Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Nuair a d’éag Máire, dúradh in Leinster Leader gur chaith sé tamaill ina mhúinteoir náisiúnta i gCluainGhuaire, sa Ráth Mhór agus in Áth Garbháin, iad go léir i gCill Dara ··· Bádh Aodh, deartháir Mháire, a rugadh in 1872, sa Life ar 3 Lúnasa 1879 ··· Tá cuntas ar Mháire agus a pictiúr in Banba, Imliogán [ Iúil], 1903 ··· Is í Máire teachtaire na Craoibhe le dhá bhliain chun na hArd-Fheise ··· Titeann formhór den obair ar Mháire, ámh, mar gurb í rúnaí an Chomhaltais seo ó thús í
Tá cuntas ar an bhfile seo, ar a sinsir agus a sliocht, ag an Athair Donncha Ó Donnchú [B1, lch 65] in Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire, 1931, agus ag Diarmaid Ó Muirithe tá an t-eolas ina taobh go hathchomair in Cois an Ghaorthaidh, filíocht Ó Mhúscraí 1700-1840, 1987 (An Clóchomhar) ··· ’ Tá aiste le Meidhbhín Ní Úrdail, ‘Máire Bhuí Ní Laoghaire: File an Rilleadh Cainte’ in Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr, 2002 ··· Ag tagairt dá hamhrán mór ‘Cath Chéim an Fhia’, ar cur síos é ar theagmháil fhuilteach idir gíománaigh agus Buachaillí Bána 11 Eanáir 1822, deir Ó Donnchú: ‘Mairfidh scéal an chatha de bhíthin an amhráin a cheap Máire Bhuí ··· Fuair Máire bás bliain nó dhó ina dhiaidh sin agus cuireadh í i reilig Inse Geimhleach ··· Seo mar a chuir Ó Donnchú síos ar a dealramh: ‘Bean bhuí, dhubh, láidir, agus cuíosach ard dob ea Máire Bhuí
Bhí Mícheál Ó hAinnín páirteach ina mbunáite siúd agus is é a bharúil nach raibh sárú Mháire le fáil ‘leis an scil a bhí aici na consain agus gutha cearta Gaeilge a chur ar na hard-nótaí agus íseal-nótaí dos na fir agus mná, rud a chruthaigh gur fheil an Ghaeilge Grand Opera níos mó ná a rinne an Ghearmáinis, an Fhraincis ná an Béarla, agus go deimhin go raibh an teanga ar comhchéim leis an Iodáilis sa chúram.’ Ba mhinic a d’oibrigh Máire Stafford agus Risteárd Ó Broin as lámha a chéile ar gheamaireachtaí, agus deir seisean go raibh bua faoi leith aici ag aistriú amhráin ‘ar bhealach a d’fhág go raibh an rann, an rithim agus an bhrí chomh héifeachtach céanna sa dá theanga ··· Ní raibh aon rian den áibhéil i gceist nuair a tugadh ‘Banríon na Taibhdheirce’ ar Mháire Stafford ag aifreann a sochraide i Séipéal na nÍosánach ar Bhóthar na Mara i gcathair na Gaillimhe agus arís ag an ócáid san amharclann sin cúpla mí dár gcionn nuair a rinneadh comóradh agus ceiliúradh ar na trí scór bliain a chaith sí ansiúd mar aisteoir, mar stiúrthóir, mar léiritheoir, mar dhrámadóir, ag dearadh feistis, ag aistriú ceoldrámaí agus i mbun geamaireachtaí ··· Is iomaí duine cáiliúil eile atá luaite leis an áit ó shin i leith, ach go cinnte ní raibh aon duine ba lárnaí ná Máire in imeachtaí na hamharclainne sin ó thús na 1950idí go bhfuair sí bás ar 1 Iúil 2014 ··· Ar shuíomh idirlín Institúid Amharclannaíochta na hÉireann, www.irishtheatreinstitute.com, tá ainm Mháire luaite le os cionn céad léiriúchán de chuid na Taibhdheirce ··· In Newport na Breataine Bige a saolaíodh Máire ar 6 Márta 1923
