Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Bhí an chlann ina gcónaí ag 18 Ascaill Garville nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh agus bhí ann an oíche sin Jasper (20 bliain d’aois), mac léinn leighis, agus Edward (12), chomh maith le Seoirse agus Eibhlín ··· Tar éis di an máithreánach a dhéanamh chuaigh Eibhlín ar saoire go hInis Meáin ··· Bhí snámh ag Eibhlín féin agus bhí sí á theagasc don bheirt eile ··· Ba ghairid go raibh Eibhlín agus Cáit i dtrioblóid ··· Rinne Dónall Ó Criomhthain, deartháir Cháit agus mac leis an Oileánach, iarracht ar Eibhlín a shábháil ach bádh é
Cé go raibh mná eile ag taisteal ar son na teanga is í Eibhlín an t-aon bhean amháin i liosta de thríocha múinteoir taistil ag Aindrias Ó Muimhneacháin ina leabhrán Na múinteoirí taistil, 1966 ··· Rugadh Eibhlín (Ellen) Ní Chróinín i gCéim Chorrbhuaile i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh 2 Lúnasa 1879 ··· Bhí ceathrar deirfiúracha ag Eibhlín ··· Tá an méid seo ag Peadar Ó hAnnracháin[B1] faoi dhuine díobh in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Ní dóigh liom gur tógadh aon chlann sa cheantar chomh Gaelach le clann dheirfiúr an Eibhlín chéanna ··· De mhuintir Chríodáin iad san agus ní foláir nó chuadar faoi anáil Eibhlín agus iad an-óg
possessed the precious manuscript.’ Thug Seán Ó Tuama nuachóiriú amach in 1961 agus tá réamhaiste aige sa leabhar sin ar Eibhlín agus Art agus a muintir agus ar an trioblóid a tharraing Art air féin, chomh maith le cuntas ar leaganacha agus a stair agus ar fhoinsí eolais ··· tá dólás agus pearsantacht Eibhlín Dubh le léamh chomh láidir sin tríd síos, gur féidir gan aon bhaol údar an dáin a thabhairt uirthi’ (Ó Tuama agus Kinsella, An Duanaire ..., 1981) ··· In An caoine agus an chaointeoireacht (1998) déanann Breandán Ó Buachalla athléamh ó bhonn ar an dán agus tugann dúshlán na dtráchtairí trí cheisteanna bunúsacha i dtaobh a sheachadta agus an mhodha cumadóireachta, i dtaobh talamh slán a dhéanamh den insint thraidisiúnta gurbh í Eibhlín Dubh a chum agus gur cáipéis chruinn faisnéise an dán; tá liostú cuimsitheach déanta aige ar a bhfuil scríofa faoin dán féin, faoin gcaoineadh agus faoin gcaointeoireacht ··· Chiarraí, agus dá bhean Máire Ní Dhonnabháin Dhubh (Máire Ní Dhuibh), arbh fhile í freisin, ba ea Eibhlín ··· Scríobh a deartháir sa Fhrainc, Domhnall Ó Conaill, an 26 Bealtaine 1768: ‘I am sorry to learn that our sister Nelly has taken a step contrary to the will of her parents, but love will not know nor hear reason.’ Deirtear gur mhaith a máthair di, gur thuig sise nach bhféadfadh Eibhlín gan géilleadh d’fhear chomh dathúil le hArt
These name the author as either Eibhlín Ní Choillte or Eibhlín Ní Eachiarainn ··· 149, that Eibhlín Ní Choillte (“Ellen Quilty”) was “probably a nom-de-guerre, assumed by some bard to avoid detection”, seems groundless’
B’as Sligeach d’athair Eibhlín, Michael Colleary, agus ba í Nora Brodrick a máthair; ‘motor man’ an cur síos ar shlí bheatha an athar sa taifead beireatais ··· I mbunscoil Dhomhnach Broc bhí Gaeilge á múineadh mar ábhar breise tar éis am scoile agus ba é a hathair, náisiúnaí daingean, a spreag Eibhlín chun í a fhoghlaim ··· Bhí an t-athair sna hÓglaigh agus chreid Eibhlín nár lig a máthair dó páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1916 toisc go raibh sí ag iompar linbh agus gurbh údar míshonais aige sin i rith a shaoil nach raibh sé sa troid ··· Deir Mac Mathúna in Foinse: ‘Ba bhall í Eibhlín de choiste an Chomhar Drámaíochta ar feadh blianta… ··· D’éag Eibhlín ar 7 Meitheamh 2001
