Líon alt a aimsíodh: 7
Bhí na scórtha acu ann, ach ar an dream ba iomráití acu bhí Seán Ó Dochartaigh as Ceathrú Thaidhg (nó ‘Stanton’ mar ab fhearr aithne air), Micky Joe Ó Conólaí as Ros Dumhach, Mary John Tom Breathnach as an nGlais ar an bhFód Dubh, Biddy Phat Mhicil Conboy (Bríd Pheaits Mhicil Loideáin) as Ceapaigh na Creiche i gCoill an tSiáin i dTuar Mhic Éadaigh, a rugadh in 1899 agus a raibh cuimhne ghléineach aici ar chuairteanna Phádraig Mhic Phiarais ar an gceantar sin, agus Tony Chatherine Antoine William Ó Cathmhaoil as Buaile an Ghleanna ar an gCorrán, Acaill, údar na leabhar Seanfhocail as Acaill (1995) agus A chomhairle féin do Mhac Anna: seoda as Acaill (1999), leabhair nach mbeadh ann murach Ó hÉalaí ··· Gur tháinig a cheapachán raibh aon fhostaí de chuid an stáisiúin lonnaithe go lánaimseartha sa limistéar Gaeltachta sin, agus mar chuid dá chuid oibre bhíodh sé ag plé le cúrsaí nuachta agus spóirt, le ceol agus leis an ngné den saol ab ansa leis: caint, comhrá agus seanchas ··· Dá uireasa bheadh fáil ag na glúnta atá le theacht ar shaibhreas a gcuid cainte, ar chumas a gcuid grinn agus ar an eolas a bhí acu ar an stair a bhain leis na ceantair dar díobh iad ··· Ba i bPoll Raithní ar leithinis an Chorráin a rugadh Seán Ó hÉalaí ar an 27 Eanáir 1938, an té ba shine de bheirt chlainne a saolaíodh do Tom Sheáin Ó hÉalaí as an mbaile sin agus dá bhean Catherine Terry Ghallchóir ··· Fearacht bhunáite mhuintir Acla raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh
Ba iad Tadhg Ó Loideáin agus Máire Chonghaile a thuismitheoirí
I ndiaidh a bháis dúirt Máirtín Ó Loideáin ODC [q.v.]: ‘Ariamh raibh sé aonraic mar go raibh stair agus seanchas agus filí ina chuideachta i ngach áit dá siúladh sé.’ Tá a bheathaisnéis scríofa: ag Risteárd Ó Glaisne (Tomás Ó Fiaich, 1990); ag Billy Fitzgerald (Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich, 1990) ··· Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig ··· Cé gur dhearbhaigh sé go minic go gcaithfeadh Caitlicigh a bheith in aghaidh an fhoréigin, fhéadfadh sé ligean air nár náisiúnaíoch láidir é féin agus nár chreid sé gurbh é riail na Breataine in Éirinn ba bhunchúis leis an gcorraíl ··· raibh sé chomh docht diongbháilte le heaspaig eile agus é ag scríobh nó ag seanmóireacht faoi ghnéithe de theagasc na heaglaise nach raibh Caitlicigh i gcoitinne ar aon aigne ina dtaobh ··· His own ultranationalism and open support for the prisoners’ cause both hardened theirs and the British government’s resolve, where a more neutral figure might have had more success in securing concessions.’ mór a rá go raibh eolas maith agus taithí aige ar ghéibheannaigh, idir phoblachtaigh agus dhílseoirí, agus ar phríosúin agus gur trua do chás an phríosúnaigh a spreagadh chun cainte agus gnímh é ar a shon; chabhraigh sé chun Nicky Kelly a scaoileadh saor, bhí sé ina éarlamh ag Coiste Sheisear Birmingham, d’éirigh sé cairdiúil leis an ard-dílseoir Gusty Spence agus é i bpríosún go fóill, agus thugadh cuairt ar na deirfiúracha Nic Giolla Easpaig
Thug an tAthair Máirtín Ó Loideáin[q.v.] slua Gaeilgeoirí ar oilithreacht go Cnoc Mhuire timpeall an ama sin agus is lena linn sin a chuala Mairéad Piogóid, a raibh baint aici le Radio Éireann ag an am, Máire Áine ag rá ‘Caoineadh na dTrí Muire.’ Níorbh fhada go raibh clár beo in aghaidh na míosa aici ar an raidió, clár a lean ar feadh bliana ··· Deir Ríonach Ógáin faoin gceirnín sin: ‘Seo an taifead is iomláine dá cuid amhránaíochta atá ar fáil agus léiriú an-bheo ar réimse leathan amhránaíochta Mháire Áine agus ar a stíl shuntasach féin’ ··· Ba í an duine ab óige í den cheathrar buachaillí agus cúigear cailíní a bhí ag Stiofán Ó Donnchadha (Stiofán Sheáin Hughie), feirmeoir, agus Sorcha Churraoin (Sarah Thaidhg) as na Mine ··· Bhí cáil na hamhránaíochta ar an mbeirt acu agus is uathu a d’fhoghlaim Máire Áine amhráin ar dtús ··· Bhíodh na hamhráin le cloisteáil amuigh is istigh.’ Thaifead sí féin amhráin ó Shorcha nuair a bhí sise 82 bliain d’aois agus thóg Jean Ritchie, bailtheoir clúiteach as Meiriceá, amhráin uaithi agus gan amhras ó Mháire Áine féin
I gcás a aidhmeanna b’fhéidir gur deifnídí an cur síos a rinne sé orthu in Comhar, Meitheamh 1942 agus é ag tagairt do phaimfléad Dhomhnaill Uí Chorcora [B5]What’s this about the Gaelic League?: ‘Gan saoirse, gan ár saíocht náisiúnta a bheith go folláin láidir féidir linn ··· Leis na modhanna rialtais a chleachtaítear i 1942, leis an chraolachán, na scannáin chainte, agus na nuachtáin, bheidh sin doiligh a shocrú ... ··· treorú nó tiomáint ach treorú agus tiomáint.’ Cuid dá phlean freisin ba ea lár na tíre agus ceantair in aice na Gaeltachta a athphlandáil le cainteoirí dúchais, agus go mbeadh sé fíoréigeantach i gcás na n-oifigeach poiblí go léir go mbeadh labhairt na Gaeilge acu ··· Ag 31 Gairdíní Sandhurst, Bóthar Stranmillis, Béal Feirste, a rugadh an tríú leanbh seo ag Caitlín Mhathúna agus Seán Ó Cuinneagáin 2 Eanáir 1910 ··· léir cén tslí bheatha a bhí aige as sin go dtí gur thosaigh sé ag foilsiú an pháipéir Aiséirí sna 1940idí
Phós sé i 1924, agus ba ó mháthair a mhná, Cáit Loideáin as Leitir Fraic, agus óna fear Micheál Mac Adamóid as Maigh Ard, a fuair sé blas ceart na Gaeilge ··· Fear is Gaelaí ná é furasta fáil’ ··· In Bliainiris 6, 2006 tá litir i gcló ag Ruairí Ó hUiginn a scríobh Máirtín Ó Cadhain chuig Daibhéid ó Rannóg an Aistriúcháin 19 Meán Fómhair 1951 agus an abairt seo ann: ‘Agus ós tú féin an duine is mó eolas ar Ghaeilge Chonamara dá bhfuil beo anois (agus “de thógáil Mheiriocá” amháin) – is go hómósach agus go heolgach a deirim sin – cén fáth nach scríobhfá rud eicínt?’ Chuir sé foclóirín le haiste le Séamus Mac an Iomaire in An Stoc, Bealtaine 1928
Seán Ó Raghallaigh, fear a raibh gabháltas beag aige, a athair agus ba í Máire Loideáin ón Spidéal a mháthair ··· Bhí Máire Sinéad Challanáin ag múineadh in aon scoil leis ansin agus phós siad ··· D’aistrigh sé as sin go dtí Coláiste Sheosaimh Naofa i nGaillimh agus fuair Máire Sinéad post i scoil an Chladaigh