Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Seandálaí agus eolaí ba ea an 3ú hIarla seo ··· Rugadh é i Londain ar 19 Bealtaine 1812 agus ba é an t-aon mhac é ag an dara hIarla Dunraven agus Caroline Wyndham arbh as Glanmorganshire di ··· Mar mhac an Iarla bhí an teideal Bíocunta Átha Dara aige ··· Bhain a mhac, an ceathrú hIarla, Windham Thomas Wyndham-Quin (1841-1926), clú amach mar luamhaire, mar mharcach, agus i ngeall ar a shaol eachtrúil
Ba iníon í le hÉinrí an 12ú Iarla Chill Dara agus leis an mBantiarna Frances Howard, arbh é Iarla Nottingham a hathair ··· Tamall i ndiaidh 1603 pósadh Brighid ar Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus rugadh mac, Aodh, dóibh i 1606 ··· Is é an chaoi a dtagann Brighid agus a hiníon isteach sa scéal a insíonn Ó Fiaich gur chuid de phlean Fhlaithrí Uí Mhaoil Chonaire [B7] chun Éire a ionradh go bpósfaí Mary Stuart ar Iarla Thír Eoghain; chabhródh an cleamhnas chun cairdeas a shnaidhmeadh idir cheannairí míleata na sluaíochta, Ó Domhnaill agus Ó Néill
I nDeireadh Fómhair na bliana sin bhí sé in Douai chun fáilte a chur roimh Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill agus chun iad a thionlacan go Lováin agus as sin chun na Róimhe ··· I 1615 scríobh sé ó Valladolid le damnú a dhéanamh ar bhaill Chaitliceacha na parlaiminte i mBaile Átha Cliath a d’aontaigh le bille chun tailte Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill a choigistiú ··· Tá cur síos ag Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’) ar scéim a bhí á forbairt ansiúd agus sa Spáinn chun go ndéanfadh Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill ionradh ar Éirinn: ‘From 1625 on, however, the idea was pressed unceasingly on the Spanish authorities by two groups of Irishmen in the Low Countries, a group of ecclesiastics of whom the most notable was Archbishop Florence Conry of Tuam and a group of Irish officers in the Spanish forces of whom the best known was Major Eugenio O’Neill – Owen Roe.’ Is dóigh le Ó Fiaich gur chun an scéim a chur chun cinn i gcúirt na Spáinne a d’aistrigh an tArdeaspag go Maidrid tuairim Eanáir 1627
Ní raibh ach 15 bliain d’aois ag Criostóir nuair a tháinig sé i gcomharbacht a athar agus cuireadh faoi choimirce Iarla Sussex é ··· Bhí ag éirí go maith leis sa saol ar dtús agus phós sé Mary nó Marie Fitzgerald, iníon le Gearóid, an 11ú Iarla Chill Dara ··· Ach i 1571 dhiúltaigh sé a ainm a chur le forógra reibiliúin in aghaidh Iarla Dheasmhumhan agus thit drochamhras air as sin amach in ainneoin dearbhuithe dílseachta mar an ceann seo chuig an Tiarna Seansailéir i 1580: ‘I protest unto your Lordship there is nothing in this world whereof I make more account than that mine ancestors were never spotted in blood, and have always from the Conquest been servitors to the crown of England’ (i gcló ag Pádraig Ó Fágáin in Éigse na hIarmhí, 1985)
Bhí gaol ag Iarla Thuamhumhan lena bhean agus d’éirigh leis sin an cúiteamh sin a fháil di ‘in consideration that the said earl alleged that the said Teig sent him intelligence of importance from beyond the seas.’ Deir Ó Fiaich gur ródhóigh nach raibh sa scéal sin ach seift ag an Iarla: scríobhadh Tadhg abhaile chuig a bhean ceart go leor ach bhain an tIarla an úsáid áirithe sin as na litreacha ··· Cuireadh i gcló é in Imeacht na nIarlaí (1972), in eagar, agus an téacs curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu, ag Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich, agus roimhe sin in The flight of the Earls (1916) in eagar ag Pól Breathnach[B2] agus in Turas na dtaoiseach nUltach as Éirinn: from Ráth Maoláin to Rome (2007) le Nollaig Ó Muraíle ··· Tá an tuairim chéanna ag Ó Fiaich agus deir sé: ‘Chonaic sé gach duine agus gach rud ina dhubh agus ina bhán, agus is léir gur slat tomhais an chreidimh an ceann is láidre a bhí aige.’ Ag tagairt don uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ag naimhde na nIarlaí deir Pól Breathnach: ‘On these various moves on the part of the enemies of the Irish Ó Cianáin has nothing to say, and we can only conclude that he was not one of those who helped to arrange their plans, or shared all their confidences.’ Is annamh aon léargas ar a phearsantacht féin sa chuntas
