Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Feirmeoir, muilleoir, agus fear gnó ba ea an fear seo a chum ‘Marbhna Liféir Grás’, dán ar thug James Hardiman[q.v.] ionad dó in Irish Minstrelsy, a d’aistrigh George Sigerson[B1], agus a raibh ardmheas ag Pádraig Mac Piarais[B4] air, agus sin ar fad i ngeall ar gur cuireadh i gcéill dóibh gurbh fhile den 17ú céad, Seán Mac Uaitéir Breathnach, a chum é ··· Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650 ··· Bhí sé i bhfiacha i ngeall ar Bláithfhleasg na Milseán agus bhí gaol i bhfad amach aige leis na Grásaigh agus le Seán Mac Uaitéir Breathnach ··· Phós sé Mairéad Ní Scoireadh (c.1800-1859), deirfiúr le Séamus Ó Scoireadh[q.v.], tuairim 1826 nuair a bhí sé féin os cionn na dtrí scór
‘Sa bhliain 1974, faoi scéim a bhí eagraithe ag Breandán Breathnach [q.v.] sa Rannóg Cheoil Tuaithe, tháinig mac dearthára do Neilí, Mícheál Ó Domhnaill, go Rann na Feirste ag bailiú amhrán agus taobh istigh d’achar an-ghearr, bhailigh sé 159 amhrán idir Bhéarla agus Ghaeilge ó Neilí.’ Agus cuireann Goan leis an méid sin go raibh saibhreas ollmhór seanchais aici ··· Deirtear i leabhar mór Vallely: ‘Her nieces Tríona and Mairéad [Ní Dhomhnaill] and nephew Mícheál learned many of her songs, performing them solo and with such groups as Skara Brae, the Bothy Band and Touchstone.’
In Treoir Iml 23, 1991 tá cuntas ag Dr Kevin McCann, a chomhscoláire i gColáiste Mhuire agus ar mac é le Mairéad Ní Oisín [q.v.], ar an gcaidreamh a bhí aige le Séamus agus ar na cuairteanna a thugadh sé ar an teach i bhFionnghlas ··· Cara leis ba ea an scoláire ceoil Breandán Breathnach agus deir seisean in aiste dar teideal ‘Séamus Ennis: a tribute to the man and his music’ in Musical Traditions, mid-1983, no.1: ‘By chance he bumped into [Colm] Ó Lochlainn [B4], a friend of the family, who used to make desultory efforts at learning the pipes from his father, and confessed to him that he had decided to cross to England and join the British Army ··· Deir Breathnach gur mhol Ó Lochlainn do Shéamus Ó Duilearga[q.v.] go bhfostódh an Coimisiún Béaloideasa Séamus chun leanúint d’obair bhailiú an cheoil a raibh tús curtha léi ag Liam de Noraidh[B3] ach gurbh i gConamara agus in Árainn a dhéanfadh sé é ··· Deir Breathnach gur bhailigh sé beagnach 2,000 píosaí, idir amhráin agus fhoinn rince, agus nach móide go sárófar an churiarracht sin ··· Chuireadh sé leaganacha Béarla d’amhráin Ghaeilge ar fáil agus deir Breathnach: ‘His translations in verse of Irish songs were both accurate and singable’
‘Ba é an ceathrú duine clainne é de mhuirear naonúir a bhí ag Seán de Róiste ón áit sin, agus ag a bhean chéile Mairéad Breathnach.’ Níor mhair triúr den naonúr agus fuair Mairéad bás in 1878
D’fhoilsigh Coiscéim Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin, 2000 in eagar ag Mairéad Ní Loingsigh; leis an tréimhse 1 Bealtaine—29 Samhain 1923 a bhaineann na hiontrálacha ··· Tá an méid seo ag Mairéad Ní Loingsigh: ‘Deir sí féin insa chuntas ná braitheadh sí riamh ar a suaimhneas in aon áit eile ach age baile agus ná raibh aon namhaid aici ach an tarna hoíche a thabhairt in aon áit eile, dá mb’é Dún Chaoin féin é, mar go mbíodh sí marbh ag an uaigneas
Bhí dhá thráchtas eile i gcló ann: ‘De febre efemera’ le Winifred Wulff[q.v.] agus ‘Táin Bó Geanainn’ in eagar ag Mairéad Ní Ghrádaigh[B1]
Ba iad Criostóir Ó hÓgartaigh agus Mairéad de Faoite a thuismitheoirí
Ó Gallachair in Clogher Record, 1959 (‘The First Maguire of Tempo’) agus tá eolas i gcló ag Pól Breathnach [B2] san aiste ‘The Maguires and Irish Learning’ in The Irish Book Lover, Eanáir 1940 agus in Irish Ecclesiastical Record, Eanáir-Meitheamh, 1922 ··· Ba mhac é le Cúchonnacht Mag Uidhir [q.v.], tiarna Fhear Manach (d’éag 1589) agus a bhean Mairéad, iníon leis an taoiseach Seán Ó Néill a d’éag 1567
Bhí sé pósta le Mairéad Ní Fhearraigh óna cheantar féin agus bhí ceathrar iníonacha agus triúr mac acu
Deartháir leis ba ea Aodh Ó Domhnaill, athair na n-amhránaithe Mairéad, Tríona agus Micheál, agus ba dheirfiúr leis Neilí Ní Dhónaill[q.v.]
