Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Col ceathracha dó an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna [q.v.] agus a dheartháirsean Domhnall (‘Domhnall na hInstitiúide’ a bhí tráth ina chláraitheoir in Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) ··· Bhí Domhnall pósta ar Threasa Ní Dhochartaigh agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu ··· B’fhéidir gurbh é Liam Prút, ina aiste chuimsitheach ‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’ in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97, 1997, a luaigh den chéad uair gurbh é Domhnall Mac Grianna[q.v.], Eagarthóir an Ghúim, a d’aistrigh The Graves of Kilmorna ··· Tá píosa ag Ciarán Ó Duibhín ar an Idirlíon i dtaobh uimhir sin an Irisleabhair agus deir sé go bhfuil Liam ag meascadh an dá Dhomhnall, Domhnall Fhéilimí agus Domhnall Frainc, agus gurbh é Domhnall Fhéilimí a d’aistrigh na ceithre leabhar ··· Tá seans ann gurb é fáth an mhearbhaill go n-úsáideadh Domhnall Mac Grianna an sloinne ‘Ó Grianna’ sna luathfhichidí (féach an taifead pósta san iontráil ar Dhomhnall Mac Grianna)
Ní taobh le haon bhua amháin a bhí Domhnall: file, scríbhneoir, feirmeoir, múinteoir, iascaire, saor cloiche agus fear déanta naomhóg ab ea é freisin, agus ainneoin a chuid taistil ní raibh áit ab ansa leis ná a cheantar dúchais agus an fharraige atá ina thimpeall ··· Ba é Domhnall an ceathrú duine de sheisear clainne: Siobhán, Pat, John, Danny, Gearóid agus Áine ··· Bhí dúchas an iascaire freisin ann ó thaobh a mháthar ar bádh uncail léi i mbun na ceirde agus thosaigh Domhnall é féin ag iascach potaí – timpeall na mBlascaodaí den chuid ba mhó ··· Bhí Domhnall fós ag teagasc i nDroichead Átha nuair a thug sé féin agus Ger Ó Cíobháin as na Gorta Dubha faoi thuras rámhaíochta timpeall na hÉireann i naomhóg in 1975, aistear 1,800 míle a thóg os cionn seacht seachtaine orthu ··· Ba le linn dó a bheith ag teagasc i nDroichead Átha a chas an mairnéalach Paddy Barry agus Domhnall ar a chéile
Rugadh Domhnall Ó Cearbhaill ar 7 Eanáir 1891 i mbaile fearainn Chluain na gCeannach, Co ··· Bhí naonúr clainne ag Daniel agus Sarah agus ba é Domhnall an tríú mac ab óige ··· Bhí triúr clainne ag Domhnall agus Treasa, mar atá, Diarmuid, Cian agus Nuala ··· Duine ildánach ba ea Domhnall ··· Rinne Domhnall a chion féin maidir le hábhar Gaeilge idir scéalta agus aistriúcháin a sholáthar don nuachtán sin
Ba dheartháir le Domhnall an J ··· Bhí Domhnall ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus de Chumann Lúthchleas Gael i Maigh Nuad ··· a well-planned and desperate attack was made on the premises of DOMHNALL UA BUACHALLA, Maynooth, by a company of his Majesty’s forces in Ireland, who succeeded in carrying off TWO ROLLS OF CLOTH in satisfaction for NON-PAYMENT OF FINE imposed on the said D ··· ÉIRE GHAEDHEALACH ABÚ!”.’ Cúisíodh Domhnall arís cé gur sa chló rómhánach a bhí an t-ainm scríofa an babhta seo ··· Baint eile a bhí ag Domhnall leis an bPiarsach go raibh mac leis i Scoil Éanna an chéad lá