Eibhlín a thabharfaí uirthi feasta ··· Ba í Eibhlín a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí ag an bhFeis i dTuaim ar 15 Lúnasa 1902 ··· Pearsana móra in obair an Chonartha Tomás, Eibhlín agus Sir Joseph Glynn agus dhealródh sé gur ag déanamh eadrána a bhí an ridire cóir ··· Tá grianghraf d’Ardchoiste Chraobh Londan nuair a bhí Eibhlín ag imeacht go hÉirinn i gcló in Capuchin Annual 1944 agus an teideal seo air: “Ardchoiste, Gaelic League, London, 1903: this picture was taken on the occasion of Eibhlín Ní Dhrúraigh’s return to Ireland to marry Dr T ··· Ar an Domhnach tháinig an chéad charr isteach i Sráid Uí Chonaill tar éis na troda agus ba iad an Dr Tomás agus Sir Joseph Glynn a bhí tagtha chun Eibhlín agus a hiníon Nuala a thabhairt abhaile
Le Gaeilge a thóg Eibhlín féin a clann i gcathair Phort Láirge ··· Nuair a thug seisean cuairt ar an gColáiste ar 15 Bealtaine 1975 agus é ina Uachtarán casadh Eibhlín air ··· ‘Chaith sé tamall maith an lá sin i dteannta Eibhlín, agus iad araon ag cur síos ar an seansaol i Scoil na Leanbh’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo: Coláiste na Rinne: gearr-stair, [1987] le Micheál Ó Domhnaill)
Phós sé Eibhlín Ní Shúilleabháin, múinteoir i scoil na gcailíní san áit, ar 8 Eanáir 1916 sa Dún Beag ··· Bhí tuismitheoirí Eibhlín ina múinteoirí i scoileanna an Dúin Bhig freisin agus is nuair a scoir siad a ceapadh Pádraig ina phríomhoide i Scoil na mBuachaillí agus Eibhlín i bhfeighil na gcailíní ··· Fuair athair Eibhlín, Pádraig Ó Súilleabháin, bás 24 Meán Fómhair 1918 ··· Cúpla bliain sula bhfuair sé bás d’aistrigh sé féin agus Eibhlín go dtí Órán Mór, Co
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 14 Aibreán 1900 go raibh beirt dá chlann, Fionán agus Eibhlín, i measc an tseisir a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh do scoileanna na mbuachaillí agus na gcailíní i gCill Mhic Chiaráin ··· I séipéal an Spuncáin ar 25 Samhain 1877 phós sé Eibhlín Nic Chárthaigh, duine den seisear iníonacha a bhí ag Fionán Mac Cárthaigh ar de bhunadh Oileán Dairbhre é, agus Bairbre Ní Ríordáin ó Dhroim an Dísirt i gceantar Thrá Lí ··· Ba iad seo an chlann a bhí ina gcónaí le sean-Fhionán (52 bliana d’aois) agus Eibhlín (48) oíche Dhaonáireamh 1901: Charles (16); Annie (15); Eibhlín (13); Fionán (12); Bríghid (7); Francis M ··· Eibhlín a líon isteach foirm Dhaonáireamh 1911 agus sa teach an oíche sin bhí: Pádraig (28), oide scoile; Eibhlín (24), oide scoile; Bríghid, scoláire ··· Phósfadh Eibhlín Micheál Ó Móráin agus is mac léi an Dr Dónall Ó Móráin
Seo é an cur síos a tugadh uirthi in Banba 17 Márta 1903: ‘Aithneoidh gach Gael Eibhlín Ní Dhonnabháin ··· Is minic sa chathaoir í ag cruinniú na nGael, agus ní miste a rá nár chliste a d’ordaigh breitheamh riamh gnó a chúirte ná mar a ordaíonn Eibhlín gnó a cruinnithe, cé nach dtiteann focal óna béal ach Gaeilge aoibhinn ó thús deireadh’
