Líon alt a aimsíodh: 3
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Ba iad Seán Ó Direáin agus Mairéad Dhireáin a thuismitheoirí ··· ‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993) ··· Foilsíodh Carraig agus Cathair: Ó Direáin, 2002 le Isobel Riain ··· Bhí Mairéad pósta ar Labhrás Mac Confhaola ach bádh é go gairid tar éis a bpósta
I gCreig an Chéirín san oileán a rugadh Éamonn 17 Meán Fómhair 1922; ba é an t-aon leanbh é ag a mhuintir, Seán Ó Tuathail agus Mairéad Dhireáin
Ó 1917 go 1950 bhí a iníon Máire ag múineadh i Scoil Bhríde, ar dtús mar leas-phríomhoide faoi Louise Gavan Duffy[B1], bunaitheoir na scoile, agus, ó 1944 go 1950, mar phríomhoide (Lúise Gabhánach Dhufaigh agus Scoil Bhríde, 1993 in eagar ag Mairéad Ghacháin) ··· raibh siadsan sa teach oíche an Daonáirimh ··· raibh siad ann ach oiread nuair a rinneadh Daonáireamh 1901: bhí Máire ar aíocht i gClochar Lughaidh, Muineachán, ag an am agus Micheál i gColáiste na Carraige Duibhe ··· raibh ag Brigid ach 20 ··· Ach fhágann Mártan Ó Domhnaill fuíoll molta air ina leabhar Oileáin Árann, 1930 agus labhraíonn sé go speisialta ar a ndearna sé ar mhaithe le muintir na n-oileán