena Blackwood), file, a scríobh ‘I’m sitting on the stile, Mary
Ba é Eoghan Mac Cionnaith [B5], léachtóir i gColáiste Teicneolaíochta Chathair Bhéal Feirste , a hathair, agus ba í Gretta O’Reilly as Gránard, Co ··· I 1936 cuireadh go dtí coláiste aíochta Naomh Lughaidh i Muineachán í agus ghnóthaigh sí scoláireacht ollscoile ann ··· An bhliain chéanna sin bhí ról Lady Macbeth aici i ndráma Shakespeare agus idir sin agus 1944 bhí sí páirteach in The Emperor Jones (Eugene O’Neill; Buadhach Tóibín a d’aistrigh); Shadow of a Gunman (O’Casey; Ó Feinneadha a d’aistrigh faoin teideal Scáil an Óglaigh); Plough and the Stars (O’Casey; Buadhach Tóibín a d’aistrigh faoin teideal An Céachta agus na Réalta); Mary Rose (J.M ··· Is mar sin a insíonn Ó hAodha an scéal ach is é leagan Uí Shiadhail go raibh scoláireachtaí ar fáil d’aisteoirí óga a raibh Gaeilge acu: ‘Ba iad na scoláireachtaí seo a thug Siobhán Nic Cionnaith agus Seán Mac Labhraidh, iaraisteoirí de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe, go hAmharclann na Mainistreach.’ Stiana le Peadar Ó hAnnracháin [B1] an chéad dráma a raibh ról aici ann 26-27 Márta 1944, agus an chéad dráma Béarla a raibh sí páirteach ann ná The End House le Joseph Tomelty a thosaigh 21 Lúnasa na bliana céanna
Is í rúnaí an choiste seo leis í ...’ Dar le Daonáireamh 1901 go raibh cónaí ar Mary O’Reilly áirithe i Sráid na Mainistreach sa Nás ··· Bhí gnó clóscríbhneoireachta ag ‘The Misses O’Reilly and Ennis’ i Sráid na Tríonóide sa phríomhchathair ó c.1906 ar aghaidh agus b’fhéidir gurbh ann a bhí sí ··· Múinteoir scoile agus leaschláraitheoir ba ea a hathair Patrick Reilly (a rugadh in 1825) agus ba í Mary Geraghty a máthair (d’éag 20 Deireadh Fómhair 1879 in aois 49 bliana di) ··· Deir Cogan in Diocese of Meath, 1870: ‘Mr Patrick O’Reilly, late national teacher in Drumconrath, Co ··· Mhothaigh tú freisin gur ball d’Éirinn é seo go bhféadfá do mhéar a leagan ar chuisle na hathbheochana ann a bhuíochas san uile don bheirt bhan misniúil a bhunaigh agus a stiúraigh an institiúid fhíornáisiúnta seo’
In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 scríobh Peadar Ó hAnnracháin [B1]: ‘Áine Ní Raghallaigh an príomh-Ghael a bhí ann ó chuireas aithne ar mhuintir na háite ··· liosta (i seilbh Sheáin Uí Eichtigheirn, iarmhúinteoir a rugadh ar an mbaile agus a chónaigh riamh ann) de mhuintir an bhaile sin tuairim 1879, sráid ar shráid, agus ainmneacha na leanaí leo a bhí ag freastal na scoile nuair a bhí siad féin, na himircigh seo, ar scoil ··· Ar Bhóthar Mount Massey tá liostaithe ann Sgt Rielly, an Chonstáblacht Ríoga, a bhean, agus John, Julia, Annie agus Maggie ··· Ba é William Reilly, ceannchonstábla (‘The Bansha Peeler’!), an t-athair, agus ba í Mary Anne Coakley an mháthair ··· O’Reilly and Messrs G
Ba é seo an Súilleabhánach ar ar thit sé an trídhathach a thógáil os cionn Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916: ba é an t-oifigeach ab óige ann é ··· Cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh agus bhíodh ag múineadh ranganna ann agus bhí ina bhall dá choiste, é ina rúnaí acu i 1916 ··· Is gnách le beathaisnéisithe Mhichíl Uí Choileáin a rá gurbh iad Gearóid, Diarmuid Ó hÉigeartaigh[q.v.] agus Joe O’Reilly na cairde ba dhlúithe dá raibh aige ··· Fuair Maud bás i 1940 agus phós sé Mary Brennan ó Bhéal Feirste
Éireannach sa tseirbhís Chustaim agus Máil ansiúd a athair Terence Toal agus ba í Mary Ann O’Reilly a mháthair ··· De réir an teastais breithe rugadh é 29 Meán Fómhair 1881 in Auchtertool, Kirkcaldy, agus tugadh na hainmneacha baiste Daniel O’Reilly air in Eaglais Mhuire na Síorchabhrach sa bhaile sin ··· I 1909 cuireadh go Waterfoot, Gleann Airbh, é agus chuala sé ann cuid de na seandaoine ag labhairt Gaeilge
Bhí an dochtúir sin ina chónaí i gCearnóg Rutland (Parnell) nuair a bhí Daonáireamh 1911 á dhéanamh; bhí sé 62 bliain d’aois ag an am agus in aontíos leis bhí a dheirfiúracha Mary Frances (65), Kate (53) agus Maria Theresa Mason (50), baintreach ··· Níl sloinne na máthar sa taifead ach b’fhéidir gur Raghallach í: ‘Albert O’Reilly Delahoyde’ a thugadh sé air féin sna litreacha uaireanta ··· Chomh fada siar le samhradh 1896 d’fhan sé seacht seachtain ann agus thug tuairisc ar a shaoire san Ard-Chraobh
I mBaile Átha Cliath a rugadh í (Charlotte Mary) 23 Nollaig 1881 ··· Ba den bhunadh céanna i gContae Laoise an bheirt acu agus bhí siad in ann a nginealach a rianú siar go dtí 1670 ··· Sa teach freisin bhí James Gerald (17), mac léinn fiaclóireachta, Nora Mary (19), agus John agus Frank, scoláirí ··· Bhí Gaeilge ag an gclann go léir ach amháin Nora Mary ··· Nuair a phós sé Emily O’Reilly (bean a raibh gaol i bhfad amach aici le Ó Cearbhalláin, cláirseoir) bhí an scéal i bpáipéar an Chonartha 8 Deireadh Fómhair 1910