Ba é Domhnall an dara mac agus an dara duine sa chlann agus baisteadh é ar 29 Márta 1860 ··· Sa Ghleann Mór in aice leis an gCoireán a bhí Domhnall ag múineadh ar dtús sula bhfuair sé scoil Chathair Dónall tuairim 1886 ··· Tá litir ag Domhnall (idem 23 Meitheamh 1900) á chur in iúl gur cailleadh Siobhán oíche Bhealtaine agus gurbh in an chéad tuairisc a fuair Cáit ar casadh di go Rhode Island sna Stáit ··· Feirmeoir agus múinteoir ba ea Domhnall agus bhí na leanaí eile seo, Eibhlín (7), Sheila (5), Joseph (2) agus Nora (1), sa teach ··· Nuair a thug Richard Hayward cuairt air tuairim 1944 agus é ag taighde le haghaidh a leabhair The Kingdom of Kerry dúirt Domhnall leis gur ghnách dó deich míle a shiúl gach lá
In 1863 dhein an sagart Protastúnach, Roderick Ryder, gearán leis na Coimisinéirí Oideachais gur dhein Domhnall ‘a fierce and murderous attack’ ar Léitheoir Scrioptúir ··· Dhein Ryder achainí ansin go n-aistreofaí Domhnall go ceantar eile ach theip air sin arís nuair a mhol cigire Domhnall mar ‘a most respectful man and a successful teacher’ ··· mise, Domhnall mac Mhichíl, mhic Dhomhnaill Ó Fotharta, de Chlannaibh Baoiscne, oide scoile san gCaladh, in Iar-Chonnachta’ ··· Idir Cloch na Rón agus Baile Uí Chonaola atá Caladh agus bhí Domhnall lonnaithe ann ó bhliain éigin roimh 1883 go ham a bháis ··· Thuairiscigh An Claidheamh Soluis 16 Meitheamh 1900 gur bhronn Domhnall cóipeanna de Siamsa an Gheimhridh ar leabharlann Árann
Is minic Domhnall Dáith á thabhairt air agus is dóigh gur Dáith ab ainm dá athair ··· Más fíor go raibh sé 42 i 1901 bhí sé tríocha bliain d’aois in 1889 agus bhí Sceilg 17 agus tharlódh go raibh siad ag imirt le chéile sa chluiche úd, cé gur léir nach bhféadfadh siad bheith in aon rang scoile le chéile; b’as an áit chéanna san oileán iad agus dar le híníon Sceilg, Iney Bean Uí Lionáird, gur spreag Domhnall a hathair chun bheith ag scríobh i nGaeilge ··· Ag scríobh dó faoi Oileán Dairbhre in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1904 dúirt Diarmuid Ó Súilleabháin[q.v.]: ‘Tá tobar ag an Imleach glaoite ina dhiaidh [Naomh Breandán], agus is deimhin gur ól Domhnall Ó Murchadha agus a lán nach é ón oileán seo a bhfuil an phréamh Ghaelach iontu deoch den fhíoruisce beannaithe sin’ ··· Cé gur leabhar taitneamhach í thuigfeadh léitheoirí nach raibh aon chur amach ag Domhnall ar shaol na cathrach ··· Fear is ea Domhnall Ua Murchadha nach bhfuil aon eagla air roimh aoinne beo agus nach gann é a chuid eolais ar chúrsaí an lae inniu
Píobaire maith ba ea é siúd (Seanchas Dúthalla 1978–79, 3.) Bhí Domhnall ina chathaoirleach ar chraobh a cheantair féin de Chonradh na Talún agus gabhadh é go minic ··· Conrathóir scolártha a ndeachaigh Domhnall go mór i gcion air ba ea a chomharsa óg James George O’Keeffe[B3] ··· Níl aon amhras ach gurbh é an Domhnall s’againne é ··· I nDaonáireamh 1901, chuir fear seo Dhroim an Chomair síos a ainm i nGaeilge (‘Domhnall Mac Cáib’) agus i mBéarla, dúirt go raibh ‘léamh agus scríbhinn Gaeilge agus Béarla’ aige, go raibh sé 84 bliana d’aois, go mba bhaintreach é agus feirmeoir ar scor
D’éag Domhnall ar 27 Meán Fómhair 1930 sula bhfaca sé an duanaire i gcló ··· Bhí a mhac Domhnall ina mhúinteoir cúnta i scoil Chuilinn agus eolas maith aige ar an teanga
D’éirigh leis an Domhnall seo, le cabhair a mhac léinn, ceann de na lámhscríbhinní dlí is tábhachtaí dá bhfuil ar marthain a chur ar fáil i rith na tréimhse 1564–69: Egerton 88 i Leabharlann na Breataine (tuairiscíodh in Irish Times 30 Aibreán 1998 go raibh cóip micrifíse i gCaisleán an Bhaile Nua i mBaile Uí Bheacháin) ··· Tugann iontráil a rinneadh i 1567 le tuiscint go raibh Domhnall ‘ag gabháil Éireann’, é ar thóir lámhscríbhinní dlí, ní foláir
San fhógra báis in The Irish Times 30 Márta 2013 cuireadh síos ar Dhomhnall Ó Lubhlaí mar ‘Gaeilgeoir, múinteoir, oideachasóir, údar, Poblachtach.’ Os a choinne sin, ní dócha go bhféadfaí an t-ainm Domhnall Ó Lubhlaí a lua gan cuimhneamh ar scannal na péidifilia ··· Ní de thaisme atá débhríocht mhór sa méid a dúradh faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí in eagarfhocal Cuisle (Deireadh Fómhair 1998): ‘Níl aon fhear beo i saol na Gaeilge is mó a chuaigh i gcion ar aos óg na tíre le daichead éigin bliain.’ Is i Nua-Eabhrac a rugadh Domhnall Ó Lubhlaí ar 26 Aibreán 1930 ··· In 2002 bhí siad réidh le Domhnall Ó Lubhlaí a chur ar a thriail as sé chúis is caoga a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht a dhéanamh ar sheisear páistí ··· Dhá bhliain roimh a bhás, d’fhoilsigh Domhnall Ó Lubhlaí leabhar mór toirtiúil 1,277 leathanach dar teideal Éire mar ba mhian le… (2011) ··· Anaithid [eagarfhocal] (1998) ‘Domhnall Ó Lubhlaí: ní leor do “chloigeann a choinneáil síos”’ Cuisle 1
Is toisc gur thosaigh a shaol poiblí nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois a thugtaí Domhnall Óg air de ghnáth ··· Other competitors from the same school came, showing good teaching; but Domhnall Ua Ceallacháin overshadowed them ··· Anyone who doubts the feasibility of making even our cities Irish-speaking in time should drop into those schools and have a chat in Irish with some of the boys—preferably with young Domhnall Ó Ceallacháin’ ··· Tá an méid seo ina thaobh in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 le Peadar Ó hAnnracháin [B1]: ‘Ní raibh aon gharsún óg i gCorcaigh lena linn chomh líofa i nGaeilge le Domhnall Óg ··· Nuair a dúnmharaíodh Tomás Mac Curtáin [B4] bhí Domhnall ar dhuine díobh siúd sa Bhardas a ainmníodh mar chomharba agus a tharraing a n-ainmneacha siar chun gurbh ag Traolach Mac Suibhne[q.v.] a bheadh post an Ard-Mhéara
An Domhnall seo a chum ‘Ar an dtaobh thall den ghóilín’, ceann de na hamhráin nuachumtha ba mhó a bhíodh i mbéal an phobail ··· Is faoin gCraoibhín Aoibhinn agus Domhnall a bhí sé Seán Mac Héil a chaoineadh in Irisleabhar na Gaedhilge, cé go raibh caoineadh Dhomnaill i gcló cheana féin in The Irishman ··· In The Leader 26 Meitheamh 1920 scríobh Pádraig Ó Duinnín [q.v.] ina thaobh: ‘Gaeilgeoir álainn ab ea Domhnall agus scríbhneoir cliste ab ea é agus file féitheach leis
Múinteoir ba ea Domhnall, de réir an taifid, agus is mar seo a shaighneáil sé a ainm: ‘Donal Ó Grianna (D ··· Bhí alt ina thaobh in Sunday Independent 22 Iúil 1934 ag Cathal Ó Tuathail[B4] agus deir sé gur chaith Domhnall tamall maith mar ‘ollamh’ i meánscoileanna i mBaile Átha Cliath ag teagasc cúrsaí onóracha Gaeilge ··· Meastar gur ar thaobh an tSaorstáit a bhí Domhnall agus gur bhain teannas dá réir leis an gcaidreamh a bhí aige sna luath-thríochaidí le scríbhneoirí mar Sheosamh Mac Grianna[q.v.]
