Líon alt a aimsíodh: 2
‘Merchant’ an cur síos ar a athair James (c.1851–1922) sa teastas breithe ··· Bhí baint nár bheag aige féin agus a bhean (phós sé Mamie Hurley ó Mhelbourne i 1923) leis na Léinte Gorma go dtí gur scar Cosgrave agus ceannairí eile Fhine Gael leis an ngluaiseacht sin ··· I mBaile Mhic Andáin a deirtear a rugadh a athairsean, James, agus is inspéise go ndúradh in An Gaedheal, Deireadh Fómhair 1937, faoi dheartháir Éamoinn, Pilib: ‘Through family relationships [he] had long and enduring connections with Kilkenny and Waterford’
I gcathair Chorcaí a rugadh Liam Ó Muirthile ar an 15 Samhain 1950, an duine ba shine de thriúr mac agus seisear iníonacha a saolaíodh do James Hurley (1923–2011), siúinéir agus saor rotha ó Bhéal na Carraige, gar do Dhún Mánmhaí, agus Kathleen Murphy (1918–2002), tábhairneoir ó Chill Mhichíl ··· Má bhí muintir a athar bocht – bhí seacht nduine dhéag sa chlann agus seacht n-acra feirme acu – bhí scóip ag baint le James Hurley, ceardaí cruthanta a d’fhág rian láidir ar thuiscint a mhic ar ealaín na scríbhneoireachta mar obair cheirde