D’aistrigh Máire Ní Shíthigh bundráma Mháire Kittie go Gaeilge agus foilsíodh ar an Independent é i Meitheamh agus Iúil 1902 ··· Foilsíodh Máire De Buitléir: Bean Athbheochana, 1993 le Mairéad Ní Chinnéide ··· Bhain Ní Chinnéide úsáid as cnuasach páipéar a bhaineann le Máire sa Leabharlann Náisiúnta agus as cuimhní cinn a bhreac Máire agus atá i mainistir Saint Michel de Kergonan i bPlouharnel sa Bhriotáin, agus as foinsí eile chun an bheathaisnéis seo a scríobh ··· B’í Máire a d’aistrigh dráma an ChraoibhínAn Tincéar agus an tSidheog ··· An rud i dtaobh Mháire de Buitléar a mbeidh cuimhne air gurbh í a bhaist Sinn Féin ar pholasaí Airt Uí Ghríofa
Cailleadh an mháthair nuair nach raibh Máire ach trí mhí d’aois agus phós an t-athair an athuair ··· Deir Watson: ‘Bean ghlúine a bhí sa mháthair mhór agus stór de sheanchas na háite aici, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Mháire ó aois linbh.’ Phós sí Pádraig Ó Maí (‘Paidí an Bháirseora’) i 1926 agus, toisc gur mhaor abhann [báirseoir] é, is anseo is ansiúd a bhí siad sula bhfuair siad teach i mBaile Uí Chiaragáin ··· Bhailigh Séamas Ó Catháin agus Seosamh Waston idir scéalta agus amhráin ó Mháire
Chill Mhantáin, a máthair (d’éag sise i dteach Mháire, Inis Ealga, An Bóthar Ard, Gaillimh 19 Deireadh Fómhair 1961) ··· Dúirt Máire féin i gceann de na hagallaimh raidió sin go raibh beirt deartháireacha aici: fuair Michael Joseph bás agus é ina leanbh óg go fóill agus Bill, a shíltear a fuair bás san Aifric Theas ··· Sa Mhodhscoil Láir, Baile Átha Cliath, ba í Bean Uí Ghallchóir a mhúin ceol do Mháire ··· Ghlac sí páirt i gCeolchoirm na mBuaiteoirí (cuntas ar an bhFeis agus grianghraf de Mháire in Evening Herald 12 Bealtaine 1923 agus cuntas in Freeman’s Journal 11 Bealtaine) ··· Máire, a mezzo-soprano, combined what she had learned of sean-nós singing in the Gaeltachtaí with her training in classical music and was one of the few singers ever to do so with complete success’ (Ó Céirín)
Tá eolas le fáil ar a dheirfiúr Máire in Soul of fire: a biography of Mary MacSwiney, 1986, le Charlotte H ··· Seachtar clainne a bhí sa teaghlach agus ba í Máire (rugadh ar 27 Márta 1872 i Surrey, Sasana) an duine ba shine díobh ··· Meastar go raibh tionchar an-mhór ag a dheirfiúr Máire air ón am sin amach ··· Rugadh iníon dóibh, Máire, ar 23 Meitheamh 1918 agus le Gaeilge ar fad a bhí an leanbh á tógáil acu ··· Nuair a bhí Máire seacht mbliana d’aois bhain tinneas dá cois agus rinneadh faillí ann
Turraonaigh a bhí ina gcónaí i gceithre tithe acu sin agus is i dtigh na dTurraoineach a bhí leathchéad slat uainne-ne a bhí cónaí ar Mháire Ní Dhromaigh, an bhean a cheap amhrán na bprátaí dubha ··· Pádraig Turraoin dob ainm dósan agus bhíodh sé ag ceapadh rann agus mion-fhilíochta.’ In An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimhir 2, 1998 tá eolas ag Nioclás Mac Craith faoi Mháire Ní Dhroma: go raibh sí pósta ar Shéamas Turraoin agus go raibh cónaí orthu sa Pháirc ar Bharra na Faille; gur ‘Molly na nAmhrán’ a thugtaí uirthi agus gur de Phaoraigh Bhaile na nGall, Paoraigh na nGaibhne, a máthair ··· San iris chéanna (‘Gairdín an Chabáiste’) tá cuntas ag Risteard Turraoin (d’éag 1995) arbh í Máire Ní Dhroma a shin-seanmháthair: Cailleadh a fear céile go hóg agus d’fhág beirt mhac agus beirt iníonacha ina dhiaidh.Tá sé i seanchas na clainne gur ón bhFrainc a tháinig an chéad Turraoineach (Terry) agus gur mhairnéalach é
