Líon alt a aimsíodh: 11
Mac eile an Dónall Ó Buachalla, luachálaí, a dhear an clúdach a bhí ag Comhar sna blianta tosaigh ··· Bhí gaol aige, b’fhéidir, le Tadhg Ó Buachalla [B4].‘Rugadh mo sheanathair i gCúil a’ Mhothair ··· Seán Ó Buachalla ab ainm dó...’ (Seanchas an táilliúra, 1978) ··· Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge ··· Ba í Nóra Ní Mhuirithe máthair Dhonncha agus ba é Pádraig Ó Buachalla, feirmeoir, a athair
Ba iad an triúr sin – Ó Néill, Mac Dónaill is Mag Aonghusa – iarmhar na huaisle dúchais in oirthear Uladh...– is bhí Fear Flatha Ó Gnímh ag fónamh dóibh mar ba dhual is mar ba dhleacht.’ Cuireann Marc Caball (Poets and Politics..., 1998) tábhacht leis na ceathrúna do Mhartha Uí Néill: ‘Martha’s status in this poem is predicated on her inculturation to Gaelic modes of civility and it presumes the occultation of her English identity.’ Sa dán ‘Gearr bhur gcuairt, a Chlanna Néill’ deir Ó Gnímh le muintir Néill go bhfuil deireadh lena ré toisc nár ghéill siad agus deir Ó Buachalla gurb é an dán is suimiúla uaidh é, más é a chum ··· Taispeánann Breandán Ó Buachalla in New Perspectives on Ireland: Colonialism and Identity..., 1998 in eagar ag Daltún Ó Ceallaigh (‘Gaelic Response to Conquest’) gur bhain tábhacht chomhaimseartha leis an dán sin: ‘The fact that the poet perceives Ireland’s woe in an all-Ireland perspective and not in a provincial Ulster one is in itself interesting as is his claim that fear of “the foreign law” prevents him from elaborating on Ireland’s plight.’ In Irish Classics, 2000 pléann Declan Kiberd an dán ‘Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais’ In Aisling Ghéar..., 1996 meabhraíonn Ó Buachalla dúinn gur scríobh sé dánta seachas ‘na dánta dorcha dólásacha éagcaointeacha’ úd: ‘.. ··· scríobh sé freisin dánta suairce adhmholtacha do Sir Éinrí Ó Néill (Clainne Aodha Buí) is dá bhean Martha, iníon Sir Francis Stafford, dá macsan Art, do chéad iarla Aontroma, Raghnall Mac Dónaill, agus dán achainíoch ag lorg pátrúnachta do Sir Art Mag Aonghusa, tiarna Uíbh Eathach
Deir Ó Buachalla: ‘Leicseacan an tSeacaibíteachais a fhoclóir polaitiúil, leicseacan a shealbhaigh sé ina iomláine agus a d’úsáid sé go héifeachtach chun éileamh na Seacaibíteach is ceart na Stíobhartach a léiriú is a chothú.’ Agus deir sé i dtaobh na n-aislingí a scríobh sé: ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille[q.v.] is Seán Clárach Mac Dónaill an bheirt fhilí aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Thug an tAllúránach le tuiscint go raibh luíochán fada air sular cailleadh é ar 7 Eanáir 1754 ··· Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla[q.v.] fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha[B1] in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha ··· D’iarr sé ar ‘bhuachaill sráide’ bosca a bhí aige a chur i dtalamh mar gurbh ann a bhí a mhaoin ··· Mhair a chuid amhrán ar bhéal na ndaoine: deir Ó Buachalla gurb é an chéad duine é de na filí aitheanta a luaitear foinn choiteanna lena shaothar sna foinsí ··· I 2011 mar Filí 3 sa tsraith ar fhilí na tréimhse c.1700-1900 d'fhoilsigh Field Day Publications Seán Clárach Mac Dónaill, é curtha in eagar ag Éamonn Ó hÓgáin agus is é a deir seisean sa réamhrá: 'Tá ar a laghad sé dhán is caoga leagtha ar Sheán Clárach Mac Dónaill sna lámhscríbhinní ach níl cóip d'aon cheann acu tagtha slán óna lámh féin
Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill [Mac Domhnaill q.v.] an bheirt fhile aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn i nDrom Collachair in 1722 ··· Is minic a shamhlaítí a bhás le deireadh thraidisiún liteartha na Gaeilge, á thabhairt le fios gurbh é file mór deireanach an 18ú haois é, peirspictíocht a dtéann Breandán Ó Buachalla i ngleic léi in Nua-Léamha: Gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann.. ··· Tá an aiste ‘Ó Rathaille, na Cárthaigh agus na Brúnaigh’ le Breandán Ó Buachalla i gcló in Studia Hibernica 31, 2000-2001 ··· Mar uimhir a 15 sa tsraith Subsidiary Series d’fhoilsigh Cumann na Sgríbheann nGaedhilge Dánta Aodhagáin Uí Rathaille: Reassessments (2004) le Breandán Ó Buachalla ··· Maidir leis an ngnáthphictiúr den fhile agus é bocht dealbh i ndeireadh a shaoil, pictiúr atá bunaithe ar a bhfuil ina dhánta, deir Ó Buachalla: ‘Ó Rathaille’s poetry is not a realistic reflex of his life; but rather a textual delineation of the poetic world he created.’ D’fhoilsigh Field Day Publications Aogán Ó Rathaille (2007) in eagar ag Breandán Ó Buachalla
Bhí dlúthbhaint aici le trí cinn d’fhoclóirí móra: English-Irish dictionary (1959) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe[q.v.]; Foclóir Béarla-Gaeilge (1977) in eagar ag Niall Ó Dónaill[q.v.] agus Tomás de Bhaldraithe; agus le ‘Foclóir na Nua-Ghaeilge’ (Acadamh Ríoga na hÉireann), fiontar arbh é de Bhaldraithe arís a bhí i gceannas air ··· Ag obair di ar an bhfoclóir sin a chuir sí aithne agus í an-óg ar scata a raibh ina measc Séamus Ó Grianna[q.v.], Máire Mhac an tSaoi, Seán an Chóta Caomhánach[q.v.], Donnchadh Ó Céileachair[q.v.], Seosamh Ó Cadhain, Donnchadh Ó Buachalla[q.v.], Muiris Ó Catháin[q.v.], Doncha Ó Conchúir[q.v.], Seán Ó Lúing[q.v.] agus Séamus Ó Saothraí[q.v.] ··· Tá a hainm i liosta de cheithre dhuine dhéag a bhí ar fhoireann Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) arbh é Niall Ó Dónaill[q.v.] an t-eagarthóir
Bhí Heinrich Wagner ann freisin agus bhí Breandán Ó Buachalla ann ar feadh tamaill agus mise ansin ··· Agallaimh Ó Dónaill, É
Ba scoláire é Donncha a raibh léann na leabhar agus na lámhscríbhinní air thar mar a bhí ar aon duine eile de bhunadh Mhúscraí a chuaigh i mbun saothruithe léann an bhéaloidis i gCúige Mumhan.’ Ba é ionadaí na Mumhan é sa chlár cáiliúil raidió Fadhbanna Gaeilge, mar a mbíodh Tomás de Bhaldraithe [q.v.], Niall Ó Dónaill [q.v.] agus Máirtín Ó Cadhain [B4] rannpháirteach freisin, agus ba eisean a roghnaigh Éigse chun léirmheas fada a scríobh ar an imleabhar d’Atlas Heinrich Wagner [q.v.] a bhaineann le canúintí na Mumhan (Éigse, samhradh-geimhreadh 1967) ··· Bhí Donncha Ó Buachalla[B5] mar mhúinteoir aige i Scoil Bhaile Bhuirne
Nicolls (féach litir 246 ag Séamus Ó Buachalla in The Letters of Padraic Pearse, 1979) ··· Rinne Dónall Ó Criomhthain, deartháir Cháit agus mac leis an Oileánach, iarracht ar Eibhlín a shábháil ach bádh é ··· Roimh dheireadh na míosa cuireadh coiste ar bun chun airgead a bhailiú ‘le haghaidh mhuintir an bhuachaill chróga a thug a anam ag iarraidh Eibhlín a shábháil’ ··· Deirtí go raibh sí i ngrá le Dónall Ó Criomhthain
In An caoine agus an chaointeoireacht (1998) déanann Breandán Ó Buachalla athléamh ó bhonn ar an dán agus tugann dúshlán na dtráchtairí trí cheisteanna bunúsacha i dtaobh a sheachadta agus an mhodha cumadóireachta, i dtaobh talamh slán a dhéanamh den insint thraidisiúnta gurbh í Eibhlín Dubh a chum agus gur cáipéis chruinn faisnéise an dán; tá liostú cuimsitheach déanta aige ar a bhfuil scríofa faoin dán féin, faoin gcaoineadh agus faoin gcaointeoireacht ··· Aintín ba ea í le Dónall Ó Conaill (1775-1847)
Agus é ag tagairt d’ionsaí ar Éirinn a bhí á bheartú 1625–27 deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is ar an ócáid sin, ceapaim, agus Aodh Ó Dónaill ag ullmhú chun tabhairt faoi Éirinn a scríobh Eoghan Rua Mac an Bhaird ..
Chuir sé leagan Muimhneach de Láimhleabhar Mhódha na ráithe, 1920 le Dónall Ó Tuathail[B4] ar fáil ··· Deir Seán Ó Lúing: ‘Idir é féin agus Liam Ó Buachalla[B4] ní bhíodh teirce ar Ghaeilge i Seanad Éireann