Líon alt a aimsíodh: 11
Thaispeáin sé (Ériu, 1983) an tábhacht atá leis an gcuid sin de Leabhar Buí Leacáin a bhreac Giolla Íosa Mór Mac Fhir Bhisigh, c ··· 1397 agus 1418; Giolla Íosa Mór Mac Fhir Bhisigh, an príomhscríobhaí agus chruthaigh sé gurb é a aonmhac Tomás Cam Mac Fhir Bhisigh an ceathrú duine acu ··· Tharraing sé aird (Léachtaí Cholm Cille, 1994) ar an tábhacht a bhain le dán fada a chum Giolla Íosa Mór in 1417, lán d’eolas ar chúrsaí ginealais agus logainmneacha ··· Tharraing sé conspóid air féin nuair a rinne sé iarracht a chruthú gurbh é Giolla Íosa féin a rinne leasuithe a léirigh máistreacht ar an tseanteanga ··· Ar an Meall Mór, Baile an tSagairt, an Spidéal, Co
Duine díobh, Giolla Íosa Mór, a chuir le chéile tuairim 1400 Leabhar Leacáin agus Leabhar Buí Leacáin ··· Ba é Giolla Íosa Mór (d’éag 1643) athair an Dubhaltaigh; b'iníon le Eoghan Gruama Mac Diarmada í a mháthair agus bhí lúb ghaoil aici le Brian Mac Diarmada[q.v.] a chuir Annála Loch Cé le chéile ··· Lua ar an mórchlaochlú seo ní dhéanann Mac Fhirbhisigh, é i dteach an choláiste in Eaglais San Niocláis cuid mhaith den tréimhse sin, 1649–50 go háirithe, ag gabháil do Leabhar Mór na nGenealach ··· Is léir ar an gcáin a bhí sé a íoc gurbh fhearr as go mór é ná formhór mór an phobail ··· Cuid inspéise de leabhar mór Uí Mhuraíle is ea na cuntais iomrallacha a scríobhadh le céad go leith bliain anuas de dheasca botúin shimplí a rinne Seán Ó Donnabháin[B6] agus é ag cur síos ar dháta scríofa an liosta sin: 1655 in áit 1665
Na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin, agus dúirt: ‘An té a thabharfadh faoi scéal na nGaeilgeoirí agus na Gaeilge i Meiriceá a scríobh, níor mhór dó gan neamhshuim a dhéanamh de Uilliam Hubert Mac Giolla Íosa...’ ··· Bhí sé ródheireanach chun go mbainfí leas as an bhfoclóir in English-Irish Dictionary, 1959 ach deir de Bhaldraithe: ‘Is cinnte go mbainfear an-leas as saothar Mhic Ghiolla Íosa, nuair a bheidh eagrán nua den fhoclóir Béarla-Gaeilge á chur le chéile, rud atá [1979] thar am a dhéanta’ ··· Deir de Bhaldraithe: ‘Is éard a chuir sé roimhe gach aon fhocal agus leagan Gaeilge (agus Gaeilge na hAlban a chur san áireamh) a bhí le fáil sna foclóirí agus sna liostaí focal a bhí i gcló a bhailiú, a iniúchadh agus a scagadh agus foclóir mór Béarla-Gaeilge a chur le chéile ··· Seo é an cur síos a rinne de Bhaldraithe ar thoirt agus ar scóip an fhoclóra: ‘Ní fhaca mé ach toradh na hoibre, dhá cheann déag de leabhair mhóra lámhscríofa ··· Naoi míle is cúig chéad leathanach (34.5 x 21mm) scríbhneoireachta atá iontu, agus trí cholún ar chuid mhór de na leathanaigh sin
An Fear Mór, Séamus Ó hEocha, a bhí ag múineadh Gaeilge dó ann ··· an tAthair Benedict d’aistrigh ón bhFraincis, 1923; An tSiúr Bheannaithe Treasa leis an Leanbh Íosa, 1924 ··· I 1926 le cabhair airgid ó mhná rialta Naoimh Louis i gCoillte Mách d’fhoilsigh sé a aistriúchán ar Histoire d’Une Ame (Scéal anama: Beathafhéinscríbhinn Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa) ··· Tá Páis Chríost, 1941, bunaithe ar chlár raidió a chraoladh sé le linn na Seachtaine Móire ··· Bhí go leor aistí anseo agus ansiúd aige faoin ainm cleite ‘Giolla na Naomh’
