Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Caerwyn Williams [q.v.] agus Máirín Ní Mhuiríosa [B1] in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘Cruthúnas amháin ar bhuaine agus ar neart an traidisiúin is ea an t-ábhar in Amhráin ó dheireadh an domhain (1954) le Fionán Mac Cártha, fear a bhí tar éis fiche bliain a chaitheamh san Astráil gan caidreamh aige le Gaeil ná le Gaeilge’ ··· Sa réamhrá dúirt Fionán: ‘Suas agus anuas le fiche bliain ó shin a tháinic mise don tír seo, ach fiche focal Gaeilge ní chualas riamh ón lá ar fhágas baile go dtí an lá inniu ··· Bhí ardmheas ag Fionán ar an gCraoibhín agus is í an tagairt is luaithe dó féin go raibh dán aige in The Shanachie agus in Freeman’s Journal ag fáiltiú abhaile ó Mheiriceá roimhe (An Claidheamh Soluis 14 Iúil 1906) ··· Fionán a scríobh Óid an Oireachtais i 1907 ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 26 Eanáir 1907 go raibh rang tosaithe sa Bhaile Breac i bhFine Gall agus go raibh Fionán fostaithe mar mhúinteoir
Seoladh Fionán siar go dtí a uncail, Fionán Ó Loinsigh, i gCill Mhic Iarainn in aice Chathair Saidhbhín ··· I ndiaidh meánoideachais sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, fuair Fionán post cléireachais in uachtarlann mhuintir Dowdall ··· Tar éis dul i gcomhairle leis an Dochtúir Marcas Ó Roighin, d’iarr Fionán ar Phroinsias Ó Fathaigh agus ar an Dochtúir Seán Mac Énrí cabhrú leis chun ranganna Gaeilge a chur ar siúl ··· Ceapadh Fionán ina rúnaí agus d’fhreastail sé ar an gcéad Oireachtas ··· Leabhair eile leis agus leabhair a bhfuil a ainm luaite leo is ea: Sean-amhráin na Mumhan cuid a haon [g.d]; Bolg an tsoláthair (1904); Smóilín na rann (1908); Caismirt na gcearc: [B5] (1910); Duanaireacht do leanbhaibh (1914); Cosa buidhe arda cuid a haon (1922) in eagar ag Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn; Cosa buidhe arda cuid a dó (1923); Amhráin na nGleann, cuid a haon (1939); Laethanta geala: cunntaisí cinn lae do scríobh beirt chailíní scoile [i.e
Bhí cáil na Gaeilge ar a athair Fionán (c.1849–1907) ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 14 Aibreán 1900 go raibh beirt dá chlann, Fionán agus Eibhlín, i measc an tseisir a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh do scoileanna na mbuachaillí agus na gcailíní i gCill Mhic Chiaráin ··· I séipéal an Spuncáin ar 25 Samhain 1877 phós sé Eibhlín Nic Chárthaigh, duine den seisear iníonacha a bhí ag Fionán Mac Cárthaigh ar de bhunadh Oileán Dairbhre é, agus Bairbre Ní Ríordáin ó Dhroim an Dísirt i gceantar Thrá Lí ··· Phós May Daniel McCallum i mBaile Monaidh agus ba mhac leosan Fionán Mac Coluim [B1] ··· Ba iad seo an chlann a bhí ina gcónaí le sean-Fhionán (52 bliana d’aois) agus Eibhlín (48) oíche Dhaonáireamh 1901: Charles (16); Annie (15); Eibhlín (13); Fionán (12); Bríghid (7); Francis M
