Líon alt a aimsíodh: 7
Tá dánta le 14 file ann agus cinn le Fearghal Óg Mac An Bhaird [q.v.], Irial agus Tadhg Dall Ó hUiginn[q.v.] agus filí eile de mhuintir Uiginn, Maol Mhuire Ón Cháinte, Pádraig Óg Mac An Bhaird, Diarmuid Dall Mac an Fhir Léighinn, Tadhg mac Giolla Brighde Mac Bruaideadha, Diarmuid Mac an Bhacaigh Ó Clúmháin ··· 2010 Is le hómós don taoiseach seo a scríobhadh 23 de na 38 dán sa duanaire cáiliúil ‘Leabhar Uí Eadhra’ (Book of the O’Hara : Leabhar Í Eadhra, 1951 in eagar ag Láimhbheartach Mac Cionnaith[B2]) agus is faoina chomhair a tionscnaíodh an duanaire sin i 1597
I measc na bhfilí a bhfuil dánta acu ann tá: Fearghal Óg Mac an Bhaird[q.v.] agus Uilliam Óg Mac an Bhaird, Eochaidh Ó hEodhasa[q.v.] agus Muiris Ó hEodhasa, Conchobhar Crón Ó Dálaigh, Irial Ó hUiginn, Maoilín Ó an Cháinte; Cúchoigriche agus Giolla Riabhach Ó Cléirigh, Iollan Ó Domhnalláin; Irial agus Seán mac Ruaidhrí Óig Ó hUiginn ··· Is mar seo a cuireadh síos air faoin mbliain ‘Aois Chríost, 1589’ in Annála Ríoghachta Éireann: ‘Maguidhir Cúchonnacht mac Conchonnacht (.i ··· an comharba), mic Conchonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomáis d’éag 17 Iún, tiama ar thíolacadh d’eaglaisigh, agus d’ollúna, d’amhais, agus d’ánraidh, saoi foghlamtha friochnamhach i Laidin agus i nGaeilge...’ ··· A mhac Aodh a tháinig i gcomharbacht air in ainneoin fhreasúra Chonchubhair Rua Mhig Uidhir
MAC AN BHAIRD, Fearghal Óg (c.1550–1620) Fearghal Óg MAC AN BHAIRD c.1550 1620 M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed ··· Sa chur síos gairid in Dán na mBráthar Mionúr [II] (1980) deir Cuthbert Mhág Craith gurbh é Fearghal Mac an Bhaird (d’éag 1550) a athair ··· Deir Eleanor Knott[B2] (Irish Syllabic Poetry..., 1928): ‘He was a voluminous composer of simple, if not very distinguished verse.’ Deir Osborn Bergin[B2] (Irish Bardic Poetry..., 1970): ‘Fearghal Óg is noted for his smooth and simple style...’ ··· Dioghluim Dána (1938) agus Aithdhioghluim Dána (1939) in eagar ag Láimhbheartach Mac Cionnaith[B2]; Irish Bardic Poetry; Irish Syllabic Poetry; Leabhar Cloinne Aodha Buidhe (1931) in eagar ag Tadhg Ó Donnchadha[B1] ··· Chaith sé tamall i gCúige Mumhan (‘Slán agaibh, a fhiora Mumhan’) agus deir Mhág Craith go raibh sé pósta ar Mháire, deirfiúr le Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha[q.v.], ollamh larla Thuamhumhan
It might well have been some such notion which prompted another later scribe to write “An Sioguidhe Romhanach do réir Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird dochtúir san diadhacht”.’ Bhí an dara mac aige sna Froinsiasaigh, Fearghal Óg; d’fhill seisean ó Lováin agus crochadh é i 1642 ··· San aiste ‘Duanta Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach, 1994 deir Damien Ó Muirí faoi leabhar Uí Raghallaigh: ‘Tá 21 dán sa chnuasach sin, ach tá deacracht amháin againn sa mhéad go nglacann an t-eagarthóir leis gur Eoghan Ruadh mac Gofraidh a chum iad, ach fuair seisean bás sa bhliain 1609 agus aois mhór aige ··· In Measgra i gcuimhne Mhichil Uí Chléirigh, 1944 in eagar ag Sylvester O’Brien (‘Eoghan Ruadh Mac Uilliam Oig Mhic an Bhaird’) tá colas ag Cuthbert McGrath OFM ··· MAC AN BHAIRD, Eoghan Rua (c.1570–c.1630) Eoghan Rua MAC AN BHAIRD c.1570 c.1630 M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed ··· 2010 Chuir Tomás Ó Raghallaigh[B2] eagar ar Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, 1930