Ba dhóigh le staraí na scoile, Íosold Ní Dheirg, gurbh é Domhnall ba chúis le leabhar Muimhneach, An baile s’againne, a bheith ar an gcúrsa
Bhí baint aige le scannán Laurence Olivier, Henry V (1945), nuair a fostaíodh cúigear is fiche de mhic léinn ealaíne, Domhnall ina measc, chun cultacha agus samhlacha a dhearadh ··· D’athchóirigh Domhnall an Lusitania Peace Memorial i gCóbh, saothar le Connor a bhí ligthe i bhfaillí le fada
To the list of borrowers we may now add an Irish name, Domhnall Ó Colmáin ... ··· Déanann Ó Cuív talamh slán de, geall leis, gurbh é an Domhnall Ó Colmáin céanna seo a bhí ina shagart paróiste sa Ghleanntán tuairim 1670, go raibh sé i Rinn Uí Mhathúna roimhe sin agus faoi 1704 go raibh sé ina shagart paróiste i gCnoc Rátha
Sa bhailiúchán de ghearrthóga Sheáin Mhic Fhloinn [B3] sa Leabharlann Náisiúnta tá litir dar dáta 7 Aibreán 1890 ó Euseby Cleaver [B1] ag lorg a sheoladh—bhí Domhnall ar dhuine de chomhfhreagraithe Sheáin sa Tuam News ··· Thug Stephen Gwynn cuairt ar an scoil sa Spidéal chun bualadh le Domhnall agus d’fhág againn cuntas ar an gcuairt sin in A Holiday in Connemara, 1909: ‘The school was a good-sized one, and at the end farthest from the door a monitor was teaching the map of Ireland to a group of small boys—in Irish ··· Is í an tuairisc a bhí in Misneach 25 Feabhra 1922: ‘Rinneadh cigirí scoile de cheathrar timirí Gaeilge a bhí ag obair le blianta faoin mbord náisiúnta dhá lá ó shin, Domhnall Ó Duibhne, Pádraig Mac Suibhne, Tomás Ó Colmáin agus Micheál Ó Dochartaigh[B1]’
Bhí cónaí ar Shán Ó Cuív [B2] sa cheantar agus ag pointe éigin thosaigh Domhnall ag freastal air féin agus a chlann mar dhochtúir teaghlaigh ··· Ba é Domhnall an dara duine díobh
Tá cuntas ar a shinsir agus ar an teaghlach ag a dheartháir Domhnall Mac an tSíthigh in An Baile i bhFad Siar, 2000 ··· Deir Domhnall: ‘Bhí beirt dearthár ag m’athair ina sagairt sna Stáit Aontaithe ... ··· Chaith Domhnall Mac an tSíthigh a shaol ó 1957 amach ag obair i Sasana agus d’éag sé i Londain in Aibreán 2000
Ní gá a rá gur mhothaigh Conraitheoirí Londan an bheirt [Pádraig Archer agus Domhnall] seo uathu go mór’ (Conradh na Gaeilge i Londain
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Iúil 1905 go raibh ‘Domhnall Corcaireach’ ina theachta ag Ard-Fheis an Chonartha ó Chraobh Naomh Fionnbharra i gCorcaigh ··· Bhí Domhnall s’againne ina bhall den Seanad 1951-54
Filí agus scríobhaithe i lár an 19ú haois ba ea Domhnall agus Michéal Mac Consaidín agus, ar nós Shéamais, bhí baint acu le hInis ··· Is iad Domhnall (fl.c.1845-73), Mícheál (fl.c.1855) agus Mícheál (fl.c.1818-24) na Consaidínigh sin