Cuireadh ar fáil le haghaidh an chuntais seo fuaimthaifead d’agallamh a chuir Diarmuid Breathnach air le haghaidh na sraithe teilifíse Fios Fátha i dtús na 1970idí ··· Phós sé Mairéad Ní Nualláin (d’éag ar 8 Aibreán 1990) in 1937 agus bhí cónaí orthu i nDomhnach Broc; ní raibh sliocht orthu
Phós sé Mairéad Nic Cinnéide in 1891 agus bhí seachtar iníonacha acu agus cúigear mac
Cúrsaí faoisimh i rith an Ghorta Mhóir a bhí mar thráchtas aige dá chéim mháistir i 1946 agus is dá thoradh a bhuaigh sé Duais Chuimhneacháin an Ardeaspaig Breathnach ··· Bhí cúigear clainne aige féin agus a chéad bhean Mairéad O’Connor (d’éag 1963)
Ba é an duine ba shine é den triúr clainne a bhí ag Séamus Ó hEocha [B5] (‘An Fear Mór’) agus a bhean Mairéad Ní Dhruacháin
I gCreig an Chéirín san oileán a rugadh Éamonn 17 Meán Fómhair 1922; ba é an t-aon leanbh é ag a mhuintir, Seán Ó Tuathail agus Mairéad Ní Dhireáin
In Éirinn ba iad baill Bhord an FhoraisRisteard Mac Siacuis, Mairéad Nic Dhonnchadha agus Colm Ó hEocha [B8] agus ba iad na baill Mheiriceánacha Patrick Butler, Charles Grace, Kingsley Murphy, Laurence O’Shaughnessy agus John Walsh
Ba é faoi deara ‘Altan’ a bhaisteadh ar ghrúpa a iníne, Mairéad, ag cuimhneamh dó ar Loch Altan ag bun na hEaragaile
Bhí caoirigh acu agus dhéanadh siad an olla a chardáil iad féin agus le túirne dhéanadh Mairéad snáth olla le haghaidh cniotála
Ba iad tuismitheoirí na n-amhránaithe Mairéad Ní Dhomhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill agus Micheál Ó Dhomhnaill iad
Bhí tionchar mór ag scéalta Fiannaíochta air agus ag a raibh le cloisteáil aige cois tine óna sheanaintín, Mairéad Ní Fhearaíola, agus ag na cainteoirí líofa Gaeilge a bhí ina gcomharsana aige
Ach go ceann tamaill mhaith bheadh cuid éigin den meánoideachas le fáil sa scoil; is mar seo a chuireann Mairéad síos ar an ngné sin: ‘Bhí meán-bharr sa scoil an t-am sin mar d’fhanadh roinnt de na cailíní le cúrsa na meánteistiméarachta a dhéanamh’ (Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde, 1993 in eagar ag Mairéad féin) ··· Mhaigh Eo, a rugadh Mairéad ar 16 Nollaig 1917 ··· Chaith Mairéad seacht mbliana faoi shonas ann sularbh éigean di filleadh abhaile i ngeall ar dhrochthinneas
Tá cur síos ag Mairéad Ní Chinnéide sa leabhar úd faoin Damer ar an gcaoi ar spreag sé Breandán Ó Beacháin[q.v.] chun an dráma ‘An Giall’ a scríobh
Phós sé Mairéad Ní Dhruacháin agus bhí triúr clainne acu: Colm, Aonghus agus Déirdre
Seo mar a cuireadh síos uirthi 17 Lúnasa 1907: ‘The little girl with the large eyes and the mobile features is Mairéad Ní Oisín of Béal Chláir: her “Sail Chuach” has often moved mighty audiences to tears and her short folktales—learned chiefly from Beairtlín Breathnach—have set whole Feiseanna in a roar’ ··· Tuairiscíodh gur bhuaigh a deirfiúr Áine comórtas na sinsear agus na sóisear, rud nach ndearnadh riamh cheana, agus gur roinn Mairéad an chéad áit cúig huaire agus an dara háit i gceann amháin de na comórtais (An Claidheamh Soluis 13 Lúnasa 1904) ··· Ghnóthaigh Mairéad Ní Oisín, Béal Chláir, Tuaim, an corn le cúig mharc déag ··· In Inniu 19 Samhain 1954 bhí litir ón Dr Seán Mac Cana i dtaobh an choirn airgid sin agus dúirt sé gurbh é Pádraig Mac Piarais [B4] a bhronn as a phóca féin é agus dúirt go raibh sé féin agus Mairéad toilteanach an corn a thabhairt do chumann éigin i ndilchuimhne an Phiarsaigh ··· ‘The ubiquitous Mairéad Ní Oisín’ a tugadh uirthi i gceann de thuairiscí An Claidheamh Soluis i ngeall ar a mhinice a bhuadh sí duaiseanna ag feiseanna