Chorcaí, a rugadh Eibhlín 19 Aibreán 1893 ··· ‘Is ar Eibhlín Ní Éigeartaigh a bhí cúram eagrú seilgí an tsamhraidh’ a deirtear i dtaobh na bliana 1917 in Conradh na Gaeilge i Londain le Donncha Ó Súilleabháin
Ba é Micheál Ruiséal[q.v.], file, seanathair Eibhlín agus ba uncail léi an Tomás Ruiséal arbh iad saighdiúirí na Breataine a mharaigh é i gCarraig an Chabhaltaigh, Co ··· Ag tagairt do Chompántas Amharclainne na Gaeilge in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (1993:132) deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Stáitsigh an Compántas roinnt drámaí spéisiúla sna caogaidí, go háirithe aistriúchán Eibhlín Ní Mhurchú ar Ile le Eugene O’Neill.’ Ó 1957 amach bhíodh sí ag aisteoireacht sa Damer (Ní Chinnéide 2008) agus ar 16–21 Samhain 1959 bhí sí ar dhuine d’Aisteoirí na Gaeltachta agus an phríomhpháirt aice sa dráma Oidhreacht bhideoig mhóir le Proinsias Mac Diarmada[q.v.], agus in 1960 bhí sí i bpáirt Mháire Magdailéin sa dráma An chúis in aghaidh Íosa, aistriúcháin ar Procès à Jésus (Fabbri 1960)
D’fhoilsigh Coiscéim Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin, 2000 in eagar ag Mairéad Ní Loingsigh; leis an tréimhse 1 Bealtaine—29 Samhain 1923 a bhaineann na hiontrálacha
Seo é an file a chum an t-amhrán ‘Eibhlín a rún’ ··· Breatnach in Éigse, fómhar 1940 (‘The earliest version of Eibhlín a rúin’) ··· Loch Garman sa 17ú céad a mhair Eilíonóir  Chaomhánach, agus níl amhras ach gurb é an file Cearbhall Óg Ó Dálaigh a mhair i bPailís sa chontae sin atá i gceist sa scéal faoin éalú léi.’ Deir Seán Ó Tuama inAn Grá in Amhráin na nDaoine, 1960: ‘Más é Cearbhall Ó Dálaigh a cheap an t-amhrán sin [‘Eibhlín a rún’] – is ní dócha gur chóir a bheith in amhras ina thaobh ón uair go gcuireann ls ··· den dáta 1679 ina leith é – is deacair a chreidiúint, dar liom, gurb é a chum aon cheann de na gnáthleaganacha d’Eibhlín a Rún
D’fhág beirt Chorcaíoch a rian ar chúrsaí athbheochan na Gaeilge i gContae Chill Chainnigh: Eibhlín Ní Chróinín [B3] agus Tadhg Ó hAnnracháin agus ba é Tadhg a mhol an chéad lá gurbh í Eibhlín a d’fhostófaí mar mhúinteoir Gaeilge ann ··· Nochtadh plaic i gcuimhne Thaidhg agus Eibhlín Ní Chróinín i dTeach an Rútaigh 22 Samhain 1970 agus deirtear faoi Thadhg: ‘Gael agus náisiúnaí tiomanta, staraí agus seandálaí léannta .. ··· In aiste dar teideal ‘Obair na hAthbheochana i gCill Chainnigh’ (Feasta, Bealtaine 1993) deir Seán Ó Briain nach raibh a dóthain Béarla ag Eibhlín Ní Chróinín ar theacht go Cill Chainnigh di agus gur chaith sí leathbhliain á foghlaim i gClochar na Toirbhirte
Sa Daonáireamh scríobhadh faoi Eibhlín, nó Emmeline, go raibh sí 51 bliana d’aois, gur Phrotastúnach í, gurbh i gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh í ··· Luadh sa pháipéar céanna 2 Nollaig 1911 go raibh sí ina leasuachtarán ar an gcumann The United Irishwomen: ‘The vicePresident and one of the moving spirits in the organisation is Mrs Alfred Hamilton (Eibhlín Ní Aitchin) whose service to the Gaelic cause is one of the longest and most tireless in the records of the Conradh ··· D’éag Eibhlín i dTeach Banaltrais Mellifont, Dún Laoghaire, 16 Meitheamh 1956
Deir Art Ó Beoláin : ‘Poblachtánach daingean ba ea Eibhlín
Athair Eibhlín agus Sheoirse