Labhair Tomás le Fionán Mac Coluim[B1] agus earcaíodh é mar mhúinteoir taistil ··· Deir Peadar Ó hAnnracháin[BI]: ‘Thuig seisean [Fionán] cad é an saghas ceart d’Uibh Ráthach ··· Tuairimíonn Donncha Ó Súilleabháin: ‘D’fhéadfadh sé tarlú go raibh sé míshásta nuair nach é Fionán Mac Coluim a toghadh mar Ard-Rúnaí ar an gConradh ··· I gcomhpháirt le Fionán Mac Coluim agus Colm Ó Lochlainn[B4] bhunaigh sé an Claisceadal in 1927
Tá cur síos ag Peadar Ó hAnnracháin[B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 ar na litreacha a scríobh Fionán Mac Coluim[B1] chuig an múinteoir taistil seo idir 1905 agus 1921 agus ar an gcaidreamh a bhí aige féin leis ··· Tá na litreacha a sheol Fionán Mac Coluim chuige sa Leabharlann Náisiúnta (MS G672)
Bhí a deirfiúr Nóra pósta ar Mhicheál Ó Dochartaigh, múinteoir i gCill Orglan, deirfiúr eile May arbh é Fionán Mac Coluim a mac, agus deirfiúr eile Ellie a bhí pósta ar Fhionán Ó Loingsigh agus a raibh Fionán Ó Loingsigh T.D., an tAthair Seán Ó Loingsigh, údar, agus Eibhlín Bean Uí Mhóráin (máthair Dhónaill Uí Mhóráin[q.v.]) sa chlann aici ··· Ba é Fionán Mac Coluim a mhol dó dul go dtí an Blascaod agus mhaíodh sé gur túisce ná na scoláirí móra a chuir sé eolas ar an oileán
Deartháireacha léi an tAthair Seán Ó Loingsigh [B4: 135] agus Fionán Ó Loingsigh [B4] ··· Ba chol ceathracha léi Fionán Mac Coluim [B1] agus Cormac Ó Cadhlaigh [B2]
Uncail dó ba ea Fionán Ó Loingsigh [B4] agus ba chol cúigir é le Fionán Mac Coluim [B1] agus le Cormac Ó Cadhlaigh[B2] ··· Bhí páirt nach beag ag a sheanathair Fionán Ó Loingsigh (d’éag 1907) i gConradh na Gaeilge i gCiarraí (féach B4 lch 137)
Nuair a fuair sé post san Oifig Chogaidh i Londain casadh Fionán Mac Coluim air agus chuir siad rang beag Gaeilge ar siúl ··· D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath tar éis tamaill agus casadh Fionán air lá agus thug sé chuig cruinniu den Ard-Chraobh é
Bhí cúinne don aos óg aige in An Camán faoin ainm cleite ‘Fionán
Seo é an file ar scríobh Fionán Mac Coluim[B1] ábhar síos uaidh agus arbh é an Seabhac a chuir eagar air, drámaí, agallaimh beirte agus amhráin, in Reacaireacht ghrinn na tuaithe, 1925 ··· Nuair a scríobh Fionán Mac Coluim[B1] ‘Cleamhnas an Bhacaigh’ ó bhéalaithris Thaidhg i 1917, bhí cuid den dráma dearmadta aige
Ba í seo an t-amhránaí ba choitianta sna sraitheanna de chláir raidió ag Fionán Mac Coluim [B1] sna 1950idí
Is mar seo a mhíníonn Aindrias Ó Muimhneacháin scéal na hAireachta Oideachais i rith na tréimhse seo inDóchas agus duainéis: ‘Ba é an tOllamh Micheál Ó hAodha Aire Oideachais na Dála, ach ba é Fionán Ó Loingsigh[B4] Aire an Rialtais Shealadaigh, agus, bíodh nach dealraitheach gur déanadh aon idir­dhealú ró-fhoirmiúil idir cúraimí na beirte seo Airí, glacadh leis gur faoi Fhionán Ó Loingsigh a bhí cúrsaí bunoideachais agus gur faoin Ollamh Ó hAodha a bhí an meánoideachas ··· Ansin nuair a bhris an cogadh cathartha amach, i ndeireadh an Mheithimh 1922, ghabh Fionán Ó Loingsigh, ina oifigeach, le harm an tSaorstáit, agus thit cúram an bhunoideachais feasta ar an Ollamh Ó hAodha i dteannta chúram an mheánoideachais’