Thug Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, cuairt ar an Institiúid ar 21 Bealtaine 2006 agus dúirt: One dimension of Irish studies which Séamus Deane pioneered is the importance of the Irish language to an understanding of Ireland and its history ··· Ag tagairt don dua a bhain leis an saothar mór sin, is é a dúirt Micheál Mac Craith ag an ócáid chéanna: Ní mór a chur san áireamh doimhneacht agus críochnúlacht an taighde a ghin an saothar seo ··· Níor lig an bás dó an saothar mór sin aige a thabhairt chun críche ··· Ach ba é an toradh ba mhó ar an tamall sin ó thuaidh an sárleabhar úd I mBéal Feirste cois cuain (1968); oscailt súl ba ea é ag pobal a bhí dall ar an tionchar láidir bhí ag seanchultúr na hÉireann ar intleachtaigh Bhéal Feirste ó na 1780idí amach ··· A leabhair ar Pheadar Ó Doirnín [q.v.] agus ar Chathal Buí Mac Giolla Gunna[q.v.], b’fhéidir, a ghin an scata leabhar sin ar fhilí agus scríobhaithe Uladh a d’fhoilsigh An Clóchomhar: Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh, Pádraig Mac a Liondain, Aodh Mac Domhnaill, agus Nioclás Ó Cearnaigh
Bhí sé ina chomhrúnaí le Pádraig Mac Giolla Íosa ar choiste Mhórshiúl an Chonartha i Meán Fómhair 1909 ··· Ba í Eily a thug na horduithe slógaidh go hInis Córthaidh Déardaoin na Seachtaine Móire 1916 ··· Ag éirí as a suim phearsanta féin agus as suíomh an tsiopa bhí ar a gcumas go leor eolais faoina raibh ar siúl taobh thiar de na ballaí arda is de na geataí iarainn a bhailiú, ach níos tábhachtaí go mór ná sin, ba thríothu a ghabh an bealach rúnda teachtaireachta chuig na príosúnaigh
Bhí Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, sa láthair agus in aice na haltóra bhí Dr Diarmuid Martin, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus an tUrramach Terence McCaughey, ministéir Preispitéireach ··· In aon chuntas ar Sheán níor mhór dul i muinín scata aidiachtaí: ceannródaíoch, cíocrach chun foghlama, eachtrúil, fiafraitheach, forbarthach, scéalach, siúlach… ··· I rith a óige bhuail cúpla babhta tinnis é, rud a bhí ina ábhar imní ag a thuismitheoirí; an bheirt leanaí a rugadh roimh Sheán is amhlaidh a scuab fliú mór 1918-19 chun siúil iad ··· Bhí scata mór cairde aige ach ní miste leo sin mura luaimse ach beirt a thugadh cabhair ar leith dó i rith an tinnis: Seán óg Ó Baoill agus Louis Marcus
Chuaigh Tomás isteach i gCumann Íosa 18 Lúnasa 1887 agus i ndeireadh a thréimhse san ord bhí sé i gColáiste Stonyhurst ··· Scríobh Pádraig Ó Duinnín [B3] in The Leader 27 Samhain 1913: ‘Is léan liom le hinsint gur cailleadh Tomás Ó Nualláin an lá faoi dheireadh agus is mór an méala agus is mór an dochar don Ghaeilge a bhás ··· Is minic a buaileadh isteach im’ aigne gur mhó a chaill sé de bharr na Gaeilge ná mar a bhí aige dá druim ··· Bhí sé an-oilte ar theangacha eile agus duaiseanna móra faighte aige iontu ··· An English-Irish vocabulary of technical terms, chiefly grammatical, 1908; Mór of Munster and the tragic fate of Cuana, son of Cailchin