Tá a dhéantús filíochta in eagar maille le cuntas ar a bheatha ag Eibhlín Ní Dhonnchadha in Tomás Ó Conchubhair agus a chuid filidheachta, 1953 ··· Nuair a bhí fiosraithe á ndéanamh ag Eibhlín Ní Dhonnchadha sa cheantar sin ní raibh aon duine de mhuintir Chonchubhair ann agus níor mhair aon chuimhne ar Thomás ná a chuid filíochta
Iníon í le sean-Fhionán Ó Loingsigh (c.1849-1907) [B4: 134] B4 agus a bhean Eibhlín Nic Cárthaigh ··· Sular cailleadh a deirfíúr Eibhlín Uí Mhóráin shocraigh Bríd go dtabharfadh muintir Uí Loingsigh aire dá mac Dónall Ó Móráin [B8]
Scríobh sé freisin úrscéal faoi Chogadh na Saoirse, Eibhlín a’ Ghleanna, 1954, agus dráma éadrom, UNO i bPollachliste, 1958 ··· Cuireann Delap an cheist: ‘Más amhlaidh a bhí an scéal conas a scríobh sé Eibhlín a’ Ghleanna agus U.N.O
Ar an 13ú lá den mhí sin a bádh Eibhlín Nic Niocaill agus Dónall Ó Criomhthain agus ó tharla an tAthair Jones sa Bhlascaod ag an bpointe ama sin bhí lámh aige sna coirp a thabhairt i dtír ··· Ba eisean a rinne iarracht ar Eibhlín Nic Niocaill a athbheochan ··· Creideadh gur ag an bpointe sin a cailleadh Eibhlín
Ní foláir nó gur éag beirt díobh láithreach i ndiaidh a mbreithe mar ní luann Mac Conghail acht ocht n-ainmneacha: an chéad Seán (a baisteadh 10 Aibreán 1879), Pádraig, Eibhlín, Tomás, Cáit (máthair Phádraig Uí Mhaoileoin, scríbhneoir), Dónall, Muiris, agus an dara Seán [q.v.] ··· Bádh Dónall agus é ag iarraidh Eibhlín Nic Niocaill[B2] a shábháil ··· Thug Fionán cuairt ar an oileán chomh luath le 1904, b’fhéidir (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin) agus bhí ann go minic, ní foláir: tagraíonn Eibhlín Ní Shúilleabháin do chuairt a thug sé 31 Lúnasa 1923 (Muiris Ó Súileabháin: saol agus saothar, 1983 le Nuala Ní Aimhirgín)
Duine de na deirfiúracha ba ea Eibhlín (1900-1949) a choinníodh an chín lae atá sa Leabharlann Náisiúnta ··· Bhí Eibhlín an-cheanúil air ar chaoi go mba chosúla le máthair í ··· Bhí sé ag beartú a dheartháir agus Eibhlín a leanúint go Meiriceá ach gur mhol George Thomson dó in 1927 dul isteach sa Gharda Síochána
In 1895 phós sé Eibhlín Ní Néill ón gCrompán, an tAthair Peadar Ó Laoghaire a bhí ag feidhmiú ··· D’imigh a bhean Eibhlín go Meiriceá ach ba ar éigean ann í nuair a sciobadh ise chun siúil freisin
Deir Eibhlín Ní Chathalriabhaigh in Feasta, Márta 1969, gur chaith sé tréimhse mar phríomhoide i Scoil na nEalaíon i Manchain sular tháinig sé abhaile go hÉirinn agus go raibh Oscar dhá bhliain d’aois nuair a d’éag sé ··· Ag Eibhlín Ní Chathalriabhaigh atá an scéal sin agus dar léi gurbh í an Ghaeilge a chéad teanga agus gurbh í an mháthair faoi deara sin, chomh maith le heolas a bheith aige ar an bhFraincis go hóg ina shaol
Foilsíodh beathaisnéis leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, Pádraic ó Conaire: scéal a bheatha, 1995 ··· Rugadh ceathrar clann dóibh: Eibhlín (1905), Pádraic (1906), Caitlín (1909), Máire (1911)
Ba inion í Eibhlín le John O’Connell, feirmeoir ··· Roimhe sin (1911-1920) bhí post séiplínigh ag an sagart sin san ospidéal meabharghalrach a raibh Eibhlín ag obair ann
Micheál Ó Foghludha, máistir scoile na Rinne, a hathair agus ba í Eibhlín de Bron ón Seanphobal, múinteoir sa scoil chéanna, a máthair ··· Bhí beirt deirfiúracha aici, Eibhlín a bheadh i gceannas na gcailíní i Meánscoil na Rinne ar ball, agus May a fuair bás an-óg in 1895 agus deartháir amháin, Tomás