Ba é a dúirt a mhac Seán: ‘Nuair a bhí Fionán Mac Coluim[B1] ar an oileán (bhí sé mar thimire do Chonradh na Gaeilge an tráth san) agus nuair a chonaic sé Tomás agus conas mar a bhí aige do cheap sé Tomás mar cheithearnach na teangan agus thug sé tuarastal deich scillinge gach seachtain dó ··· Thug Fionán cuairt ar an oileán chomh luath le 1904, b’fhéidir (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin) agus bhí ann go minic, ní foláir: tagraíonn Eibhlín Ní Shúilleabháin do chuairt a thug sé 31 Lúnasa 1923 (Muiris Ó Súileabháin: saol agus saothar, 1983 le Nuala Ní Aimhirgín)
Ba ghairid go raibh sé go lánaimseartha nach mór sa ghluaiseacht náisiúnta; thaistil sé in éineacht le Fionán Mac Coluim [B1] ar fud Ciarraí thuaidh ag bunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge
Bhunaigh sí freisin Craobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge ('The Branch of the Five Protestants' mar a thugtaí air) agus in 1914 thaistil sí go Meiriceá in éineacht le Fionán Mac Coluim a bhailiú airgid don Chonradh
D’fhreastalaíodh na céadta air, daoine cáiliúla mar Phádraig Ó Siochfhradha [B5] agus Fionán Mac Coluim[B1] agus foghlaimeoirí mar Mary O’Hara, Kathleen Watkins, Éamon de Buitléar..
Bhí ana-mheas air, agus thuig Fionán [Mac Coluim] [B1] gur neart mór dúinne é bheith farainn
Ba é Fionán Mac Coluim [B1] a thug an óráid cois na huaighe
Is spéisiúil gur sheas a dheartháir Fionán do Chlann na Poblachta i mBaile Átha Cliath (Thuaidh Láir) i dtoghcháin 1948, 1951 agus 1954
Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ann agus deirtear gurbh eisean faoi deara craobh a chur á bunú agus gurbh é a d’fhéach chuige go mbeadh Fionán Mac Coluim mar rúnaí uirthi
B’é Seán mo phríomhchuibhearnach sa ghnó i ndeisceart Mumhan an fhaid a bhí Fionán Mac Coluim [B1] thar sáile agus sin é an fáth gur mhaith liom a dhea-cháil a chraoladh’
Tar éis dó bheith i mbun ranga ar feadh tamaill liostáil Fionán Mac Coluim [B1] é mar mhúinteoir taistil agus anuas go 1907 bhí sé anseo is ansiúd, deir O’Donoghue, in oirthear Luimnigh, Tiobraid Árann agus in oirthear Chontae Chorcaí
I 1911 nuair a bhí an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Fionán Mac Coluim [B1] ag bailiú airgid don Chonradh sna Stáit d’iarr Pádraig orthu fear a roghnú chun feiseanna a eagrú i mórchathracha an chósta thoir agus is ar an gcuma sin a chaith Micheál Ó Conchubhair ó Thrá Lí cúpla bliain ann
Bhí sé ag labhairt leo thar ceann an Aire Oideachais, Fionán Ó Loingsigh, fear a briseadh as a phost múinteora mar gheall ar Éirí Amach 1916
