Líon alt a aimsíodh: 12
Leabhair chritice is ea An tOileánach léannta (1988) le Mairéad Nic Craith agus Tomás Oileánach: fear idir dhá thraidisiún (1992) le Seosamh Céitinn ··· ‘Scoláire Dhónaill a thugtaí air,/ Nó Tomás Criomhthain—/ D’éalaigh an Mac as a shloinne / Le síon is le haimsir / Is ina ionad tháinig Ó ...’ (sa dán ‘I gcuimhne bhás an Chriomhthanaigh (1937)’ in Iomairí críche (1991) le Pádraig Ua Maoileoin) ··· Cé go raibh sé i ngrá le cailín in Inis Mhic Aoibhleáin rinneadh cleamhnas idir é agus a chol seachtair Máire Ní Chatháin, deirfiúr leis an té a bheadh ina Rí ar ball, agus phós siad ar 5 Feabhra 1878 ··· De réir Dhaonáireamh 1901 bhí cúigear mac agus beirt iníonacha in aontíos le Tomás agus Máire ··· Cuireadh síos nach raibh aon Bhéarla ag Máire
Deir Mac Con Iomaire gurbh fhéidir a rá gurbh é Seán a thug an t-amhrán sin ‘Máire Mhór’ ar ais ón mbás nuair a thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972 ··· Tá cuntas cuimsitheach iarbháis ag Liam Mac Con Iomaire san iris Pléaráca 92 (‘Seán Chóilín Ó Conaire [1913-1991]’) ··· ‘Bhí a athair agus a mháthair “luchtaithe le hamhráin”, mar a deireadh sé féin, agus cé go raibh fonnadóirí maithe go flúirseach ina thimpeall i Ros Muc deireadh sé go mba é Pateen Chóil Shíle Ó Fiannachta (duine den tseisear a bádh go tubaisteach i Snámh Bó le linn a óige) an t-amhránaí ab fhearr dár chuala sé riamh’ (Mac Con Iomaire) ··· I gContae na Mí a casadh a chéad bhanchéile air, Nóra Nic Dhonncha, bean as Doire Choill ar aistrigh a muintir soir ··· Chaith sé tamall maith i Sasana; deirtear sa nóta a chuir Cló Iar-Chonnachta amach lena chaiséad Máire Mhór gur fiche bliain ó 1935 amach a bhí sé ag obair in Birmingham
Ba iad Seán Cheoinín as Leitreach Ard agus Maighréad Nic Con Iomaire as Fínis a thuismitheóirí ··· In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) [B5] agus chum Seán amhrán ina onóirsean ··· Chaith Seán agus Máire tamall i bhFínis sular aistríodar amach go Leitreach Ard, Caiseal, i 1944 ··· Agus deartháir le Seán is ea Pat, a bhfuil clú air mar dhéantóir agus mar dheisitheoir seolta báid; tá cur síos air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil, 1997 agus deir sé ann gur col ceathar le Seán agus Pat ba ea Séamus Mac an Iomaire[B4] a scríobh Cladaigh Chonamara, 1938
na Gaillimhe, agus a bhean Máire Nic Chon Iomaire ··· B’as Inis Niadh do Mháire ··· Sa chlár teilifíse ‘Agallamh an tSathairn’ dúirt Séamus Ennis le Liam Mac Con Iomaire nach raibh Béarla aige ··· Thug sé tuairim 200 amhrán do Shéamus Ennis: 212 a dúirt Séamus le Liam Mac Con Iomaire, ach b’fhéidir go raibh poirt rince á gcur san áireamh aige
B’í an dara duine clainne de thriúr í ag John Joseph Maude, a raibh gabháltas aige i gCill Bhreacáin, Ros Muc, agus Máire Nic an Iomaire, múinteoir náisiúnta as na Doiriú ··· Ba dhuine dá glúin féin í amach agus amach agus déanann a saol gairid scáthántacht ar eachtraí a linne agus ar stíl áirithe saoil a bhí tagtha i réim: bhí sí ag toghchánaíocht do Pheadar Mac an Iomaire agus Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mórthoghchán 1969; bhí baint aici leis an bhfeachtas in aghaidh Éire a dhul isteach sa Chómhargadh; bhí bá aici leis na stailceoirí ocrais sa Cheis Fhada
Ba iad a thuismitheoiri Eoghan Ó Gallchobhair agus a bhean Bríd Nic Gairbhith ··· In Breandán Ó hEithir: iomramh aonair (2000) le Liam Mac Con Iomaire gheofar cuntas ar shaol na scoláirí i nDroim Conrach i rith na bliana 1945–46 ··· Is léir ar chuntas Mhic Con Iomaire gur cairdeas fadsaolach a snaidhmeadh idir Aindreas agus Breandán Ó hEithir i rith na tréimhse sin ··· Bhí sé pósta ar Mháire Hastings, aisteoir aitheanta ó Mhaigh Eo, agus rugadh mac, Aindreas, agus beirt iníonacha, Bríd agus Clíona, dóibh ··· Mac Con Iomaire, L
Comhghleacaí leis sa seomra nuachta ba ea Liam Mac Con Iomaire agus bhí seo le rá aigesean faoi Phádraig (atá i gcló sa tuairisc bháis in The Irish Times 23 Meitheamh 2007): Bhíomar beirt inár mbaill de mheitheal oibre ar dheasc na nuachta, nach raibh a sárú le fáil ó thaobh meanman agus comhluadair ··· Chuir Pádraig Ó Siochrú go mór leis an gcomhluadar sin, lena sháracmhainn grinn agus lena scéilíní spéisiúla agus barrúla faoina shaol san Arm, go háirithe sa Chéad Chath ar an Rinn Mhóir i nGaillimh idir 1948 agus 1958, agus faoi Thaibhdhearc na Gaillimhe, áit a raibh sé ina dhlúthchara ag daoine mar Aodh Mac Dhubháin[q.v.] agus Siobhán Nic Chionnaith[q.v.]
In Gaelscéal 28 Bealtaine 2010 scríobh an scoláire Bríona Nic Dhiarmada: Thuig sé a thábhachtaí is a bhí an léann don bpobal is bhí sé réidh i gcónaí a chuid eolais is a chuid léargais a scaipeadh orthu chomh fial flaithiúil is a dhein lena chuid mac léinn féin ··· Cuireann Liam Mac Con Iomaire síos ar thoradh eile a bhí ar an saothar sin: Ba mhinic Ó Buachalla faoi agallamh ar Féach [clár nótáilte teilifise] faoi stair Ghluaiseacht na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge agus chuir sé féin agus [Breandán] Ó hEithir aithne mhaith ar a chéile ··· (Mac Con Iomaire 2000:305) In 1962 d’aistrigh sé go post léachtóra i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus shaothraigh dochtúireacht in 1970 ··· (Mac Con Iomaire 2000:211) Seo mar a mhínigh sé an scéal: D’ardaíos an scéal le Comhairle na Gaeilge ··· Tuigeadh dom gurbh é an rud ba chiallmhaire agus ab onóraí dom féin ná éirí as’ (Mac Con Iomaire 2000:212) I mí Dheireadh Fómhair 1970 a d’éirigh sé as an gComhairle agus as an gCoiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge
Scríobh sé féin cuntas gairid ar chuid dá shaol in Iomairí críche (1991) (‘Saol agus Saothar’) ··· ‘Ar Cheann an Dúna i nDún Chaoin agus faoi scáth na mBlascaed’ (Iomairí críche) a rugadh é ar 28 Eanáir 1913 ··· Ba iníon le Tomás Ó Criomhthain[B5] a mháthair Cáit; ba í a bhí ag foghlaim snámha ar an Trá Bhán sa Bhlascaod ó Eibhlín Nic Niocaill[B2] an lá cinniúnach úd 13 Lúnasa 1909 ··· Is beag eolas ar an gcuid sin dá bheatha in Iomairí críche ach oiread: ‘Agus ní fiú liom dul a thuilleadh lem shaol ná an méid sin .. ··· Ar an dtaobh eile den scéal is féidir a rá go neamhbhalbh gur thug sé léargas ina chuid litríochta ar ghnéithe de shaol na Gaeltachta a bhí folaithe go dtí sin agus ba ghá misneach chun a leithéid sin a dhéanamh ag an am.’ Déanann sé déileáil leis an naimhdeas áitiúil sin in Iomairí críche, agus deir gur bhraith sé nárbh iad a mhuintir féin na daoine a raibh cur síos orthu ag scríbhneoirí eile an Bhlascaoid
Tá gearrchuntas ag an údar céanna in An Chaint sa tSráidbhaile, 1991 in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín agus is sa chnuasach sin freisin atá clár a shaothair ag Máire agus Bríd de Grás ··· Tá a bheathaisnéis scríofa ag Liam Mac Con Iomaire, Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000; deir an staraí Gearóid Ó Tuathaigh ar chlúdach an leabhair: ‘Agus, trí chuntas Mhic Con Iomaire ar shaol agus ar shaothar Uí Eithir gheibhimid, freisin, léargas luachmhar ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn mar a bhí sa dara leath den fhichiú haois.’ Ní hí an tsuáilce is lú sa leabhar sin a bhfuil de shleachta as dialanna Uí Eithir agus as litreacha ann, agus a bhfuil ann de chuimhní a chairde agus a lucht aitheantais ··· an Chláir, agus Bríd (Delia) Ní Fhlatharta (d’éag Eanáir 1973) de bhunadh Ghort na gCapall, Árainn; ‘Cúlra Bhreandáin’ is teideal don chéad chaibidil i leabhar Mhic Con Iomaire agus is leor a lua anseo go mba dheirfiúr í a mháthair leis na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta[q.v.] agus Tomás Ó Flaithearta[B5] ··· Is scéal casta suimiúil iontach a insíonn Mac Con Iomaire ar an gcúirtéireacht ó Mhárta 1957 ar aghaidh) ··· Dúirt fear scannánaíochta clúiteach eile, Seán Ó Mórdha, gurbh é an scriptscríbhneoir par excellence é (Mac Con Iomaire)
Phós sé Treasa Nic Giollarnáth as Goirtín in Achréidh na Gaillimhe ar 24 Iúil 1928 ··· Chuir sé aithne ansin ar an seanchaí cáiliúil Pádhraic Mac Con Iomaire as an gCoillín agus bhailigh sé go leor scéalta agus seanchais uaidh a foilsíodh san Irish Weekly Independent agus san Evening Herald idir 1934 agus 1942
Ag éisteacht le Dara ag aithris an dáin seo, mar a rinne sé do Mháirín Nic Con Iomaire in agallamh léi ar Raidió na Gaeltachta sa tsraith Cúinne na bhFilí ar a bhreithlá nócha bliain, in 2010, spreagtar tuiscint don dínit agus ómós áite san éisteoir ··· Chonaic Ciarán Ó Coigligh cosúlachtaí ina chuid filíochta le Raiftearaí agus le Máire Bhuí Ní Laoghaire i léirmheas a foilsíodh ar Feasta Nollaig 1984, 7-12, agus dar le Tomás Mac Síomóin i léirmheas ar Cloch an fhaoileáin, a foilsíodh ar Scéala Éireann 27 Meitheamh 1984, 6, go raibh ‘filíocht Dhara Bhig ag coinneáil bonn ar aon leis na hathruithe’ a bhí ag síorthitim amach ar shaol an oileáin ··· Leabhair Mac Con Iomaire, L