Níl aon amhras ach go raibh gaol aige le hIarla Liatroma ach ní fíor an rud a cheaptaí, gur gharmhac leis é ··· Liatroma, a athair; luaitear in Burke ceithre heastáit a bheith ag Henry John agus go raibh sé ina ghiúistís agus ina Ardsirriam san dá chontae agus go raibh gaol gairid aige leis an tríú hIarla Liatroma (a feallmharaíodh 2 Aibreán 1878 in aice le Baile na nGallóglach, Co ··· Tá Cill an Dúin, an teach inar cuireadh tórramh ar an Iarla in 1878, i seilbh a mhuintire go fóill
Iarla Chlann Riocaird, a hathair agus ba í Héilín Nic Cárthaigh, iníon Iarla Chlann Chárthaigh, a máthair
Tháinig sé ar ais go hÉirinn i 1599 agus bhí ina a anamchara ag Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain ··· De réir tuairiscí Iarla Essex ba é a thioncharsan a d’fhág nach raibh Ó Néill sásta teacht chun réitigh leis an mBanríon Eilís ··· Bhí Énrí Ó Néill, mac an Iarla, i gceannas ar reisimint Éireannach in Ísiltír na Spáinne agus bhí dlúthchairdeas eatarthu
Ba í an séú leanbh í ag Domhnall Ó Briain agus a bhean Sláine agus ba é Donnchadh Ó Briain, dara hIarla Thuamhumhan, a huncail ··· Phós sí ansin Uaithne Mór Ó Lochlainn, taoiseach sa Bhoireann; b’fhéidir gurbh é Iarla Thuamhumhan a rinne an cleamhnas sin
Is iad na daoine a chaoin sí: Donnchadh Ó Briain, 4ú hIarla Thuamhumhan (d’éag 1624); a dheirfiúrsan Máire; Toirdhealbhach Ruadh Mac Mathghamhna (fear céile Mháire, d’éag 1629), Cluain Idir Dhá Lá, Co
Do na hiarlaí an tagairt sa dán: ‘Éag na Falartha is barra ar gach pian dam soin, / ‘S mé tréith n-a heasbaidh go haindeis ag triall am chois; / I gcéin ó bhaile do chailleas, mo chiach na fir / Do bhéarfadh airgead capall is iallait dam.’ Ach meastar tábhacht mar fhianaise ar stair na haimsire a bheith le ‘Caithréim Thaidhg agus Dhiarmada’ a chum sé i ndiaidh do Shéamus II a theacht i gcoróin
Turas é a rinne sé go minic i rith a shaoil agus chuir sé aithne ar dhaoine mar Mhuircheartach óg Ó Súilleabháin (d’éag 1754), Cathal Ó Conchubhair[q.v.], Conchubhar Ó Domhnaill, Caitliceach a raibh eastát aige i Liatroim agus a bhí i dteideal a bheith ina iarla ar Thír Chonaill, dar lena mhuintir, agus ar Iarla Chinn Mara
Ag 2 Ashville, Ascaill Sceitheog an Iarla, Béal Feirste, a rugadh é ar 11 Meán Fómhair 1917
Gabhadh é nuair nár ghlac a dheartháir leis an bhfógra in aghaidh Iarla Dheasmhumhan ··· Le cabhair Iarla Urmhumhan fuair Janet seilbh ar a tailtesean
Fhear Manach, ar dheartháir é le Cúchonnacht óg Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, a bhí rannpháirteach in Imeacht na nIarlaí i 1607
An aidhm a bhí acu, Gearóid, leasdeartháir óg Thomáis an tSíoda (a cuireadh chun báis i dTúr Londan 3 Feabhra 1537) a bheith ina Iarla ar Chill Dara, faoi deara an chomhghuaillíocht láidir seo idir taoisigh Gael agus Gall ··· Iarla Chill Dara; d’fhág sin ina chomhchaomhnóir é ag Gearóid, an 1ú hlarla, rud a dhaingnigh an caidreamh le Con Ó Néill agus na taoisigh eile ··· Is cosúil gur do bhás Shiobháin an tagairt sa dara ceathrú: ‘Uaimse ag inghin an iarla / truagh gan iasacht mo chroidhe, / go dtuigeadh féin nách bhféadar / bréagadh croidhe i mbí toirse.’ Leagtar véarsaí magaidh air freisin
Ba spéis leis go háirithe leaganacha Nua-Ghaeilge de sheanchlasaicigh a chur ar fáil agus ba é a chóirigh Agallamh na Seanóirí, 1984-86 (2 iml.); Foras Feasa ar Éirinn: Athnua 1 agus 2, 1982-83; Imeacht na nIarlaí, 1972 (i gcomhar le Tomás Ó Fiaich[q.v.])