Chuaigh tuismitheoirí Mháire, Seán Céitinn, fíodóir, agus Máire (‘Méireas’) Emperor, anonn chun cabhrú le Máire ··· Ba iad Seán ‘Jacko’ Ó Sé agus Máire Chéitinn a tuismitheoirí agus is in Chicopee in aice le Springfield, Massachusetts, a rugadh í ··· D’fhill Máire féin abhaile gairid ina dhiaidh sin ··· Cara mór léi san oileán ba ea Máire bean Mhicil Uí Shúilleabháin, ar dheirfiúr í le Tomás Ó Criomhthain agus a raibh tamall caite aici i Meiriceá ··· Ach is ó Mháire freisin a d’fhoghlaim sí go leor dá scéalta
D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as leabhair Uí Ghramhnaigh[B4] agus ó mháistir scoile sa chomharsanacht agus chuir sé rang Gaeilge ar bun tuairim 1903 i dteach Mháire Hussey ar an gCuas Mór agus é d’aidhm aige léamh agus scríobh na Gaeilge a mhúineadh do chomharsana ar Ghaeilgeoirí iad ··· An baile seo ’gainne (1913) agus Jimín Mháire Thaidhg (1921) an dá leabhar is aitheanta dár scríobh sé ··· Chóirigh Pádraig Ua Maoileoin iad in Seoda an tSeabhaic (1974) agus dúirt sa bhrollach: ‘Ba mise féin Jimín Mháire Thaidhg ··· Ba í Máire Thaidhg an mháthair ná raibh riamh agam
Tá cuntas uirthi: ag Bo Almqvist in Béaloideas (1988); ag Maureen Murphy i leabhar Mháire, Máire Rua, Lady of Leamaneh (1990); agus ag Cyril Ó Céirín[q.v.] agus Kit Ó Céirín in Women of Ireland: a biographic dictionary (1996) ··· Leabhar ar Mháire Rua Uí Bhriain is ea Máire Rua, Lady of Leamaneh (1990) ··· Nuair a daoradh Mac Néill chun báis in 1916 chuaigh Máire agus deifiúr óg léi go hÁrainn agus bhí ar scoil i bhFearann an Choirce ··· Deir Almqvist: ‘During her days in the Commission, Máire had already exhibited her ability as a scholar in various articles on Irish folk customs and beliefs ··· D’éag John Sweeney in 1986 agus cailleadh Máire 15 Bealtaine 1987
Bhí cáil na hamhránaíochta ar an mbeirt acu agus is uathu a d’fhoghlaim Máire Áine amhráin ar dtús ··· Bhíodh na hamhráin le cloisteáil amuigh is istigh.’ Thaifead sí féin amhráin ó Shorcha nuair a bhí sise 82 bliain d’aois agus thóg Jean Ritchie, bailtheoir clúiteach as Meiriceá, amhráin uaithi agus gan amhras ó Mháire Áine féin ··· Thug an tAthair Máirtín Ó Loideáin[q.v.] slua Gaeilgeoirí ar oilithreacht go Cnoc Mhuire timpeall an ama sin agus is lena linn sin a chuala Mairéad Piogóid, a raibh baint aici le Radio Éireann ag an am, Máire Áine ag rá ‘Caoineadh na dTrí Muire.’ Níorbh fhada go raibh clár beo in aghaidh na míosa aici ar an raidió, clár a lean ar feadh bliana ··· Deir Ríonach Ní Ógáin faoin gceirnín sin: ‘Seo an taifead is iomláine dá cuid amhránaíochta atá ar fáil agus léiriú an-bheo ar réimse leathan amhránaíochta Mháire Áine agus ar a stíl shuntasach féin’ ··· Leagan Gaeilge le Máire Áine agus Seán Mac Mathghamhna ar scéal do pháistí le Andrée Clair agus Boubon Hama is ea An Sabhána Draíochta: Scéalta ón Aifric, 1977
Is cosúil gurbh i dteach na Máilleach a rugadh Máire thart ar 1871; bhí de nós ag mná ar de Mháilligh Chill Mhaolacháin iad dul abhaile go Cill Mhaolacháin nuair a bhí siad gar dá n-am ··· Deirtear gurbh i dteach a huncail, Peadar Ó Máille i gCill Mhaolacháin, a cuireadh scolaíocht ar Mháire agus ar a deirfiúr Caitríona ··· Anuas air sin nuair a tholg sí an eitinn is amhlaidh a bhíodh Máire ag déanamh ionadaíochta di ··· Nuair a cailleadh Caitríona lean Máire uirthi ar feadh roinnt blianta ag múineadh i ngan fhios do na húdaráis ··· Deir Proinsias Mac Aonghusa[B8] in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 gurbh í Máire an dara hoide a bhí sa choláiste