Phós sí an dealbhóir Domhnall Ó Murchadha[q.v.] i 1952 ··· Ba í an Ghaeilge ghnáth-theanga an teaghlaigh (nóta in Capuchin Annual, 1963) agus bhí sí féin agus Domhnall gníomhnach sna Teaghlaigh Ghaelacha ··· Ar feadh timpeall 35 bliana ó 1952 amach ba ghnách gurbh iad Máirín agus Domhnall a thugadh na léachtaí sin
Bhí deichniúr eile clainne ag an lánúin agus ina measc bhí: Domhnall Ó Grianna [B4] agus Seán Bán Mac Grianna [B4] ··· Col ceathracha leis Neidí Frainc Mac Grianna [B4], scéalaí, agus Domhnall Mac Grianna [q.v.], Eagarthóir an Ghúim le linn do Sheosamh a bheith ag aistriú leabhar dóibh ··· Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus deir Pádraig Ó Baoighill go raibh sé i gcolún reatha lena dheartháir Domhnall i rith an Chogaidh Chathartha ··· Imtheorannaíodh sa Droichead Nua é i samhradh 1922 in éineacht le Séamus, Domhnall agus le deartháir eile leis, Hiúdaí, agus bhí ann go deireadh na troda
Chorcaí, a rugadh an mac seo le Diarmuid ar dheartháir é leis an taoiseach cáiliúil Domhnall Ó Súilleabháin Béarra (1560–1618) ··· tá tagairtí d’uacht Dhiarmuid agus dá iníonacha Leonar agus Elena, agus dá mhac Domhnall
Thug Domhnall Mac Síthigh, file agus scríbhneoir, aitheasc moltach tar éis aifreann na sochraide i nDún Chaoin (i gcló in Feasta, Iúil 2006) ··· Níor cualathas trácht ar aon dalta a raibh leisce air nó uirthi dul ar scoil chuige.’ Agus tar éis an aifrinn éagnairce i nDún Chaoin dúirt Domhnall Mac Síthigh: ‘Bhí ana-thuiscint aige ar an mbéaloideas agus ar chúrsaí an tseanshaoil ··· Bhí sé pósta ar Áine Ní Chríodáin agus bhí beirt iníonacha, Sorcha agus Sinéad (máthair a ngariníne Nicole) agus beirt mhac acu, Breandán agus Domhnall
Ceart go leor, tá an aoir a scríobh sé ar Dháth Ó Glasáin, bumbáille, i gcló ag Domhnall Ó Corcora[B5] in The Hidden Ireland, 1924 ··· Bhí feirm ag a athair Diarmuid i gceantar Charraig na bhFear ach b'as an Ráithín, baile fearainn i bparóiste Chnoc an Bhile, taobh thoir de Dhroichead na Bandan, dá athairsean, Domhnall, fear a throid le fórsaí Iarla Mhúscraí in aghaidh Chromail, agus a d'aistrigh go Carraig na bhFear; bhí tailte ann ag muintir Mhic Cárthaigh Spáinnigh, craobh de Chárthaigh Mhúscraí ··· Nuair a bhí sé 19 bliana d'aois fuair a aondeartháir, Domhnall, bás agus is é an tuireamh a scríobh sé air an chéad dán atá againn uaidh
Meastar gur scríobhadh an leagan sin tuairim 1800 agus gur scríobh Domhnall Mac Cába[B4] an dán ón bhean chéanna tuairim 1850 ··· Scríobh a deartháir sa Fhrainc, Domhnall Ó Conaill, an 26 Bealtaine 1768: ‘I am sorry to learn that our sister Nelly has taken a step contrary to the will of her parents, but love will not know nor hear reason.’ Deirtear gur mhaith a máthair di, gur thuig sise nach bhféadfadh Eibhlín gan géilleadh d’fhear chomh dathúil le hArt ··· Scríobh deartháir Eibhlín, Domhnall, chuig a dheartháir Muiris 20 Meitheamh 1773: ‘I learned the unhappy fate of poor Arthur O’Leary