Ba leasdeartháir é dá réir sin le hAodh Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, a maraíodh sa chogadh ar 1 Márta 1600 i gCorcaigh, agus ba dheartháir é lena chomharbasan, Cúchonnacht óg, a d’imigh chun na Mór-roinne leis na hIarlaí
Ba mhac é siúd le hIarla Osraí Uachtaraigh (a d’éag 1819) ach bhí meas mic mhídhlistinigh air, dar leis an Complete Peerage, toisc gur shagart Caitliceach a phós an tIarla
I Sráid an Iarla, an Muileann gCearr, Co
But a cloud came over the sun and the whole subsequent impression of Eochaidh is one of despair and misery’: bhí an dá Aodh, Mag Uidhir agus Ó Domhnaill, marbh agus i ndiaidh imeacht na n-iarlaí chum sé ‘Beag mhaireas do mhacraidh Gaoidheal’ ··· Is mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol; le Cúchonnacht a d’éag 1589; le hAodh, a mhac, a d’éag 1600; le leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí um Meán Fómhair 1607 agus a d’éag in Genoa 12 Lúnasa 1608
Scríobh Rinuccini chun na Róimhe go raibh Rothe ró-aosta chun a dhualgais deoiseacha a chomhlíonadh agus, tamall gairid ina dhiaidh sin, ghearáin sé Rothe á rá gurbh é ba thúisce a dhiúltaigh géilleadh don urghaire ina n-aghaidhsean a bheadh sásta síocháin a dhéanamh le hIarla Inse Chuinn
Rather, Ó Corcráin offers us in Eachtra Mhacaoimh-an-Iolair a thoroughly Irish product, meant to be suitable for the act of recitation and recollection that he cites as the way in which the tale came to his or his informant’s attention in the first place.’ Tá sé ar dhuine den aos léinn ar éirigh réasúnta maith leo i ndiaidh Imeacht na nIarlaí; i 1609 d’fheidhmigh sé mar ghiúróir san fhíosrú a bhí ar siúl faoi thalamh eaglasta i bhFear Manach
Is cosúil go dtugadh Euseby na Gaeilge cuairteanna ar Theach Phort na Carraige i Ros Comáin, teach Iarlaí Kingston, chomh minic sin ina óige go raibh meas Connachtaigh aige air féin ··· Phós a aintín Caroline, iníon leis an Euseby Cleaver a bhí ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath, James William King, an cúigiú mac ag an dara hIarla Kingston, ar 28 Samhain 1815
Ina measc bhí ridirí, tiarnaí agus iarlaí
Deir Leerssen faoin dán sin: ‘Maoilín óg could address an extraordinary poem to him [an 3ú hIarla Thuamhumhan], ‘Brathair don bhás an doidhbhreas’...