Ag tagairt do Chompántas Amharclainne na Gaeilge in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (1993:132) deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Stáitsigh an Compántas roinnt drámaí spéisiúla sna caogaidí, go háirithe aistriúchán Eibhlín Ní Mhurchú ar Ile le Eugene O’Neill.’ Ó 1957 amach bhíodh sí ag aisteoireacht sa Damer (Ní Chinnéide 2008) agus ar 16–21 Samhain 1959 bhí sí ar dhuine d’Aisteoirí na Gaeltachta agus an phríomhpháirt aice sa dráma Oidhreacht bhideoig mhóir le Proinsias Mac Diarmada[q.v.], agus in 1960 bhí sí i bpáirt Mháire Magdailéin sa dráma An chúis in aghaidh Íosa, aistriúcháin ar Procès à Jésus (Fabbri 1960) ··· I Radio Éireann ba mhinic í ag aisteoireacht sna drámaí Gaeilge, nó clasaiceacha mar ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ agus Jimín Mháire Thaidhg á reic aici
I ndiaidh Mháire Ní Aodáin ba í ab fhearr a rinne troid ar son comhdheise agus cothramaíochta do mhná san ollscolaíocht ··· Rinne Dame Columba Butler, O.S.B., deirfiúr Mháire de Buitléar cur síos ar fheis a d’eagraigh Úna agus an Dr Ó hIceadha in Inis Meáin: ‘Úna bravely made her speech, but as she was not yet a fluent speaker, Dr O’Hickey stood beside her and discreetly whispered words of correction whenever needful’ (Capuchin Annual, 1952)
Ba é a mhúin ceird na haisteoireachta do Mháire; ó Frank Fay a d’fhoghlaim sí an deaslabhra ··· Ó Ceallaigh, 1963: ‘Chuir me aithne ar bhanaisteoir cáiliúil eile sa Chumann Liteartha [Ceilteach] agus ba í sin Máire Nic Shiúlaigh... ··· San eagraíocht sin a thosaigh Máire ag aisteoireacht ··· Is inspéise go háirithe cuntas Mháire ar Riders to the Sea le J.M ··· In 1905 shíl an chuid is mó de bhaill an National Theatre Society, Máire ina measc, go raibh cuid de na socraithe nua san amhar-clann in aghaidh bharrshamhailteacha náisiúnta an chumainn sin, ach go háirithe an cinneadh go gcaithfeadh na haisteoirí bheith gairmiúil
Bhí d’ádh ar Mháire bheith ar scoil ag an tSiúr Máire Treasa i gClochar na Trócaire sa bhaile, bean rialta a thug a dúthracht ar fad don Ghaeilge ··· Ba iníon í le Tomás Ó Síocháin, táilliúir, agus a bhean Máire Ní Shíocháin agus is i gCathair Saidhbhín, Co ··· I 1901, ba í ‘Marion’ (15), Máire gan amhras, an duine ba shine den seachtar clainne a bhí sa teach ··· Bhí baint ag Máire le Craobh Uíbh Ráthachden Chonradh agus le Feis Uíbh Ráthach ··· Bhí Máire ar an gcuid ab fhearr is dob oilte den dream bríomhar buadhach aerach san
Bhí siopa mór éadaitheora i Sráid Mhór Sheoirse Theas, Baile Átha Cliath, aige agus ba í Margaret O'Dwyer, máthair Mháire, an dara bean chéile aige ··· Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha ag Máire, nó Molly mar a thugtaí uirthi ··· Máire Ní Chinnéide was the originator of the move" ··· Shíl Máire teacht timpeall ar an bhfadhb trína mholadh ag cruinniú ar 6 Márta 1909 gurbh fhearr nach mbeadh aon ábhar riachtanach ··· Bhí Máire éirithe as a post in Ardscoil Mhuire faoin am sin