Scríobh Fionán Mac Coluim[B1] in Irish Book Lover XXVI Uimhir 2, 1935: ‘I remember his conducting a large Irish class for us at the rooms of the Irish Literary Society, Adelphi Terrace, soon after we started the Gaelic League at Chancery Lane
Dúirt Liam Ó Rinn faoi i dtuairisc ‘Na Feisirí nua agus an Ghaeilge’: ‘Tá togha na Gaeilge aige agus bhí sé féin agus Fionán Ó Loingsigh [B4] ar an gcéad dream do cuireadh faoi gheasa an Fháinne
Fionán Mac Coluim[B1] a mhol dó dul chuige an chéad lá mar gheall ar a fheabhas mar scéalaí agus mar Ghaeilgeoir agus is uaidh agus ó sheandaoine eile an cheantair a d’fhoghlaim an Duileargach Gaeilge Uíbh Ráthach
Tá cuid dá shaothar le feiceáil in Béaloideas 7, 1937 agus é curtha in eagar ag Fionán Mac Coluim [B1] faoin teideal ‘Amhráin Ó Mhúscraighe’
Deir Donncha Ó Súilleabháin: ‘Cuireann Fionán Mac Coluim[B1] síos mar seo a leanas air ina thuairisc d’Ard-Fheis 1910: “Do dhein Diarmaid Stóice an timire a bhí againn sa chontae sin ardobair ar son na Gaeilge ó thosaigh sé ag saothar ann
Fionán Mac Coluim [B1] a mhol in 1923 go dtabharfadh sé cuairt ar Sheán Ó Conaill [B4] i gCill Rialaigh chun go gcuirfeadh sé slacht ar a chuid Gaeilge
Níl á lua anseo ach na daoine in Beathaisnéis a rinne ceirníní do Doegan agus a chomhghleacaithe: Amhlaoibh Ó Loingsigh [B5], Diarmuid Mac Coitir [B5], Seán Ó Conaill [B4], Pádraig Mac Meanaman [B9], Aodh Ó Dubhthaigh [B1: 68], Domhnall Bán Ó Céileachair [B4: 97], Pádraig Ó Cruadhlaoich [B1], Conchúr Ó Síocháin[B1], Micheál Ó Cionnfhaolaidh [B4], Micheál Turraoin [B5], Labhrás Ó Cadhla[B3], Fionán Mac Coluim [B1], Tomás Ó Lócháin [B5], Stiofán Ó hEalaoire [B1], Seán Ó Domhnaill [B1]
In Burke’s The Landed Gentry of Ireland tá tagairt do ‘Geffrey O’Donoghue, O’Donoghue of the Glen’, mac le Tadhg (d’éag 1655), a phós Alice Coppinger agus a raibh triúr mac aige (Domhnall, Fionán, Séafraidh), agus a rinne uacht 19 Eanáir 1677 (promhadh é 22 Márta (1678)
I gceann an mhéid sin, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór air ba ea léacht a thug Fionán Mac Coluim[B1] ag cúrsa samhraidh sa Spidéal ar thábhacht an bhéaloidis
Ó Tuama, le tionlacan ó na deartháireacha Cormac agus Fionán de Barra; Triúr bleachtairí óga (1995), úrscéal do dhéagóirí óga le Dónall féin, a bhuaigh duais Oireachtais; Fuadach Juventus (1998), aistriúchán ón Iodáilis le Dónall ar úrscéal do dhaoine óga le Carlo Moriondo; I ndiaidh mo bháis (2001), úrscéal le Dónall faoin ainm cleite Cathal Ó Floinn, a bhuaigh duais Oireachtais; Ríomhaire Shain Nioclás (2001), le Francesco Tecce, aistrithe ón Iodáilis ag Róisín; Ceol na Nollag (2002), cumadóireacht Dhónaill agus Róisín anseo ina measc, ‘An Leanbh Íosa’, a chum Dónall agus é ina dhéagóir; Ag réiteach le haghaidh faoistine (2005), le Dónal Ó Cuilleanáin, aistrithe ón mBéarla ag Ciarán Ó Coigligh; Daoine dathúla an iarthair (2005), le Seán Ó Corbáin, scéalta beaga greannmhara, suimiúla faoi mhuintir an iarthair; Aiséirí/Requiem (2006), saothar ealaíne le hEoin Mac Lochlainn sna cillíní mar a raibh laochra 1916 i gCill Mhaighneann agus dánta le Ciarán Ó Coigligh; agus Mo leabhairín dánta (2007), rannta do leanaí le Con Ó Tuama le healaín ó Dhamhnait Ní Thuama