An mac seo le hIarla an Dísirt agus an Bantiarna Elizabeth Lucy Campbell, rugadh é i Londain ar 11 Eanáir 1853 ··· Ní raibh ag a dheartháir an tIarla (Ulick O’Connor Cuffe) ach an oiread ná ag an deartháir eile (Hamilton John Agmondeshain) ab oidhre dó ··· Bhí comhghleacaí a dhiongbhála aige san obair seo, baintreach Iarla an Dísirt (Ulick, d’éag 1898), Ellen Bischoffheim, iníon le baincéir Giúdach i Londain
Ba gharmhac é leis an taoiseach cáiliúil Somhairle Buí Mac Domhnaill (c.1505–90), agus bhí gaol aige le príomhtheaghlaigh Uladh dá réir sin; ba iníon le Conn Ó Néill, céad Iarla Thír Eoghain, a sheanmháthair ··· A dheartháir, Raghnall, a bhí ina dhiaidh sin ina Iarla Aontroma, a tháinig i gcomharbacht air
In Coles Alley a bhí cónaí air sular aistrigh sé go Sráid an Iarla Theas, in aice le Pimlico, in 1709 ··· Deir Piatt: ‘Ach is é an t-ábhar spéise is mó faoi mhuintir Neachtain, b’fhéidir, an comhluadar filí, fir agus mná, cliar agus tuath, a bhí timpeall orthu i mBaile Átha Cliath, rud a rinne sórt cénacle liteartha dá dteach i Sráid an Iarla, láimh le Sráid na Mí.’ Chuir Meadhbh Ní Chléirigh eagar ar Eólas ar an domhan (1945)
Luann sé an cuardach a rinne Alan ar na tagairtí don aimsir i leabhair mar Caithréim Thoirdhealbhaigh, Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, Imeacht na nIarlaí, Cín Lae Ó Mealláin, Cín Lae Amhlaoibh Uí Shuilleabháin
In Memories tugann sé cuntas ar a shinsir; ba dhóigh leis gur mhac le hIarla Crawford agus Balcarres ba ea an chéad duine de mhuintir Lindsay a chuir faoi i gContae Mhaigh Eo san 18ú haois
Scríobh Iarla Mac Aodha Bhuí cuntas ar a shaothar in An tUltach, Bealtaine 1991 ··· Deir Iarla Mac Aodha Bhuí: ‘Thuill saothar Uí Uid aird áirithe sna caogaidí agus sna seascaidí ach beidh sé feasta faoi scáth na saothar atá ag teacht chugainn ó Shéamus Mac Annaidh agus ó Shéan Ó Siadhail, atá i bhfad chun cinn air ó thaobh saibhreas agus ionramháil na teanga agus ó thaobh síceol­aíochta agus ealaíon na cumadóireachta, gan trácht a dhéanamh ar chor ar bith ar úrscéalaithe eile nach bhfuil oiread bainte acu le Cúige Uladh
Sa ghinealach a cumadh dá mhac Micheál, dochtúir sa Fhrainc, deirtear gur de shliocht iarlaí Buchan in Albain muintir Choimin, agus gur phós sé i 1702 Elizabeth Creagh, neacht le Sir Michael Creagh, méara Bhaile Átha Cliath
Fuair sí bás ag 15 Ardán Phort an Iarla ar 5 Eanáir 1941
For the Owen Roe in question was a chronicler from Kilbarron.’ D’imigh sé thar sáile leis na hiarlaí i Meán Fómhair 1607
In 1862 chóipeáil sé cuid de chuntas Thaidhg Uí Chianáin ar imeacht na nIarlaí don Athair C
Ag Scoil Gheimhridh Merriman (‘Anocht is uaigneach Éire: Imeacht na nIarlaí’) [26-28 Eanáir] beifear ag cuimhneamh ort, a Sheáin, agus gan amhras dá laghad ar do chairde ach gurb ag foghlaim ó mháistrí léinn na bhflaitheas a bheidh tú feasta ··· (Bhí an t-alt seo le Diarmuid Breathnach i gcló in Foinse 21 Eanáir 2007) Cuntais iarbháis eile: Irish Times 18 Eanáir (‘Journalist Seán Mac Réamoinn dies in Dublin hospital aged 85 years’); Irish Times 20 Eanáir (‘Broadcaster inspired generations with love of Irish culture’); Nuala Ó’ Faoláin, Sunday Tribune 21 Eanáir (‘I never saw anyone turn away at the door for fear of being bored by Seán Mac Réamoinn’); Irish Times (Beocheist: ‘Imeacht an Iarla’ le Eilís Ní Anluain) 23 Eanáir; Sunday Independent 28 Eanáir (‘In memory of Seán Mac Réamoinn’ le Eoghan Harris); The Guardian 15 Feabhra (‘Seán Mac Réamoinn: Progressive Irish broadcaster dedicated to preserving Gaelic’); Comhar, Feabhra 2007 (‘Seán Mac Réamoinn 1921-2007’ le Liam Mac Con Iomaire