I nDaonáireamh 1911 taispeántar go raibh sé dífhostaithe, gur ghníomhaire árachais ba ea a dheartháir Anraí, go raibh deirfiúr leis ina cúntóir i siopa tobacadóra, go raibh deirfiúr eile gan aon phost, agus go raibh Eibhlín ina mac léinn ealaíne ··· Deirtear ann freisin go raibh eolas ar an nGaeilge ag triúr díobh: Micheál, Anraí agus Eibhlín
D’aistrigh sí leabhair le Patricia Lynch: Asal Fhear na Móna, 1944; Eibhlín agus Séamus, Rí na dTinncleoir, 1945... ··· Bhí deirfiúr le Daisy, Eibhlín, ina beatha go fóill i 1992
Tá cuntas ag Eibhlín Ní Mhurchú ar an bhfile pobail seo in Ár bhfilí: iris na hoidhreachta 3, 1991, in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, faoin teideal ‘Micheál Ó Sé: Maidhc Sé
Tháinig de chor sa saol ag Mairéad i 1910 gurbh í féin agus Eileen Costello na moltóirí san amhránaíocht ag Feis Chonnacht sa Spidéal agus gurbh í a deirfiúr Eibhlín a bhain ceann de na chéad duaiseanna (An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1910) ··· Máirtín Ó hOisín agus Eibhlín Ní Oisín a sheas leo
I gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air féin agus a bhean Eibhlín Ní Bhriain
Tá an caoineadh a chum sé ar a bhanchéile Eibhlín Ní Artnain (d’éag ar 29 Eanáir 1796) i gcló ag McMahon
Bhí sé pósta ar Eibhlín Standún, deirfiúr le Máirtín Standún[q.v.], agus rugadh seisear páistí dóibh
Sa réamhrá deir seisean: ‘Thug sé féin leis na tréithe céanna a luaigh sé leis an tseanmhuintir; líofacht agus cruinneas na teanga a d’fhág go raibh an fhilíocht ina gcaint agus mar bhonn beatha ar a gcomhrá, amhlaidh mar a bhíonn an fhuil sa chorp beo.’ Ba í Eibhlín Ní Bhriain [q.v.] a spreag é chun dul i mbun scríbhneoireachta agus chun leabhar a dhéanamh de chuid dá aistí
Is aithnid go háirithe do phobal na hÉireann Máire, Eibhlín, Seosaimhín, Séamus agus Breandán; tá cuntas orthu mar theaglach in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely
Ba iad a thuismitheoirí Aodh Ó Tuama (1890-1985), múinteoir taistil ag Conradh na Gaeilge agus saoiste i gcomhlachtaí árachais ar ball, agus Eibhlín Ní Éigearta (1893-1979) [B5], múinteoir ··· I mBaile Bhuirne a rugadh Eibhlín ach b’as Cill Gharbháin dá muintir
“The Coolin”, “The Dawning of the Day”, “Eibhlín a Rún”, and “Ceann Dubh Dílis”.’ D’éag sé in aois 112 dó, más fíor, ar 5 Samhain 1807
Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Dhrisceoil as iarthar Chorcaí agus bhí mac agus beirt iníonacha acu
Bhí deirfiúr leis pósta ar George Nicolls, deartháir Eibhlín Nic Niocaill[B2]
Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Ghabhna ó Airgneach agus bhí ocht nduine clainne acu
Díríodh aird an phobail air a chéaduair nuair a bhí sé ina chomhrúnaí in éineacht le Eibhlín Ní Chathailriabhaigh i bhFeis Átha Cliath
Bhí spéis aige sna hamhráin ó d’fhoghlaim sé leagan Bhaile Bhuirne de ‘Eibhlín a Rún’ ó mhac léinn i bhFearann Phiarais
Griaire Ághas agus Eibhlín Ní Ainífín a thuismitheoirí
Bhí Pádraig pósta ar Eibhlín Ní Shúilleabháin, múinteoir scoile ón mBunán i gCiarraí
Phós sé Máire Eibhlín Ní Charthaigh ar 17 Lúnasa 1901
Le linn dó féin agus dá bhean Eibhlín McMahon bheith i mBaile Átha Cliath is ag 23 Green Road, An Charraig Dhubh, a bhí cónaí orthu agus is ann a fuair sé bás 20 Márta 1967