Is é an léamh a dhéanann Ó Madagáin ar an nóta atá i gcló ag an mBrúnach (‘A ccnoc [sic] Rátha a Marrachaibh móra budh eadh do Dháibhídh Ó Bhruadair dar canadh an mbarbchaoine shuas, gidheadh as air an Gclaonghlais a ccontae Luimnigh, do mhair sé an roinn budh mhó agus budh thamhsgamhla dá shaoghal’) gurbh in oirthear Chorcaí a bhí cónaí air ag am a bháis ··· I mBéal an Átha ar 4 Bealtaine 1998 nocht Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, dealbh den fhile a rinne Clíodhna Cussen ··· As men the two were dissimilar both in education and outlook, but the poetry of each is often marked by this common trait that in it the whole man speaks to us.’ Tá sé ar dhuine de na filí Gaeilge sin den tseanaimsir is ar tháiníg a dhánta, tuairim ceithre scór díobh, slán ··· Breis is tríocha bliain anonn ó bhás an fhile scríobh Seán Ó Murchadha na Ráithíneach [q.v.] tuireamh (i gcló in Seán na Ráithíneach (1954) le Torna [Tadhg Ó Donnchadha B1]) ar a mhac Uilliam Ó Bruadair a d’éag ar 1 Eanáir 1729 agus is de mholadh ar Dháibhí ná ar Uilliam é ··· Luaitear go háirithe fianaise scríobhaí atá i gcló ag an mBrúnach gurbh as Cnoc Rátha i mBarrachaibh Móra dó, idir Carraig Thuathail agus Carraig na bhFear
Chorcaí, a bhí fostaithe sa Ghúm, agus a bhean Eibhlín Nic Giolla Fhiontain as Baile Átha Cliath ··· Ó Tuama, le tionlacan ó na deartháireacha Cormac agus Fionán de Barra; Triúr bleachtairí óga (1995), úrscéal do dhéagóirí óga le Dónall féin, a bhuaigh duais Oireachtais; Fuadach Juventus (1998), aistriúchán ón Iodáilis le Dónall ar úrscéal do dhaoine óga le Carlo Moriondo; I ndiaidh mo bháis (2001), úrscéal le Dónall faoin ainm cleite Cathal Ó Floinn, a bhuaigh duais Oireachtais; Ríomhaire Shain Nioclás (2001), le Francesco Tecce, aistrithe ón Iodáilis ag Róisín; Ceol na Nollag (2002), cumadóireacht Dhónaill agus Róisín anseo ina measc, ‘An Leanbh Íosa’, a chum Dónall agus é ina dhéagóir; Ag réiteach le haghaidh faoistine (2005), le Dónal Ó Cuilleanáin, aistrithe ón mBéarla ag Ciarán Ó Coigligh; Daoine dathúla an iarthair (2005), le Seán Ó Corbáin, scéalta beaga greannmhara, suimiúla faoi mhuintir an iarthair; Aiséirí/Requiem (2006), saothar ealaíne le hEoin Mac Lochlainn sna cillíní mar a raibh laochra 1916 i gCill Mhaighneann agus dánta le Ciarán Ó Coigligh; agus Mo leabhairín dánta (2007), rannta do leanaí le Con Ó Tuama le healaín ó Dhamhnait Ní Thuama ··· Chorcaí, lena athair agus lena aintín, Máire, an bheirt is a raibh tionchar acu air agus é ag fás aníos
In Agus Lúnasa na bliana sin, in eagarfhocal dar teideal 'Giolla na Gaeilge', dúradh: 'Ba scoláire Gaeilge é a bhí sásta agus cíocrach, fiú, freastal ar aos ealaíonta cruthaitheach na teanga.' In An tUltach na míosa sin scríobh Gearóid Stockman gurbh é Muiris fear faire an Chaighdeáin ··· Mar seo ba chuimhin le Gréagóir Ó Dúill é: 'Fear mór urrúnta tuaithe, Muimhneach i meánscoil sa Tuaisceart ··· Seachtain roimhe sin agus é ar leaba a bháis scríobh sé litir ghreannmhar chuig Gaedheal Bhéal Feirsde i dtaobh dearmaid cló agus chríochnaigh lena ghnáthphaidir: 'A Athair Shíoraí in ainm Íosa, déan Gaeltacht athuair d’Éirinn gan roinnt.' Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »