Líon alt a aimsíodh: 1
Duine de cheathrar (Páraic, Johnny agus Colm an triúr eile) mac a bhí ag Máire Chathail ( Uaithnín) (1908–1985), a mháthair, as an Más ó dhúchas, agus Seán Jeaic Mac Donncha (1904–1986), a athair, a raibh cónaí orthu ar an Aird Thiar, cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna féin ··· Thuig siad a raibh acu agus, murarbh ionann agus áiteanna eile, b’fhéidir, raibh cúthaileacht ná náire orthu ina thaobh ··· Cuireadh Josie go Devon Shasana in 1962 chun oiliúint a fháil sna scileanna a bhain le hiascach agus le próiseáil na bportán ( Chinnéide 2013) ··· Orthu sin a ghlac páirt ann, bhí cuid de phlúr amhránaithe traidisiúnta na tíre, i mBéarla agus i nGaeilge: Virginia Blankenhorn, Sinéad Caher, Len Graham, Frank Harte, Joe Holmes, Dolores Keane, Tim Lyons, Róisín White, Darach Ó Catháin, Treasa Mhiolláin, Nioclás Tóibín, agus a chomharsa féin as Cill Chiaráin Joe John Mac an Iomaire ina measc (Graham 2010) ··· Fear pobail a bhí i Josie agus mórán ócáidí a thit amach sa pharóiste nach raibh baint de chineál éigin aige leo, Cumann Amhránaíochta Iorras Aithneach agus Cumann Spaisteoireachta Iorras Aithneach gan ach péire díobh a lua