d’fhéadfaí saothar ar stair Rinn na Feirste san aois sin a athchruthú as leabhair Mháire a bheadh chomh hiomlán leis an méid a cailleadh, agus i bhfad níos bríomhaire, níos spéisiúla agus níos daonnúla” ··· Ba í Máire (Eibhlín Néillín) Ní Dhónaill a mháthair ··· Bhí an t-ainm “Máire” leis ··· Sa chlár raidió Focus a craoladh díreach i ndiaidh a bháis dúirt Máirtín Ó Cadhain gurbh é Máire scríbhneoir na Gaeltachta par excellence agus nárbh áibhéil a rá gurbh é a mhúin rud don chuid eile acu ón nGaeltacht – rud a chinn ar Ó Conaire, ar an bPiarsach agus ar an Athair Peadar – is é sin, gurbh fhéidir litríocht a dhéanamh as an gcaint agus as an saol as ar fáisceadh iad féin ··· I Samhain 1989, céad bliain i ndiaidh a bhreithe, bhí Féile “Mháire” ar siúl i Rann na Feirste agus bhí aistí beathaisnéise i gcló in Anois (19 Samhain) ag Risteárd Ó Glaisne agus an Dr Damien Ó Muirí, agus in Feasta ag Risteárd Ó Glaisne
Bhí a iníon Máire pósta ar Liam Ó Conaill i nGort na Tiobradan agus is ann a d’éag sé 7 Bealtaine 1925 ··· Deir Ó hAnnracháin go raibh cáil na Gaeilge ar chlann Mháire
Bhí sé pósta ar Mháire P
Faoin ainm cleite Murchadh Mac Diarmada scríobhadh sé ailt agus léirmheasanna in Agus agus ba é a chuir Gaeilge ar an sraith de chuimhní cinn Mháire Comerford
Bhí sé pósta ar Mháire Ní Thuathail ó Chnoc na hAille agus mac leo ba ea an file Learaí Ó Fínneadha[B8]
Is iad na daoine a chaoin sí: Donnchadh Ó Briain, 4ú hIarla Thuamhumhan (d’éag 1624); a dheirfiúrsan Máire; Toirdhealbhach Ruadh Mac Mathghamhna (fear céile Mháire, d’éag 1629), Cluain Idir Dhá Lá, Co
Pádhraic Mháire Bháin nó an gol agus an gáire (1932) a mhórshaothar ··· Roghnaigh an Roinn Oideachais é féin, Máire Ní Ghuairim [B4] agus Micheál Ó Maoláin [B4] le ceachtanna Linguaphone a chur ar cheirníní i Londain
Ba í Máire Ní Lúing máthair Liam agus bhí ceathrar deirfiúracha aige ··· Bhí sé pósta ar Mháire Ní Ghliasáin ó Mhuileann na hUamhan agus bhí iníon agus beirt mhac acu
Ba é Maidhc Léan Ó Guithín a hathair agus ba í Máire Pheats Mhicí Ní Chatháin, iníon ‘Rí an Oileáin’ (Pádraig Ó Catháin) a máthair ··· Synge cuntas ar an tamall a chaith sé i dteach an Rí i 1903 agus ar mháthair Mháire: ‘His eldest daughter, a young married woman of about twenty, who manages the house, shook hands with me also and then, without asking if we were hungry, began making us tea in a metal teapot and frying rashers of bacon ··· Bhíodh Máire ag cabhrú lena tuismitheoirí nuair a thagadh cuairteoirí go dtí na Blascaodaí ag foghlaim Gaeilge agus d’éirigh sí taithíoch ar nótaí a scríobh faoi chúrsaí san oiléan ··· Tá i gcló in Cork Holly Bough, 1988, in alt Uaitéir Mhic Craith ar bhean an Rútaigh, cuntas ceanúil a thug Máire ar an mbeirt ··· In Coláiste Moibhí, 2002, deir Risteárd Ó Glaisne: ‘Duine Máire Ní Ghuithín, Bean Labhráis Uí Chíobháin, a d’aithneodh an fhíor-uaisleacht seachas an uaisleacht thacair, agus is cosúil gur aithin Máire de Rút, gur mhór aici tíolacaí flaithiúlachta agus éirime an chailín óig ón mBlascaod Mór freisin.’ Thugadh scoláirí an choláiste cuairt ar Chorca Dhuibhne agus bhuaileadh siad le Máire
Bhí sé pósta ar Mháire Ní Ghormáin agus thóg siad a gcúigear leanaí le Gaeilge
Phort Láirge, a rugadh í i mBealtaine 1905 do Mháire Ní Chionnfhaolaidh agus do Sheán Turraoin, iascaire
Tugann Lesa Ní Mhunghaile faoi deara an cion a bhí aige ar Mháire Treasa, banimpire na hOstaire