Thug Domhnall Ó Ceocháin, an Suibhneach Meann, Seán Eoin Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Mulláin freagraí air
Bhí sé ar scoil ag Domhnall Ó Súilleabháin, gaol leis a raibh baint mhór aige le Conradh na Gaeilge san oileán ··· Faoi 1910 is sa tSráid Nua i gCill Airne a bhí cónaí ar an teaghlach go fóill agus ‘post office official’ a cuireadh síos mar shlí bheatha Dhiarmuda nuair a rugadh a mhac Domhnall ann ar 25 Meitheamh 1910 ··· Donncha (10), Máire (8), Seán (5) agus Domhnall (naoi mí) a bhí sa teach oíche an Daonáirimh
Meastar ar fhianaise a dháin féin ‘Soraidh led chéile a Chaisil’, marbhna ar a chara is a dhalta Domhnall Mac Cárthaigh, Iarla Clainne Cárthaigh (d’éag 1596), gur bhain sé leis an gcraobh de mhuintir Dhálaigh a bhí ina bhfilí ag Cárthaigh Dheasmhumhan ó lár an dóú haois déag amach ··· In ‘Bean dá chumhadh críoch Ealla’ luann Fear Feasa Ón Cháinte [q.v.] é mar cheann fine acu, gurbh Amhlaoibh ab ainm dá athair, agus gur chara agus múinteoir é ag Domhnall Ó Caoimh, arbh as Pobal Ó Caoimh i nDúth Ealla dó
In Burke’s The Landed Gentry of Ireland tá tagairt do ‘Geffrey O’Donoghue, O’Donoghue of the Glen’, mac le Tadhg (d’éag 1655), a phós Alice Coppinger agus a raibh triúr mac aige (Domhnall, Fionán, Séafraidh), agus a rinne uacht 19 Eanáir 1677 (promhadh é 22 Márta (1678) ··· Bhí a hathair, Domhnall, pósta ar Alice Ferriter, iníon le Edmund Ferriter i mBaile an Fheirtéaraigh
Múinteoirí a sheanathair agus a shin-seanathair freisin; fuair a sheanathair, Pádraig Ó Cochláin, bás go hóg in 1874 agus is i nGaeilge atá cuid den inscríbhinn i gCill Molúda; tá a shin-seanathair Domhnall Máistir Ó Cochláin (d’éag 24 Márta 1891 i gCill Briotáin) luaite ag Breandán Ó Conchúir (Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982) mar phátrún ag an scríobhaí Fínín Ó hAllúráin ··· Bhí Francis Xavier tamall ina dhalta agus ina mhonatóir ag Domhnall
Bhí sé gaolmhar le Domhnall Ó Súilleabháin[q.v.], ar de mhuintir na mBróg freisin é, ar an dá thaobh ··· Ní deacair a shamhlú go raibh léamh agus scríobh na Gaeilge foghlamtha ag Séumas i scoil Chathair Dónall, tharla Domhnall Ó Súilleabháin[q.v.] ina mháistir ann lena linn
Ghlac a dheartháireacha Séamus, Domhnall agus Pádraig páirt i gCogadh na Saoirse ··· Mairnéalach ba ea Domhnall agus bhí páirt mhór aige i ngunnaí a sholáthar