Ball de Chumann na mBan ba ea a bhean Mairéad Nic Shuibhne a d’éag ar 19 Iúil 1971
A deirfiúrsan, Mairéad [q.v.], a bhí i mBaile Átha Cliath, faoi ndeara leabhair an Athar Peadar Ó Laoghaire [B2] a bheith i gcló dúinn’ ··· Tá a fhios againn gur dheirfiúr dóibh an Mairéad Ní Raghallaigh [q.v.] a bhunaigh Comhlacht na Leabhar Gaeilge le Norma Borthwick [B2] agus féach gur luadh Maggie mar ghasúr scoile in áireamh 1879 ··· Is beag má bhí caint ar bith ar mhúinteoirí taistil in 1898 ach féach gurbh í Mairéad, deirfiúr Áine, agus a cara Norma a mhol rún ag Comhdháil Chonradh na Gaeilge ar 25 Bealtaine 1898 go gcuirfeadh an t-eagras timirí agus múinteoirí taistil ag obair a luaithe a bheadh caoi aige sin a dhéanamh (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· Bíonn tagairtí di anseo is ansiúd ag an Athair Pádraig Breathnach[B3] ina chuid amhránleabhar; is léir orthu go raibh sí in ann ceol a bhreacadh síos dó
In 1811, in aois 24 bliain dó, phós sé Mairéad Nic Charrthaigh, cailín 19 bliain d’aois ó Chluain Pruachais ··· Ba iad an chlann a bhí acu: Piaras (9), Eibhlín (8), Caitlín (2) agus Mairéad (1)
He spoke again about Norma Borthwick [B2] and Miss O’Reilly [Mairéad Ó Raghallaigh—B5]
I nGaeilge a líonadh foirm 1911: Peadar (62); Áine (59); Tomás, sclábhaí (33); Micheál (30), sclábhaí; Seoirse (23), múinteoir Gaeilge; Máire (15); Mairéad (11)
Ba í Mairéad Ní Thuama ón Ráth, Ré na nDoirí, paróiste Thuath na Dromann, a máthair ··· Ba í Mairéad an dara bean ag Seán Máistir agus bhí beirt leasdeartháireacha ag Bess, chomh maith le deartháir agus ceathrar deirfiúracha
Ba í Mairéad Ní Fhlaithearta as Baile an tSléibhe sa Spidéal a mháthair
Fógraíodh in Fáinne an Lae 26 Eanáir 1918 gur pósadh in Inis Córthaidh é le Mairéad iníon do Shéamus Mac Comartúin, Inis Córthaidh ··· In Misneach 9 Aibreán 1921 tuairiscíodh gur loisceadh scoil a bhí ag Mairéad Ní (sic) Dhubhghaill i mBun Clóide ··· D’fhág sé ina dhiaidh a bhean Mairéad, a dheartháir William in Áth an Chorráin, agus a dheirfiúr Áine Ní Dhubhghaill (Wexford People 15 Bealtaine 1971)
Ba neacht í Áine leis na hamhránaithe Mairéad agus Síle Ní Ailgheasa [B4] (‘The Hallisseys
Thug an tAthair Máirtín Ó Loideáin[q.v.] slua Gaeilgeoirí ar oilithreacht go Cnoc Mhuire timpeall an ama sin agus is lena linn sin a chuala Mairéad Piogóid, a raibh baint aici le Radio Éireann ag an am, Máire Áine ag rá ‘Caoineadh na dTrí Muire.’ Níorbh fhada go raibh clár beo in aghaidh na míosa aici ar an raidió, clár a lean ar feadh bliana
Sa chaibidil ‘Ar bhóithrín na smaointe’ in Seilg i measg na nAlp, 1917 ba chuimhin le Micheál Breathnach [B2] é: ‘Tá an Paorach faoina chulaidh ghaisce ag síorshéideadh na bpíob i dtosach an tsluaigh ··· I measc na ndaoine a thug síntiúis bhí Lord Aberdeen, Wilfrid Scawen Blunt, Claude Chavasse[B3], Seán Mac Éinrigh[q.v.], An tAthair Mathúin Ó Riain[B1], Sadhbh agus Mairéad Trinseach [B3], Ella Young[B4], Arthur Brandreth[q.v.]