Deirtear gurbh ó Bhaothghalach agus Flann Mac Aodhagáin i mBaile Mhic Aogáin i dTiobraid Árann a fuair sé oideachas mar scoláire: is mar seo a mhíníonn Nollaig Ó Muraíle sin in The celebrated antiquary.. ··· Ba é Aodh Mac an Bhaird[q.v.] a chuir abhaile go hÉirinn é in 1626 a bhailiú gach a raibh ar marthain d’ábhar naomhsheanchais agus d’ábhar staire ··· Ba é an ceathrú mac é le Donnchadh Ó Cléirigh agus a bhean Honora Ultach (Nic Dhuinnshléibhe) ··· Fuair sé pátrúnacht ó Thoirdhealbhach Mac Cochláin[q.v.] chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ a chur le chéile agus is ag an bpointe sin a liostáil sé Fear Feasa Ó Maoilchonaire, Cúchoigríche Ó Cléirigh[q.v.], a chol naonúir, agus Cúchoigríche Ó Duibhgeannáin mar chúntóirí: sin iad na fir a d’ainmnigh Seán Mac Colgáin[q.v.] in Acta Sanctorum Hiberniae mar na Ceithre Máistrí (‘The Four Masters’ le Pól Breathnach in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 agus Studies, 24, 1935); thug deartháireacha Mhichéil, Maolmhuire Ó Cléirigh (An tAthair Bernardin OFM) agus Conaire Ó Cléirigh, agus Muiris Mac Torna Uí Mhaoilchonaire cabhair freisin ··· D’aimsigh sé mar phátrún Fearghal Ó Gadhra[q.v.]
Tugadh oiliúint san fhilíocht agus sa seanchas do Fhlaithrí i scoil a mhuintire: bhí Fearghal Óg Mac an Bhaird[q.v.] ann lena linn ··· Is i gcomhthéacs an dáin ‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’ le Eoghan Rua Mac an Bhaird[q.v.] a scríobhann Ó Buachalla ar an scéim sin in Aisling Ghéar ··· Bhí a mhuintir le fada ar na teaghlaigh liteartha aitheanta, iad ina n-ollúna ag Síol Muireadhaigh i gConnachta; ba sheanathair dó an scríobhaí cáiliúil Muirgheas mac Páidín Ó Maoil Chonaire ··· I mBealtaine 1602 bhí sé ag tacú le gearán Uí Dhomhnaill go raibh reachtaire Choláiste na nÉireannach i Salamanca, an tÍosánach Thomas White, claonta in aghaidh mic léinn Uladh agus Chonnacht agus bhí de thoradh air gur ceapadh Spáinneach ina áit ··· Fuair sé a achainí ó Rí na Spáinne nuair a osclaíodh Coláiste San Antaine, ar do mhic léinn Fhroinsiasacha na hÉireann é, i Lováin i mBealtaine 1607
Is é a bhreithiúnas air: ‘Eochaidh Ó hEódhusa was an outstanding poet whose gift equalled, even surpassed, that of his two most illustrious contemporaries, Tadhg Dall Ó hUiginn[q.v.] and Fearghal Óg Mac an Bhaird [q.v.].’ Tá sé ar an bhfile is mó atá i dtrácht ag an scoláire céanna in Proceedings of the Royal Irish Academy, 1983 (‘The Chief’s Poet’) ··· Is mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol; le Cúchonnacht a d’éag 1589; le hAodh, a mhac, a d’éag 1600; le leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí um Meán Fómhair 1607 agus a d’éag in Genoa 12 Lúnasa 1608 ··· Tá léirithe ag Micheál Mac Craith in Éigse XIX, 1982 (‘Ovid, an macalla agus Cearbhall Ó Dálaigh’) agus in Saoi na hÉigse..., 2000 (‘Eochaidh Ó hEoghusa agus an freagra fileata’), in eagar ag Riggs, Ó Conchúir agus Ó Coileáin, go raibh eolas aige ar dhánta Béarla ··· Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’) ··· It was as if a poet laureate had to seek engagements in a music hall.’ Ní deirtear gur phós sé, ach tuairim an ama seo chuir sé spéis i Róis Ní Thuathail, baintreach Fhiachaidh mac Aodha Uí Bhroin, ‘the only hint of a woman in Eochaidh’s life’ (Carney)