Líon alt a aimsíodh: 8
Dar le Brian Mac Giolla Phádraig san aiste ar bhunaitheoirí an Chonartha in Feasta, Márta 1956, go mbíodh Pádraig ag cabhrú le Diarmuid Seosamh Mac Suibhne [q.v ··· faoi MAC SUIBHNE, Pádraig] chun rang Gaeilge in Institiúid na Meicneoirí, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath, a stiúradh uair éigin i ndiaidh 1865 ··· Seo é an cur síos atá ag Eoin Mac Néill ar an áit (i gcló in Eoin Mac Néill, scholar and man of action, 1867–1945, 1980 le Michael Tierney) agus é ag trácht ar chruinniú tionscnaimh Chonradh na Gaeilge: ‘Another printer who was present at this first meeting was Patrick O’Brien, a native Irish speaker who worked as a compositor in The Irish Times and had his own printing press at the back of a little shop in Cuffe St ··· I measc na leabhar eile a chuir sé amach tá The Dentist / An Fiaclóir: a little dramatic piece delivered to the boys of the Gaelic League, Blackrock by John Cannon and Michael Rogers, 1898, ceann de na chéad drámaí i nGaeilge dár foilsíodh; Cnuasacht Chomhagail, 1901 in eagar aige féin; Cúirt an Mheadhon Oidhche, 1908; Sgéalta gearra an Iarthair, 1910 le Micheál Ó Tiománaí[B1] agus Domhnall Ó Fothartha; Eachtra Mhacaoimh an Iolair Mhic Ríogh na Sorcha, 1912 ··· Bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha aige: Séamus a chuaigh leis an gclódóireacht, Margaret a bhí ina monatóir scoile i 1901, Mary J., Nelly Ellen, Cornelius agus Christine
Ba é Diarmuid Seosamh Mac Suibhne (Jeremiah Joseph MacSweeney) a athair ··· Bhí sé pósta ar Mharia Ní Longáin, iníon leis an scríobhai Seosamh, gariníon leis an bhfile Micheál óg Ó Longáin
Bhí feirm ag a athair Diarmuid i gceantar Charraig na bhFear ach b'as an Ráithín, baile fearainn i bparóiste Chnoc an Bhile, taobh thoir de Dhroichead na Bandan, dá athairsean, Domhnall, fear a throid le fórsaí Iarla Mhúscraí in aghaidh Chromail, agus a d'aistrigh go Carraig na bhFear; bhí tailte ann ag muintir Mhic Cárthaigh Spáinnigh, craobh de Chárthaigh Mhúscraí ··· Bhí triúr eile sa cheantar a raibh tionchar mór acu ar an bhfear óg: Conchubhar Mac Cairteáin[q.v.], an sagart paróiste, arbh fhile é freisin; Eoghan Mac Suibhne, siopadóir i gCathair Chorcaí a dhíoladh leabhair, páipéar agus pinn, a thugadh leabhair ar iasacht do Sheán; Liam Mac Cairteáin an Dúna[q.v.], file a bhí i gceannas ar an gcúirt éigse ··· Fágadh maol é dá dheasca agus chuir sé ceathrúna chuig an Athair Seosamh Mac Cairteáin agus Tomás de Barra agus d'iarr iasacht peiriúice orthu ('Is níor mhór dhom seana-wig sealad mar scáth dom' phlaosc'; 'Do gheallais dom bán-wig álainn d'oirfeadh dom' chluais, / Ó scaipeadh chun fáin gan fagháil gach ribe dhem' ghruaig') ··· Bhí caidreamh aige le filí a linne: an tAthair Seán Ó Briain, Éamonn de Bhál[q.v.] a thugadh cuairt air go minic, Liam Rua Mac Coitir[q.v.], le Liam an Dúna Mac Cairteáin agus a mhac Liam, agus leis na filí a d'fhreastalaíodh ar an gcúirt éigse sa Bhlarna, sa Teampall Geal agus i gCarraig na bhFear ··· Baineann tábhacht leis mar scríobhaí agus de bhrí go raibh baint mhór aige leis an gcúirt éigse i gceantar na Blarnan; chóipeáil sé i 1725 filíocht agus scéalta as lámhscríbhinn le Dáibhí Ó Bruadair[q.v.] agus is inspéise gur chaoin sé Uilliam, mac Dháibhí (d'éag 1 Eanáir 1729)
