Líon alt a aimsíodh: 14
Ba é William an tríú leanbh agus an dara mac den naonúr leanaí a saolaíodh—agus a mhair—do Sir Edward O’Brien, Droim Eolaing, agus dá bhean Charlotte Smith, iníon le William Smith (d’éag 1809), aturnae saibhir in Inis, Co ··· Bhí Charlotte coimeátach agus frith-Chaitliceach ach fear liobrálach ba ea Sir Edward ··· D’éirigh sé searbh nuair a bhain iontaobhaithe Chathair Maothail an t-eastát sin de in 1862 le tabhairt dá mhac Edward
Mac ba ea é leis an máinlia fiaclóireachta Edward Hudson a raibh cónaí air in ‘The Fields of Odin’ (‘The Hermitage’ ina dhiaidh sin) i Ráth Fearnáin, Co ··· If you can’t understand them—learn!’ Seans maith gurbh i rang Edward Farmer i Sráid Charlemont a d’fhoghlaim sé an teanga; is ann a théadh a dheartháir Henry ··· An fáth ar minic a ainm á lua inniu gur chum sé foinn na n-amhrán ‘Who fears to speak of ’98?’ (cé go luaitear ainm John Edward Pigot [q.v.] leis freisin), ‘Paddies evermore’ (nó ‘The Felons of our Land’), ‘The Men of Tipperary’, ‘Oh for a steed’, ‘The Sword’, ‘Bide your time’
Bhí spéis ag a hathair Edward O'Brien sa Ghaeilge freisin toisc, b'fhéidir, é bheith ar scoil i gColáiste Cholumba, Ráth Fearnáin ··· William Smith O'Brien, an tÉireannach Óg, a raibh idir scríobh agus léamh na Gaeilge aige, a seanathair ··· Fuair sise bás den eitinn in 1866 agus ba í Charlotte (1845-1909), iníon le William Smith O'Brien, a thóg an chlann óg ··· Phós Edward, a raibh 500 acra aige i gCarraig Maothal, arís ach ní rómhaith a thaitin an leasmháthair le Neilí
Leabhar dírbheathaisnéisiúil, a bhfuil sleachta go leor as a dhialann inti, is ea Changing Times: Ireland since 1898 as seen by Edward MacLysaght, 1978 agus is sleachta Gaeilge as a chín lae atá in Leathanaigh ó mo dhialann, 1978 ··· Léacht a thug Charles Lysaght is ea Edward MacLysaght 1887-1986, 1988; i gcló ann mar aguisín tá leabharliosta le Etienne Rynne (i gcló freisin in North Munster Antiquarian Journal XVII, 1975 (‘Féilsgríbheann Éamonn Mhic Giolla Iasachta’) ··· Deir Charles Lysaght gurbh i ndiaidh Edward Lysaght[B6] a tugadh Edward air ··· San iontráil a thug sé in Who’s Who,What’s What and Where in Ireland, 1973 is iad ‘Edward Anthony’ a ainmneacha agus deir sé gurbh amhlaidh a baisteadh é i gContae an Chláir 6 Samhain na bliana 1889 agus gur ‘Séadna McLysaght’ ab ainm dá athair ··· Forth the Banners Go, reminiscences of William O’Brien as told to Edward MacLysaght, 1969
Dúirt Edward Martyn ina thaobh: ‘When the libretto of the play is tightened and translated into Irish and when the music is intensified in the most dramatic duets it will be a real delight to see it performed again for it contains some of the most beautiful modern music I know’ (An Claidheamh Soluis 19 Nollaig 1903) ··· Fear a raibh an dúspéis aige sa cheol ba ea Edward Martyn agus scríobh sé i dtaobh cumadóirí na hÉireann in aiste dar teideal ‘The Gaelic League and Irish music’ (The Irish Review, November 1911): ‘They did not write Irish music as Greig for instance wrote Norwegian music
Ba í Lucy Josephine O'Brien, iníon le William Smith O'Brien, a mháthair ··· Mic leis ba ea: na staraithe Aubrey, an tIosánach (17 Feabhra 1892–20 Bealtaine 1983), agus Denis Rolleston (6 Márta 1893–12 Aibreán 1971), a bhí ina dhalta i Scoil Éanna; Edward Lucius (20 Samhain 1890–1919), scoláire Ceilteach a chuir eagar ar The Sack of the Hostel of Dá Dearga; deartháir leis ba ea Edward John (1 Aibreán 1868–10 Feabhra 1941) a bhí ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide
Nuair a tosaíodh ar airgead a bhailiú bhí sé ag feidhmiú mar chomhchisteoir in éineacht le Stephen Gwynn MP agus Edward Martyn
Bhí sé cairdiúil le Edward Martyn[q.v.] agus d’fhéach sé chuige go mbeadh deis ag Vincent O’Brien taithí a fháil i Sasana ar an gcantaireacht Ghréagóireach nuair a bhíothas le Cór Palestrina a bhúnú i mBaile Átha Cliath
Bhí Cathal Ó Conchubhair agus Edward Ledwich[q.v.] i measc na scríbhneoirí a chuidigh go luath leis san fhiontar sin
Bhí sé ar dhuine díobh sin a chuir go láidir in aghaidh dileagraí fáilte agus dílseachta a bhronnadh ar Rí Edward VII i rith a chuairte ar Éirinn i 1903 (21 Iúil-1 Lúnasa)
Foilsíodh a chéad ghearrscéal in The New Leader 12 Eanáir 1923 agus chonaic Edward Garnett é; ba é an t-aistritheoir agus an léitheoir foilsitheora seo a mhol do Jonathan Cape a chéad úrscéal, Thy neighbour’s wife (1923), a fhoilsiú agus ba dhuine ríthábhachtach Garnett feasta i saol an scríbhneora
Phós sé Úna Patricia Gibney, iníon le Edward Gibney, conrathóir tógála, 29 Ascaill Pháirc Líosáin, Baile Átha Cliath, 24 Iúil 1939
Faoi 1762 bhí tugtha chun críche aige foclóir Gaeilge-Béarla, saothar a bhí go mór i dtuilleamaí fhoclóir Edward Lhuyd [q.v.] ach a bhfuil ann téarmaí breise a fuarthas i lámhscríbhinní