Ag an seoladh i Sráid Chufa a d’fhoilsigh sé Siamsa an Gheimhridh nó cois teallaigh in IargConnachtaibh, le Domhnall Ó Fothartha, in 1892 ··· I measc na leabhar eile a chuir sé amach tá The Dentist / An Fiaclóir: a little dramatic piece delivered to the boys of the Gaelic League, Blackrock by John Cannon and Michael Rogers, 1898, ceann de na chéad drámaí i nGaeilge dár foilsíodh; Cnuasacht Chomhagail, 1901 in eagar aige féin; Cúirt an Mheadhon Oidhche, 1908; Sgéalta gearra an Iarthair, 1910 le Micheál Ó Tiománaí[B1] agus Domhnall Ó Fothartha; Eachtra Mhacaoimh an Iolair Mhic Ríogh na Sorcha, 1912
Tagraíonn Domhnall Bán Ó Céileachair in Sgéal mo bheatha, 1940 don scoil oíche a bhí ag Donncha i gCúil Aodha ó Shamhain go Bealtaine ··· Domhnall a bhí mar Shéadna acu sa dráma
File é nár tugadh aitheantas a ndóthain dá dhánta; ní áiríonn Domhnall Ó Corcora[B5] mar mhionfhile féin é in The hidden Ireland (1924): dúirt sé go raibh a chuid véarsaíochta bocht tanaí ··· Daoine eile a raibh teagmhálacha aige leo ba ea an tAthair Domhnall Ó Súilliobháin [q.v.], Seán Ó Coileáin [q.v.], an tAthair Maitiú Ó hArgáin [q.v.] agus Eoghan Ó Comhraí[q.v.]
Sa tuairisc seo ag Domhnall Mac Amhlaigh ar a shaol i measc navvies Chonamara, éiríonn leis an údar eachtraí agus comhráití ar láithreacha tógála i Sasana a chur ina mbeatha dúinn go slán ceardúil’; deir an t-údar céanna in Repossessions ··· Bhí an fógra seo in Scéala Éireann 30 Meán Fómhair 1958: ‘Phós Domhnall, an mac is sine le Máire agus Séamus Mac Amhalghaidh, Cill Chainnigh, agus Bríd, iníon le Aonraí agus Máire Uí Nuanáin, Na Creaga, Co
Mar fhianaise ar pholaitíocht a linne is tábhachtach le Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) cuid dá dhánta agus go háirithe ‘Cois leasa is mé go huaigneach do chuala corraí’, ‘Tá an bhliain ag teacht le calmthráth chugainn’, ‘Mo theastas ar an leabhar so na laoithe lán’, ar don Athair Domhnall Ó Colmáin[q.v.] é mar adhmholadh ar Párliament na mBan, agus ‘Más dóchas ár ndóchas i mbliana mheath’
Deir sé nach bhfuil d’eolas againn ar shinsir Sheáin Uí Bhraonáin ach go mb’fhéidir gur Domhnall ab ainm dá athair
Bhí triúr deartháir aige (Peadar, Seán agus Domhnall-an fear a bhí ina Chláraitheoir ó 1940 amach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) agus triúr deirfiúracha (Bidí, Máire, Sally)
Ba í an séú leanbh í ag Domhnall Ó Briain agus a bhean Sláine agus ba é Donnchadh Ó Briain, dara hIarla Thuamhumhan, a huncail
Ba dheirfiúr í an seanchaí seo le Seán ‘Bán’ Mac Grianna[B4], le Seosamh Mac Grianna[q.v.], le Domhnall Ó Grianna[B4] agus le Séamus Ó Grianna[B2]
Ba é an duine ab óige é den chúigear leanaí a bhí ag Donal Linehan, an chéad Choimisinéir Cosanta Sonraí, arb as Baile Átha Cliath dó, agus Eithne Nic Grianna, iníon le Domhnall Mac Grianna (c.1894-1972) [B8: 285]