Sa bhliain 1969 phós sé Finóla Togher as Béal an Mhuirthead agus bhí triúr clainne orthu: Fionán, Ruairí agus Tríona agus iad ina gcónaí i gCeathrú Chalaidh, i gCathair na Mart agus faoi dheireadh i gCaisleán an Bharraigh
Fear déanta clár faisnéise ba ea é freisin agus cuimhnítear ar na cláir amhránaíochta a rinne sé, breis is leathchéad díobh, i dtaobh na n-amhrán Gaeilge go léir a shlánaigh Fionán Mac Coluim [q.v.], ar an gclár beathaisnéise faoin mbailitheoir mór eile úd, Eileen Costello [q.v.], ar na turais a thug sé ar cheoltóirí na Breataine, na Sualainne agus Mheiriceá
An bhliain sin freisin, bheartaigh sé féin agus Fionán Breathnach go nglacfadh siad féin agus a gcomrádaithe seilbh ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis i mBéal Átha an Ghaorthaidh
Tuairiscíodh go raibh sí sna Stáit Aontaithe le Fionán Mac Coluim[B1] agus a bhuíon — ‘ a splendid musician, singer and dancer’ (idem 11 Aibreán 1914)
Bhí ‘Beatha Naomh Fionán Locha Laoi’ i gcló aige in Zeitschrift für celtische Philologie an bhliain sin
Ó hAlmhain a bhí mar rúnaí agus ar an gcoiste bhí Fionán Mac Coluim [B1], Colm Ó Lochlainn, Lil Nic Dhonnchadha, Donnchadh Ó Liatháin
W.P.Ryan, Fionán Mac Coluim [B1], Seán Ó Catháin[B1], Dr J.P
I 1949 cuireadh tús arís leis an gClaisceadal i mBaile Átha Cliath (bhíodh sé ar siúl ó 1927 ag Fionán Mac Coluim, Colm Ó Lochlainn agus Micheál Ó Siochrú) agus ba é Seán Og a bhíodh ag stiúradh na slua-amhránaíochta agus ag teagasc na n-amhrán
Bhí Béaslaí ina chaptaen orthu ar dtús ach ba é Fionán Ó Loingsigh a thug amach iad Seachtain na Cásca
Bhí sé ina Ard-Timire i Leath Mogha nuair a cuireadh Fionán Mac Coluim i gceannas ar thimirí Leath Choinn
Sa leabhar féin gabhann sé buíochas le scríbhneoir eile de bhunadh Bhealach an Doirín, Fionán Mac Cártha[q.v.], faoin gcabhair a thug sé dó chun comhrá Gaeilge an dráma a scríobh (‘I wish to express my thanks for his kind assistance with the Irish part of the dialogue’)
Bhailigh Fionán Mac Coluim an duais thar a ceann
Tá sé ar dhuine de ghrúpa thimirí cáiliúla Chonradh na Gaeilge a bhfuil a bpictiúr ar leathanach tosaigh Fáinne an Lae 22 Lúnasa 1903: é féin, Séamas Mac an Bhaird [B3], Peadar Ó hAnnracháin [B1], Pádraig Ó Máille [B3], Pádraig Ó Cadhla [B2], Tomás Ó Míodhcháin [q.v.], Tomás Ó Concheanainn [B2], Fionán Mac Coluim [B1], Donnchadh Ó Laoghaire[B1]
Ó Bhealtaine 1911 amach bhí contaetha Luimnigh agus Thiobraid Árann ina chúram freisin agus ó Iúil 1916 Cúige Mumhan ar fad, tharla Fionán Mac Coluim[B1] tinn agus Peadar Ó hAnnracháin i bpríosún (An Claidheamh Soluis 15 Iúil 1916)