In sooth, poor O’Longan laboured for his country and for all time over the MS materials of Irish history and as, in the service of his country and his countrymen, his health was undermined and his death hastened, it is their bounden duty to see that his widow and children will never want.’ Bhí duine dá thriúr iníonacha, Maria, pósta ar Dhiarmuid Seosamh Mac Suibhne, leabharlannaí an Acadaimh, agus ba mhac leosan an tAthair Pádraig Mac Suibhne [B3] ··· Mac le Mícheál Óg Ó Longáin[q.v.] agus a bhean Máire Uí Chrualaoich (Ní Leidhin) ba ea é ··· In 1854 thug cigire cuairt ar an scoil sa Teampall Geal mar a raibh Seosamh agus a bhean ag múineadh agus scríobh: ‘Teacher appears deficient in energy ··· Deir Ó Conchúir nárbh óna athair a d’fhoghlaim sé an cheird ach gurbh é is fearr de na mic a thug an ealaín leis ··· Bhí a mhac Paul ag obair ag an am sin sa tseirbhís Chustaim agus Máil i gCorcaigh, dar le Coleman
Bhunaigh sé féin, Traolach Mac Suibhne[q.v.] agus dream beag eile an Dún Theatre (Cork Dramatic Society) 1 Samhain 1908 ··· Ba é an locht a fuair Ultaigh air, Seosamh Mac Grianna go háirithe, gur leabhar é a chuir le forlámhas na Muimhneach ··· Tuairiscíodh in Sinn Féin 25 Iúil 1908 go bhfuair ochtar ar a laghad dá mhic léinn pas sna scrúduithe ··· Deir Seán Ó Ciosáin in Is ait an mac an saol (1973) gur tugadh post riaracháin dó nuair a thit na ranganna ealaíne ar lár ··· Áitíonn Máire Mhac an tSaoi in Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 go ndearna an chonspóid dochar don fhiontar agus do chúis na Gaeilge
Foilsíodh An ród seo romham: saol agus saothar Phádraic Mhic Phiarais (2007) le Liam Mac Uistín agus Pádraic Mac Piarais: saol agus oidhreacht (2009) in eagar ag Roisín Higgins agus Regina Uí Chollatáin ··· Cláraíodh é mar bhall den Chonradh ar 2 Deireadh Fómhair 1896, Seosamh Laoide [B1] ag moladh a bhallraíochta agus Eoin Mac Néill [q.v.] ag cuidiú leis ··· In éineacht le Pádraig Mac Suibhne, Liam P ··· Fuair sé 19 vóta i gcoinne trí don Mhac Suibhne agus ceithre cinn don Cheallach ··· Ach bhí go dearfa triúr againn Pádraic Ó Conaire, An Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith’ (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Ó Cadhain i bhFeasta, 1990 in eagar ag Seán Ó Laighin)
Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air ··· Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E ··· Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin ··· I ndiaidh a bháis bhí idir chuntais ar a bheatha, ailt ómóis, agus tuairiscí, agus aistí ar a thábhacht agus a thionchar: ag Pól Ó Muirí in Irish Times 21 Meitheamh, ag Gabriel Rosenstock in ‘Tuarascáil’ sa pháipéar céanna 22 Meitheamh, agus ar leathanach na marbh sa pháipéar sin (‘Loss to Ireland’s artistic circle’) 25 Meitheamh; ag Siobhán Campbell in Sunday Tribune 26 Meitheamh; ag Breandán Mac Gearailt (‘Dúluachair ar lucht Gaolainne i ndiaidh Davitt’) agus ag Alan Titley in Foinse 26 Meitheamh ··· In Feasta mhí Iúil tá feartlaoi an eagarthóra Pádraig Mac Fhearghusa
Foilsíodh trí bheathaisnéis: Móirín Chavasse, Terence MacSwiney, 1962; Diarmaid Ó Briain, Traolach Mac Suibhne, 1979; Francis J ··· Bhí mac eile, Eoghan, a fuair bás go hóg ··· Ghlac sé le horduithe cealaithe Mhic Néill um Cháisc 1916 ··· Le cead Arm na Breataine thaistil sé féin agus Tomás Mac Curtáin [B4] go Ciarraí lena rá leis na hÓglaigh a n-airm a ghéilleadh ··· I ndiaidh dhúnmharú Thomáis Mhic Curtáin [B4] toghadh é ina Ard-Mhéara ar Chorcaigh ar 30 Márta 1920