File ba ea Diarmuid freisin agus bhí aithne mhaith aige ar Mháire Bhuí Ní Laoghaire mar ba mhinic a dhéanadh sé obair ina teach ··· Máire Ní Loingsigh ó Bhaile Bhuirne máthair Phádraig
I 1931 roinneadh duais An Ghúim ar úrscéal ar a Lucht ceoil (1932) agus ar Phádraic Mháire Bháin (1932) le Seán Ó Ruadháin
Feirmeoir a athair, Maitiú, agus ba í Máire Ní Shúilleabháin ó Lios Deargáin a mháthair ··· Scríobh sé leagan de “Barántas na mBróg” síos ó Mháire Bean Mhic Dhomhnaill igCill Ard, Dún Beag (i gcló in An Scuab, Eanáir 1923)
Bhí sé pósta ar Mháire Healy ó bhaile Chill Mhantáin agus bhí beirt iníonacha agus beirt mhac acu
na Gaillimhe, agus a bhean Máire Nic Chon Iomaire ··· B’as Inis Niadh do Mháire
I mBaile Mhic Íre 3 Iúil 1871 a rugadh an mac seo do Dhomhnall (‘Domhnall Mháire’) Ó Deasmhumhna, feirmeoir, agus a bhean Siobhán Ní Iarlaithe
Bhí sé pósta ar Mháire de Búrca ó Bhaile na Cúirte, Órán Mór, Co
Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Saibhreas Mháire Mhór, 1927, aistriúchán ar The riches of Mrs Mullooney, le W.J.Carey; Cleasa ar chartaí [g.d.]; Eachtraí Pháidín Turraoin, 1928
Bhí léamh na Gaeilge agus an Bhéarla aici, rud a bhí annamh san am; fianaise air sin sampla dá lámhscríbhneoireacht Ghaeilge a bhí i seilbh Mháire Uí Cheallaigh, Coimín, an Clochán, a shíolraigh ó dhuine dá deirfiúracha
Conchúr (Canaí Mháire Ní Dhuinnín) ab ainm dá athair agus sin é an fáth gur Fruí (Humphrey) Chanaí a thugtaí air féin ··· Is chuige a tháinig áitreamh a athar agus phós sé Máire Ní Ríordáin ó Chluainte Chárthaigh i gCill na Martra
Chum sé caoineadh ar Mháire Bhán Mhic Dhónaill in 1773
Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets.. ··· Chaith sé tamall i gCúige Mumhan (‘Slán agaibh, a fhiora Mumhan’) agus deir Mhág Craith go raibh sé pósta ar Mháire, deirfiúr le Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha[q.v.], ollamh larla Thuamhumhan
Bhí sé pósta ar Mháire Nic Giolla Easpaig ó Dhoire agus bhí iníon agus triúr mac acu
Ba dhuine é den cheathrar mac agus ceathrar iníonacha a rugadh do Stiofán Ó Conghaile, fear a raibh gabháltas beag talaimh aige, agus a bhean Máire Ní Choncheanainn ··· Bhí sé pósta ar Mháire Ní Chualáin agus bhí triúr mac agus iníon amháin acu
Roimh dhul go dtí an bhunscoil in aon chor bhí na gasúir ag foghlaim Gaeilge ó Mháire Ní Fhlannghaile [B3:165] i gcraobh de Chonradh na Gaeilge
Bhí sé pósta ar Mháire Ní Mhurchú, múinteoir náisiúnta ón gCluain i gceantar an Chloiginn, Co
Mhínigh sé ansiúd nach cois teallaigh ná óna mhuintir a thug sé leis na hamhráin ach in aois a dheich mbliana gurbh amhlaidh a thaithíodh sé rang amhránaíochta faoi stiúir Mháire Phíotair Uí Dhroighneáin
Deartháir dó an Canónach Donncha Ó Donnchú, eagarthóir Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (1931)
Cailleadh an mháthair in 1895 agus thug an t-athair triúr de na páistí leis go Londain: Éamon, Máire agus mac eile ··· Rinne sise cúram de Mháire, deirfiúr Éamoin ··· D’fhág sin go raibh Éamon agus Máire i scoil Keswick le chéile
Rugadh ceathrar clann dóibh: Eibhlín (1905), Pádraic (1906), Caitlín (1909), Máire (1911) ··· Bhuaigh sé duais Oireachtais i 1904 ar scéal (“Páidín Mháire”) agus duais eile ar aiste (“Seanlitríocht na hÉireann agus nualitríocht na hEorpa”) i 1908 agus go leor duaiseanna Oireachtais eile