Ba é Maoilín Mac Bruaideadha a athair agus ba í Mairéad Ni Mhaoldomhnaigh a mháthair
Ó 1955 amach is i mBaile Átha Cliath, a bhí sé, i mBunscoil Naomh Fearghal i bhFionnghlas ar dtús agus ina diaidh sin ar feadh 16 bliain ina phríomhoide ar Scoil Naomh Mairéad i bhFionnghlas
Cé go raibh Caitlín Cruise O’Brien [Caitlín Ó Síthigh B4] agus Mairéad de Brún i measc na múinteoirí aici i Scoil Tráchtála Ráth Maonais, bhí sí ar bheagán Gaeilge go dtí gur bronnadh cóip de Jimín Mháire Thaidhg uirthi sna 1920idí
Fhear Manach do bhanchéile Pheadair, Mairéad Nic Dhomhnaill; phós siad i Learpholl i 1950 agus d’éag sise in aois seasca di ar 2 Márta 1982
Tá eolas ina thaobh in Leabhar an Athar Eoghan: the O’Growney memorial volume, [1904] in eagar ag Agnes O’Farrelly [Úna Ní Fhaircheallaigh] [B1], in Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, 1968 le Seán Ó Ceallaigh, in aistí le Donnchadh Ó Floinn, Mairéad Ní Choinmhidhe agus Seán Ó Ceallaigh in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963, in uimhir speisialta de An Sagart in 1963, agus in aiste le Pádraig Ó Fiannachta in ‘Maigh Nuad agus an Ghaeilge’, Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 ··· Luaitear fáthanna éagsúla leis an spéis seo: go bhfaca sé an teanga i gcló in Young Ireland; go bhfaca sé sean-Bhíobla Gaeilge sa chliarscoil in 1877—ach deir Mairéad Ní Chonmhidhe in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963 gurb é a bhí ann cóip d’eagrán 1822 de theagasc críostaí Uí Dhuinnshléibhe; gur bhuail sé lá le Johnny Gantly, cainteoir cumasach Gaeilge a bhí ina thraenálaí capall ··· Ba é an tArdeaspag Liam Breathnach a d’iarr air ceachtanna simplí a scríobh don Weekly Freeman agus chuir sé tús leo ansin agus in Irisleabhar na Gaedhilge in 1893 faoin teideal ‘Easy lessons in Irish’
Bhí deichniúr clainne acu agus orthu sin bhí triúr a bhí chun tosaigh i gConradh na Gaeilge i dtús an chéid: Mairéad (1870–1956), Síle, agus Séamus (1880–1907) ··· Among them are Mairéad Ní Annagáin, Séamus Clanndiolúin [B1], Pádraig Ó Sé and Síle Ní Ailgheasa ··· Fuair Mairéad bás tamall gairid roimpi
Nuair a rugadh Garrett i 1926 ba í Mairéad de Brún, Bean Sheáin Mhic an tSaoi, a bhí mar chairdeas Críost aige
Ba é Peait Liaimín Mac Donnchdha as Béal an Daingin a athair agus ba í Mairéad Ní Chonaola, nó Meaig Pheadair Mháirtín, as Caladh Chúlaim, Leitir Mealláin, a mháthair
Phós sé Mairéad Máire Ní Chinnéide, bean as Srath an Urláir, Co
Ba é Seán Ó hAichir, feirmeoir, a athair agus ba í Mairéad Ní Choileáin a mháthair
Phós sé Mairéad Ní Chalanáin agus bhí dáréag clainne acu
Bhí cailín aimsire acu, Mairéad Ní Dhonnabháin ó Chontae Chorcaí, a raibh Gaeilge aici freisin
Cara léi ba ea Mairéad Ághas, a col seisir, agus bhí an bheirt acu in aontíos le chéile ar feadh tamaill in árasán i gCearnóg Pharnell
Bhí cáil uirthi mar aisteoir agus aird an phobail uirthi go speisialta mar gheall ar an bpáirt a bhí aici in An Triail i Halla Damer, an dráma le Mairéad Ní Ghráda a chéadléiríodh ar 22 Meán Fómhair 1964