Is leis a bhaineann eagrán iomlán Comhar, Aibreán 1986: tá aistí ann ag Iarla Mac Aodha Bhuí, Pádraig Ó Snodaigh, Éamon Ó Ciosáin, Ciarán Ó Coigligh, Máirín Nic Eoin, Tadhg Ó Ceallaigh, Seosamh Ó Murchú, Seán Mac Stiofáin, Pádraig Ó Siadhail ··· Tá clár a shaothair in Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992 le hIarla Mac Aodha Bhuí
I mBaile Átha Cliath a rugadh é 7 Feabhra 1927; ba é an chéad leanbh é ag James Cleary, ceannaí, agus Johanna Connolly; 17 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, a thugtar mar áit bhreithe sa taifead beireatais ach is dóigh gur theach banaltrais a bhí ann
Thugadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] cuairt ar Larkfield ach mhaslaigh sé Aodh nuair a chum sé ‘The Hawk of Ballyshannon’ in onóir do dhuine de mhuintir Uí Dhomhnaill Bhaile Uí bhFiacháin, rud ab ionann agus aitheantas mar oidhrí an Iarla a thabhairt dóibh sin; chum Cearbhallán foinn do mhuintir Dhomhnaill i mBaile Uí bhFiacháin ach ní luann D.J
Cheannaigh Easpag Dhoire, Frederich Augustus Hervey, Iarla Bhriostó, teach dó in Aird Mhic Giollagáin i nDoire
I mBaile Sheoinín, Tobar an Iarla, Baile Nóra, i bparóiste Bhaile an Chollaigh, Co
Deir Diarmaid Ó Doibhlin: ‘Nuair a chuimhníonn duine ar an méid potaí a bhí sa tine aige, ar an ullmhúchán uile le haghaidh cruinnithe, agus an freastal ar chruinnithe, agus an t-ualach bocht riaracháin a bhíodh i gcónaí air, is doiligh a shamhlú cén dóigh ar chruthaigh sé spás dó féin le aistí agus leabhair a scríobh, agus cá bhfuair sé an fuinneamh iontach a bhí ann.’ Gan trácht ar aistí léannta agus léachtanna, d’fhoilsigh sé i rith 1960-79: Gaelscrínte i gcéin (1960) (eagrán nua faoin teideal Gaelscrínte san Eoraip, 1986); Irish cultural influences in Europe (1966); Leabhar Aifrinn don phobal (1966) (aistriúchán ar The people’s Mass book); Imeacht na nIarlaí (1972) (le Pádraig de Barra[q.v.]); Má Nuad (1972); Art Mac Cooey and his times (1973); Art Mac Cumhaigh: dánta (1973); Columbanus in his own words (1974); Oliver Plunkett: Ireland’s new saint (1975); Oilibhéar Pluincéid (1976); Art Mac Bionaid: dánta (1979) (i gcomhar le Liam Ó Caithnia[q.v.])
Dá réir sin, scoil suaithinseach ba ea í i ngeall ar a raibh de mheasúlacht ag baint léi: gurbh iníon le duine de cheannairí na nÉireannach Óga an príomhoide anuas go 1944 agus go raibh sí in Ardoifig an Phoist in Éirí Amach 1916; an bhaint stairiúil a bhí ag an Scoil le Scoil Ídean Phiarsaigh; gaol ar leith a bheith ag an scoil lena comharsa in Ardán Phort an Iarla, Coláiste na hOllscoile
Bhronn an Tiarna Glentanar agus Iarla Bute na linne sin suim airgid air chun cuidiú lena staidéar ach thug sé d’Ollscoil Osló é le caitheamh ar Roinn na Ceiltise san ollscoil sin
Tugadh don Iarla Ó Néill í uair éigin go luath san 19ú céad, á mheas go botúnach gurbh ó Eoghan Rua Ó Néill a bhí seisean síolraithe
Tar éis tamaill mar oide tí i Londain ag mac Iarla Aontroma tugadh paróiste Naomh Michan i mBaile Átha Cliath dó i 1699
Garnia di an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird
na Gaillimhe, agus a bhean Henrietta Maxwell, iníon leis an chéad Iarla Farnham
Deartháir do Ghobnait an chéad Iarla Middleton, duine de cheannairí Aontachtóirí an deiscirt in 1920